Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rabharta daoine óga greannmhara a wave of funny young people
" Cá bhfuil na fir/mná grinn a dtig leo gearradh fríd an bhealachtachas uilig ar a bhfuil an córas polaitíochta ó thuaidh bunaithe? Tháinig rabharta daoine óga greannmhara chun cinn sna 90í ach cá bhfuil siad anois? Sa chianaimsir, ba iad leithéidí Frank Carson, Jimmy Cricket agus Roy Walker ambasadóirí grinn an tuaiscirt.
greannmhar amusing
" Bhí sé greannmhar an bhearna tuisceana idir lucht na meán agus muintir na háite a fheiceáil.
neart rudaí greannmhara plenty of funny things
" Ach tarlaíonn neart rudaí greannmhara fosta – b’fhéidir gur cheart dom sobaldráma nó dráma grinn suímh a scríobh.
greannmhar agus áiféiseach funny and absurd
" Tá na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor nó leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is mó acu greannmhar agus áiféiseach.
soiléir, greannmhar clear, funny
" Labhair Geldof mar a labhair sé riamh – bhí sé soiléir, greannmhar agus lán *fuck*anna! Níos déanaí, i dTeach an Ard-Mhéara, labhraíos leis ar feadh scaithimh ach bhí an iomarca daoine timpeall air, ag lorg grianghraf agus cúpla focal leis, le haon chomhrá fada a bheith againn.
thar a bheith greannmhar. extremely funny.
" Shíl seisean go raibh sé thar a bheith greannmhar.
comparáid aorach ghreannmhar a satirical funny comparision
" Sa chuid eile den dán, déanann sé comparáid aorach ghreannmhar idir an fiabhras peile agus creideamh cráifeach.
na meancóga greannmhara the funny mistakes
" Tugtar léiriú thar cionn anseo ar shaol an tseomra ranga agus bhainfeadh idir fhoghlaimeoirí agus mhúinteoirí an-phléisiúr as na meancóga greannmhara a thagann chun cinn, de réir mar a bhíonn na carachtair éagsúla i ngleic le castachtaí na teanga: “Gabh mo leithscéal,” arsa Siobhán.
Tá sin an-ghreannmhar! That is hilarious
" Tá sin an-ghreannmhar! Níl páistí ag labhairt Gaeilge lena chéile i mBaile Munna anois agus ní bheidh go brách.
greannmhar funny
" Bheadh sé greannmhar mura mbeadh sé chomh tragóideach sin.
nach greannmhar isn't it funny
" Cé nach bhfuil cead agat mórán a ól (agus nach greannmhar gurbh “øl” an focal Ioruais fá choinne beoir – go díreach thit an “fada” ag déanamh dhá leath den “o”) – tá nightlife iontach acu.
greannmhar funny
" Ta pictiúir a ghlac sé le feiceáil sa chur síos greannmhar a scríobh Steinbeck faoin turas – A Russian Journal.
greannmhar go leor strangely enough
" Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh? Éadáil an Ghaoith Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin.
greannmhar humorous
" Blag spleodrach, barrúil, greannmhar agus spéisiúil atá ann.
greannmhar funny
" An méid scéalta atá ann atá chomh greannmhar – is dóigh go mbíonn sé ina ‘chraggy island’ in amanna - agus dream iontach lách daoine ann.
greannmhar comical
" Tá cur síos thar a bheith greannmhar sa leabhar ar chomhrá idir Tony Blair agus Paddy Teahon, inar thug Rúnaí Rialtais na hÉireann na mionnaí móra agus na seacht mallacht ar Mhandelson a bhí, i ngan fhios dó, ag cúléisteacht leis an chomhrá! Maíonn Mandelson ins an leabhar seo gur tábhachtaí i bhfad é dúshraith muiníne a bhunú ná caidreamh pearsanta maith a bheith aige le leithéidí Adams agus McGuinness.
greannmhar funny
" Tá siad monachróim ach tá roinnt díbh go gleoite, roinnt díbh greannmhar, roinnt meonach, ach tá siad go léir uathúil.
greannmhar funny
" Iománaíocht agus Gníomhaíocht =============== **SMM: Ba bharrúil an chaoi sin nár luaithe anseo thú ná go raibh tú ag imirt ar fhoireann iománaíochta an chontae!** RÓS: (phléasc amach ag gáire) Bhí sé greannmhar.
greannmhar funny
" Mar eiseamláir thar a bheith greannmhar den darna gné seo sa Sunday Independent, féach <http://sns.
iontach greannmhar very funny
" Ba ghnách linn códmheascú a dhéanamh i lár abairtí agus shíl muid go raibh sé iontach greannmhar ar fad! Ag an aois óg sin, bhí a fhios againn go raibh rudaí éagsúla ar siúl.
greannmhar funny
" Ní bhíonn sí cúthail ag taispeáint na radharc níos dorcha, bagairt an fhoréigean ghnéis / an fhoréigean fhisiciúil idir Eliza agus Higgins, agus an radharc folctha atá brúidiúil ach greannmhar.
nathaíocht ghreannmhar a funny turn of speech
" D’iarr an Prionsa air, agus é den tuairim gur nathaíocht ghreannmhar a bhí i gceist aige, “An bhfuil sibh (ag tagairt do mhuintir dhúchais) ag caitheamh sleánna ar a chéile fós?” Is iontach an scéal é go bhfuil meas ar an teaghlach ríoga le sonrú abhus go fóill mar go maíonn muintir na hAstráile go bhfuil siad mórtasach as a bheith easurramach, féintuilleamaíoch agus frithúdarásach.
an-greannmhar very funny
" Ó bhí sé an-greannmhar ar an ardán agus bhíodh sé ar an bpáipéar agus dhein sé sceitseanna leis ar an BBC.
greannmhara funny
" (I measc na scéalta greannmhara ab fhearr a d’úsáideadh Gore tar éis dinnéir ná an ceann a bhaineas leis an lá a threoraigh Gore óg a sheanathair isteach go dtí urlár an tSeanaid gan ach fobhriste snámha á chaitheamh aige, rud nár thuig Senator Gore dall.
cur síos greannmhar ar a jovial description of
" Tá an pictiúr seo suntasach sa mhéid is go mbaineann sé leis an saol taobh amuigh in áit a bheith ina phictiúr genre ná ina phortráid mar ba ghnáth le Vermeer a dhéanamh; cur síos greannmhar ar an saol laethúil tí atá ann.
an-ghreannmhar very funny
" Is minic go mbíonn an caidreamh idir na Minds agus na daoine an-ghreannmhar freisin agus tá sé mar phríomhchuspóir ag gach aon neach sa tsibhialtacht seo, cuma más duine, “*mind*” nó rud eile in iomlán iad, an chraic a bheith acu thar aon ní eile.
amhráin ghreannmhara funny songs
"amhráin ghreannmhara agus manaí cliste acu agus baineann siad feidhm as cleas amháin go sonrach ina gcuid spochadóireacht ar na hAstrálaigh.
chairdiuil, cheolmhar, ghreannmhar friendly, musical, fun loving
" Bean chairdiuil, cheolmhar, ghreannmhar ab ea í, agus tá sé go maith a fheiceáil nach bhfuil athrú ar bith uirthi tar éis na mblianta a chaith sí i mbéal an phobail mar láithreoir teilifíse, ar chláracha mar an comórtas amhránaíochta Eurovision.
rith scéal greannmhar le a funny story occurred to
" Cúpla lá sula ndeachaigh Príomh-Aire Thatcher go dtí ardfheis na gCaomhach i mBrighton, rith scéal greannmhar le duine dá comhairleoirí.
físeán greannmhar go maith a fairly funny video
" Bhí físeán greannmhar go maith ag gabháil timpeall an ghréasáin Deireadh Fómhair seo chaite inar mhínigh *The Doctor* céard é haischlib: <http://youtu.
níl sé greannmhar ná sláintiúil it’s neither funny nor healthy
" Taitníonn an chócaireacht go mór liom agus taitníonn an bia liom dá reir! Is breá liom a bheith ag turgnamh le cineálacha nua bia agus tá i bhfad an iomarca leabhair cócaireachta sa bhaile agam – dar fia! - níl sé greannmhar ná sláintiúil.
greannmhar ar bhealach funny in a way
" Agus bhí sé greannmhar ar bhealach mar ní raibh mórán comhrá idir an bheirt againn go dtí sin agus bhí an oiread céanna spéise aigesean agus agam féin sa litríocht ghaeilg’ agus cheilteach agus achan rud agus d’éirigh cairdeas millteanach eadrainn.
lách greannmhar pleasant and comical
" Agus Falstaff lách greannmhar é Brian Cox, an t-aisteoir is cumhachtaí ar an ardán ansin fé dheireadh.
eachtra ghreannmhar funny incident
" Chuir na scéalta i leabhar nua Frank McCourt, Teacher Man, eachtra ghreannmhar a thit amach ina sheomra ranga féin i gcuimhne dó Tom Deignan.