Pota Focal Intergaelic
glow | grew | grod | grog | groí
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a fhás go bródúil to grow proudly
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
ag teacht i méadaíocht growing up
" An Náisiúnachas Úr ======= Ba chomhartha é an ráiteas sin go raibh an "Náisiúnachas Úr" ag teacht i méadaíocht.
ag cruinniú nirt growing in strength
" Tá an cogadh ann leis, tá deireadh le sos cogaidh an UDA/UFF, tá easaontóirí poblachtánacha ag cruinniú nirt, tá coimhlint dhian idir Ombudswoman na bPóilíní agus an Phríomh-Chonstábla, agus tá tuirse ar achan duine.
ghéaraigh ar mhíshuaimhneas Nuala dá bharr Nuala's uneasiness grew more intense
" D'éirigh an choimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis ní ba mheasa le himeacht ama, áfach, agus ghéaraigh ar mhíshuaimhneas Nuala dá bharr, go háirithe anois agus beirt leanaí aici.
seachas i méid instead of growing
" Ach is é an fhírinne, de bharr móramh a bheith i gcónaí ag an Rialtas sa Seanad agus de bharr chóras na haoireachta, tá tionchar an tSeanaid ar reachtaíocht ag dul i laghad seachas i méid.
sna fir grown men
" "Má tá sé mar seo inniu, cén chaoi a mbeidh cúrsaí faoin am a bheas siadsan sna fir?" Chuimhnigh mé ar ghaois an tseanfhir seo agus mé ag léamh na dtuairiscí ó Chruinniú Mullaigh an Domhain i Johannesburg.
a shíolróidh which will grow/come
" Tá gá ann le graiméar deifnídeach Gaeilge chomh maith le cinn eile, macasamhail an chinn seo, a shíolróidh ón cheann údarásach.
nuair a tháinig sé i méadaíocht when he grew up
" isteach sa FDNY nuair a tháinig sé i méadaíocht, agus rinne beirt dá mhic amhlaidh; chuaigh duine acu, Bill Bresnan, amach ar pinsean i mí Iúil 2001.
fásta grown-up
" Bhí an bheirt pósta roimhe, agus tá páistí acu atá fásta anois.
gan é ag fás ach ar éigean it's barely growing
" Ach le cúpla bliain anuas, tá geilleagar na Gearmáine an-lag agus gan é ag fás ach ar éigean.
de réir mar a thagann muid i méadaíocht as we grow up
" Is minic, áfach, a chailleann muid an tsaoirse seo de réir mar a thagann muid i méadaíocht.
tagtha in inmhe grown up
" Dúshlán mór ======= Ní beag an rud é tabhairt faoi thionscadal mar sin nuair atá tú tagtha in inmhe agus d'inchinn chomh crua le cloch! Ach d'airigh mé gurbh é sin an rud ba thabháchtaí ar an saol an uair sin, cé gur mhór an dúshlán é.
á fhás being grown
" Agus tá sé contúirteach nuair nach bhfuil ach sórt amháin á fhás, mar bíonn tubaiste ann má theipeann air.
ag síorfhás continually growing
" Gach uair a ghlaonn mo chairde "Consaidin" orm (is é "Consaidin" leagan Gaeilge m'ainm baiste, Konstantinos, rud atá úsáideach agus an t-ainm céanna ort is atá ar leath na bhfear sa Ghréig!), samhlaítear dom gur cuid bheag bhídeach mé de phobal atá ag síorfhás ar fud na cruinne, is é sin an dream a labhraíonn nó atá ag foghlaim theanga na nGael.
Chuaigh sé i bhfeidhm orm agus chuaigh mise i bhfeidhm air. It grew on me and I grew on it.
" Ach deir sé: "Chuaigh sé i bhfeidhm orm agus chuaigh mise i bhfeidhm air.
a d'eascair as an tionscadal which grew from the project
" Leabhar álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú ag Cannongate (féirín iontach Nollag do chara a síleann tú cuid mhór de), an dara toradh, agus an comhoibriú leanúnach idir ealaíontóirí sa dá thír a d'eascair as an tionscadal an tríú toradh agus, i ndeireadh na dála, b'fhéidir, an toradh is luachmhaire agus is buaine.
ghlas-stócach half-grown boy
" Is cuimhin liom Barry nuair a bhí i mo ghlas-stócach i Learpholl ag deireadh na 1960í.
Mhéadaigh mo spéis my interest grew
" Mhéadaigh mo spéis sa Ghàidhlig agus chuaigh mé isteach sa chumann Gàidhlig, Comunn Oiseanach Ollthigh Ghlaschu, cé nach raibh agam ach fíorbheagán den teanga.
ag méadú linn growing all the time
" "Tá muid ag méadú linn agus tá níos mó seomraí ag teastáil uainn.
as ar eascair an CLG from which the GAA grew
" Siombalachas ======= Le blianta beaga anus, níl aon dabht ach go bhfuil cuid mhaith den siombalachas a léirigh an fhealsúnacht as ar eascair an CLG creimthe.
ag síorfhás ever-growing
" " Cuir an staid seo agus an "tuile atá ag síorfhás" de ghnéasteachtaireachtaí na meán le chéile, arsa Benson, agus tá tubaiste agat.
ag éirí aníos growing up
" " Tá go leor eachtraí a tharla dó féin agus dá chairde agus iad ag éirí aníos i gcathair Chorcaí le fáil sa leabhar áirithe seo.
fhásta adult, grown
" An mac nó iníon fhásta ina chónaí lena thuismitheoirí, an cailín óg feistithe i mblaincéad ina luí ar Dhroichead Uí Chonaill nó an teaghlach ar liosta tithíochta an stáit - léiriú iad seo uilig ar díreach chomh mór agus atá an t-ardú tubaisteach i gcostas tithe tar éis fadhb agus cruachás a chothú sa stát seo.
de réir mar a éiríonn tú níos sine as you grow older
" "Ach tá Bealach an Doirín ar cheann de na háiteanna sin a thaitníonn níos mó leat de réir mar a éiríonn tú níos sine," a deir sí.
ag éirí aníos growing up
" Is í an Chantainis teanga dhúchais m'athar, ach níl sí ar a toil ag mo mháthair agus, dá bhrí sin, labhair an bheirt acu Béarla liom agus mé ag éirí aníos.
ag fás aníos growing up
" Ní raibh aon teagmháil agam leo ag an am sin, agus mé ag fás aníos i mo theaghlach bruachbhailteach Meiriceánach.
as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe from which a certain amount of co-operation sometimes grew
" Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA.
ag síorfhás growing continuously
" Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte ag bogadh siar de réir a chéile.
Tá airde ag teacht ionat you've grown
" go leisciúillazily ag fógairt ormcalling to me bodhardeaf go crostacrossly ligthe ar cíosrented out go hiondúilusually ar mhaithe le do shláintesefor the sake of your health neart rudaí spéisiúlaplenty of interesting things seala period of time Tá airde ag teacht ionatyou've grown a thagadh muid ar cuairtwhen we used to come to visit an-mhochvery early sciuirda quick dash, flying visit leamhboring mo náire thúshame on you múineadhmanners ón matalfrom the mantelpiece pussulky expression ná bac leisdon't bother with it galpuff go mífhoighdeachimpatiently ar fánwandering á ndóbeing burnt rith sé léiit occured to her sna sceachain the bushes cheapfá go raibh siad trí thineyou would think that they were on fire cuid an dreoilínthe wren's portion an siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó .
Tá airde ag teacht ionat you've grown
" go leisciúillazily ag fógairt ormcalling to me bodhardeaf go crostacrossly ligthe ar cíosrented out go hiondúilusually ar mhaithe le do shláintesefor the sake of your health neart rudaí spéisiúlaplenty of interesting things seala period of time Tá airde ag teacht ionatyou've grown a thagadh muid ar cuairtwhen we used to come to visit an-mhochvery early sciuirda quick dash, flying visit leamhboring mo náire thúshame on you múineadhmanners ón matalfrom the mantelpiece pussulky expression ná bac leisdon't bother with it galpuff go mífhoighdeachimpatiently ar fánwandering á ndóbeing burnt rith sé léiit occured to her sna sceachain the bushes cheapfá go raibh siad trí thineyou would think that they were on fire cuid an dreoilínthe wren's portion an siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó .
go bhfásfaidh an comhlacht that the company will grow
" Táimid dóchasach go bhfásfaidh an comhlacht de réir a chéile agus go mbeidh sé ar ár gcumas daoine breise a fhostú go lánaimseartha.
go bhfásfaidh an comhlacht that the company will grow
" Táimid dóchasach go bhfásfaidh an comhlacht de réir a chéile agus go mbeidh sé ar ár gcumas daoine breise a fhostú go lánaimseartha.
ag éirí aníos growing up
" Cé nach as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Mhaebh, ní raibh sí rófhada uaidh agus í ag éirí aníos.
ag éirí aníos growing up
" Ní raibh ach baint an-bheag agam leis an nGaeilge agus mé ag éirí aníos amuigh anseo san Astráil.
eascarthach fast-growing
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
eascarthach fast-growing
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
ag méadú growing bigger
" Tá na blianta ag imeacht go sciobtha! AÓF: Agus an gceapann tú go bhfuil sí ag fás nó ag fanacht mar an gcéanna? MUíF: Ó tá sí ag méadú i gcónaí, ach tá a lán oibre i gceist.
ag iarraidh a bheith ag fás trying to grow
" Ach táimid ag iarraidh a bheith ag fás.
thosaigh siad á bhfás they started growing them
" Thug siad leo a gcuid bia agus mura raibh na glasraí nó pé rud eile a bhí uathu le fáil anseo, thosaigh siad á bhfás.
ó bhréagáin do pháistí go bréagáin do dhaoine fásta. from toys from children to toys for grown-ups.
" Mise ag lorg miondioscaí le taifeadadh a dhéanamh ar na ceolchoirmeacha, ach tá gach duine eile ag déanamh siopadóireacht do léinte, nó gallúnach, nó aon ní ar chor ar bith, ó bhréagáin do pháistí go bréagáin do dhaoine fásta.
a láidreoidh an Ghaeilge that Irish will grow strong
" Is tríd an óige sna cathracha agus bailte móra is mó a láidreoidh an Ghaeilge mar theanga, agus is féidir an t-uafás a bhaint amach trí na seirbhísí atá á dtairiscint ag Cumann na bhFiann agus ag na hógeagrais eile.
ag méadú de shíor. forever growing.
" Ach tá bearna shuntasach eatarthu anois agus tá an bhearna ag méadú de shíor.
ag éirí aníos growing up
" ” Nicholas féin, bhí suim aige sna *showbands* agus sa phopcheol agus é ag éirí aníos ach ba mhó an dúil a bhí aige i mbuíonta céilí na linne agus, ina dhiaidh sin, The Clancy Brothers agus na grúpaí a lean iad.
ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, growing up in west Belfast,
" Nuair a bhí mé féin ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, bhí pacáiste ar fáil do gach gasúr óg – cléireach altóra, ranganna damhsa Gaelach agus Cumann Lúthchleas Gael.
Ní fheadar cén barr a bhí ag fás anseo sular baineadh an fómhar. I wonder what crop was growing here before the harvest.
" Ní fheadar cén barr a bhí ag fás anseo sular baineadh an fómhar.
ag fás aníos growing up
" Bhí mé ag foghlaim na dteangacha sin agus mé ag fás aníos agus chuir mé suim ar leith sa teangeolaíocht agus sa litríocht.
ag éirí aníos. growing up.
" Is fidléir cáiliúil é siúd anois ach bhí píosaí d’fhidleacha agus de rudaí a bhain le fidleacha i gcónaí ar fud an tí nuair a bhí mé ag éirí aníos.
a fásadh which were grown
" Sa chéad taighde, baineadh úsáid as algaí a fásadh i locháin uisce i bhfásach Arizona; d’ith na halgaí CO2 ó stáisiún cumhachta agus chruthaigh siad breosla.
a tháinig i méadaíocht grew, got bigger
" Ceird a saolaíodh, a tháinig i méadaíocht agus atá faoi rath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, baile dúchais na ceirde.
roimh theacht i méadaíocht. before they grow up.
" De réir staitisticí ó Oileán Muile, beirtear thart ar 20,000 uan ansin gach bliain agus faigheann thart ar 2,600 acu bás roimh theacht i méadaíocht.
ag méadú go tapa, growing quickly,
" Bhí smaoineamh ag David clár a chur ar fáil don phobal Polannach, a bhí ag méadú go tapa, cúig nóiméad déag nuachta go díreach ón bPolainn nó rud éigin den saghas sin.
Tá glúin úr tagtha i méadaíocht a new generation has grown up
" Tá glúin úr tagtha i méadaíocht in Éirinn a bhíonn ag dréim go mbeadh nuacht ar fáil ar líne am ar bith den lá saor in aisce.
D'éirigh mé aníos le hamhráin Ghaeilge. I grew up with songs in Irish.
" D'éirigh mé aníos le hamhráin Ghaeilge.
Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit This was the period during which state universities were establised and grew
" Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit freisin, agus taobh istigh de scór bliain nó mar sin bhí ollscoileanna ag imirt an spóirt nua seo ó chósta go cósta.
ag fás growing
" Triail nár éirigh léiDe réir a chéile, agus mé ag fás agus ag foghlaim, bheartaigh mé go ndéanfainn níos mó ná an liathróid a chiceáil as an bpáirc.
ag dul i dtreise growing stronger
" Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti! Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt.
Téann muid i méid. We grow up
" *Rock n roll*! **** Téann muid i méid.
ag éirí aníos growing up
" * Tugann an leabhar léargas dúinn ar shaol Barbara agus í ag éirí aníos i gCamas agus ar an gCeathrú Rua, ar ceantair i nGaeltacht Chonamara iad, i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí.
éirigh aighneas tension grew
" Ó aimsir an reifrinn – agus roimhe sin, gan dabht – d’éirigh aighneas idir uachtarán na Spáinne, Francisco Franco, agus an Bhreatain.
ag fás as cuimse, growing exponentionally
" Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’íobairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.
atá tagtha i méadaíocht that has grown up
" Rud eile atá go maith ná go bhfuil an-chur amach ar an teicneolaíocht ag an nglúin atá tagtha i méadaíocht le deich mbliana anuas.
ag bailiú nirt growing stronger
" É sin ráite, níl aon amhras ach go bhfuil an príomhghrúpa atá i mbun feachtais ar son na poblachta, Australian Republican Movement (ARM), ag bailiú nirt faoi láthair.
ag fás as an bhfarraige growing out of the sea
" I bhfad uait, ar íor na spéire, feiceann tú foirgnimh mhóra Atlantic City ag fás as an bhfarraige mar *mirage*.
tagtha i méadaíocht grown up
" ” Ach tá scaoll tagtha faoin ngnáthdhuine, gan amhras – go háirithe faoin nglúin atá tagtha i méadaíocht le tríocha bliain anuas.
éirí aníos grow up
" Caithfidh muid éirí aníos go measartha gasta má tá muid chun todhchaí níos fearr a chruthú dár bpáistí.
ag éirí aníos growing up
" Tá cleachtadh agat ar an choinne mhór sin mar gur pléisiúrtha an choinne í, mar go bhfeiceann tú go bhfuil na páistí ag éirí aníos, go bhfuil cairde acu, go bhfuil siad sona.
fás aníos growing up
" Ní raibh deis ag Séafra Ó Cearbhaill Gaeilge a fhoghlaím nuair a bhí sé ag fás aníos i Learpholl, ach nuair a phós sé Fiona, bean as an gCaisleán Nua, Contae an Dúin, chinn siad ar a gclann a thógáil le Gaeilge.
Fásfaidh shall grow
" Fásfaidh an ceart sin as forlámhas an dlí, dar leis.
teacht i méadaíocht growing up
" Tá ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe.
Ag fás aníos growing up
" Ag fás aníos dom, b’ionann a bheith gaelach agus an ghráin a bheith agat ar an sacar, an cluiche gallda, cluiche na mBlack a’ Tans, an cluiche a imríodh sna bailte garastúin agus i nDún na nGall! Nuair a bhéaradh na Bráithre Críostaí ar bhuachaill ag imirt sacair ar scoil, bhíodh sé ina míle murdair.
fás aníos to grow up
" Ba mhinic le roinnt blianta anuas a chloisteáil nach raibh ann níos mó don "bhrionglóid Mheiriceánach" - go bhféadfadh duine fás aníos as tada chun ardoifige nó airgead mór a bhaint amach.
fhásann grows
" D’réir mar a fhásann an scéal cuirimid aithne ar Lily.
fásann meanma spirit grows
" Tríd an allagar seo uile, fásann meanma agus misneach Eric an phoist.
fás growing
" Tá garraí breá curtha ag an mbunscoil, ina bhfuil gach cineál glasra ag fás.
fás aníos growing up
" Is cuimhin leis gur labhair a sheanmháthair agus na seandaoine eile a dteanga féin nuair a bhí sé ag fás aníos, ach gur athraigh siad go Béarla nuair a tháinig sé isteach sa seomra.
i méadaíocht grew up
" “A phobal dhílis,” a dúirt sé, “a sheas an fód liom riamh anall ó tháinig mé i méadaíocht mar cheannaire, an gníomh atá le déanamh agam, is agam féin atá sé le déanamh.
teacht i méadaíocht growing up
" Bhíodh clanna móra ann agus bhíodh ról mór ag an mhuintir ar fad – idir sheandaoine agus ghasúir eile a bhí ag teacht i méadaíocht – i gcúram na leanaí óga.
tháinig siad i méadaíocht they grew up
" ”* Turas a bhí ann do na taobhanna éagsúla fosta - próiseas seachas ócáid - inar tháinig siad i méadaíocht in imeacht ama.
fásta grown
" Bíonn an crogall fionnuisce fásta idir 2-3 mhéadar ar a fhad agus bíonn sé níos lú ná an crogall inbhir.
Fáisceadh é it grew out
" Fáisceadh é as an chuid is fearr a bhí fágtha de sheanpháirtí Fhianna Fáil, páirtí a chuaigh ar bhóthar an aimhleasa, a chaill a threo traidisiúnta agus a luachanna seanbhunaidh agus a chur ár bhflaitheas agus ár bhféiniúlacht i mbaol a gcaillte.
d'fhás aníos grew up
" Domsa, Eorpach a d'fhás aníos in Éirinn agus a raibh trí bliana caite aige sa Ghearmáin agus i Sasana, ní raibh amhras ar bith orm go mbeadh iompar poiblí Mheiriceá ar comhchéim le córais na hEorpa.
d’fhás grew
" Ba sa bhliain 1977 a thosaigh an chéad scoil Diwan (ar nós naíonra) agus d’fhás córas bunscolaíochta agus meánscolaíochta as sin de réir a chéile.
fhásann grow
" Tá bunchruth na mbábóg seo déanta as polaiméir in-bhithmhillte agus is ar seo a fhásann na cealla i bhfoirm babóige.
Borrach growing
" Cé atá i gceist agam, a léitheoirí dílse? Cé eile ach Balor Borrach an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil.
ag fás aníos growing up
" (Is dóigh liom go raibh a leithéid le sonrú i mBéal Feirste agus mise ag fás aníos ann sna caogaidí agus seascaidí, ach sin scéal do lá éigin eile.
fásfaidh shall grow
" Maidir leis féin, fásfaidh eireaball ar ais le himeacht ama – roinnt seachtainí! Nuair atá siad réidh chun ubh a bhreith, ní thiocfaidh ach ubh amháin ag am faoi leith, agus clúdófar le lustran é ar ghrinneall an locháin.
fhás to grow
" Baintear feidhm as iriseoirí cathrach chun na scéalta a ghoradh nó a fhás agus úsáidtear leis Twitter agus Facebook agus ligtear do na léitheoirí iad féin gach uile scéal a chíoradh ina bhfocail féin.
d'fháisc grew, wrested
" “An tréimhse sin, bhí an Irish Times ag scríobh orainn mar “savages” ach tá Gerry Adams an-chumasach agus smaoinigh sé ar bhonn nualaíoch agus as sin a d'fháisc Féile an Phobail.
d'fhás grew
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
ag fás aníos growing up
" Ó thús go deireadh, tugtar thú isteach i mBéal Feirste na haoise sin ina raibh Séamus ag fás aníos mar stócach óg i gcuideachta agus i gcomhluadar a dhearthár Seán agus a mhuintire uilig.
fhuaraigh an grá a bhí againn our ardour grew cold
" Ach is léir gur fhuaraigh an grá a bhí againn don Aontas Eorpach.
fhásfas aníos grow up
" Ar mullach ghné na liogeolaíochta, is fearrde an tír an t-aos óg a fhásfas aníos ann a shnaidhmiú léi sa dóigh go bpillfidh siad abhaile i ndiaidh sealanna oibre is oideachais thar lear.
ag fás aníos grow up
" ”* Thuig Tom Deirg go maith an bhunchúis a bhí ag cosmhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a cheilt ar a gcuid gasúr: ní mba bhuntáiste ar bith dóibh a bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht le Gaeilge craicneach gan Béarla líofa acu nuair ab é bád bán na himirce a gcinniúint.
fás aníos growing up
" Faoin am a bhuaileamar aeir ar RTÉ a hAon bhí tuiscint níos fearr agam ar chumhacht na hócáide tar éis fás aníos ó na putóga ionam.
i dtreis growing in strength
" Mo bhreithiúnas ar an gceol? Is i dtreis atá an seanghairbhéalaí gutha ag dul.
shíolraíonn as an which grows from
" Ní hiontas ar bith é sin, mar tá Carraig Fheargusa mar eiseamláir den dílseacht idir Ulaidh Phrotastúnach agus Coróin Shasana agus an ciníochas a shíolraíonn as an nasc sin i gcásanna áirithe.
ag fás aníos growing up
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
ag borradh gan chloigeann growing with no head
" Gan cheannairí ainmnithe, ámh, níl éinne le gabháil ag na póilíní, agus tá an ghluaiseacht ag borradh gan chloigeann.
Bhí borradh faoi gach rud everything was growing
" Bhí borradh faoi gach rud ar feadh i bhfad agus ní raibh rialtas ar bith ag iarraidh é a cheistiú, ba chuma cén tsiocair a bhí leis.
ghlúin aníos generation growing up
" B’fhéidir le Dia go bhfaighidh an ghlúin aníos inár ndiaidh ciall cheannaithe as an am chorrach seo agus go gcuirfidh siad caoi ar an tír.