Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghutháin shoghluaiste mobile phones
" Tá cuid mhaith cainte cloiste againn le tamall anuas faoi ghutháin shoghluaiste leis an teicneolaíocht is deireanaí darb ainm WAP iontu.
ghuthán soghluaiste mobile phone
" Sa chlár "You're a Star" bíonn deis ag an lucht féachana vótáil ar son amhránaithe agus amhrán trí ghlao gutháin a dhéanamh nó teachtaireacht téacs a sheoladh ar ghuthán soghluaiste.
láthair gutháin location of a phone
" De réir an dlí in Éirinn, caithfidh na comhlachtaí gutháin eolas ar láthair gutháin a choinneáil ar taifead ar feadh tréimhse fada ama.
bronnadh cheadúnas na nguthán soghluaiste the awarding of the mobile phone licence
" Beidh ar an Taoiseach a bheith airdeallach freisin roimh a thiocfas amach ag an mbinse céanna maidir le bronnadh cheadúnas na nguthán soghluaiste.
ghutháin shoghluaiste mobile phones
" Níl gá ag na clibeanna le cadhnraí toisc go bhfaigheann siad a gcuid cumhachta ón gcomhartha raidió a chraolann na léitheoirí atá á gceistiú, rud a thugann buntáiste mór dóibh i gcomparáid le teicneolaíochtaí eile atá bunaithe ar ghutháin shoghluaiste.
guthán soghluaiste mobile phone
" Maidin Dé Sathairn fuarthas mála nár phléasc ina raibh guthán soghluaiste agus maidhmitheoir i gceann de na traenacha.
dhá glaoch gutháin two telephone calls
" Fuair Kitty dhá glaoch gutháin ar an 6 Deireadh Fómhair seo caite, ceann acu ag rá go raibh Nia tagtha ar an saol, agus ceann eile ag rá go raibh Proinsias go dona tinn san ospidéal agus i mbaol báis.
guthán soghluaiste mobile phones
" Cé go bhfuil ceamaraí digiteacha i gcuid mhaith guthán soghluaiste na laethanta seo, tá na ceamaraí sin teoranta agus níl caighdeán na bpictiúr a ghlacann siad ró-iontach.
an ghnáthlíne ghutháin the ordinary phoneline
" Ní bhíonn an ghnáthlíne ghutháin ró-iontach agus tú i mbun comhrá le duine, gan trácht ar í a úsáid do sheirbhís idirlín!" Tá sé éasca a shamhlú go gcuirfeadh an easpa idirlín thapa isteach ar fhear gnó ar nós Uí Riain; foilsíonn sé démhíosachán innealtóireachta, *Read-Out*, agus, mar atá coitianta go maith in aon obair dhearthóireachta, caitheann sé a lán ama ag uas- agus ag íoslódáil íomhánna agus comhad mór.
nasc gutháin phone link
" Ag labhairt ag cruinniú de chuid *Stop the War Coalition *i Learpholl trí nasc gutháin, ar an lá a tháinig an scéala báis amach, d'iarr Paul Bigley ar an rialtas stad a chur leis an chogadh chun beatha daoine eile a shábháil.
lucht cáinte na nguthán póca mobile phone critics
" Ach easaontaíonn lucht cáinte na nguthán póca, daoine mar an síciteiripeoir Rozie Friedman, leis an mheon seo, agus deir siad go bhfuil sé mar chuid de “Chultúr an Fhaitís” atá tagtha chun cinn ar fud na Stát Aontaithe ó tharla ionsaithe 11 Meán Fómhair.
gutháin siúil mobile phones
" Tá an t-idirlíon agus gutháin siúil tar éis an iriseoireacht a dhéanamh daonlathach - agus tá siad tar éis uirlisí nua a thabhairt do na póilíní freisin.
gutháin siúil mobile phones
" Ach chuir fear an tí, Anthony Curran, fáilte Uí Cheallaigh romhainn sa bheár agus thug sé cead dom an fón a úsáid le scairt a chur ar Sheosamh mar nach n-oibríonn gutháin siúil amuigh ansin.
glaonna gutháin saor in aisce free telephone calls
" Agus cad a bhí ar bun aige leis an gcóras sin? Bhí sé á úsáid chun glaonna gutháin saor in aisce a dhéanamh thar an idirlíon - ní aon ionadh go raibh aghaidh chomh sona sin air! Níl an fear sin ina aonar ach an oiread.
gnáthuimhir ghutháin an ordinary phone number
" Má chláraíonn tú le ceann de na comhlachtaí seo is féidir glao a dhéanamh ó ríomhaire ar an idirlíon go dtí gnáthuimhir ghutháin aon áit ar domhan ar chostas an-íseal i gcomparáid le rátaí na gcomhlachtaí teileachumarsáide traidisiúnta.
gutháin siúil mobile phones
" Tá glaonna chuig gutháin siúil fós daor, faraor, ach tá siad níos saoire ná mar is gnách le VoIP.
ghutháin siúil mobile phones
" “Ní miste liom iriseoirí bheith ag tuairisciú ó sheomraí daingnithe óstáin ar ghutháin siúil a fhad is go n-insíonn siad don lucht féachana gur sin mar atá.
líne ghutháin éigeandála neamhspleách an independent emergency phone line
" uk)), mhol Tuarascáil Lawrence i 1998, a foilsíodh tar éis dúnmharú déagóir dubh eile i Londain, Stephen Lawrence, gur chóir go mbeadh líne ghutháin éigeandála neamhspleách ann le cuidiú agus tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh an chiaptha agus na n-ionsaithe ciníocha.
scairt ghutháin telephone call
" I mí na Nollag 1987 fuair mé scairt ghutháin ó Mháirtín Ó Muilleoir.
scairt ghutháin telephone call
" Bhí Elsie Doyle, ball eile den Derry Club, sa chúirt i Learpholl le Cubbon agus Watt agus d’admhaigh sí gur bhailigh sí airgead i Learpholl don UVF, ach chaith an breitheamh an chúis sin amach, mar dúirt sé nach raibh an UVF ina eagraíocht thoirmiscthe ag an am sin! Scairt ó na póilíní Go gearr tar éis do m’alt a bheith i gcló i *Labour and Ireland*, fuair mé scairt ghutháin ó na póilíní agus iad ag rá gur mhian leo labhairt liom faoi m’alt agus teacht chuig mo theach leis sin a dhéanamh.
do ghuthán póca your mobile
" ” “An mbeidh do ghuthán póca leat?” “Beidh.
Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, with the coming of mobile phones, computers and the internet,
" Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, tá barr feabhais curtha ar chúrsaí cumarsáide agus oideachais; ach de réir mar atá an líon daoine atá ag baint úsáide as an teicneolaíocht nua-aimseartha ag méadú, is amhlaidh go bhfuil fadhbanna á gcruthú agus baol úr curtha os ár gcomhair.
scairt ghutháin a phonecall
" D’fhan mé cúpla oíche le cairde i mBaile Átha Cliath agus nuair a d'fhill mé ar ais go Learpholl fuair mé scairt ghutháin uathu ag rá gur thug an brainse speisialta cuairt orthu ag iarraidh eolais fúmsa.
cúpla scairt ghutháin a few phonecalls
" B’éigean dom cúpla scairt ghutháin a dhéanamh.
a d'fhéadfadh feidhmiú mar ghuthán which can function as a phone
" Luch do ríomhaire a d'fhéadfadh feidhmiú mar ghuthán freisin, cuir i gcás.
deich scairt ghutháin ten phonecalls
" “Ach an tsíocrothnóidh muid ar fad rchanbhasáil: deich dteachtaireacht téacs sa lá ar feadh dhá mhí; deich dteachtaireacht idirlín; deich scairt ghutháin .
scairt ghutháin mar sin a phonecall like that
" I ndiaidh scairt ghutháin mar sin ní raibh cuma ró-olc ar Phuball na Gaeilge.
fágfaidh sí teachtaireachtaí ar a ngutháin phóca, she will leave messages on their mobiles
" Mar a mbeifeá ag súil leis, ní bheidh sí sásta labhairt suas lena mbéal, ach fágfaidh sí teachtaireachtaí ar a ngutháin phóca, teachtaireachtaí a scanróidh an t-anam astu agus a bhainfidh na putóga astu.
nuair atá do ghuthán leat. when your phone is with you
" Ní hamháin go mbeidh eolas á choimeád ag Google mar gheall ar na rudaí a bhíonn á gcuardach agat ar an idirlíon (faoi mar a dhéanann siad cheana féin) ach beidh a fhios acu go díreach cén áit a bhfuil tú freisin nuair atá do ghuthán leat.
guthán soghluaiste mobile phone
" Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag – ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.
scairteanna gutháin phone calls
" Cuirtear sonraí pearsanta an íospartaigh sin ar liosta na n-amadán nó, ar “*suckers list'*”, mar a thugann siad air, agus gheobhaidh sé cuid mhór litreacha agus scairteanna gutháin as sin amach; níos mó ná céad scairt sa tseachtain i gcásanna áirithe.
scairt gutháin telephone call
" Nuair a fuair mé scairt gutháin ó Eoghan Ó Néill, iriseoir ar Raidió Fáilte, Béal Feirste, ag tús mhí an Mhárta, shíl mé go raibh sé ag iarraidh labhairt liom faoi Learpholl a bheith mar Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008, mar bhí agallamh déanta agam faoin ábhar ar Raidió na Gaeltachta cúpla lá roimhe sin.
ar ghutháin phóca, on mobile phones
" Go dtí seo, ba chrá croí é téacsanna Gaeilge a sheoladh ar ghutháin phóca, ach ar deireadh, tá athrú le teacht ar an scéal, a bhuíochas sin ar ghléas nua ón gcomhlacht Samsung.
Ní heol dom aon ghuthán póca eile I don't know of any other mobile phone
" Ní heol dom aon ghuthán póca eile a bhfuil an áis seo aige, cé go raibh ráflaí ann roimhe seo go raibh Panasonic chun fón "Gaelach" a chur ar an margadh.
scairteanna gutháin telephone calls
" Beagnach gach oíche, faigheann lucht an chlub scairteanna gutháin a bhíonn maslach, ciníoch agus seicteach agus d'iarr siad orm dul chuig an chomhdháil tar éis dóibh cuireadh a fháil ón ollscoil.
comhlachtaí guthán póca mobile phone companies
" Mhol sé fosta go bhfeadfaidís socrú a dhéanamh le comhlachtaí guthán póca le “Focal Ultaise an Lae” a chur ar fáil.
soláthróir gutháin phóca mobile phone provider
" ie – suíomh Gréasáin ón gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) a chuireann "ar chumas tomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir na costais dhifriúla atá ag gach soláthróir gutháin phóca.
glaochanna gutháin phone calls
" Le hairgead a thuilleamh, bíonn saothar le déanamh, glaochanna gutháin le cur agus an t-iomlán a tharraingt le chéile chun éifeachta.
ghutháin phone
" Cuimsíonn na costais bhreise seo taisteal agus cothabháil, liúntais Aireachta agus costais ghutháin.
scairt ghutháin phone call
" Nuair a scríobh mé alt mór i 1984 faoin scríbhneoir Robert Noonan, atá curtha cóngarach dom i Walton, Learpholl, d'fhoilsigh Breandán é agus chuir sé scairt ghutháin orm le labhairt liom.
gutháin phones
" Cailleadh eochair, goideadh gutháin agus araile, ach ní raibh a fhios ag foireann McKinney cé ba chúis leis go raibh an toghchán caillte, agus chonaic siad mo dhuine ar an teilifís.
gutháin phone
" Ciapann siad na tuismitheoirí agus na póilíní atá cruinnithe sa teach thíos fúthu le bréag-ghlaonna gutháin óna n-áit folaithe.
gutháin phone
" An té a scríobh an píosa seo, bhí sé in achar leathshoicind do bheith brúite isteach ar inneall a chairr féin ag tiománaí jíp ollmhór a bhí i mbun téacs gutháin a léamh ag 60 m.
scairt ghutháin phone call(s)
" Is é an chaoi gur fhiafraigh mé de bhean as Áth Troim ní ba luaithe an lá sin, an raibh aithne aici ar Bhláthnaid, mar go raibh mé le cúpla scairt ghutháin a chur an lá sin faoi agallamh.
glaochanna gutháin phone calls
" Tá mise in ann siúl isteach, ‘hello’, ‘cén chaoi a bhfuil tú’, ‘cén chaoi a bhfuil rudaí’? Siúl síos an dorchla, na glaochanna gutháin, na cártaí aifrinn a bhí curtha dom, sin mo chomhleacaithe.
guthán phone
" D'éirigh sé chomh dona sin gur cuireadh guthán práinne gach leathmhíle ar an droichead dóibh siúd a raibh féinmharú ar intinn acu.
gutháin póca mobile phone(s)
" uk/pr_disturbances_portadown_301109) Ní raibh clog ag bualadh i bPort an Dúnáin ach sa 21ú haois seo, baineadh feidhm as téacsanna gutháin póca le drong dílseoirí a bhailiú le chéile agus é mar aidhm acu "to show republicans that we will not tolerate their behaviour or presence in our area.
ghuthán phone
" Scríobhtar teachtaireachtaí gairide mar théacs nó ó fheidhmchlár *iPhone*, *Android*, nó is féidir suíomh soghluaiste *Foursquare* a úsáid ar aon ghuthán le brabhsálaí air (m.
gutháin phone
" Níor luaithe síniú an ghobharnóra curtha leis an dlí nua ná go raibh línte gutháin na bpóilíní i dTucson, dara cathair an Stáit, gafa agus an méid sin daoine ag iarraidh aird na n-údarás a tharraingt ar inimircigh ar chóir a bheith in amhras orthu.
guthán phone
gutháin phone
" Scaiptear na seoltáin shóisialta seo nuair a fhilleann inimircigh ar a n-áiteanna dúchais, pé acu é ar cuairt nó ar bhonn fadtéarmach, trí ghlaonna gutháin, ríomhphoist, litreacha is blaganna agus nuair a thugann muintir is cairde inimirceach cuairt orthu.
huimhir ghutháin phone number
" Éiríonn an mac mífhoighneach istigh, tá uirthi imeacht, ach fágann sí a huimhir ghutháin le cuireadh don údar chun bualadh léi sa dánlann ar ball.
glaoch gutháin a phone call
" An fiosrú é ar neamhfhéidearthacht d’aon chaidreamh fírinneach idir fir agus mná? Téann siad isteach i gcaife, agus nuair a théann Shimell amach chun glaoch gutháin a ghlacadh, glacann bean an chaife leis gur lánúin phósta iad.
guthán phone(s)
" Cé go gcuireann an-chuid mná meabhrúcháin ina gcuid guthán tríd an bhféilire, nó tríd an gclog, ní oibreoidh an guthán múchta ina dhiaidh sin, agus is minic an guthán múchta againn.
nguthán phone
" Is léir ar a tuin chainte ar an nguthán nach gcuireann nuacht bhás a hiníne isteach ar an seanlady.
ghuthán phone
" Nuair atá tú ag brabhsáil ar Amazon ar do ghuthán nó ar do ríomhaire, is féidir táirgí a chur le liosta do mhianta.
scairt ghutháin a chur to make a phone call
" Deich mbliana ó shin agus mé ag obair do nuachtán in iarthar Bhéal Feirste, hiarradh orm scairt ghutháin a chur ar pholaiteoir Aontachtach ar Bhóthar na Seanchille le ceist a chur air an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla síochána siar mar bhíothas ag iarraidh tuilleadh tithe ‘Caitliceacha’ a thógáil i gceantar Chluain Ard ach nach raibh an spás ann dóibh.
lárionaid ghutháin call centres
" Luann tú an tionscal eolais, ach ins an tionscal san tá dúshaothrú fíochmhar ar siúl; pá an-íseal don chuid is mó agus coinníollacha oibre atá go huafásach, go minic, ins na lárionaid ghutháin agus a leithéid.
ghuthán phone
" Nuair a chuardaigh siad eolas práinneach ó Northern Ireland Water (NIW), má d'éirigh leo freagra a fháil ón taobh eile den ghuthán, ní raibh an t-eolas ar fáil nó ní raibh an t-eolas beacht.
ghuthán phóca mobile phone
" ” Seargluí an Mhílaochais ========== Fad is a bhí an comhrá seo ag dul ar aghaidh ar an ghuthán phóca, bhí an gheonaíl agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh arís agus arís eile d’údarás an eagarthóra.
bhuail mo guthán my phone rang
" I lár na seachtaine seo caite, bhuail mo guthán, agus cé bhí ann ach seanchara ar múinteoir é in Wisconsin.
ag crochadh an ghutháin hanging up the phone
" "Seachain na hAmhais!" a deir mo mháthair agus í ag crochadh an ghutháin.
ceamara an ghutháin the phone camera
" (Cuireann an dea-aimsir spionnadh ceamradóra orainn ar fad agus bhí a leithéid againn in Éirinn cheana féin i mbliana, creid é nó ná creid!) Úsáidim féin ceamara an ghutháin don chuid is mó ach mar a scríobh tráchtaire amháin ar alt faoi fógairt críoch Flip, ceamara beag físe, “Go minic ní fiú na táillí fánaíochta le fóin nuair atá tú ar saoire.
gceamaraí gutháin phone cameras
" ” Níl aon cheist go bhfuil feabhas na gceamaraí gutháin tar éis an margadh a alpadh.
scairt ghutháin phone call(s)
" An Ciníochas ====== Fuair an Coimisiún 454 scairt ghutháin anuraidh a a bhain le leatrom ciníoch, bunús acu a bhain le cúrsaí fostaíochta a fuair an Coimisiún
“4,000 duine sa bhliain a iarrann comhairle ar an Choimisiún agus 400-450 sa bhliain a iarrann cúnamh an Choimisiúin chun cás dlí a thógaint agus cuirimid an cúnamh sin ar fáil do idir 100 agus 150 gach bliain.
ghuthán phone
" Ar bhealach cuirfidh sé leis an deighilt idir saibhir agus daibhir faoi mar a rinne gach gléas teicneolaíochta eile ón ghuthán go dtí an teilifís.
té a bhfuil guthán póca aige a person who has a mobile
" Tá an leagan amach seo thar a bheith sásúil fosta don té a bhfuil guthán póca aige mar nach bhfuil i Twitter go bunúsach ach teachtaireachtaí téacs don idirlíon.
lucht scairte gutháin the phone callers
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
gutháin phone
" Seo mo rogha de fheidmhcláiríní idirlín is gutháin a chabhródh go mór le duine atá ag tabhairt faoi.
scairt ghutháin a phone call
" Agus Geallúintí Abhus ======== Ach cén baint atá ag seo leis na Sé Chontae? Cúpla seachtain ó shin, fuair clann Pat Finucane scairt ghutháin ó oifigeach shinsearach de chuid Rialtas na Breataine, ag inse dóibh go raibh an Príomh-Aire, David Cameron, ag iarraidh bualadh leo agus go mbeadh siad sásta lena mbeadh le rá aige.
gutháin phóca mobile phones
guthán póca mobile phone
" Thuig sé freisin, go bhféadfaí ceangal pearsanta a bheith ag daoine le ríomhaire nó le guthán póca ach an gréas agus an dearadh a bheith i gceart agus go labharfadh daoine faoi ‘mo ipad’ agus ‘mo ifón’ agus ní ‘an ríomhaire’ sa chúinne.
ar a ngutháin shoghluaiste on their mobiles
" Bhí trácht, torann, bialanna faiseanta agus lucht oibre ar a ngutháin shoghluaiste.
ghutháin phóca mobile phone
" I ré an idirlín agus an ghutháin phóca, cé a chreidfeadh go mbeadh daoine ag siúl ar fud na tíre ag deimhniú go bhfuil ceadúnas in gach teach a bhfuil teilifís ann! Ach is mar sin atá.
guthán cliste cute phone
" Bhí ríomhaire glúine aici, guthán cliste agus ceamara digiteach le neart sliseanna: caithfidh mé cinneadh a dhéanamh faoin ábhar orthu ar fad.
tharraing mé ar mo ghuthán póca I took with my mobile
" "Is iad grianghraif a tharraing mé ar mo ghuthán póca le seacht bliana anuas; grianghraif de phatrún atá le feiceáil i ngnáthrudaí, mar shampla leac ar an cosán sráide, nó bruscar nó wheelie bins fiú.
comhráití gnó gutháin business conversations on the phone
" Agus chun an teannas millteanach le linn na comhráití gnó gutháin seo a bhriseadh, tugann Reilly groí cuireadh dóibh filleadh chun cupán eile caifé agus blúire eile na milseoige *‘cobbler’* a chaitheamh siar! Amantaí eile agus iad ar tí imeachta, caitear masla domhaite eile thar tairsigh chucu agus tiomáineann ego agus fearg arís isteach sa seomra suí iad chun babhta eile iomrascála saor-ó-rialacha na gcúirtéisí siabhialta a chur isteach.
ghutháin phóca mobile phone
" Tá ré an idirlín agus an ghutháin phóca tagtha.
fiú ó bhorradh na nguthán cliste even from the growth of smartphones
" Agus fiú ó bhorradh na nguthán cliste, tá athrú as cuimse ar luas earcaíochta: ní gá dúinn fanacht go dtí tráthnóna chun freagra a fháil ó iarrthóir: is léir ón trácht suímh go bhfuil an chuid is mó díobh ag póirseáil is ag cuir iarratais isteach óna ngutháin soghluaiste.
uimhreacha ghutháin phone numbers
" Anois tá 7 míle milliúin uimhreacha ghutháin ann – cinn soghluaiste san áireamh.
naisc ghutháin phone links
" Tá níos mó naisc ghutháin ná mar atá daoine ann.
gutháin phóca mobile phones
" Agus chreid 58% de na múinteoirí seo gurb iad na gutháin phóca agus na ríomhairí is bun leis an iliomad fadhb litearthachta a bhíonn ag na páistí.
Guthán phone
" - iv) Guthán Nokia a chlis i ndiaidh sé mhí.
guthán phone
" Tá siad ceangailte leis an chuid eile den tír, agus leis an domhan mhór ar bhealach amháin, de thairbhe an teilifís a bheith acu, an guthán, agus ar ndóigh an t-idirlíon.
a fhad leis an ghuthán as far as the phone
" An bhean nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin, rinne sí a dícheall an bhean óg aoibhinn álainn a mhealladh ó bhruach na habhann a fhad leis an ghuthán ar thaobh eile na sráide mar a raibh na Samaritans sásta labhairt léi.
leag mé síos an guthán I put down the phone
" Bhí fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin ag fanacht liom ar an chosán abhus nuair a leag mé síos an guthán.
guthán soghluaiste le huasteilgeoir ann a mobile phone with an overhead projector in it
" Seo guthán soghluaiste le huasteilgeoir ann.
nasctha le do ghuthán cliste linked to your smart phone
" Séard atá ann ná uaireadóir atá nasctha le do ghuthán cliste.
mar smachtú ceoil seinnteoir do ghutháin to control your phone’s music
" Is féidir é a úsáid mar smachtú ceoil seinnteoir do ghutháin, mar áis sláinte is tú ag rith nó ag rothaíocht.
líne gutháin a phone line
" Bhí siad in ann caitheamh leis an chustaiméir, an gnáthdhuine a raibh líne gutháin aige, mar ba mhian leo.
an guthán cliste the smart phone
" Tógadh an t-idirlíon agus cuireadh seirbhísí ar fáil tríd, agus ar ndóigh, as sin ar fad a d’eascair Facebook, Google, agus an guthán cliste.
goideadh uaidh a ghuthán póca his mobile was stole from him
" Sádh le scin é sna lámha agus san ucht agus goideadh uaidh a ghuthán póca is an céad dollar a bhí curtha le chéile aige mar thoradh ar an déircínteacht.
ar an ghuthán póca on the mobile
" Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn daoine ag tarraingt grianghraf i gcónaí, ar an ghuthán póca nó le ceamara beag méarach agus iad a chrochadh ansin ar Facebook.
na múrtha scairt gutháin tons of phonecalls
" Luadh Misean Oirthear Bhéal Feirste san alt agus tháinig na múrtha scairt gutháin isteach chuig an Misean, daoine ag fiafraí faoi na ranganna.
toisc gur cailleadh a guthán because her phone was gone
" Sin ráite, léigh mé blagmhír le déanaí inar scríobh an blagadóir faoi ghoid a mála láimhe nuair a bhí sí ar saoire agus cé gur ghoill sé uirthi toisc gur cailleadh a guthán, bhí sí in anchaoi uilig toisc gur cailleadh a clóichead is a heocracha.
thiorántacht an ghutháin the phone tyranny
" Nó an é “*land grab of Android*” atá ar siúl ag Facebook mar a scríobh Walt Mossberg an *NY Times*? Bhí sé ar intinn agam scríobh faoin chéim chun tosaigh a bhí i gceist le Google Glass, uirlis a ligeann duit do lámha a scaoileadh ó thiorántacht an ghutháin ach nach scaoileann do lámha go hiomlán go fóillín.
cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán to listen to them on the phone
" Bíonn cruit orthu, ag siúl thart grúnctha, bíonn oideas dochtúir uathu, bíonn piontaí uathu, bíonn cluiche peile ar teilifís uathu agus chuirfeadh sé gruaim ar dhuine cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán.
raibh na gutháin shoghluaiste fairsing go maith mobile phones were fairly common
" Is cuimhin liom féin go raibh na gutháin shoghluaiste fairsing go maith in Éirinn faoi dheireadh na nóchaidí fad is nach raibh na Meiriceánaigh ach ag tosaigh leis an chaint ar na “cell phones”.
chuireann idirlíon fíorghasta ar fáil ar ghutháin shoghluaiste provides a really fast internet to mobile phones
" Chomh maith leis sin, is i Meiriceá atá bunús na n-úsáideoirí 4G, ’sé sin, an gréasán móibíleach is nua a chuireann idirlíon fíorghasta ar fáil ar ghutháin shoghluaiste.
Seansreanga Gutháin old phone lines
" Seansreanga Gutháin ========== De réir na tuarascála ‘*The Whole Picture: Where America’s Broadband Networks Really Stand*’ leis an ghrúpa *Information Technology and Innovation Foundation*, is é an polasaí iomaíochta an tsiocair is mó atá leis an bhorradh thall.