Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gortú hurt
" Cultúir bhriste ======= Agus tú ag caint le Gearóid, is léir go bhfuil gortú ann, an gortú a bhaineann leis na glúnta a chaith bunús a saoil i lár cogaíochta anseo in Éirinn, nó in áiteanna eile sa domhan a bhfuil cultúir bhriste iontu.
gortú dá chois an injury to his leg
" (Cé gur imir Caoimhín sa Chraobh i '78, le cead speisialta bhainisteoir Manchester United, bhí gortú dá chois ag cur as dó agus ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr.
gortú injury
" Agus dá mbeadh gortú ag cur as dóibh leanadh siad orthu ag traenáil agus ag imirt ar eagla go gcaillfidís a n-áit ar an bhfoireann.
gortuithe injuries
" Dar leis go mbeidh laghdú ar an méid gortuithe don ghlúin agus don bhléin i gcás an chúl báire dá bharr seo.
a gcuid gortuithe their injuries
" Fuair sé ráitis ó na daoine agus chuir sé síos go beoga ar a gcuid gortuithe i bpaimfléad dar teideal *The Massacre of the Rosses.
gortú meiteatarsach metatarsal
" An t-aon drochscéal a tháinig as an gcluiche deiridh ná gur bhain gortú meiteatarsach dá leathchúlaí láir Rónán Ó Fallúin, imreoir an-mhaith agus an-tábhachtach don fhoireann, agus ní fios go fóill an mbeidh sé in ann a áit a ghlacadh i gcoinne Aontroma sa chéad bhabhta den chraobhchomórtas i bPáirc an Chrócaigh ar 7 Meitheamh.
gortú millteanach terrible hurt
" Thuig mé fosta gur threisigh mé féin agus daoine eile an gortú millteanach nuair nár chreid mé an scéal uafáis an chéad iarraidh.
gortuithe na the wounds
" 
Tá gortuithe na dTrioblóidí a tháinig chun deiridh (tá súil againn) i 1994 ag déanamh angaidh go fóill fiú i measc pholaiteoirí an deiscirt nár fhulaing a dhath mar gheall orthu taobh leis na híobartaigh aontachtacha, náisiúnaíocha agus bhaill na bhfórsaí slándála ó thuaidh, ach tá cluiche bréagach polaitíochta á imirt acu.
gortú láimhe a hand injury
" Cuireadh dul chun cinn agus pleananna Dhaithí ar gcúl áfach de bharr gortú láimhe agus d’fhill sé ar Choláiste Eoin chun staidéar a dhéanamh don Ardteistiméireacht.
gortú de bharr róníocháin san áireamh included injury from excess washing
" Smaoinigh mé ar mo bheartas árachais; an raibh gortú de bharr róníocháin san áireamh ann?! I ndeireadh an sciúrtha, d’ordaigh sí dom an t-uisce fuar ón dabhach a chaitheamh tharam féin le mias beag plaistic.
de dheasca a ghortuithe from his injuries
" Fuair sé bás de dheasca a ghortuithe ón loscadh trí lá ina dhiaidh.
gortú nár chuir isteach orm an injury which hasn’t bothered me
" 2 mhíle? Aontaíonn mo láirig gur mise a rith an maratón, agus anois tá mo rúitín ag cur as dom freisin, gortú nár chuir isteach orm le cúig bliana.
gortú fadtréimhse longterm injury
" D’amharc Colm Mac Séalaigh le deireanas ar an gcith a d’fhliuch saol imeartha na spórt páirce, an gortú fadtréimhse.