Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Go fóill beag not yet
Fan go fóill beag Just wait a while
" "Fan go fóill beag," arsa Nuala.
Níl sé leat go fóill You haven't got it yet
" "Níl sé leat go fóill, a mhic.
Níl baol orainn go fóill we're not in danger yet
" Déarfaidh tú leat féin, 'Níl baol orainn go fóill.
ag cur as dó go fóill having an effect on him still
" Labhair sé siúd óna chroí amach fosta agus tá na heachtraí seo ag cur as dó go fóill.
ag tarlú go fóill still happening
" Tá na nithe seo ag tarlú go fóill i Meiriceá, agus tá Nua-Eabhrac ar cheann de na háiteacha is mó a bhfuil a leithéid ag gabháil ar aghaidh ann.
Níor foilsíodh an comhaontú go fóill the agreement hasn't been published yet
" Níor foilsíodh an comhaontú go fóill agus ní cosúil go bhfoilseofar go ceann coicíse nó mar sin, a fhad is atá dlíodóirí ag plé leis.
nár líonadh go fóill that hasn't been filled yet
" Tá mé an-bhródúil as an obair a rinneamar leis an gclár 'Cúrsaí Ealaíne' agus, ó baineadh den aer é, tá folús ann nár líonadh go fóill.
á tairiscint go fóill still being offered
" Tá duais de $5 milliún á tairiscint go fóill don té a chuirfidh eolas ar fáil faoin ghadaíocht seo.
Ní lá go fóill é! Well, I'll be blowed!
" " "Ní lá go fóill é!" arsa Siobhán "Shíl mé go gcuirfeá suas dó.
gléasta go fóill still dressed
" I mbliana bhíodar ar ais san áit ba dhual dóibh, agus shiúladar tharainn go bródúil crosta, gléasta go fóill in éide ghioblach an ghaineamhlaigh.
spreagann sí an tsamhlaíocht go fóill it inspires the imagination still
" *An Duomo* Bhí cruinneog Brunelleschi, a sheasann ar bharr an Duomo, ina ábhar iontais nuair a tógadh é agus spreagann sí an tsamhlaíocht go fóill.
a mháirseálann go fóill who still march
" “Tar ar ais an bhliain seo chugainn!” Scríobh mé cúpla mí ó shin faoi bhriogáid na nÉireannach, The Fighting 69th as Nua-Eabhrac, a mháirseálann go fóill i dtosach mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac.
Níl oiread na fríde eatarthu go fóill. There is nothing between them yet.
níor iarradh ar an ngnáth-Mheiriceánach go fóill the ordinary American hasn't been asked yet
" Agus, leis an tír ar mhuin na muice go geilleagrach, níor iarradh ar an ngnáth-Mheiriceánach go fóill íobairt ar bith a dhéanamh ar son an chogaidh.
Níl aon mhaithiúnas inti go fóill. She is still unforgiving.
" Níl aon mhaithiúnas inti go fóill.
ciall a bhaint go fóill as an ré ina bhfuil siad féin. to make sense of the era they themselves are alive in.
" I dtír chomh húr le Meiriceá, atá fós ag athrú go mór ó ghlúin go glúin, is beag béim a leagtar ar stair nuair atá pobal na tíre ag iarraidh ciall a bhaint go fóill as an ré ina bhfuil siad féin.
Baineann sé geit as daoine go fóill it still gives people a start
" Baineann sé geit as daoine go fóill mórcharachtair na linne a fheiceáil agus iad ina mbeatha: an Coileánach ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta i 1919 agus scuaine de phearsana móra ag teacht chuige, leithéidí Griffith, Desmond Fitzgerald agus Joseph McGuinness.
a shéanann go fóill who still denies
" Gearradh téarmaí príosúnachta ar an bheirt acu: ar Myatt, a d’admhaigh go raibh sé ciontach ón chéad lá, agus ar Drewe, a shéanann go fóill go bhfuil aon choir déanta aige.
go fóill, still,
" Tagann ceannairí tíortha eile ar cuairt go fóill, ach bíonn drochnuacht leo.
réidh go fóill ready yet
" Ní fhágann sin ach Clinton mar iarrthóir, dáiríre, rud a chuirfidh áthas ar Phoblachtánaigh, a cheapann (agus an ceart acu, b'fhéidir) nach bhfuil Meiriceá réidh go fóill d'iarrthóir mná, go háirithe bean chéile fir chonspóidigh.
ag maíomh go fóill still claiming
" Is fear é a bhfuil taithí aige mar stocaire agus mar bhall d'institiúidí fíorchoiméadacha - an American Enterprise Institute, cuir i gcás, atá ag maíomh go fóill gurbh é Saddam Hussein faoi deara ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nach bhfuil a leithéid ann agus téamh domhanda, gur cheart do gach saoránach seilbh a bheith aige ar ghunnaí, gur cheart teorainneacha Mheiriceá a láidriú arís eile, agus gur cheart don arm fanacht san Iaráic.
ceaptha go fóill appointed yet
" Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar an “deal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl sé ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtais – níl Teachtaí ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás.
go fóill still
" “Shíl mé gur chóir go mbeadh an áit dúchais an-tábhachtach go fóill i saol na gcarachtar agus theastaigh uaim go mbeadh an smaoineamh sin an-fhísiúil.
nár áiríodh go fóill which wasn't accounted for yet
" Más fiú 10 faoin gcéad den mhargadh iad, ámh, tá 10 faoin gcéad eile nár áiríodh go fóill – 10 faoin gcéad nach ollbheoracha ná beoracha allúracha iad, ach micribheoracha, ar fiú $8.
a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ann go fóill who show that there is such a thing still
" Fáiltímis roimh na beoracha nua seo, a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ann go fóill agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná brabús tábhachtach dóibh.
nár cloíodh go fóill iad. that they haven't been defeated yet.
" Dúirt Seosamh Mac Grianna tráth gurb é an difear idir Éire agus Alba ná go n-admhaíonn Gaeil na hAlban gur cloíodh i gCath Chùil Lodair iad ach go measann Gaeil na hÉireann nár cloíodh go fóill iad.
nach raibh aon chinneadh déanta acu go fóill that they hadn't made any decision yet
" Dúirt 62 faoin chéad den phobal nach raibh aon chinneadh déanta acu go fóill ina leith.
go fóill in aigne an Bhéarlóra still in the minds of the English-speaker
" Is dócha go maireann íomhá den bhean Ghaelach go fóill in aigne an Bhéarlóra – seanbhean mhantach ag ól a píopa.
tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar, he can still draw attention to his work
" Éiríonn le Warhol fiosracht daoine a mhúscailt agus tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar, fiú agus é féin sínte i dtaisceadán de chineál eile.
nach raibh aon chinneadh déanta agam go fóill, that I had not made a decision yet
" Dúirt mé leis nach raibh aon chinneadh déanta agam go fóill, ach go ndéanfainn mo mhachnamh air thar oíche.
go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill that they are still discriminated against
" Ba í an teachtaireacht eile a theastaigh uathu a chur in iúl ná nach bhfuil comhionannas iomlán bainte amach acu san Astráil sa chaoi is go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill agus go mbraitheann cuid acu faoi bhagairt an fhoréigin in amanna.
go fóill yet
" Níl deireadh lena chuid réamhthoghchánaíochta go fóill agus tá iomaíocht ghéar i gceist idir na hiarrthóirí ó thosaíodar ag formad lena chéile bliain go leith ó shin.
nár aimsigh eolaithe go fóill not yet discovered by scientists
" Tá seans nach beag ann go bhfuil gealacha nó pláinéid eile sa chruinne nár aimsigh eolaithe go fóill – pláinéid atá cosúil leis an Domhan – agus go bhfuil beathraí orthusan.
go raibh airgead le híoc go fóill acu linn. that they still owed us money
" Rinne sé iniúchadh ar fhigiúirí an chomhlachta agus dheimhnigh sé an tuairim a bhí againn, is é sin, go raibh siad ag insint bréaga dúinn, go raibh ní ba mhó dlúthdhioscaí díolta acu ná an líon a bhí admhaithe acu agus go raibh airgead le híoc go fóill acu linn.
go fóill yet
" Níl an tseirbhís sin ó *Facebook* ar fáil ar fud an domhain go fóill, ach tá seirbhís Quora i ngach cearn a bhfuil an t-idirlíon ar fáil.
go fóill beag as of yet
" Tá cuid mhaith cairde aici ach, ar an drochuair, tá rud amháin faoi Chiara nach maith le duine ar bith… tá sí iontach cainteach! Ansin cuireann sí aithne ar Laura agus cloiseann sí teanga nach bhfuil sí in ann aon rud a rá inti… go fóill beag! 'Bronntanais agus Féiríní Eile': ============= Imíonn Ben le gaoth agus é ag spraoi lena bhronntanas breithe.
go fóill beag for another wee while
" Nó an bhfuil?” “Níl, a Bheairic, go fóill beag.
go fóill still
" Ina ainneoin seo ar fad, níl nuacht ar bith ann faoi agus tá sé go fóill faoi bhagairt agus gan aon chosaint ina aghaidh.
an Fómhar linn go fóill we were still in autumn
" Sin mar a bhí sé nuair a d’phill mé anseo i Mí Meithimh agus d’oscail mé na cuirtíní ar maidin; shíl mé go raibh mé an Fómhar linn go fóill mar bhí dath donn ar dhuilliúr na gcrann agus nuair a shiúil mé síos an bóthairín bhí duilleoga faoi mo chois.
ní fios go fóill no one knows yet
" Tá ceithre dhream i mbun cogaíochta d'ainmniúchán an pháirtí faoi láthair, agus ní fios go fóill cé a bhainfeas é.
mhaireann go fóill is still extant
" Bhí an ghráin ag na Naitsithe ar Munch agus chuir sé seo go mór leis an chlú idirnáisiúnta a bhí ag fás thart air ar fud an domhain agus a mhaireann go fóill.
Is léir go fóill is still visible
" Is léir go fóill an dochar nuair a ghlacfas tú an tram ó thuaidh go himeall na cathrach, ach ná coinníodh an méid sin siar thú ó chuairt a thabhairt ar Nua-Orléans, ceann de na háiteanna is suimiúla i Meiriceá.
chomh feiceálach go fóill so visible yet
" An Bhfuil A Leigheas Déanta? ============== B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas.
go fóill as of yet
" Déanta na fírinne, cuireann sé iontas ormsa freisin, fiú má tá an Ghaeltacht úd beag agus muna bhfuil éinne ina chónaí ann go lánaimseartha go fóill.
thugann a mbeatha i dtír go fóill making a living
" Ar ndóigh tá daoine ar an oileán a thugann a mbeatha i dtír go fóill.
Luíonn a bhás go trom ar a gcroí go fóill his death still weighs heavily on their hearts
" Luíonn a bhás go trom ar a gcroí go fóill.
tá an bheirt iarrthóirí gob ar ghob go fóill both candidates are neck and neck
" Cibé, tá an bheirt iarrthóirí gob ar ghob go fóill.
chomh ardnósach sin go fóill so hoity toity yet
" Nílim ag caint faoi dhuga do bhád - nílim chomh ardnósach sin go fóill! Séard atá i gceist ná meascán idir seastán agus callairí don iPod nó iPhone.
Tá gné éicint ar iarraidh go fóill there’s something missing still
" Tá gné éicint ar iarraidh go fóill le sinn a tharchéimniú ón bhá náisiúnta (atá fíor agus feiceálach) go gníomh náisiúnta (nach bhfuil fíoraithe), gné a chuirfeas dlús ar leith leis an téarnamh atá de dhíth ar a bhfuil fanta d’iarsmaí ár nGaeltachta agus don fhás sa Ghalltacht.
níl an ciníochas thart go fóill racism isn’t finished yet
" Go cinnte níl an ciníochas thart go fóill.
Ní fios go fóill God knows at this point
" Ní fios go fóill céard a thiocfaidh as na díospóireachtaí teasaí a tharla os comhair naonúr breitheamh na Cúirte Uachtaraí.
atá ag cur as dóibh go fóill still troubling them
" Ach má ghlacann mórán páirtithe ar an eite chlé le smaointe áirithe de chuid Thatcher inniu, ní hionann sin is a rá nach bhfuil lear mór ceisteanna eile ann atá ag cur as dóibh go fóill.
gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh that it’s still permissible to discriminate
" Sa chomhthéacs sin, níor mhiste a chuimhneamh gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh de réir sainmheon creidimh.
Tá deis ann go fóill there’s still a chance
" Tá deis ann go fóill mar sin maolú a dhéanamh ar an chuid is déine de mholtaí an Aire i leith na Gaelscolaíochta.
go fóill at present
" Is í aidhm an leithscéil, an ciúnas a sheachaint agus an chiontacht a choinneáil uait, go fóill.
ní fios go fóill cá gcríochnóidh an tóraíocht no one knows what end there’ll be to it
" Sea, tá sé ar a theitheadh timpeall an domhain, agus ní fios go fóill cá gcríochnóidh an tóraíocht.
Seasann caighdeán an cheoil go fóill the musical standard still holds up
" Seasann caighdeán an cheoil go fóill.
breá fuinniúil go fóill still fit and active
" Tá mé breá fuinniúil go fóill.
an-tugtha go fóill don still very occupied with
" 
Tá Éire an-tugtha go fóill don talk show agus cé nach bhfuil siad chomh trom is a bhíodh siad, níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad mar atá thall le cláracha Graham Norton agus Jonathan Ross.
níl an tobar i ndísc go fóill matters aren’t finished just yet
" Agus níl an tobar i ndísc go fóill nó i mí Dheireadh Fómhair, beidh an Turner Prize, an comórtas ealaíne is suntasaí sa Bhreatain, le feiceáil ansin.
Measann Aontachtaithe go fóill Unionists still feel
" Measann Aontachtaithe go fóill gur cruthaíodh Reich Míle Bliain i 1921 agus nach ceadmhach aon athrú cé go bhfuil an timpeallacht bhunreachtúil, pholaitiúil, shóisialta, mhorálta, thart orthu athraithe as a riocht mar sin, faigheann tú fir an lae inné, Michael Mc Gimpsey agus Tom Elliott ag rá go gcuirfeadh sé deireadh le Comhaontú Aoine an Chéasta (Mc Gimpsey) agus “Ní thugann Uachtarán na hÉireann ionadaíocht do mhuintir Thuaisceart Éireann.
ceachtanna le foghlaim go fóill lessens were still to be learned
" Cé go raibh beartais úra curtha i bhfeidhm ag na Gardaí ó shin, d'admhaigh an Coimisinéir go mb'fhéidir go raibh ceachtanna le foghlaim go fóill faoin mhéid a tharla san am atá caite.
smacht éigin go fóill acu still have some control
" D’fhonn taispeáint go bhfuil siad fós cumhachtach agus go bhfuil smacht éigin go fóill acu ar a dteorainnneacha agus ar a dtarlaíonn laistigh díobh, cuireann siad dlíthe is beartais i gcrích a léiríonn gurb é an Stát atá i gceannas fós is a thógann na cinntí maidir le teacht is imeacht inimirceach is an sórt saoil atá le bheith ag inimircigh fad a bhíonn siad sa Stát.
tá sí á seinm go fóill she’s still playing it
" Ar an dea-uair, tá sí á seinm go fóill ar bhonn proifisiúnta cé go raibh sí ag iarraidh a bheith ina tréidlia.
gcreideann roinnt den lucht seandála go fóill some archaeologists still believe
" Mar a bheifeá ag súil, bhí conspóid ann maidir leis na híarsmaí a nochtadh, go háirithe nuair nár dheimhnigh aon phontaif riamh gur fíorchnámha an Naoimh a bhí iontu agus go gcreideann roinnt den lucht seandála go fóill nach mbaineann siad le Peadar ar chor ar bith.
Goilleann an scéal air go fóill the matter still hurts him
" " Goilleann an scéal air go fóill.
ag tacú leis go fóill still supporting him
" Cé go gceaptar go bhfuil Ford ag snámh in aghaidh an easa, tá go leor ag tacú leis go fóill.
ag tabhairt na gcor go fóill dying a death just yet
" Is suimiúil an cás é, ach is ríchosúil nach bhfuil saol polaitíochta Rob Ford ag tabhairt na gcor go fóill, mura bhfuil Rob féin.
i bhFeidhm go Fóill still in force
" Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737 i bhFeidhm go Fóill ==================== Luaigh Tuarascáil Chomhairle na hEorpa na cúirteanna - de réir an Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737, tá cosc ar Ghaeilge a úsáid i gcúirteanna Thuaisceart Éireann.
go fóill yet
" Cé go bhfuil mé ag amharc orthu le 30 bliain, cuireann sé ionadh orm go fóill an dóigh a raibh daoine i Ré Nua na Cloiche, 5000 bliain ó shin, in innimh cloch mhullaigh, moghlaeirí 40 tonna meáchain a chrochadh in airde agus a leagan ina luí ar thrí chloch eile.
beo beathach go fóill alive and kicking still
" In ainneoin nach bhfuil scannáin Iodálacha chomh haitheanta ar bhonn idirnaisiúnta inniu is a bhí sna 50í agus 60í, tá an tionsal scannánaíochta beo beathach go fóill.
Níl cinneadh déanta ag an gcoiste go fóill faoi the jury is still out on
" Nach mbeinn? Níl cinneadh déanta ag an gcoiste go fóill faoi Spritz.
Tá doicheall go fóill ar there’s still reluctance
" Tá doicheall go fóill ar go leor bainisteoirí scoile i Sasana i leith na n-Éireannach agus a gcultúir,” a deir Christy Evans.
ag fanacht le scéal go fóill still waiting for news
" Ní fheadar an dtarlóidh sin riamh i gCromghlinn, Baile Atha Cliath? Ghiolc mé ceist chucu faoin bhfadhb seo ach am scríofa an ailt seo agus tá mé ag fanacht le scéal go fóill.
ina cheann go fóill still in his head
go fóill still
" In ainneoin uachtarán Gorm a bheith sa Teach Bán, is léir go bhfuil ciníochas beo beathaíoch i Meiriceá go fóill.
ag cur fúinn anseo go fóill still living here
" Tá rogha gach bia agus togha gach dí anseo! “I rith an gheimhridh, téim ag clársciáil ag an deireadh seachtaine go minic agus i rith an tsamhraidh caithim an deireadh seachtaine amuigh sa gcathair ag clamhsán faoin teocht damanta de ghnáth!” Is léir go bhfuil tallann ar leith in Muireann ach cad é mar a fheiceann sí í féin i gceann 5 bliana? Níl tuairim aici! “Cúig bliana ó shin bhog mo bhuachaill ag an am go Nua-Eabhrac ar feadh sé mhí – anois tá muid pósta agus ag cur fúinn anseo go fóill.
feicim i mo chuimhne go fóill iad I still see them in my mind’s eye
" Iad siúd agus damhsóirí an taoibh seo, Tom Beirne agus Sonny Moffitt, as Eanach Dubh an bheirt acu, agus daoine eile nach raibh a n-ainmneacha agam, feicim i mo chuimhne go fóill iad ag damhsa leo.
chuig an altóir leagtha amach romhaibh go fóill up to the alter planned yet
" An bhfuil aon damhsa suas chuig an altóir leagtha amach romhaibh go fóill?** ENE: (gáire) Cuirtear an cheist orm anois is aríst agus cuirtear an cheist air féin chomh maith.
tá trácht go fóill air he is still spoken of
" Tá sé beagnach céad bliain ó cailleadh an scríbhneoir Éireannach Robert Noonan i Learpholl ach tá trácht go fóill air sa chathair sin, mar a mhíníonn Tony Birtill.
tá a thionchar le brath go fóill his influence can still be felt
" Tá an craoltóir agus dioscmharcach cáiliúil John Peel ar shlí na fírinne anois le breis is dhá bhliain ach tá a thionchar le brath go fóill ina chathair dhúchais Learpholl, mar a léiríonn Tony Birtill.
go fóill yet
" Tá fás faoi líon na ndealbh go fóill ach is fás orthu a bheas ag tarlú amach anseo.
go fóill yet
" Tá nuachtán an lae inné tigh Roseanne Smith gan léamh aici go fóill, ach tá cosán dearg déanta aici chuig an ríomhaire le teacht ar ghíogscéalta nó ar Facebook, thejournal.
ag fás go fóill still growing
" Tá athbheochán de shórt ag fás go fóill inár dtír bheag fhéimheach, dar le AnnMarie Flanagan, agus is in earnáil ríthábhachtach atá an athbheochan feiceálach, an córas oideachais.
atá le fíorú go fóill not yet witnessed
" Banks ar shaol na teicneolaíochta, atá le fíorú go fóill, i bhfeidhm ar Roseanne Smith in imeacht na mblianta de bheith ag léamh a shaothair.