Pota Focal Intergaelic
| ago | G | geo | gob
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh moladh mór tuillte ag Altan that Altan deserved a lot of praise
" Thug sé sásamh chomh maith di roinnt blianta ó shin nuair a dúirt an fidléir cumasach Conallach Vincent Campbell léi gur mheas sé go raibh moladh mór tuillte ag Altan as an mhéid a bhí déanta acu do cheol an chontae.
ag marcaíocht go hardnósach riding pompously
" Nuair a fheiceann muintir na mbailte móra daoine faoin tuath ar an teilifís ag sodar i ndiaidh lucht na gcótaí dearga agus iad ag marcaíocht go hardnósach trasna na tíre (cosúil le radharc as úrscéal de chuid Thomas Hardy), ní bhíonn mórán suime acu sna fiorfhadhbanna atá le fáil faoin tuath.
go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas that they will fulfill their responsibility
" Dualgas i leith na Gaeilge a chur ar na forais atá á maoiniú ag an stát agus a eagraíonn imeachtaí oideachasúla agus caitheamh aimsire don óige, ar nós The Ark Ard-Mhúsaem na hÉireann agus an Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas.
go mídhleathach illegally
" Bíonn bunadh na háite i gcónaí ag iarraidh a bheith ag díol rudaí go mídhleathach leat: turasanna, dinnéir (gliomach deas úr, de ghnáth, a bhíonn tógtha acu féin as an fharraige an lá sin), ceardaíocht agus go leor eile.
go háthasach joyously
" Is minic a bhíonn banna ag seinm beo roimh dhioscó agus bíonn slua mór daoine ag damhsa go háthasach os comhair an stáitse.
go rabhthas i gcónaí ag faire ort that you were always being watched
" Bhí náire ormsa ach bhí an chuma ar an scéal nár chuir an easpa príobháideachta isteach ar dhuine ar bith eile! Ag caint ar a bheith ag brath go rabhthas i gcónaí ag faire ort: tá pictiúir den réabhlóidí Che Guevara, a throid le Castro i réabhlóid na gcaogaidí, le feiceáil ar fud na háite.
go neamhbhalbh forthrightly, bluntly
" Is é atá sa dán seo ná bean Phalaistíneach agus í ag cur síos go neamhbhalbh ar an éagóir atáthar a dhéanamh ar a daoine.
sa chruth go dtig linn so that we can
" Fanóidh muid go buan ag sclábhaíocht, más gá, ó Luan go Luan; ag scuabadh agus ag sciúradh go béasach in bhur dtithe bodaigh; ag freastal agus ag friotháladh go dúthrachtach in bhur dtábhairní; Inár searbhóntaí agus inár seirbhísigh, géilliúil agus cuideachtúil, sa chruth go dtig linn, mall agus luath, greim bídh a ghoid go tráthúil, deaslámhach, d'ár gcuid páistí gortacha ó chrúba craosacha bhur bhfuath.
go buan i mo chuimhne in my memory permanently
" ) Le cois Málainn Bhig, tá cúpla áit eile in Éirinn agus thar lear a fhanfaidh go buan i mo chuimhne agus a bhfuil fonn orm pilleadh orthu san am atá romhainn.
Go hádhúil Luckily
" Go hádhúil, níl an t-oileán millte ag an tslua-thurasóireacht go fóill.
go sonrach in particular
" Cuireadh an locht go sonrach ar ghrúdarlach (brock a thugtar air i nDoire) a bailíodh sa champa míleata Meiriceánach a bhí i gCathair Dhoire ag an am.
go géimiúil gamely
" Deiridís heileo amháin leis dá bhfeicfidís é buailte orthu in aice an bhóthair nó dá mbeannódh sé díobh go géimiúil nó go grástúil thar chlaí a gharraí.
go grástúil graciously
" Deiridís heileo amháin leis dá bhfeicfidís é buailte orthu in aice an bhóthair nó dá mbeannódh sé díobh go géimiúil nó go grástúil thar chlaí a gharraí.
go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi that she had been well warned
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
Bíodh acu! Let them go ahead!
baileoidh siad leo they will up and go
" Athlonnú ======= Tá sé go maith go bhfuil na comhlachtaí seo ar fad in ann postanna a sholáthar d'aos óg agus do dhaoine dífhostaithe na tíre, ach a luaithe is a thiocfaidh siad ar láthair eile ina bhfuil na scileanna agus an bonneagar céanna ar fáil, baileoidh siad leo mar a dhein na comhlachtaí éadaí agus comhlachtaí carranna le fiche bliain anuas.
a fhás go bródúil to grow proudly
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
nach n-áirítear go coiteann not commonly thought of
" Caithfidh sé gurbh ea? Fear eile ar an gcoigrích thiar, nach n-áirítear go coiteann mar Ghael é, is ea Billy the Kid, nó mar a bheireadh sé air féin i ndeireadh achair, 'William Bonney'.
go snaidhmfí a shloinne riamh le that his surname would ever be linked with
" Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid: James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian) Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie) Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun) Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne) Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern) Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
go saoráideach fluently
" Is í aidhm na Comhdhála bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.
go cruinn exactly
" Ní fios go cruinn cé mhéad duine atá ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ar bhonn rialta, ach ní dócha go mbeadh sé míchruinn a mhaíomh go bhfuil níos lú ná 30,000 duine as an 80,000 de dhaonra an limistéir oifigiúil ag úsáid na teanga go laethúil.
go hiomadúil abundantly
" Tá a seanáitribh fós le feiceáil go hiomadúil mar a bhfuil cathracha is dúnta, liosanna, ráthanna, clocháin, is galláin.
go tiubh at a fast rate
" com" á gceannach go tiubh agus tá os cionn 20 milliún ainm den chineál seo cláraithe go dtí seo.
go huathoibríoch automatically
" net agus Ireland On-Line a úsáid chuige sin, agus aon chuairteoir chuig an seoladh ponc com a atreorú i dtreo an tsuímh sin go huathoibríoch.
go mbronnfar seoladh that an address will be awarded
" Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar seoladh faoi leith ar aon duine nuair a chuirfear na fearainn nua ar fáil go hoifigiúil agus is fearr na buachaillí bó i mbailte fearainn an idirlín a sheachaint agus cloí leis na seoltaí ponc com go fóill.
go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce that a drain had been blocked by water treatment works
" Fuarthas amach go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce agus seans go raibh fearadh ainmhithe ag dul isteach san uisce dá bharr sin.
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
go mbeidís that they would be
" Is cuma cén casadh a chuireann siad sa scéal, thuig na páistí an ceacht simplí - nach raibh a dtuismitheoirí ag iarraidh go mbeidís sa rang céanna le Taistealaithe.
go beacht exactly
" Bhí an plean leagtha amach go beacht acu, bhí na preasráitis réidh, bhí "an líne" de ghlan mheabhair acu.
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
go mothóidh daoine that people will feel
" Is é an dóigh is fearr le dul chun cinn a dhéanamh ná níos mó saothair a chaitheamh in áiteanna mar seo, sa dóigh is go mothóidh daoine go bhfuil siad páirteach sna rudaí atá ag tarlú.
fonn drabhláis in the mood to go on the tear
" * Tá an bhliain istigh, tá na scrúduithe thart agus tá fonn drabhláis ar Chian agus ar Dhónall.
ar shiúl chun olcais glan gone to the dogs
" Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
braon maith sa ghrágán aige well-oiled, well gone
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár Síle was just about back from the bar
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
féadann muid giota a bhaint dó we'd better get going
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
fonn drabhláis in the mood to go on the tear
" Tá an bhliain istigh, tá na scrúduithe thart agus tá fonn drabhláis ar Chian agus ar Dhónall.
ar shiúl chun olcais glan gone to the dogs
" Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
braon maith sa ghrágán aige well-oiled, well gone
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár Síle was just about back from the bar
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
féadann muid giota a bhaint dó we'd better get going
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
ó neart go neart from strength to strength
" Thosaigh sí a comhlacht féin, CRUMPLEHORN Art Studios, roinnt blianta ó shin agus tá sí dóchasach go n-éireoidh leo dul ó neart go neart de réir a chéile.
cuirtear i bhfeidhm go tréan í it is strictly enforced
" Tá na húdárais lándáiríre faoin riail seo agus cuirtear i bhfeidhm go tréan í.
go fíochmhar fiercely
" Ag an bpointe sin thosaigh na mná do mo mhaslú go fíochmhar agus dúirt, "You ain't lettin' us in cause we're black".
Thráigh an deoch the drink drained, went down
" Thráigh an deoch i ngloine an fhir fhada i bhfaiteadh na súl.
Go fóill beag not yet
go deonach voluntarily
" Is é FI an eagraíocht is mó sa tír atá ag plé le daoine gan dídean: tá 150 duine fostaithe go lánaimseartha acu, 80 ar scéimeanna FÁS agus 100 duine ag obair go deonach.
go diongbháilte steadfastly
" Tá sí sárchumasach, nua-aimseartha, forásach, réalaíoch agus is léir go gcreideann sí go diongbháilte san obair atá ar siúl aici.
Thráigh an deoch the drink drained, went down
" Thráigh an deoch i ngloine an fhir fhada i bhfaiteadh na súl.
go fuinneamhach vigorously
" Tá An Góilín anois ar an saol le bliain is fiche anuas agus é ag seoladh leis go fuinneamhach agus go bríomhar.
go cruthaíoch creatively
" Tá muid ag obair go cruthaíoch le soláthraithe sláinte chun seirbhísí d'ár bpobal a fheabhsú; ghlac muid páirt ghníomhach san idirphlé ar chearta daonna i dtuaisceart Éireann; chuir muid polasaí Gaeilge le chéile don earnáil dheonach; bíonn muid ag reáchtáil ócáidí eolais agus traenála; cothaíonn muid comhpháirtíochtaí le ranna rialtais, le heagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre.
go héadóchasach depairingly
" Mheasadar go héadóchasach nach rabhadar cáilithe le haon rud eile a dhéanamh.
go hearráideach wrongfully
" Tá eagla ar chúisitheoirí roimh thástáil DNA anois mar go bhfuil sé ag léiriú cad é chomh minic is a cuireadh cosantóirí chun báis a chiontaigh siad go hearráideach (cf.
ó dhubh go geal from dusk to dawn
" Bhí Danú, grúpa a bhfuil ceangal aige le Gaeltacht na Rinne, ag casadh ceoil do lucht éisteachta dílis agus Robbie Hannon agus Paddy Glackin ag seinm ó dhubh go geal.
go stompaithe stiffly
" Mháirseáil siad go stompaithe, ag iompar a mbratacha agus ag bualadh a ndrumaí agus ag portfheadaíl "Páirceanna Bhaile Átha an Rí" agus a leithéid.
go garg harshly
" Caitheadh maslaí go garg ina treo.
Go hiondúil usually
" Go hiondúil, bíonn na scoileanna níos fearr sna fobhailte ach níl go leor airgid ag gach duine chun a theaghlach a bhogadh ansin.
imithe i léig gone into decline
" Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an ní é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán má smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an lá.
le go mbeidh sé d'acmhainn acu so that they can afford
" Mheall siad réiteoir i ndiaidh réiteora le cluiche i ndiaidh cluiche a chríochnú le comhscór - athimirt i ndiaidh athimeartha agus milliúin i ndiaidh milliún punt ag dul isteach i gciste Ard-Chomhairle Chumann na gCleasaithe Lúbaireachta, le go mbeidh sé d'acmhainn acu bosca corparáideach a fháil ar cíos.
go docht tightly
" Is é an chomhairle a chuireann Balor ar Chathal ná an chomhairle chéanna a chuir Cathal ar mhuintir na hÉireann, agus é ina ArdRí: "Teannaigí bhur gcriosannaí agus teannaigí iad go docht.
go bhfuil sé sin amhlaidh that that is the case
" Is léir go bhfuil éasclínte sa chóras rialtais i Sasana agus ní ar na hÉireannaigh atá an locht go bhfuil sé sin amhlaidh!
go mídhleathach illegally
" Tá suas le 5 mhilliún Meicsiceach anso go mídhleathach agus tá siad ag dul i líonmhaireacht in aghaidh an lae.
ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil she could barely lift her head with the embarrassment
" " "Rita," arsa an bhean eile ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil.
go mbeadh sí ina shásamh that is would please him
" An bhfuil tú ag meas go mbeadh sí ina shásamh?" "Níl.
chuaigh grabhróg lena hanáil a crumb went down the wrong way
" Leis sin, thosaigh an fear a bhí ar chúl an tseastáin arís, chuaigh grabhróg lena hanáil agus ann ach nár tachtadh í ar an toirt.
go rachadh sé rite leis an rialtas that the government would barely manage
" Measadh go forleathan roimh an eachtra seo go rachadh sé rite leis an rialtas sa toghchán gan cuid den tacaíocht sin a mhealladh ar ais.
go mídhleathach illegally
" Ar ndóigh bhí neart daoine ag rá go raibh an rialtas atá anois i réim san Astráil síolraithe ó chóilíneacht a bhunaigh daoine a tháinig i dtír go mídhleathach gan buíochas do na daoine a bhí anseo rompu.
Go n-athróinn mo chraiceann that I would change my skin
" Dúirt sí liom, 'Cad é atá siad ag iarraidh? Go n-athróinn mo chraiceann?'" Ina dhiaidh sin, labhair Cora liom faoina saol agus faoin mhéid tarcaisne a bhíonn le fulaingt aici.
go rathúil successfully
" Ba í ceannasaíocht Bill Clinton, agus foighne George Mitchell go háirithe, a bhog an próiseas síochána ar aghaidh go rathúil i dTuaisceart Éireann.
go sáróidh siad that they will transgress
" Tá na meáin chumarsáide i Sasana lán scéalta faoi dhlíthe úra in aghaidh sceimhlitheoireachta, cé go bhfuil seans ann go sáróidh siad Acht Chearta Daonna an Aontais Eorpaigh.
go brách forever
" B'fhéidir lá níos faide anonn? An Ghaeilge go brách, a chairde!
go hiondúil usually
" Éiríonn go han-mhaith leis na daltaí san Ardteist agus sa Teastas Sóiséarach go hiondúil.
go mairfeadh an teanga that the language would survive
" Is mian leis an gcuid is mó go mairfeadh an teanga agus rinneadh é sin an-soiléir ag an gcruinniú a ghairm Coimisiún na Gaeltachta i 2001.
Díshealbhaíodh go leor daoine a lot of people were evicted
" Díshealbhaíodh go leor daoine mar nach gcuirfidís a gcuid gasúr ar scoileanna Protastúnacha.
á scaoileadh saor go luath who was given early release
" Má bhíonn duine ar bith á scaoileadh saor go luath ciontach as coir éigin, agus an fhianaise ann ina éadan, tógfar é agus cuirfear i bpríosún é.
cé go raibh fuadar fúthu although they were in a rush
" Bhí daoine cneasta, cabhrach cé go raibh fuadar fúthu.
go haontaobhach unilaterally
" Go dtí seo bhíodar ag druidim sa treo eile, ag trácht go haontaobhach ar dhídean núicléach a thógáil timpeall orainn féin.
múchta go deo quenched forever
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
Go mbeannaí Dia Meiriceá God bless America
" Go mbeannaí Dia Meiriceá! *Is as Iarthar Chorcaí ó dhúchas é Barra Ó Donnabháin.
Goilleann sé go mór ar go leor daoine it bothers a lot of people
" Goilleann sé go mór ar go leor daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den Chumann, go mbíonn mórchuid airgid ag dul isteach i gcistí an Chumainn, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh i rith mhíonna fada an tsamhraidh.
go mbeadh sé thíos leis that he should suffer
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
ag cur chuige going about it
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
go gairid shortly
" Tá sé pósta anois agus iníon óg aige a bheas ag freastal ar Ghaelscoil go gairid.
ramhar thick, gone off
" "Cén dóigh an dtiocfadh le duine ar bith a bheith beo mar seo?" arsa seisean leis féin agus é ag caitheamh amach pionta bainne a bhí ramhar.
ar an tiontó gone sour
" Bhí cúpla iógart ann fosta a bhí géar nó ar an tiontó.
ar maos go caol na láimhe drenched to the wrists
" Ní raibh fonn ar bith air a bheith ar maos go caol na láimhe san uisce lofa a d'fhágfadh an t-urlár sin ina dhiaidh.
go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh that he could have slept soundly
" Bhí sé chomh tuirseach sin anois go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh.
Go hádhúil luckily
" Go hádhúil, bhí neart *pasta* sa phrios agus dhéanfadh sé anlann de shórt inteacht a d'fhóirfeadh don chearc.
a d'fhóirfeadh don chearc that would go with the chicken
" Go hádhúil, bhí neart *pasta* sa phrios agus dhéanfadh sé anlann de shórt inteacht a d'fhóirfeadh don chearc.
go sciobfaidh spórt eile iad that another sport will grab them
" Is gá aire mhaith a thabhairt do na gasúir sin, fiú amháin má chosnaíonn sé mórán airgid, mar seans go sciobfaidh spórt eile iad atá gairmiúil agus atá ar thóir imreoirí óga cumasacha.
go fánach occasionally
" Ach bhí an mhórchuid againn tar éis teileafón soghluaiste a cheannach bliain nó dhó roimhe sin agus níor bhraitheamar an gá a thuilleadh airgid a chaitheamh ar sheirbhís a d'úsáidfeadh muid go fánach, dá n-úsáidfeadh muid í ar chor ar bith.
go cineálta kindly
" "Tabhair teachtaireacht do do Neain dom, an dtabharfaidh?" a dúirt sí, ag leagan a láimhe go cineálta ar mo lámhsa.
go soineanta innocently
" " "Na huibheacha?" a d'fhiafraigh mé, go soineanta, mar dhea.
go dian hard
" Ach le dearcadh eile a fháil ar an bhféile chuaigh mé chun cainte le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir na féile agus duine den fhoireann dhíograiseach a bhíonn ag obair go dian leis an rud ar fad a tharraingt le chéile.
lán go béal full up
" Níor mhaith liom go mbeadh daoine míchompordach sna hallaí, mar shampla, toisc iad a bheith lán go béal.
go smior to the marrow
" Nuair a chuir mé in iúl do chara de mo chuid go raibh mé ar tí agallamh a chur ar Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar, agus an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, is éard a dúirt sé ina thaobh ná gur polaiteoir go smior a bhí ann.
go neamhbhalbh forthrightly
" Seasamh misniúil ó fhear nach mbíonn leisce riamh air a chuid tuairimí a nochtadh go neamhbhalbh.
a bealach féin a sheoladh go her own way
" Bliain roimis sin bhí sé den tuairim go bhféadfadh agus gur chóir do Mheiriceá a bealach féin a sheoladh; b'fhearr ina haonar í ná i ndrochchuideachta.
go suntasach noticeably
" In ainneoin na ndeacrachtaí teicniúla atá leis an síneadh fada a aistriú ó chóras an teilithéacs go córas an idirlín, tá méid agus réimse an lucht féachana ag Gaeltext ardaithe go suntasach ó tharla an t-athrú.
d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP an election would suit the DUP very well
" Mí ó shin, d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.