Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghrianghrafadóireacht faisin fashion photography
" Taispeántas eile sa ghailearaí céanna a thaitin liom ná an ceann ar ghrianghrafadóireacht faisin, a léiríonn go mbíodh na mná scafánta níos mó sa bhfaisean ná mar atá na maidí tanaí míshláintiúla a chuirtear os ár gcomhair na laethanta seo.
ghrianghrafadóireacht photography
" Tá spéis aici sa ghrianghrafadóireacht chomh maith, go háirithe leis na ceamaraí digiteacha mar gur féidir léi eagarthóireacht a dhéanamh ar na pictiúir í féin.
ghrianghrafadóireacht photography
" Ealaíontóir ildánach atá in Iglesia, a bhaineann úsáid as an dealbhóireacht, an ailtireacht, an drámaíocht, físeáin, an ghrianghrafadóireacht agus suiteálacha.
teicneolaíocht na grianghrafadóireachta photographic technology
" Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear.
an ghrianghrafadóireacht photography
" An é gurb í an ghrianghrafadóireacht, an scannánaíocht, egos móra, scannail agus an fhógraíocht pailéad an ealaíontóra chomhaimseartha anois? Is iad *Les Infants Terribles* - na deartháireatha Chapman - an bheirt a mheasann na geallghlacadóirí a bhuafaidh an duais £20,000.
taispeántais ghrianghrafadóireachta photographic exhibitions
" Tháinig ionaid Bharra an Teampaill le chéile le haghaidh Lá Oscailte cuimsitheach i lár mhí na Nollag, rud a thug deis don phobal blaiseadh a fháil den réimse imeachtaí atá ar siúl sa cheantar faoi láthair: inbhuanaitheacht (Cultivate), ceol (Ionad Ceoil Bharra an Teampaill), taispeántais ghrianghrafadóireachta (Scoil Ghrianghrafadóireachta DIT), amharcealaíona (Gailearaí Bharra an Teampaill), drámaíocht (Project Arts Centre) agus scannáin (Institiúid Scannán Éireann).
grianghrafadóireacht photography
" Bhí dealbhadóireacht i gceist, péintéireacht, idir ola agus uiscedhath, líníocht, potadóireacht, saothair ríomhfhíse agus grianghrafadóireacht.
sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta six art and photography exhibitions
" Le cois na drámaíochta seo, tá sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta de shaothar ealaíontóirí óga agus ealaíontóirí áitiúla tar éis bheith ar siúl san ionad le sé mhí anuas.
sa Ghailearaí Grianghrafadóireachta in the Gallery of Photography
" *Labharfaidh Noel Bowler agus John Lonergan, Gobharnóir Phríosún Mhuinseo, sa Ghailearaí Grianghrafadóireachta Dé Céadaoin, 4 Bealtaine, ar 1.
sa Ghrianghrafadóireacht Fhaisnéise in Documentary Photography
" Rugadh Bowler i mBaile Átha Cliath i 1978, agus bhain sé amach céim onóracha BA le gairid sa Ghrianghrafadóireacht Fhaisnéise sa University of Wales College i Newport.
grianghrafadóireacht photography
" Tá breis is 40 píosa le feiceáil ann, ina measc dealbhóireacht, suiteálacha, grianghrafadóireacht, taibh-ealaín agus scannáin, agus tógann an t-ealaíontóir muid ar thuras, a dhéanann teagmháil fhisiciúil leis na céadfaí agus a spreagann iontas, greann agus, in amanna, míshuaimhneas ionainn.
an ghrianghrafadóireacht mar mheán photography as a medium
" Ní raibh an ghrianghrafadóireacht mar mheán riamh chomh forleathan is atá sí anois inár saol.
saineolas grianghrafadóireachta expertise in photography
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.

" Bíonn taispeántais shealadacha ann freisin - mar shampla, ealaín, grianghrafadóireacht, agus peannaireacht.
grianghrafadóireacht photography
" Bíonn taispeántais shealadacha ann freisin - mar shampla, ealaín, grianghrafadóireacht, agus peannaireacht.
comharchumann grianghrafadóireachta photographic co-operative
" com), comharchumann grianghrafadóireachta a bunaíodh i 1947.
grianghrafadóireacht photography
" Bíonn taispeántais shealadacha ann freisin - mar shampla, ealaín, grianghrafadóireacht, agus peannaireacht.
gailearaí beag deas grianghrafadóireachta a nice small gallery of photography
"gailearaí beag deas grianghrafadóireachta ar Shráid Great Newport.
sa ghrianghrafadóireacht. in photography.
" Ach cad é mar a thosaigh an fear óg seo as Taobh an Bhogaigh i nDoire Cholmcille ag obair sa tionscal scannánaíochta? “Bhuel, bhí suim riamh agam sa ghrianghrafadóireacht.
tsraith ghrianghrafadóireachta photographic series
" Feictear seo i saothar an tSeirbigh Braco Dimitrijevic, a dhéanann obair a spreagann muid chun scrúdú a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla agus sa tsraith ghrianghrafadóireachta a chruthaigh Nina Berman, dar teideal Bainis Mhuirí, a thugann léargas truacánta ar thaithí shaighdiúir cabhlaigh a gortaíodh ag buama san Iaráic.
meascán de ghrianghrafadóireacht a mixture of photography
" Is meascán de ghrianghrafadóireacht, péintéireacht agus de fhíseán a mheabhraíonn Cruthú, Scriosadh agus Athchruthú an Domhain.
dul chun cinn na grianghrafadóireachta photographic progress
" Bhí dul chun cinn na grianghrafadóireachta ag pointe an-luath faoi seo agus ní raibh teacht fós ar fhormhór na dteicnící nua-aimseartha atá in úsáid sa lá atá inniu ann – go mór mór na teicnící sin a bhaineann leis an ngrianghrafadóireacht dhaite.
ngrianghrafadóireacht dhaite colour photography
" Bhí dul chun cinn na grianghrafadóireachta ag pointe an-luath faoi seo agus ní raibh teacht fós ar fhormhór na dteicnící nua-aimseartha atá in úsáid sa lá atá inniu ann – go mór mór na teicnící sin a bhaineann leis an ngrianghrafadóireacht dhaite.
híomhánna grianghrafadóireachta photographic images
" Ní go dtí an naoú haois déag a úsáideadh scáthláin le híomhánna grianghrafadóireachta den chéad uair.