Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nuair a fuarthas gunna when a gun was found
" Tógadh ceannaire sinsearach de chuid an UDA lá Chomhdháil na nAontachtach nuair a fuarthas gunna i gcarr a raibh sé ann.
Ná scaoiltear gunnaí let guns not be fired
" Ná scaoiltear gunnaí ar aon chúis le linn an tsosa cogaidh, a deir riail amháin a tugadh do na baill.
smuigléireacht gunnaí gun-running
" Bhí sé amuigh ar bhaill den teaghlach go raibh baint acu le smuigléireacht gunnaí agus gur gríosóirí a bhí iontu, dar le col ceathracha de chuid mhuintir Chinnéide ar chas Maier orthu agus é in Éirinn.
d'aimsigh sé gunna he found a gun
" I 1967 bhí Joe Dillon le dul os comhair cúirte ach, ar bhealach éigin, d'aimsigh sé gunna sna leithris agus d'éalaigh sé.
lasta gunnaí mídhleathacha a cargo of illegal guns
" Tagann seo le ráiteas Dála a rinne an TD Des O'Malley in Iúil 2001 ar Thriail na nAirm, go raibh fianaise ann a léireodh gur bhain an gunna a mharaigh an Garda Fallon le lasta gunnaí mídhleathacha a tugadh isteach sa tír seo.
trí ghunna gráin gearrtha three sawn-off shotguns
" Nuair a rinne na póilíní ruathar ar a theach i Walton, Learpholl i Meitheamh 2004 fuair siad meaisínghunna amháin, trí ghunna gráin gearrtha, dhá phiostal, dhá raidhfil SA 80 ó Arm Shasana agus na céadta piléar.
gunnaí móra artillery
" Nuair a cuireadh ceist faoin tuairisc le foireann as Ollscoil Johns Hopkins a foilsíodh sa *Lancet *mí Dheireadh Fómhair seo caite a dúirt gur maraíodh 98,000 de bharr an ionraidh agus gurbh iad fórsaí na comhghuaillíochta ba chúis le 84% acu sin, a bhformhór trí ionsaithe aeir agus gunnaí móra, dúirt siad nach raibh modheolaíocht na tuairisce "trédhearcach" agus nach bhféadfadh mórán muiníne a bheith ag daoine aisti.
cearta úinéireachta gunnaí gun ownership rights
" Agus, má tá na Críostaithe coimeádacha seo chomh meáite sin ar an bheatha a chosaint, ar chostas ar bith, cén fáth mar sin a bhfuil an tromlach acu i bhfábhar cearta úinéireachta gunnaí? Agus, má tá an bheatha dhaonna chomh luachmhar sin, cén fáth a bhfuil lucht leanúna Bush – a rinne iarracht chomh mór sin Terri Schiavo a choinneáil beo – tar éis tacú le cogadh agus le hionradh inar maraíodh na mílte Iarácach neamhchiontach? Léiríonn seasamh seo na gCríostaithe coimeádacha i Meiriceá an mearbhall atá ar chuid acu maidir le ceisteanna a bhaineann leis an cheart chun marthana agus an fhimínteacht a bhaineann le cuid eile acu.
na gunnaí sin a dhíchoimisiúnú to decommission those guns
" Mar, má dhéanann, ní bheidh glúin eile Éireannach i bhfad ag teacht ar ghunnaí nua agus tógfaidh sé i bhfad níos faide ná 30 bliain cur ina luí ar an IRA Nua na gunnaí sin a dhíchoimisiúnú.
eachtra smuigleála gunnaí gun-smuggling incident
" Tháinig 200,000 cóip den pháipéar i dtir i Latharna, mar athchruthú ar an eachtra smuigleála gunnaí a tharla sa bhaile cois cuain i 1914 ar an long an Clyde Valley.
taisce gunnaí agus armlóin a haul of guns and ammunition
" Cé gur cúiseanna tromchúiseacha sceimhlitheoireachta a bhí i gceist, níor cuireadh ach pionós éadrom ar na fir, mar is ghnáth i gcásanna a bhaineann le dílseoirí; gearradh téarma príosúin ceithre bliana go leith ar Roy Barwise (47) as taisce gunnaí agus armlóin a bheith ina sheilbh aige agus as a bheith ina bhall den UVF.
ionsaí gunna gun attack
" Ionsaí ar theach Adair In eagrán 26 (Meitheamh 2003) de *Beo!*, scríobh mé faoin ionsaí gunna a rinne dílseoirí ar theach Johnny “Mad Dog” Adair in Bolton, atá 30 míle ó Learpholl.
agus gunna ina sheilbh aige, with a gun in his possession,
" Bhog sé go Dún Dealgan i 1983, áit ar gabhadh é i mí Lúnasa 1984 agus gunna ina sheilbh aige, tar éis tóraíocht charr.
is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, little attention would be paid at all to violence with guns in America,
" Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu whom guns have affected
" Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
Dhírigh sé an gunna i mo threo he pointed the gun in my direction
" Dhírigh sé an gunna i mo threo agus chualas pléasc.
tionscal na ngunnaí the gun industry
" Dhá rud is cúis leis seo, is dócha – ar an gcéad dul síos, bunreacht Mheiriceá, agus sa dara háit, tionscal na ngunnaí i Meiriceá, a chaitheann airgead mór ar stocaireacht i Washington, ar fheachtais na n-iarrthóirí polaitiúla atá ar son gunnaí, agus in aghaidh na n-iarrthóirí gur beag orthu gunnaí.
ní dhearnadh tagairt ar bith do ghunnaí, not mention was made of guns,
" Sa chéad bhunreacht seo, ní dhearnadh tagairt ar bith do ghunnaí, ach i 1791 leasaíodh an bunreacht le doiciméad darbh ainm an Bille Ceart.
ceart iompartha gunnaí. the right to bear arms.
" Glactar go forleathan leis na cearta seo anois, ach tá ceann acu i gcónaí ina chnámh spairne – ceart iompartha gunnaí.
gunnaí láimhe handguns
" I measc na n-armadóirí móra tá Smith and Wesson i Massachusetts (an déantóir gunnaí láimhe is mó sa tír), Colt in Connecticut (a rinne an gunna cáiliúil an Colt 45, ar ndóigh) agus – comhlacht a bhfuil aithne air go fairsing in Éirinn – Armalite, in Illinois.
an gunna cáiliúil the famous gun
" I measc na n-armadóirí móra tá Smith and Wesson i Massachusetts (an déantóir gunnaí láimhe is mó sa tír), Colt in Connecticut (a rinne an gunna cáiliúil an Colt 45, ar ndóigh) agus – comhlacht a bhfuil aithne air go fairsing in Éirinn – Armalite, in Illinois.
chomh liobrálach sin i leith gunnaí, so liberal as regards guns,
" Go deimhin, agus dlíthe i Meiriceá chomh liobrálach sin i leith gunnaí, díolann na comhlachtaí seo an-chuid dá dtáirgí i Meiriceá.
ar thruicir a ghunnaí. on the triggers of its guns.
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
gunnaí rúnda secret guns
" Mar shampla, dúirt Larry Pratt, cathaoirleach Gun Owners of America, nach dtarlódh an sléacht i Virginia Tech dá mbeadh cead ag mic léinn agus léachtóirí gunnaí rúnda a chaitheamh faoina n-éadaí.
gunnaí á n-iompar acu. carrying guns.
" Tá muintir an tuaiscirt cleachta le beanna tí a fheiceáil á n-úsáid mar a bheadh canbhás iontu agus iad ag fógairt stair agus polaitíocht a gceantar le pictiúir de leithéidí Bobby Sands, an Rí Liam ar a chapall agus comhraiceoirí in *balaclavas* agus gunnaí á n-iompar acu.
ceadúnas gunnaí. gun licence.
" Fiú sa lá atá inniu ann, diúltaíonn go leor *Tūhoe* íoc as ceadúnas gadhair agus ceadúnas gunnaí.
tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach it is as easy to buy guns
" Mar gheall ar stocaireacht na gcomhlachtaí airm, tá an tír ag cur thar maoil le gunnaí de gach saghas, agus tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach i stáit áirithe agus atá sé arán a cheannach.
dul i muinín an ghunna recourse to the gun
" Bíonn eagla a n-anama ar na póilíní chomh maith agus, mar sin, b’fhearr leo dul i muinín an ghunna ná dul sa tseans.
gunnaí móra heavy weaponry
" Deir roinnt Gardaí nach féidir leo póilíniú éifeachtach a dhéanamh gan airm a bheith acu – go háirithe mar go bhfuil gunnaí móra ag roinnt coirpeach agus iad sásta go leor iad a úsáid in aghaidh na nGardaí, mar a tharla le déanaí i mBaile Átha Cliath.
gunnaí uathoibríocha automatic guns
" Faoin tuath, is cuma cén sórt sceithphíopa atá ar do charr nó más suim leat gunnaí uathoibríocha a bheith agat, ach sna cathracha, is fadhbanna móra iad.
socraíodh ar thoirmeasc iomlán a chur ar ghunnaí. it was decided to put a total ban on guns
" Le beannacht na bpóilíní, na bpolaiteoirí agus na ngníomhaíoch pobail sa cheantar, socraíodh ar thoirmeasc iomlán a chur ar ghunnaí.
tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith. she is in favour of people having the right to bear arms
" Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith.
ghunna láimhe handgun
" Tá teacht ag Roman ar ghunna láimhe agus rún mire ann na sagairt ina scoil phríobháideach a lámhach.
faoi bhéal gunna at gunpoint
" Ach nuair a scaoiltear rún marfach Roman, bréagfhuadaíonn sé Maru as an scoil faoi bhéal gunna agus seo leo ina gceo bóthair le carr éalaithe.
gunna gráin shotgun
" Go dtí go dtig leat do charr a fhágáil ar thaobh an bhóthair agus tabhairt faoin chnoc is gaire duit gan a bheith buartha go dtiocfaidh fear le gunna gráin i do dhiaidh, ní thig a rá go bhfuil deireadh tagtha leis an chonspóid seo.
Fodar an Ghunna gun fodder
" Fodar an Ghunna ======== Tá traidisiún láidir anseo ar Merseyside le stócaigh ag dul isteach sna *Irish Guards*.
a gcuid gunnaí their guns
" Tá na mílte míle bealaigh idir cathair Rio de Janeiro sa Bhrasaíl agus an chathair bheag Alphen aan den Rijn san Ísiltír, ach bhain an dá áit na ceannlínte idirnáisiúnta amach ar an údar céanna an mhí seo caite: d’fholmhaigh beirt ógfhear a gcuid gunnaí le daoine neamhurchóideacha gan fáth ar bith, sular chuir siad iad féin den tsaol.
theach úinéir an ghunna the gun owner's house
" Caithfear an cead gunna a athnuachan gach bliain, agus caithfidh na póilíní cuairt a thabhairt ar theach úinéir an ghunna chun a chinntiú go bhfuil gunna agus armlón stóráilte mar is ceart gach bliain freisin.
béal an ghunna the muzzle
" Ó 2008, nuair a mharaigh fear 22 bhliain d’aois deichniúr i scoil in Kaunajoki sular iompaigh sé béal an ghunna air féin.
a gcuid fodar béal gunna their gun fodder
" Seo an cineál áite a fhaigheann The Irish Guards a gcuid fodar béal gunna - ceantar lucht oibre a bhfuil deacrachtaí dífhostaíochta ann.
seilbh gunna possession of a gun
" Gabhadh é am amháin i seilbh gunna a raibh an uimhir chláraithe bainte de.
stoc gunna gunbutt
" Seans maith go raibh sé ag tabhairt gréasála do dhaoine, agus go cinnte bhí sé in aice láimhe nuair a chuaigh cúrsaí as smacht ar fad os comhair bialann mearbhia i gceantar Cloverdale, nuair a thosaigh Davis agus a chairde ag bualadh meisceora le stoc gunna.
gunnaí a iompar faoi choim to carry guns concealed on their person
" Cheana féin tá eagla ar gach éinne roimh gach éinne eile, go háirithe ó ritheadh dlíthe ar fud na tíre a cheadaigh do dhaoine gunnaí a iompar faoi choim.
chloiseann siad faoi na hionsuithe éagsúla gunna they hear about the various gun attacks
" Nuair a chloiseann siad faoi na hionsuithe éagsúla gunna is sceimhlitheoireachta, croitheann an-chuid den ghlúin óg Mheiriceánach a gcinn ag ligean osna astu féin, feargach leis an tslí ina bhfuil a dtír dhúchais sa lá inniu agus bíonn brón orthu faoin íomhá a fhaigheann an domhan mór díobh mar phobal.
gunnaí le ceannach guns available to buy
" Ba mhaith leo nach mbeadh gunnaí le ceannach ina siopaí ach níor éist an Seanad leo ná leis an gcuid is mó Meiriceánach i leith athruithe ar dhlithe gunna.
i leith athruithe ar dhlithe gunna regarding changes in the gun laws
" Ba mhaith leo nach mbeadh gunnaí le ceannach ina siopaí ach níor éist an Seanad leo ná leis an gcuid is mó Meiriceánach i leith athruithe ar dhlithe gunna.
thaitin sé leis gunna a iompar leis he liked having a gun with him
" Cé gur cosúil go ndearna sé gach rud de réir na rialacha, bhí cor eile sa scéal - thaitin sé leis gunna a iompar leis, piostal Kel-Tec 9mm, agus é i mbun a chuid dualgaisí.
breith ar a ghunna to take his gun
" Faoi dheireadh na troda d'éirigh le Zimmerman breith ar a ghunna agus urchar a chur trí chliabhrach an ógánaigh.
ionsaí gunnaí agus buama a gun and bomb attack
" Ar na cásanna is uafásaí sa leabhar, tá scéal an Rock Bar ar an Chéide i gContae Ard Mhacha ionsaí gunnaí agus buama a raibh baill den RUC freagrach as ar an 5 Meitheamh 1978.
le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh to handle and shoot a gun
" Féach an bheirt sin thall; sin James Gandolfini ag caint le Stormin’ Norman Schwarzkopf agus James ag taispeáint do Norman an dóigh cheart le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh.
faoina chumas le gunna about their ability with guns
" Ní deir siad rud ar bith faoina chumas le gunna; ach nach cuma, nuair atá daoine eile aige chun a chuid gaolta a chur chun báis.
ngunnaí clóite as plaisteach guns printed from plastic
" uk/2013/05/10/oh_no_its_the_plastic_3d_gun/> a mhínigh cén fáth nach mbeadh mórán úsáide i ngunnaí clóite as plaisteach mar seo.
a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna you could separate a lot of Americans from their guns
" Mar a dúirt Charlton Heston, is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna ná é a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta.
lucht na ngunnaí the gun owners
"lucht na ngunnaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag dul chun donachta ar fad le scaoll is le cosaint gan chéill.
tuairim is trí ghunna an duine around three guns each
" Deir Brian Ó Broin go bhfuil tuairim is trí ghunna an duine ag sciar áirithe den phobal.