Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghreann géarchúiseach shrewd humour
" Chuir an *Nobel Laureate*, Seamus Heaney, tús leis na himeachtaí le hóráid a bhí lán de mhachnamh agus de ghreann géarchúiseach.
ag baint grinn asam slagging me
" "Nach holc an mhaise duit a bheith ag baint grinn asam agus mé sa dóigh a bhfuil mé.
ghrinn gháirsiúil tasteless/lewd humour
" Tharraingeodh siad aird, ar an chéad dul síos, ar an dóigh a mbíonn formhór na daoine sa tsochaí bhéasach an-cháiréiseach agus iad ag plé, cuir i gcás, Afra-Mheiriceánaigh nó Giúdaigh Mheiriceánacha, ach go mbíonn ealaíontóirí gríosaitheacha, scríbhneoirí na conspóidíochta agus lucht an ghrinn gháirsiúil den bharúil gur féidir tabhairt faoi Chaitlicigh.
Bhí féith an ghrinn go láidir ann he had a strong sense of humour
" Bhí féith an ghrinn go láidir ann, rud a bhí le feiceáil go soiléir agus é ar an stáitse.
ghreann humour
" Scéal a shamhlófá i saghas Bananaphoblacht atá anseo, meascán den ghreann agus den tragóid.
ag faire go grinn watching carefully
" An té a bhfuil dúil aige san iománaíocht, agus atá ag faire go grinn ar chluichí móra na fuinseoige chomh fada is atáimse (ó 1960 nó mar sin!), thógfadh sé ceann de bhua Bhiorra i gCluiche Ceannais Club na hÉireann ar Lá Fhéile Pádraig seo thart.
ghreann humour
" Ansin, ar chúis éigin, d'imigh an naimhdeas a bhí eatarthu, thit sí i ngrá lena éirim agus lena ghreann, d'éiríodar an-cheanúil ar a chéile agus pósadh iad i 1961.
an fhéith grinn the sense of humour
" Throid sé an galar go misniúil cróga, agus cé go raibh lámh in uachtar á fháil ag an mbreoiteacht air de réir a chéile, níor chaill sé riamh an fhéith grinn a bhí ann.
ghreann dubh black humour
" Ach is iomaí tagairt do ghreann dubh mhuintir na Sé Chontae.
An bhfuil ábhar grinn ar bith againn? Have we anything to laugh at?
" An bhfuil ábhar grinn ar bith againn? Tá, ach is ar éigean é, ainneoin eisceachtaí suntasacha.
go bhfuil acmhainn grinn ag aontachtaithe that unionists have a sense of humour
" "'Bainfidh Trimble den 313ú huair, ach tiocfaidh Jeffrey ar ais ar an bhliain seo chugainn le é a dheánamh arís,' arsa urlabhraí de chuid an UUP sular bhris sé amach a chaoineadh!" Ach measann daoine gur laoch an aontachtachais é Emerson mar go léiríonn sé go bhfuil acmhainn grinn ag aontachtaithe, go n-aithníonn sé na lochtanna atá ar an dream a dtugann sé tacaíocht dóibh, oiread le héirí in airde Shinn Féin, agus na lochtanna atá ar phróiseas na síochána.
ambasadóirí grinn comedy ambassadors
" Cá bhfuil na fir/mná grinn a dtig leo gearradh fríd an bhealachtachas uilig ar a bhfuil an córas polaitíochta ó thuaidh bunaithe? Tháinig rabharta daoine óga greannmhara chun cinn sna 90í ach cá bhfuil siad anois? Sa chianaimsir, ba iad leithéidí Frank Carson, Jimmy Cricket agus Roy Walker ambasadóirí grinn an tuaiscirt.
ghreann humour
" Is fuinneog iad ar shaol ilghnéitheach na Gaeilge, a bhfuil idir ghreann, eolas, dhoimhneacht agus spreagadh iontu.
ghrinn humour, comedy
" Ach d'éirigh le Sheridan teanga uilíoch a úsáid ina scannán, trí úsáid an ghrinn go háirithe.
an tsraith grinn the comedy series
" Bhí mé caite siar chuig na 1970í agus an tsraith grinn ar an dteilifís.
greann humour
" Chomh luath is a chas mé air, thosaidh sé ag magadh agus ba léir cén áit a bhfuair John an greann a bhí aige féin.
a acmhainn grinn ghoimhiúil his mordant sense of humour
" Dá bharr seo, tá muinín caillte aige as a Eaglais, cé nach bhfuil as a chreideamh, agus scríobhann sé faoi chailleadh an údaráis mhorálta, ag baint úsáid mhaith as a acmhainn grinn ghoimhiúil.
scéalta grinn humourous stories
" Chomh maith leis na scéalta grinn agus na heachtraí aisteacha, na himreoirí iontacha agus na hagallaimh spéisiúla, tá cur síos sa leabhar freisin ar na nithe sin nach bhfuil go deas agus gur údar náire iad don tír agus don Chumann.
féith ghrinn sense of humour
" " Féith an ghrinn ======= Tá féith ghrinn O'Hara le feiceáil sna tionscadail atá déanta aige go dtí seo.
fear grinn comedian
" Courtney (aisteoir agus fear grinn ar oibrigh sé leis cúpla uair roimhe seo) do shraith ghrinn.
an greann humour
" Léiríonn na dánta gur duine ab ea McEneaney a raibh spéis aige i go leor rudaí: an spórt, an teaghlach, an greann, saol na cathrach agus, ar ndóigh, "gach rud Éireannach".
greann humour
go grinn closely
" Ceistíodh go grinn iad faoin líon sibhialtach a maraíodh san Iaráic de bharr an ionraidh a rinneadh ar an tír sin beagnach dhá bhliain ó shin.
léargas grinn perceptive insight
" com)) i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath, éiríonn leis an ghrianghrafadóir óg Noel Bowler léargas grinn a thabhairt ar shaol laethúil na gcimí i bPríosún Mhuinseo sa phríomhchathair.
dráma grinn suímh sit com
" Ach tarlaíonn neart rudaí greannmhara fosta – b’fhéidir gur cheart dom sobaldráma nó dráma grinn suímh a scríobh.
anailís ghrinn close examination
" Má dhéanann muid anailís ghrinn ar na láidreachtaí agus ar na laigí atá againn, tiocfaidh muid ar chúpla conclúid.
an-acmhainn grinn a great sense of humour
" Is bean láidir, fhéinmhuiníneach í a bhfuil an-acmhainn grinn aici, agus tá sé amuigh uirthi nach bhfuil foighid ar bith aici le daoine nach bhfuil meas aici orthu.
acmhainn grinn sense of humour
"acmhainn grinn ar leith i gceist sa dráma seo, a scríobh Darach Ó Scolaí agus ar bronnadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín air i mbliana.
ghrinn perceptive
" Ach anois, seo ceist chliste, ghrinn á cur faoin *mafia *Éireannach.
á bhreathnú go grinn watching him carefully
" Pawcasso agus a Ré Chrúbach? ======= Má tá tú den bharúil go bhfuil buanna speisialta ag do pheata féin, ba chóir duit roinnt ama a chaitheamh á bhreathnú go grinn le feiceáil an bhfuil na tréithe seo a leanas aige: an ndéanann do chat machnamh ar na marcanna a fhágann sé ina dhiaidh ar a thráidire dramhaíola? an bhfágann sé marcanna ar na ballaí leis na gráinníní dramhaíola atá greamaithe dá chrúba? an scríobann sé ar phíosa troscáin go leanúnach san áit chéanna amhail is dá mbeadh sé ag forbairt saothair? an maith leis a bheith ag amharc ar an teilifis agus an aithníonn sé ainmhithe eile ar an scáileán? Más féidir leat freagra dearfach a thabhairt ar an chuid is mó de na ceisteanna thuas, agus má tá tú go fóill in amhras faoi chumas ealaíne do chait, thig leat triail bheag a chur air a d’fhorbair síceolaithe MONPA, a bhaineann úsáid as ocht gcárta dhéag agus léaráidí orthu.
dosaen amhrán grinn a dozen humourous songs
" Tá cuid mhaith cumtha agat thar na blianta, nach bhfuil? CÓD: Tá dosaen amhrán grinn cumtha agam le tríocha bliain.
a lán físeán grinn a lot of comedy videos
"a lán físeán grinn foilsithe ag daoine cheana féin – cosúil leis na cinn a bhíonn le feiceáil ar chláracha físeán baile ar an teilifís (nó “home video show”).
cuimhne ghrinn clear memory
" Is beo fós dóibhsean a mhair trí fhormhór an 20ú haois agus a bhfuil cuimhne ghrinn acu ar ar thit amach sa Pholainn sa 20ú haois, rud a fhágann gur ceist bheo go fóill í stair dhéanach na tíre.
tréith fhoirfe ghrinn a perfect humorous trait
" Bhí tréith fhoirfe ghrinn in Dev, rud nach n-aithnítear go minic.
ag déanamh grinn having a laugh
" Bhíodh na mic léinn ag fanacht agus sinn istigh ag déanamh grinn, ag caint agus ag cadráil.
Baineann sí greann as an dáta breithe seo. She finds humour in this date of birth.
" Baineann sí greann as an dáta breithe seo.
cuid mhór cleasaíochta agus grinn. lots of trickery and humour.
" Chaith an bheirt fhear breis is seasca bliain ag obair le chéile agus le linn na tréimhse torthúla sin d'fhorbair siad stíl bheochana ina raibh cuid mhór cleasaíochta agus grinn.
greann fíorchliste very clever humour
" Tá foréigean an chait agus é sa tóir ar an luchóg beagnach osréalach agus tá greann fíorchliste in amthomhas na ngeáitsí agus sna cleasa líníochta, greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean.
greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean. humour which took the sting from the violence.
" Tá foréigean an chait agus é sa tóir ar an luchóg beagnach osréalach agus tá greann fíorchliste in amthomhas na ngeáitsí agus sna cleasa líníochta, greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean.
ag déanamh grinn jokingly
" ” Chuir mé ceist ar Nicholas – ag déanamh grinn – an gcuireann daoine scairt ar an Taisce, fonn éigin ina gcloigeann agus an dtosaíonn siad ag portaíocht ar an ghuthán, ag rá, “Chuala mé an fonn seo aréir.
bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc. including big ballads, humorous songs and love songs.
" Dúirt sí amhráin de shaghsanna éagsúla, bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc.
a acmhainn grinn his sense of humour
" Is léir nach bhfuil a acmhainn grinn caillte aige ar aon chuma.
An greann. The humour.
an fear grinn the comedian
" Agus é mar aoi ar an “Late Late Show” ag deireadh na n-ochtóidí, dúirt an fear grinn Lenny Henry le Gay Byrne gur bhraith sé go raibh gach duine ag breathnú air agus é ag siúl ar Shráid Grafton le linn a chuairte ar Éirinn.
acmhainn mhaith grinn a good sense of humour
" Ach tá acmhainn mhaith grinn ag muintir Victoria agus bíonn siad ábalta scéalta grinn a chumadh mar gheall ar an bhfiabhras peile.
an greann humour
" Bíonn an mhéaldrámatacht in uachtar anois is arís (nuair a ghoideann Caoimhe an fón, mar shampla) ach baineann an greann an lá, ar an iomlán.
Greann tur dry humour
" Greann tur a bhí faoin údar nuair a roghnaigh, ní foláir, agus tá imeartas sleamchúiseach ar bun aici freisin, is dócha.
rinne fear grinn aithris air a comedian did an impression of him
" An mhí seo caite, mar shampla, rinne fear grinn aithris air ar chlár raidió Joe Duffy ar RTÉ agus magadh faoin bhfianaise a thug Ahern don bhinse fiosraithe, léiriú eile ar an tslí a bhfuil meas an phobail á chailleadh aige.
an greann the humour
" Má dhéanann tú amhlaidh, ní bheidh an t-aisteoir compordach leis an méid atá ar siúl aige agus ní bheidh an greann chomh héifeachtach is a d’fhéadfadh sé a bheith.
i mbun an ghrinn. doing the comedy
" Beidh leithéidí John Spillane, Prison Love agus Slide i mbun an cheoil agus tá Des Bishop – fear eile atá gnóthach na laethanta seo – i mbun an ghrinn.
seó grinn ar a bhoinn stand-up comedy shows
" Ón uair a chuaigh sé i mbun fuirseoireachta proifisiúnta i 1997, ní háibhéil é a rá go bhfuil na mílte seó grinn ar a bhoinn déanta aige, in Éirinn agus i gcéin.
le cinntiú nach gcaillfear an ghramadach sa ghreann. to ensure that the grammar isn't lost in the humour
" Tá na jócanna ar na bacáin le tamall anuas, agus is amhlaidh go bhfuil comhairleoir teanga anois ag cabhrú le Des le cinntiú nach gcaillfear an ghramadach sa ghreann.
an cineál céanna acmhainne grinn the same kind of sense of humour
" Bhí an cineál céanna acmhainne grinn aige is atá agamsa agus is minic a bhí muid ag gáire le chéile, go mór mór nuair a rinne muid meancóg.
scéal grinn a funny story
" ?’ Ba chuma cén freagra a thiocfadh uaim, bheadh scéal grinn ag teacht.
a raibh an-ghreann ann who was very funny
" Ba dhuine suáilceach mórchroíoch é a raibh an-ghreann ann – gan trácht ar dhiabhlaíocht! Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine agus ní iarrfadh sé aon phléisiúr ach a bheith ina shuí i measc cairde sa teach tábhairne, deoch os a chomhair amach.
suite go ciúin ag éisteacht go grinn sitting quietly listening intently
" Ní raibh radharc na súl aige ach d'fheicinn i gcónaí é ag ócáidí Slógadh, suite go ciúin ag éisteacht go grinn le gach aon nóta a canadh nó a seinneadh le linn an chomórtais.
grinn perceptive
" D’fhéadfaí neamhaird a thabhairt ar *An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín *toisc gur leabhar fantaisíochta do dhaoine óga é, ach tugann sé léargas grinn dúinn ar chúrsaí sóisialta, polaitíochta agus inscne in Éirinn sa lá atá inniu ann.
greann iontach wonderful humour
" Is é an rud is suntasaí faoin fhear uasal seo ná an greann iontach a bhaineann leis, agus tá an greann céanna le feiceáil sa leabhar fosta.
athbhreithniú grinn indepth revision
" **athbhreithniú grinn**Ní bheidh muid inár n-aonar in Éirinn má dhéanaimid athbhreithniú grinn ar an mhaoiniú atá á thabhairt don ardoideachas.
seó grinn ar a bhoinn standup comedy show
" Ach sa deireadh, tháinig sé chuige féin agus tháinig sé ar ais leis an mic a thabhairt dúinn! “Buaicphointe eile ab ea an seó grinn ar a bhoinn a rinne an fuirseoir Des Bishop.
acmhainn grinn sense of humour
" Bíonn an ceol spleodrach agus bíonn acmhainn grinn i gcónaí ag baint leo, rud atá annamh ó thaobh an cheoil chlasaicigh de.
go grinn intensely
" Bhreathnaíomar go léir go grinn ar Mikey.
acmhainn grinn capability to take a joke
" Don Taoiseach is mian liom go dtabharfaí ranganna deaslabhartha agus aoibh phléisiúrtha; do Mhary Harney vaicsín acmhainn grinn (saor in aisce ar ndóigh); ticéad chuig The Lion King don Tánaiste; bachall mhór don Phríomh-Aoire le smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí, do Mhary O'Rourke cárta leighis óna nia, conradh úr do Inda Kinny, cnámh droma (in-athnuaite) do John Gormley, roinnt iarrthóirí le dealramh do Shinn Féin, bliain gan tubaiste don HSE, leac cuimhneacháin do na PDs, splanc céille do Chonor Lenihan agus téipeanna Buntús Cainte do Mhichael Ring.
féith an ghrinn can laugh at a joke
" Mothaím féin go mbíonn deifir orm i gcónaí abhus, agus cuirtear faoi strus mé in amanna agus mé díreach ag labhairt le daoine, bíonn siad chomh míshocair sin – daoine nach mbíonn ag féachaint sa tsúil orm toisc go bhfuil siad chomh gnóthach sin, daoine a labhraíos chomh gasta sin is go gcuirfidh siad mo chroí i mo bhéal! Éire na Féile, más ea Cuimhním go hiondúil ar an teideal a bhronntar ar Éirinn, gurb í tír na féile is na mílte fáilte í, go bhfuil clú agus cáil orainn fud fad na cruinne mar dhream a bhfuil féith an ghrinn agus fad na teanga le brath go mór ionainn.
greann humour
" com Agus mé ag amharc air an tseachtain seo, tá iontráil chlasaiceach ann a bhfuil na buanna is ansa liom fán suíomh - meascán de bhinb, greann, ábhar machnaimh, seafóid agus d’eolas.
ghreann comedy
" Bhí stór carachtar cosúil le Harlequin agus a grá geal Columbina mar chuid den ‘Commedia’ agus cuireadh cuid mhór scéalta i láthair an phobail le cuidiú na gcarachtar seo, a raibh an-bhéim ar ghreann agus ar gheáitsíocht iontu.
mar ghreann for fun
" Thosaigh an t-ainm mar ghreann i dtosach.
féith an ghrinn a comic side
" Cró na Snáthaide Bhí féith an ghrinn ann chomh maith.
Éisteoir grinn an excellent listener
" Éisteoir grinn a bhí ann agus deirtear gur chaith sé cuid mhór ama ag éisteacht le daoine.
dreach an fhir ghrinn comedian's appearance
" Baintear an-leas as i gcláracha faisnéise polaitiúla le bolscaireacht an rialtais a chur chun cinn agus ainneoin dreach an fhir ghrinn a bheith air in amanna, éiríonn cuíosach maith leis agus é i mbun argóna.
féith ghrinn comic side
" Ach cá leandálann siad chun pluais éalaithe a bhunú ach ar dhíon tí Roman, áit ina socraíonn siad isteach i bpoball beag oráiste! Tá féith ghrinn ag Neranjo, i dtaca le suáilcí eile, is léir.
scéal grinn a joke
" Bhíodh scéal grinn ag dul thart ag tús na dTrioblóidí, tráth a raibh leisce ar an RUC “dúnmharú seicteach” a chur síos ar dhúnmharaithe Caitliceach ag paraimíleataigh dílseachta.
Dán grinn a true poem
" Dán grinn faoi dhínit an fhear oibre.
greann comedy
" Tá Loach an-siúrálta le greann, le fir oibre, le mná oibre, le spórt, le foréigean/brúidiúlacht na bpóilíní, le foréigean/brúidiúlacht choirpigh nua-aoiseacha na háite.
greann fun, comedy
an-ghreann great fun
" Mencken, an scríbhneoir mór aorach Meiriceánach, thart sa lá inniu, is cinnte go mbainfeadh sé an-ghreann as an tslí a bhaineann polaiteoirí Mheiriceá leas go seanbhlastúil as “hobgoblins” ar nós Muammar al-Gaddafi, Osama bin Laden, Saddam Hussein agus Mahmoud Ahmedinejad leis an bpobal a choinneáil scanraithe ar mhaithe leis an tionscal ollmhór míleata Meiriceánach agus leis an stát Iosraelach.
ghreann comedy
" Eiseamláir de ghreann an néaróis chathrach.
go grinn minutely
" Ach an té a bhreathnóidh go grinn, feicfidh sé rudaí atá, ar bhealach, níos spéisiúla fós.
greann fíochmhar satire
" Tugann Kirstin Scott Thomas dínit, intleacht agus greann fíochmhar léi chuig ról na mná uaigní seo a cheap í féin tréigthe ag Lennon, i lár na déaga, nuair a d’athaimsigh sé a mháthair breithe, deirfiúr Mimi, Julia.
ngreann comedy
" Bíonn an nós céanna ag an Muircheartach agus cuireann sé le taitneamh an éisteora tríd an ngreann agus trí dhaonnacht.
greann gáirsiúil smutty comedy
" Nach maith an rud é go bhfuil Questions & Answers thart, nó cé a dtiocfadh leo áit Willie Cointinneach Ciapálach a ghlacadh le dúshlán John Bowman, agus dúshlán an lucht éisteachta a thabhairt? Cé eile a dtiocfadh leo olc a chur ar leath na tíre agus lúcháir a chur ar an leath eile le habairt bheag bhídeach ainbhiosach aineolach amháin? Seanchara dílis do Bhalor ab ea Willie, agus cuireann sé isteach go mór ar Laoch na Litríochta go bhfuil greann gáirsiúil á scaipeadh thart ar na gutháin phóca agus eile faoina sheanchomrádaí.
easpa acmhainn grinn lack of a sense of humour
" Ach, ar ndóigh, an té nach mbíonn ag gáire linn is easpa acmhainn grinn, dar linn, is cúis lena thost.
an greann humour
" Mar sin féin, ní hionann sin is a rá nach bhfuil an greann sna scéalta, mar tá – idir ghreann dubh agus ghreann gan mhailís.
an greann dubh black humour
" D’fhéadfaí gurb é an seanfhidléir in ‘Ceol an Uafáis’, scéal a bhfuil an greann dubh ann, an sampla is fearr den stíl seo.
acmhainn ghrinn sense of humour
" Níl acmhainn ghrinn sa Mhoslamach, nó ar a laghad, ba mhaith le daoine áirithe go gcreidfeá sin.
údar grinn a matter of fun
" Tá a fhios agam chomh maith le sin, nach gá taos fiacaile le do dhrad a ghlanadh agus bheartaigh mé fanacht mar atá mé, gan taos fiacaile (an Bhéarla), ar son na cúise! Teannfaidh mise an bhróg ar na diabhail a fuair réidh leis an lipéad Gaeilge! Más údar grinn domh é, is máthair mhachnaimh domh é fosta.
grinn comedy
" Tá dráma fada beagnach críochnaithe agam agus tá mé ag iarraidh drámaí éadroma, grinn a scríobh.
ngreann searbh sarcasm
" Agus gí gur scannánóir intleachtúil é Kiarostami, físeoir foclach, má bhí riamh a leithéid ann, tá dóthain den ngreann searbh, tarcaisniúil ann chun móimintí beaga aithintis, seoda beaga tuisceana, bronntanaisí beaga anama - ainmnigh mar is mian leat iad - a thabhairt dúinn.
grinn comedy
" faoi cheannas beirt fuirseoirí ó stáisiúin chábla grinn, Jon Stewart agus Stephen Colbert.
léirigh go grinn demonstrated clearly
" I 1973, agus é fós ag imirt le Leeds United, ceapadh Giles ina bhainisteoir ar fhoireann Phoblacht na hÉireann, cinneadh a léirigh go grinn an t-ardmheas a bhí ag lucht sacair, idir imreoirí agus lucht riaracháin, air.
léargas grinn an accurate insight
" Ceann de na scéalta is suimiúla sa leabhar an scéal seo agus tugann an Seanchánach léargas grinn ar an bpróiseas a ba chúis leis chomh fada is bhain sé leis na himreoirí.
an greann humour
" Thar rud ar bith eile éiríonn leis an scannán seo an teacht aniar agus an greann atá sa bheirt charachtar seo, Pat O Donnell agus Willie Corduff, a léiriú.
go grinn precisely
" Ba gheall le galar ar nós ailse a bheith ag creimeadh na heagraíochta an íocaíocht mhídhlisteanach seo a dúirt an tUachtarán Ó Cuana go neamhbhalbh leis na baill agus tá sí á cothú ag easpa agus ag droch-cheannaireachta agus bíonn sí á stiúradh go grinn trí dhreamanna ar a dtugtar ‘clubanna tacaíochta’ agus ‘cairde an CLG’.
an acmhainn grinn the fun loving acumen
" Tá siad béasach agus fáiltiúil, ach caithfidh mé a admháil, an chraic agus an acmhainn grinn atá le braistint in Éirinn, níl sé le fáil anseo.
greann comedy
" Sa *Pygmalion*, cosúil le gach saothair ón drámadóir seo, feictear na saintréithe le Shaw, na nathanna géara, an greann agus aoir shóisialta.
greann a shamhlaítear imagined to be funny
" Tá Cooper agus Dunning ídealach ina léiriú den *stiff upper lip* agus feictear an ghéarchúis agus an greann a shamhlaítear le Shaw agus Wilde.
an greann comedy
" Siúltar raon leathan mothúchán agus na húdair ag dul i ngleic leis an bhás, idir an duairceas, an cur síos lomnocht agus fiú amháin an greann.
seoid ghrinn a sharp priceless piece
" Ó am go chéile, áfach, bhíodh seoid ghrinn tuairimíochta nó léirmheas géarchúiseach le fáil iontu.
ghrinn accurate