Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil she could barely lift her head with the embarrassment
" " "Rita," arsa an bhean eile ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil.
siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh because he got the poor end of the bargain
" Bhí suim ag Féilim i gcónaí san éadach agus bhí siad siúd ann a shíl gur chothaigh sé an tsuim sin siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh ó thaobh na dóighiúlachta de.
sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit a lot of language crimes will slip into your head unbeknown to you
" Ní hamháin go méadóidh do stór focal, ach sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit.
ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile she was barely able to put one foot in front of the other (i.e. she was walking with difficulty)
" " Ní raibh Gerry ina shuí i gceart nuair is seo anuas an staighre Aoife, ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile.
go ceann scaithimh for a while
" Ach níl aon bhaol go ndéanfar dearmad ar scéal an Chatalpa go ceann scaithimh.
go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann until I decided to immerse myself totally in it
" Tar éis tamaill thosaigh mé ag gabháil isteach níos doimhne sa scéal go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann.
ceann dubh a d'fhóirfeadh go breá do thórramh a black one that would do for a funeral
" Ceann dearg a bhainfeadh an dá shúil asat, ceann dubh a d'fhóirfeadh go breá do thórramh agus ceann dúghorm a dhéanfadh gnaithe breá.
go maolfaidh an dul chun cinn that the progress will lessen
" Is iomaí uair a cuireadh síos do David Trimble gur rug sé an díombua as béal na bua go rómhinic agus tá an seans ann go maolfaidh an dul chun cinn a rinneadh i gcaisleán Leeds cúpla seachtain ó shin.
go bhfuil siad ar thairseach a gceann scríbe that they are on the threshold of their goal/destination
" Caithfidh siad cur ina luí ar a lucht tacaíochta agus ar a mbaill “gurbh fhiú an braon fola”, go bhfuil siad ar thairseach a gceann scríbe.
go gcroitheann siad a gceann níos mó agus níos mó that they shake their heads more and more
" Mar iriseoir, an gcuireann sé iontas air go dtig le rialtais “an bhréag mhór” a inse arís agus arís eile agus a laghad sin freagairte bheith ann? “Cinnte, agus cuireann sé alltacht orm,” ar sé, “ach mothaím, agus daoine ag dul in aois, go gcroitheann siad a gceann níos mó agus níos mó, mar a rinne mo mháthair agus m’athair, nuair a fheiceann siad a bhfuil ag titim amach.
go gcuirfeadh an chéad cheann i gcrích an cuspóir that the first one would fulfill an objective
" Leoga, b’fhéidir go gcuirfeadh an chéad cheann i gcrích an cuspóir nach dtiocfadh leis an dara ceann a chur i gcrích.
go bhfaigheadh an drúis an ceann is fearr ort that lust would get the better of you
" “Ó a Bhaloir, tá mé buartha,” arsa Leithléisí Lár na Tíre, “ba chóir go mbeadh a fhios agam go bhfaigheadh an drúis an ceann is fearr ort.
go gcasfaidh tú cúpla ceann that you'll play a few
" Is iontach an nós é mar, má chuireann tú an phíb ort, seans go gcasfaidh tú cúpla ceann.
go ceann tamaill ar aon nós for a while at any rate
" De bharr na monaplachta atá acu, fágann sin nach mbeidh aon chruithneacht as an Astráil á cheannach ag an Iaráic go ceann tamaill ar aon nós.
go ceann i bhfad eile for a long time again
" Ní móide go dtarlóidh a leithéid arís in Éirinn go ceann i bhfad eile.
Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe. I'll be going downhill from now until my destination.
" Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe.
is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu. it seems that the Indians got the better of them.
" Cé gur éirigh leis na coilínithe seo baile beag a bhunú ar an gcósta, san áit a dtugtar South Carolina anois air, agus fanacht ann ar feadh bliain nó dhó, is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu.
Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile. They won't think about it again until the next one happens.
" Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile.
go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid. that they are very busy with the various problems which have come up recently
" B’fhéidir gurb é is cúis lena n-easpa gnímh i dtaca le polasaithe a athrú ná go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid.
go ceann trí bliana. for three years
" Bhuaigh siad ceithre shuíochán is fiche sa bhreis, agus dá bhrí sin, beidh tromlach compordach acu i dTeach na n-Ionadaithe go ceann trí bliana.
go ceann roinnt mílaoiseanna eile. for another few millennia.
" Tá daonra de 21 milliún duine sa tír, agus is léir nach mbeidh muid “*swamped*” go ceann roinnt mílaoiseanna eile.
go bhfuair siad an ceann is fearr ar an sean-namhaid. that they got the better of the old enemy.
" Sin an fáth a raibh an DUP agus Sinn Féin ábalta suí síos le chéile mar go raibh siad ábalta cur ina luí go réalaíoch ar thromlach a lucht tacaíochta go bhfuair siad an ceann is fearr ar an sean-namhaid.
go dtugtar cead a chinn don duine the person is given his own way
" ’ Is éard atá i gceist leis sin ná go dtugtar cead a chinn don duine is mó a bhfuil barúil láidir aige faoi cheist ar leith.
go dtiocfaidh fadhbanna eile riaracháin chun cinn that other administrative problems will emerge
" Agus is cinnte go dtiocfaidh fadhbanna eile riaracháin chun cinn leis an gcóras seo, mar a thagann le haon tionscadal teicneolaíochta den scála seo.
go ceann mí nó dhó for a month or two
" Tá súil agam go n-éireoidh go maith leo, ach tá mé chun mo rothar a úsáid go ceann mí nó dhó, ar eagla na heagla! Tá an gramadóir "Ceart", a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú doiciméad Gaeilge a chinntiú go huathoibríoch, foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.
go raibh ceann faoi uirthi that she was ashamed
" 7% den vóta), ach ní hé go raibh ceann faoi uirthi i ndiaidh an eispéiris ar fad.
go ceann tamaill fhada eile for another long while
" Tá an choinne marcáilte ar an fhéilire ar an bhalla; is eol duit go bhfuil an choinne ann; ní bhíonn eagla ar bith ort roimh an choinne nach bhfuil le tarlú go ceann tamaill fhada eile ná faitíos ort go dtiocfaidh an choinne aniar aduaidh ort agus, ansin, go tobann, pléascann an choinne gan choinne agus sin tú ag streachailt amach an doras le málaí spóirt agus cótaí agus páistí agus gach “Beidh muid mall.
go ceann bliana for a year
" Bhí mé tar éis éirí bómánta agus ní ba bhómánta fós thar na blianta agus, de réir a chéile, d'éirigh mé chomh dúr sin gur dhúshlánach dom amharc ar *Friends* agus cos a choinneáil leis an phlota! Beidh mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh go ceann bliana ag déanamh MA in *Ethnochoreology*.
go ceann bliana for the next year
" As seo go ceann bliana nó dhó, beidh an tír ar an gcúigiú geilleagar is mó ar domhan agus ar an deichiú tír is mó a tháirgíonn ola.
go ceann i bhfad for a long time to come
" Ar ndóigh bhí sé de phribhléid agamsa a bheith mar Aire Stáit agus mar Aire Gaeltachta le beagnach 13 bliain anuas agus rinneadh rudaí san am sin a mbeidh tábhacht leo don teanga go ceann i bhfad.
go ceann i bhfad for a long time
" Bhainfeadh an tagairt a dhéanann Corduff don chithréim dhomhain ghoineach atá fágtha, dar leis, ag na himeachtaí seo ar phobal beag tuaithe, deor as cloich, lorg a mhairfidh, dar le Corduff, ar feadh na nglún agus a chuirfidh comharsana agus clanna in adharca a chéile go ceann i bhfad.
na cinn go léir a shíobadh den cholainn to blast the heads of the body
" Tír a bhfuil fathach na seacht gceann ann í Libia agus ní bheidh NATO in ann na cinn go léir a shíobadh den cholainn mar tá siad chomh scaipthe ar fud na tíre is atá daonra iomlán Libia féin.
tagann a leithéid chun cinn go háirithe such arises particularly
" Is iad na mothúcháin bhróin agus dúlagair a thréithríonn SAD, agus tagann a leithéid chun cinn go háirithe in oícheanta dorcha na dúluachra, tráth a mbíonn na laethana níos giorra agus an teocht íslithe.
ar eagla go mbeadh ceann lest there be one
" Ní bheidh cead ag aon duine iris chráifeach ar bith a thabhairt isteach ar Thoraigh feasta, ar eagla go mbeadh ceann de na pictiúir náireacha seo istigh inti.
go ceann ráithe for a season
" Íseal Grian, Gearr a Rith ======== Má ba dhona an samhradh a fuair Éire, is doirche, is fliche agus is fuaire a bheas an aimsir in íochtar domhain go ceann ráithe.
Ceann amháin a thaitin go mór liom a good one I really liked
" Ceann amháin a thaitin go mór liom i mbliana ná ceann a eagraíodh ar Instagram (bhuel sin an áit ar chuala mise faoi!) Séard a bhí i gceist ná taispeántas de ghrianghrafanna a tarraingíodh is a roinneadh ar Instagram.
go dtí an ceann scribe to the end
" Ní dhearna siad amhlaidh leis na faisistigh, áfach, agus lean siad an mórshiúl go dtí an ceann scríbe.
chun cinn go maith orthu well ahead of them in the polls
" Fiú má sciobann, ámh, deir na pobalbhreitheanna go gcaillfidh na Daonlathaigh suíocháin sa toghchán seo, agus go bhfanfaidh na Poblachtánaigh chun cinn go maith orthu sa chéad Chomhdháil eile.
chun cinn go mór great progress
" Tháinig an earnáil tionslaíochta agus tráchtála chun cinn go mór faoin tsaoirse nuaghnóthaithe seo agus thosaigh ceannaithe rachmasacha, a bhí anois i gceannas ar chumhacht geilleagair na poblachta nua seo, ag cur spéise san ealaín i measc rudaí eile, lena gcuid airgid a chaitheamh uirthi.
go ceann tamaill eile ar aon nós for another while at any rate
" Chomh maith leis sin is cosúil nach bhfuil aon rún ag Henry Ó Seibhleáin éirí as a bheith ag crá freasúraí i bhfad is i ngearr go ceann tamaill eile ar aon nós.
in ísle brí go ceann i bhfad i bhfad eile weak for a long long time yet
" ” Tagann dea-scéal anois is arís – cuirim i gcás ordú mór do Bombardier ar fiú £200 milliúin é - ach is léir go mbeidh geilleagar na Sé Chontae in ísle brí go ceann i bhfad i bhfad eile.
chun cinn go mór well ahead
" Is é tuairim lucht an ionsaithe faoin am seo go mb’fhéidir go bhfuil an Iaráin chun cinn go mór ar fhearaistí marfacha an Iarthair.
go dtí mo cheann cúrsa to my destination
" Cuireadh mo chéad chuairt ar Mheiriceá i gcuimhne dom, blianta fada ó shin, nuair a dúirt mé le mo chomharsa ar an eitleán go mbeinn ag tógáil bus ar aghaidh go dtí mo cheann cúrsa.
go ceann trí lá d’ímpigh siad they plead for three days
" Thug m’fhear chéile a iPad leis ar turas coicíse agus go ceann trí lá d’ímpigh siad is d’impigh siad orm *Minecraft* a insealbhú ar an iPad s’agamsa.
chur chun cinn go feidhmiúil to push forward effectively
" Comhghuaillíocht Spriocdhírithe =============== An córas mímhorálta é córas na bhFuipeanna sa Dáil? Tá an córas réamhluaite préamhaithe sa tuiscint gurbh í an dlúthpháirtíocht pholaitiúil an tslí is feidhmiúla chun clár oibre an pháirtí a chur chun cinn go feidhmiúil.
Sracadh go Ceann Scríbe struggle to the bitter end
" Sracadh go Ceann Scríbe ========== Thar aon ní eile áfach, bhí a intinn soiléir faoin ngné den chluiche ba thábhachtaí a shaothrú agus a chur chun cinn i gcónaí: an bua.
ar aghaidh go ceann cúrsa on to its conclusion
" Leanfaidh scéal ghuagacht chórais airgid an domhain ar aghaidh go ceann cúrsa, ach in Éirinn agus in gach tír, ba cheart an dlí a chur i bhfeidhm gan bheann ar leithscéalta faoi ‘a culture of x nó y’.
go ceann roinnt mhaith blianta for a fair few years more
" Tá aird an tsaoil mhóir ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta: 2014 – Corn an Domhain sa Sacar i dtír na Brasaíle, 2016 – Na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Rio de Janeiro.
go ceann leathmhíle for a half mile
" Nílimid ag rith i gceart go ceann leathmhíle.
ar aon scáileán go ceann tamall fada on any screen for a long time
" Mo ghreidhn thú Paul Dano! Murab é ‘John Tibeats’, príomhshiúinéir Ford, an slíomaire lag is déistiní a fheicfidh tú ar aon scáileán go ceann tamall fada, ní mise Pat Butler.
go ceann i bhfad for a long time
" Beag seans go bhfeicfidh muid *Miss Panti* ar an *Late Late Show* go ceann i bhfad.
as sin go ceann leathuaire for the next half hour
" Mhínigh sé cúrsaí uaireadóra dom go mion agus go mín as sin go ceann leathuaire.
ceann a chuaigh go mór i bhfeidhm one which had a big affect
" Foilsíodh La Cruz del Sur den chéad uair in 1875 agus i measc na n-eagarthóirí bhí cara le Arthur Griffith, William Bulfin, a scríobh dhá leabhar mór-ráchairte, Tales of the Pampas agus ceann a chuaigh go mór i bhfeidhm i measc cheannairí náisiúnaíocha na hÉireann i ndiaidh a fhoilsithe in 1902.
go ceann glúnta fada for many generations
" Bíodh sin mar atá, is iontach an léargas atá sa bpíosa cainte a rinne Mícheál Ó Coincheanainn, céad tríocha bliain tar éis na tubaiste ar abhainn na Coiribe, ar an gcuimhne a bhíonn ag na daoine go ceann glúnta fada ar rud a tharla ina gceantar féin.
ina cheann go fóill still in his head
go ceann tamaill for awhile
" Tá ladrainn Mheiriceá armtha san aer os cionn Bagdad faoi láthair, agus is ar éigean a thiocfaidh siad anuas go ceann tamaill, ó is mó is dóichí go mbeidh siad ag teilgean na n-arm sin sar i bhfad muna gcuirfear stop le hionsaí na bhfórsaí Sunnaíocha san Iaráic.
go ceann dhá bhliain eile for another two years
" Beidh a lámh ar stiúir long na Gaeilge go ceann dhá bhliain eile agus ’sé an bealach a rachaidh sé i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa nGaeltacht, is ceart a chur san áireamh chomh maith nuair a bheas breithiúnas á dhéanamh ar a thréimhse ar an stiúir.
go mór chun cinn san fheachtas ar son well to the fore in the campaign for
" Bhí fadhbanna eile acu - díobháil foirne, díobháil áiseanna, díobháil taithí - agus ainneoin an dea-thoil, thit an tóin as an ghluaiseacht cé gur ann dó go fóill agus tá Mairéad Corrigan Maguire go mór chun cinn san fheachtas ar son Gháza faoi láthair.
thabhairt chun cinn go rábhach to robustly develop
" Baineann a dheacrachtaí féin le haon tionscal a thabhairt chun cinn go rábhach nó buailfear na tionscail eile in aice láimhe trí allmhairiú saor ina n-aghaidh, agus ar bhealaí eile, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin san Astráil.
an dul chun cinn go léir all the progress
" Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go mbaineann impleachtaí tromchúiseacha leis an dul chun cinn go léir sa teicneolaíocht agus is baolach go gcaithfear faire ar na fairtheoirí.