Pota Focal Intergaelic
gart | goirt | gor | gorb | gore
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lena ghort féin a threabhadh to go his own way
" " Ag tús na bliana 1998, cúpla mí tar éis dá chéad albam aonair teacht amach, d'fhág Spillane Nomos lena ghort féin a threabhadh.
ngoirt phrátaí potato fields
" Tá a fhios acu sin achan rud!" "Nach Eorpaigh muid ar fad anois," a mhaígh an tEorpach Mór, Fat the Cóp, agus é ag iarraidh teacht i gcabhair ar na créatúirí cráite:" Má thagann an crú ar an tairne déanfaidh muid cinnte go gcruthófar spás fá choinne nócha duine eile i ngoirt phrátaí na hAlban.
goirt saline, bitter
"goirt ach milis a bhí an t-iasc, é ar snámh sa bhabhla súip.
sa ghort in the field
" Ach anois, dar leis na múinteoirí, mic léinn agus lucht riaracháin go meallann na ranganna i Léann na hÉireann daoine as gach cineál cúlra, ina measc iadsan a chinneann ar é a dhéanamh mar mhionábhar, nó ar obair a dhéanamh sa ghort.
glasraí goirt field vegetables
" Tá áiteacha ann a bhfuil glasraí goirt ag fás, agus torthaí boga faoi líontán.
Gort uaigneach atá á threabhadh ag an Donnagánach Mac Dhonnagáin is ploughing a lonely furrow
" B'fhearr liom an cáineadh ná gan aon aird a bheith á tabhairt orm!" Gort uaigneach atá á threabhadh ag an Donnagánach mar go bhfuil sé i measc an dornáin bhig atá ag cumadh amhrán comhaimseartha i nGaeilge.
i lár an ghoirt at the cutting edge
" "I gcomparáid le ranna eile Gaeilge, go deimhin i gcomparáid le ranna eile anseo, tá scoláirí den scoth againn, a bhfuil míle leabhar curtha ar fáil acu, atá i lár an ghoirt maidir leis an nGaeilge féin.
gort field
" B'fhéidir gurb é rud a thit ar mo chrann gort an fhriotail a shaothrú seachas gort na smaointeoireachta.
goirt salty
deoir ghoirt an chumha the bitter tear of parting sorrow
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
ghort cultivated field
" Ach sa ghort lastuas de, bhí cruthanna dubha le feiceáil ag corraí go bog faoin ngaoth, sceacha aitinn a nochtadh ó am go chéile nuair a scar na scamaill go hard sa spéir.
dubh le goirt ríse full of rice fields
" Ní fada ó bhí ceantar PuDong in oirthear Shanghai dubh le goirt ríse.
Gort nár treabhadh a field that wasn't ploughed
" Gort nár treabhadh mórán cheana ab ea seo agus, dá réir, nochtadh go leor eolais nua agus chualathas scéalta faoi na coimhlintí éagsúla ó dhaoine nár labhair amach go poiblí cheana.
ag treabhadh a ngort féin ploughing their own field
" Má leanann an freasúra lena bhfaitíos agus mura dtosaíonn siad ag treabhadh a ngort féin, beag beann ar Shinn Féin, tá an baol ann go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís.
Cath Ghort na Lonta Dubha the Battle of the Field of Blackbirds
" Creach oscailte ======= Téann fréamhacha na caismirte seo siar chomh fada le Cath Ghort na Lonta Dubha i 1389.
gach aon ghort every single field
" Théimis suas ar Shliabh an Iolair agus bhíodh sé ag múineadh ainmneacha Gaelainne na mbláthanna dúinn agus na hainmneacha a bhí ar gach aon ghort, na logainmneacha.
sa ghort linn in the field with us
" Dár ndóigh, tá Eddie McCaffrey ann, a chaith seal fada sa ghort linn i gcónaí, a choinnigh rudaí ag imeacht nuair nach raibh sé éasca – i mblianta an ghorta, abraimis.
ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, ploughing the field of Irish language journalism,
" Mar dhuine atá ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, is iomaí uair a bhí cathú orm féin dul i muinín an fhóid mhóna chéanna ach measaim go bhfuil iriseoirí na Gaeilge ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha mar atá.
ag obair sna goirt sméar, working in the berryfields,
" Ó bhí sí óg, bhí sí ag díol earraí sna gleannta, ag obair sna goirt sméar, agus ag baint lín.
goirt cultivated fields
" Tá léarscáil eile ann, a rinneadh faoi stiúir William Roy i ndiaidh éirí amach 1745, a thaispeánann ní hamháin lonnaíochtaí sna gleannta, ach goirt freisin.
Goirt anocht bitter tonight
ag damhsa sna goirt dancing in the fields
" Maolaíonn an aimsir leis agus lá na sochraide siúlann muid an míle ó thigh an teaghlaigh chun na heaglaise, faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae agus dathanna an tsamhraidh ag damhsa sna goirt taobh an bhóthair.
goirt a fhágáil bán leaving fields fallow
" Baineann an nós seo le cosaint an dúlra agus an talaimh – goirt a fhágáil bán ar feadh bliana le meas a léiriú orthu, cuir i gcás.
an loch goirt the salt lake
" Ó 1846 amach, thaistil corradh agus 70,000 Mormannach thar na Sléibhte Creagacha go dtí an loch goirt a bhí cúpla céad míle ón teorainn.
Tá an gort céanna á shaothrú, the same field in being ploughed (fig)
" Tá an gort céanna á shaothrú, dar ndóigh, ag daoine eile le fada an lá – ní mór ainmneacha Shéamuis de Creag ó Toronto agus Alastair Uí Mhéaráin ó Detroit a lua ina measc.
ghoirt ríse rice fields
" Ag bogadh isteach ón chósta, tagann tú ar ghoirt ríse atá le feiceáil go flúirseach thart timpeall an cheantair agus níos faide ar aghaidh, tagann tú ar chnoic ghlasa atá trom le tae agus cardamam cumhra.
Gort Inse Guaire Gort, Co. na Gaillimhe
"Gort Inse Guaire nasctha le bóthar iarainn Thuamhan (nó, Thuadh-Mhumhan, más fearr leat).
ghort na sladmhargaí the area of bargains
" polaiteoirí agus lucht an airgeadais, caithfidh muid ag an am céanna a bheith ag treabhadh ghort na sladmhargaí agus an Nollaig ag teannadh linn.
Gort a field
" Gach Gort le Cartadh nó le Carthú! Is ionann an cás do na scéimeanna tithíochta Gaeltachta.
ngort field
" “Ba dhaonchara é James Reid a mhaoinigh an post a ainmníodh as agus bhí sé mar choinníoll aige nach amháin go ndéanfadh an sealbhóir oifige obair acadúil i ngort an dlí choiriúil, ach go mbeadh sé nó sí ag cleachtadh sa ghort sin chomh maith.
ghoirt salty
" Anois, tá teicníc de shórt inteacht ag an siopa seo – bhí andúil ghoirt mhilis úr orm.
ngort cúng narrow field
" Níl aon amhras ach go raibh marbhnaí tuillte acu beirt ach ó tharla gur i ngort cúng na Gaeilge a threabh siad a n-iomairí saothair, ní thiocfadh a bheith ag dréim go mbeadh a leithéid i gclo i nuachtáin náisiúnta an Bhéarla.
ag treabhadh sa ghort operating in the sphere
" Is í an t-imreoir spóirt is rathúla atá ag treabhadh sa ghort spóirt idirnáisiúnta a tháinig as an tír seo riamh.
goirt briny
" Nuair a d’fhéach Balor suas ar ghnúis a athar, chonacthas dó deora móra goirt ag sileadh anuas as súil aonair iata a dhaidí.
gort oibre area of work
" Deacrachtaí faoi Leith ========== Tá sé thar a bheith deacair teacht chun fóirithinte ar oibrithe baile a bhfuil a gcearta á sárú agus is gort oibre é an obair bhaile a bhfuil sé an-chasta monatóireacht a dhéanamh air.
gort úr a new leave, field
" Óir is mian linn gort úr a threabhadh feasta.
ar ghort an bhaile close at hand
" Idir an dá linn, le teacht an Mhárta, tá séasúr na báistí ar ghort an bhaile.
ar ghort an bhaile againn is near at hand
" Ach níl orainn dul chuig an Afraic Thuaidh chun sampla de chumhacht an idirlín a fheiceáil – tá a leithéid ar ghort an bhaile againn, agus toisc go bhfuil deis ann go mbeadh na cúinsí céanna i bhfeidhm sa tír seo sar i bhfad, ba cheart dúinn ceann a thógáil de.
an toghchán atá ar ghort an bhaile the approaching election
" Meabhraíonn an toghchán atá ar ghort an bhaile na focail “cathaoireacha deice” agus Titanic dom.
dá ghort two arenas
" Ceacht eile foghlamtha - is deacair an dá ghort sin, thuaidh is theas, a fhreastal nuair is barra an tsiombalachais atá á fhuirseadh agat.
ag gaoth goirt salty wind
" Bhí dath dubh ar na duilleogaí úra ar na crainnte taobh an bhealaigh ar a rabhas ag siúl: iad dóite ag gaoth goirt na stoirme a d’fhág sáinnithe mé ar fuireach calaidh in Ailt an Chorráin ar feadh seachtaine.
saothrú sna goirt to work in the fields
" Cailleadh den eitinn í, galar nár lig di páistí a theagasc, ná saothrú sna goirt, ná spórt a dhéanamh nuair a bheadh deireadh le lá fada sa kibbutz, galar nach raibh leigheas air ag an am.
ngort álainn na filíochta the wonderful world of poetry
" Tugann a dínit linbh seo bealach éalaithe di ó na huafáis doshamhlaithe atá ag brú isteach uirthi, agus bronnann eochair uirthi, i ngan fhios di féin ar deireadh, eochair isteach i ngort álainn na filíochta.
dheora goirt briny tears
" agus David Drumm (cé nach Eorpach níos mó é, is cosúil!)” Chaoin sé lán a dhá shúl de dheora goirt nuair a tháinig cuid deacrachtaí airgeadais mhuintir na Gréige chun solais, go háirithe cás a chara mhóir Hercules Unscrupulopulous.
Ghoirt an Óir the gold fields
" Saibhreas na Gaeilge ar Ghoirt an Óir ================== Is léir ón taighde atá déanta ag Noone agus Doyle, chomh maith le staraithe eile, go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de na hinimircigh Éireannacha sa naoú haois déag: tá fianaise ann go raibh Gaeilge ag daoine a bhí gar don choirpeach aitheanta Ned Kelly.
ghort na bainise on the wedding green
" I Measc na bhFear ========= Bhí dhá phuball ar ghort na bainise.
i ngort na Gaeilge in the world of Irish
" Thug sí uchtach do an-chuid daoine a bhí ag treabhadh leo i ngort na Gaeilge.
i ngort eile ar fad in another arena entirely
" Báireoir cumasach sacair ab ea Niels Bohr ach is i ngort eile ar fad a dhein an t-eolaí Danmhargach seo an t-aicsean a thuill clú is cáil dó ar fud na cruinne.
Sin é a ghort that’s his patch
" Sin é a ghort, an spás a threabhann sé le díocas géar tiomanta.
lán le huisce goirt full of salt water
" Ní hamháin go raibh na bóithre go leír dúnta agus an leictreachas ar shiúl ag an gcuid ba mhó de theaghlaigh an stáit, ach bhí nach mór gach tollán cairr agus traenach i Nua-Eabhrac lán le huisce goirt, a bhí cheana féin ag creimeadh pé sreanga leictreachais iontu nár dódh cheana féin.
i ngort na rúndiamhaire sácráilte atáir in the sacred secret garden you are
" ‘Of Gods and Men’, le Xavier Beauvois (An Fhrainc 2010) Artificial Eye 517 DVD ======================= Más ag treabhadh i ngort na rúndiamhaire sácráilte atáir, an tráth seo bliana, molaim fiosrú Beauvois ar nádúr an chreidimh, an duine, agus na dílseachta.
ar ghort imeartha on a playing field
" Níorbh é an chéad uair ag Suárez a leithéid de ghnímh a dhéanamh ar ghort imeartha ach in ainneoin sin, bhí saineolaithe sacair á rá go mbeadh éileamh mór agus praghas ard air má shocraíonn club peile Learphoill é a dhíol.
tá deireadh a ré ar ghort an bhaile its end time is not far off
" Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte, bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile.
gort na polaitíochta the political arena
" Má shamhlaímid cluiche le gort na polaitíochta is léir go mbíonn scaoilteacht áirithe i gceist leis na rialacha a bhíonn i dtreis sa gcluiche áirithe seo.
Murab ionann is gort na moráltachta unlike the world of morals
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
ag treabhadh gort nua an cheoil opening up new musical pastures
" ” An é go raibh an leaid óg seo an-aibí agus é ag tabhairt faoin chumadóireacht agus ag treabhadh gort nua an cheoil? “Bhí mé ag éisteacht cuid mhaith le Dylan agus ansin ag cumadh amhráin a bhí lán d’fhearg i ngeall ar an easpa cothromaíochta a bhain le sochaí Mheiriceá sna seascadaí! Ní raibh ciall ar bith leis,” a deir sé agus gáire ar a bhéal.
goirt fields
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.
sa ghort seo in this area
" Tá an tAontas Eorpach (AE) ag iarraidh comhbheartas inimirce a fhorbairt ó 1999 nuair a bhronn Conradh Amsterdam cumhacht reachtach ar an Aontas sa ghort seo, is é sin, teacht isteach san AE daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad, nó náisiúnaigh tríú tíortha mar a thugtar orthu go hoifigiúil.
sna goirt in the tilled field
" Ag stánadh ar na feirmeoirí sna páirceanna agus sna goirt a bhí sé agus é ag meabhrú.
ar ghort na himeartha on the playing field
" Bhí agus tá baint lárnach ag seicteachas Ghlaschú lenar tharla ar ghort na himeartha: '*.
i ngort na hinimirce in the area of immigration
" Is cinnte go bhféadfaí locht a fháil ar an teoiric ghinearálta seo a chuireann Dauvergne chun cinn, ach feictear dom gur míniú maith é an teoiric seo ar roinnt mhaith de na tionscnaimh atá á gcur ar siúl ag Stáit ar fud na cruinne le breis is deich mbliana anuas i ngort na hinimirce.
sa ngort céanna in the same aspect
" Glacadh go forleathan leis gur theastaigh atheagar ó na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag maireachtáil ag airgead an stáit: cuid acu ag trasnaíl a chéile nó ag treabhadh leo sa ngort céanna, gan mórán torthaí le feiceáil ar a gcuid oibre.
gort field
" Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaothar, faoina chuid oibre mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus faoin uaigneas a bhaineann le bheith ag saothrú i ngort an léinn Ghaeilge.
fíoraíodh Gort na gCnámh a poem by Cathal Ó Searcaigh was brought to life
" Cad é an dóigh ar fíoraíodh Gort na gCnámh eile i lár na hEorpa lenár linn? Cad é a thug an Dr.
ar ghort an bhaile close to home
" Tá scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin ar na mílte saighdiúirí as an Astráil a throid is a thit ar ghort an bhaile lena dtír a chosaint breis is trí scór bliain ó shin.
ar ghort an bhaile aige féin near him
" Chonaic Tony Birtill cóisir bheag a d’eagraigh dream daoine ar ghort an bhaile aige féin.
i ngleann goirt seo na ndeor in this briny vale of tears
" Bhí Ciara Nic Gabhann ar cuairt chuig taispeántas ealaíne sa Róimh atá bunaithe ar chruas an tsaoil i ngleann goirt seo na ndeor, taispeántas an ghrianghrafadóra Lee Jeffries.