Pota Focal Intergaelic
hack | hala | hama | hata | húca
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
haca hockey
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir too taken with ice hockey
" Áit dheas í Turku, siúd is go bhfuil bunadh na háite róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir, agus an chanúint aistíoch Fionlainnise a bíos siad ag labhairt, tógann sé roinnt mhaith ama ort a theacht isteach uirthi.
haca hockey
" " Tá spéis an-mhór ag Cole sa pheil Mheiriceánach agus sa haca, agus is duine de lucht leanúna the Islanders agus na Giants é anois.
nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca that not many disciples in the rest of the world worship the great god of hockey
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
haca hockey
" Is fíor go bhfuil corn domhanda sa rugbaí, galf, *baseball*, liathróid láimhe, marcaíocht chapaill, haca agus araile, ach, dáiríre, níl ann ach Corn Domhanda amháin, mar a déarfá.
haca oighir ice hockey
" Baintear úsáid as an bhfocal seo in áit ‘nach bhfuil?’ mar shampla: ‘Tá ticéad sa bhreis agat don cluiche anocht, eh?’ Ina theannta sin, ba cheart duit a bheith eolach ar haca oighir, an spórt náisiúnta anseo i gCeanada.
imreoir haca oighir ice hockey player
" Bhí clú agus cáil ar Wayne Gretzky mar imreoir haca oighir i Meiriceá Thuaidh ar feadh na mblianta.