Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a ghnúis ghnaíúil his comely face
" Gabhann Balor a mhíle buíochas leis na sluaite léitheoirí a bhí imníoch nuair nach bhfaca siad a ghnúis ghnaíúil agus nár léigh siad a scríbhinn scothúil ar *Beo ar Éigean* na míosa seo caite.
gnaíúil good-looking, decent
" Daoine iontach gnaíúil, cairdiúil atá iontu gan dabht, gan aon éirí in airde ag baint leo.
gnaíúil decent
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
ghnaíúil comely
" Inniu agus mé ag spaisteoireacht thart i gcúl-lánaí gortacha na cathrach in Balaju casadh Ganesh orm, buachaill trí bliana déag d'aois, rian an ocrais ar a ghnúis bheag ghnaíúil.
gnaíúil decent, generous
" So, idir na seanscéalta agus tírdhreach Chonamara agus chomh gnaíúil is a bhí muintir Chonamara nuair a chuaigh muid ann (mé féin agus mo dheirfiúr), bhí mé ag cur an-spéis sa nGaeilge.
gnaíúil generous
" Is rud amháin é bheith i do chomharsanach maith, gnaíúil ach is rud eile ar fad é do gharraí féir a shaothraigh tú go dian a chur ar fáil don té a bhfuil 100 bó aige agus nach bhfuil sách eagraithe lena gharraí féin a bhaint.
ar dhóigh iontach gnaíúil in a very decent way
" Cé go ndearna an cailín úr gáire beag leo agus gur chlaon sí a ceann ina dtreo ar dhóigh iontach gnaíúil, ba bheag an tsócmhainn di é.
go n-uamhnódh mo ghnúis ghnaíúil ghalánta duine ar bith that my beautiful lovely face would frighten anyone
" Bhí mé ag iarraidh dul suas ar an altóir le Finbar Furey mar chuid den cheolchoirm ag deireadh an Aifrinn ach dúirt siad go scanróinn an pobal – amhail is go n-uamhnódh mo ghnúis ghnaíúil ghalánta duine ar bith.
gnúis ghnaíúil dhóighiúil the decent handsome frown
" Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!” Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
daoine gnaíúla decent people
" Is féidir linn a bheith róghéar agus rórighin in amanna agus sinn ag díriú go dícheallach ar sprioc éicint, ach ná caillimist an ghnaíúlacht a dtugann daoine gnaíúla i dtíortha eile an domhain gean dó.