Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag grinniú examining closely
" Níl rud ar bith níos fearr amuigh, dar le Balor an Scolardach, ná bheith cuachta cois tine ó oíche go maidin, do chosa ar an bhac, do thóin ar an chúisín, gloine lán i nglac amháin agus an cianrialaitheoir sa dorn eile, tú ag grinniú grafanna agus táblaí, ag éisteacht le Brians Ó Fearghaíl ag bladar leis agus tú ag fanacht go foighdeach le toradh an naoú cuntas déag ó Scibirín Thoir Theas.
ag grinniú phutóga bó scrutinizing a cow's intestines
" Agus os ag caint dúinn ar na ba, bhí Balor ag grinniú phutóga bó ar na mallaibh le tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoin bhliain atá romhainn amach.
grinniú visually inspecting
" An Spéis ina Leithscéal Tá iontas le feiceáil ar aghaidheanna na gcuairteoirí agus iad ag siúl thart go ciúin machnamhach ag grinniú na marbhán agus na mball coirp éagsúil atá ar taispeáint agus is mar gheall ar an spéis ollmhór seo a chosnaíonn Premier Exhibitions iad féin ón ghearán go bhfuil siad ag teacht i dtír ar na mairbh agus ag tacú leis an sárú atá á dhéanamh ar chearta daonna sa tSín.
grinniú checking
" Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.