Pota Focal Intergaelic
ate | hake | hale | hare | haste
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níor lú ar Rita an diabhal ná Rita hated nothing more than
" Níor lú ar Rita an diabhal ná Hobnobs ach ní ligfeadh an náire di gan a n-ithe.
níor lú uirthi an diabhal she would hate nothing more
" "Tchím," arsa Máire agus shiúil siad leo i dtreo stad na mbus agus í ag smaointiú gur mhór an gar gur preachán í féin nó níor lú uirthi an diabhal ná seisiún taifeadta mar bhronntanas Vailintín.
Níor lú ar Bhríd an diabhal Bríd hated nothing more (couldn't stand)
" Níor lú ar Bhríd an diabhal nó a bheith ag obair le Tomás.
an ghráin shaolach lasting hate
" Fios ag madraí an bhaile go raibh an ghráin shaolach ag na Seoigigh ar Bhairéadaigh an Lodge.
nár lú ar Áine an diabhal Áine hated nothing more
" Níor dhúirt an t-athair a dhath ach shuigh sé siar agus a phíopa á lasadh aige, cé go raibh a fhios aige go maith nár lú ar Áine an diabhal nó duine a bheith ag caitheamh ag am dinnéir.
Níor lú air an diabhal ná *flat packs* he hated nothing more than flat packs
" Níor lú air an diabhal ná *flat packs*.
tá an ghráin acu ar mhuintir na Sile the hate the people of Chile
" Tá an chailliúint seo mar ghoin i meon na mBolavach go dtí an lá atá inniu ann agus tá an ghráin acu ar mhuintir na Sile.
Bhí an ghráin agam air I hated it
" Bhí an ghráin agam air agus d'fhág mé tar éis bliana.
Tá an ghráin agam ar chomórtaisí I hate competitions
" Tá an ghráin agam ar chomórtaisí agus bíonn faitíos orm go ndéanfaidh mé brochán den amhrán, rud a rinne mé uair nó dhó! Goilleann sé orm freisin go bhfuil ar amhránaithe a dhul ar ardán foirmeálta chun éisteacht a fháil.
Gaol an ghrá agus na gránach a love-hate relationship
" Gaol an ghrá agus na gránach atá eadrainn.
Tá an ghráin agam air sin I hate that
" Tá an ghráin agam air sin – cur amú ama.
tá an ghráin dhearg agam ar an tuath I hate the countryside
" Cé gur cailín tuaithe mé, tá an ghráin dhearg agam ar an tuath.
tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas you really hate everything in the south
" Ní bhíonn sibh sásta dul thar an teorainn agus tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas.
fuath na gcianta the hate of many years
" Ach ba é Milosevic a d’adaigh gríosach mharfach fuath na gcianta idir Seirbiaigh, Moslamaigh agus Crótaigh.
ar fhuath leis who hated
" Fear ar fhuath leis polaitíocht Thatcher ach a raibh meas pearsanta aige ar a scileanna ceannasaíochta.
a bhfuil an ghráin aige ar an bhfolús, which hates a vacuum,
" Is taisce púdair an réigiún uilig, réigiún a bhfuil an ghráin aige ar an bhfolús, agus réigiún a líonfaidh an folús sin le cogadh cathartha a tharraingeoidh gach comharsa, Iosrael san áireamh, isteach.
Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn dó. He is a person that we love to hate.
" Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn dó.
bhí an ghráin agam ar pheil. I hated football.
" Ach cad é a spreag a shuim san aisteoireacht? “Agus mé ar an meánscoil, bhí an ghráin agam ar pheil.
ach is mó an trua atá agam dóibh ná an fuath atá agam orthu, but I have more pity for them than hate
" Ní admhóinn é seo le mórán daoine, ach is mó an trua atá agam dóibh ná an fuath atá agam orthu, nó tá siad ar fad damnaithe.
Is fuath leo they hate
" Is fuath leo chomh maith na timpealláin mhóra atá mar chuid lárnach de phlean geoiméadrach Griffin.
fuath eitneach eithnic hate
" In ionad an milleán a chur go róshimplíoch ar an bhfuath eitneach a bhí i gceist i dtíortha áirithe Afracacha, ar chóir “cinedhíothú” a thabhairt ar pholasaí na Stát Aontaithe i dtaca leis na corparáidí ilnáisiúnta i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice i rith na tréimhse millteanaí seo?*Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.
le fuathchoireanna a fhiosrú to investigate hate crimes
" " Maítear ansin go neamhbhalbh: "*Racial harassment is a hate crime*" agus tá sé ráite ar an suíomh go bhfuil foireann ar leith, ar a dtugtar Sigma, curtha ar bun le fuathchoireanna a fhiosrú agus go bhfuil oifigeach speisialta i ngach ceantar le dul i ngleic leo.
gráin hate
" Inár n-aigne, is ionann Auschwitz agus bás, fulaingt, éagóir agus gráin ar scála is deacair dúinn a shamhlú nó a thuiscint.
is oth liom a admháil I hate to admit
" Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil? Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
fuath hate
ghráin hate
" Bhí an ghráin acu ar an bhalla agus an tionchar a bhí ag an teorainn ar a saol.
Is fuath le hate, detest
" Is fuath le muintir thuaisceart na hAstráile an bhuaf chána.
lánfuatha hate-filled
" Mar a thug scríbhneoir an bhlaig 3000 Versts of Loneliness faoi deara agus é ag scriobh fá bhaill an DUP: “Tá feachtas Ian McCrea ann le cosc a chur ar an Phápa theacht go Tuaisceart Éireann; ráitis lánfuatha Iris Robinson fá dhaoine aeracha; séanadh Sammy Wilson go bhfuil baint ag an chine daonna le hathrú aeráide; Edwin Poots agus a mhacasamhail a chreideann nach bhfuil an domhan ach 5000 bliana d’aois; Jim Wells atá in éadan wifi .
fuath hate
" com/watch?v=pKBTG_urDjk&feature=related) “Tá fuath na namhad agamsa ar an Nollaig ar na saolta deireanacha seo.
gráin hate
" Ní le haon ghrá do Fhine Gael, a deirim gur ábhar dóchais domsa go mbeidh cumhacht Fhianna Fáil briste tar éis an chéad olltoghchán eile ach le gráin ar an mbealach a thruailligh Fianna Fáil polaitíocht na hÉireann le 30 bliain anuas faoi Charlie Haughey, faoi Albert Reynolds agus faoi Bhertie Ahern.
gráin hate
" Tá baol agus bagairt agus cion agus gráin agus meas agus maistíneacht sa chluiche céanna.
Is fuath liom i hate
"Is fuath liom iad go léir!” a bhéiceadh sé uair ar bith dá bhfaca sé bean le caifirín ar a ceann.
ghráin hate
" Bhí caidreamh casta aici lena hathair agus cé go raibh meas aigesean ar mheanma agus ar bhua a iníne, bhí an ghráin aici siúd ar a nádúr teasaí tiarnasach magúil agus ar an dóigh a mbíodh sé i gcónaí ag cothú caidrimh le mná eile taobh thiar de dhroim a máthar, Joséphine.
nimh san fheoil tangible hate
" B’fhada nimh san fheoil ag an dá dhream dá cheile, le linn na dtrioblóidí ach ag dul siar sa stair fosta sular tháinig an tIRA ar an saol.
creideamh an fhuatha the religion of hate
" Ar ndóigh, tá conspóid go leor dúisithe faoin mbeartas faoi láthair, le daoine ag rá gurbh é Ioslam ba chúis leis an ionsaí, agus nach mbeadh sa mosc ach séideadh stoc an bhua do "creideamh an fhuatha", mar a thugann Jim Riches, leascheannaire Sheirbhís Dóiteáin Nua-Eabhrac, air.
is fuath leo í they hate it
" Agus tá daoine sa tríú dáil seo, agus ní hamháin gur cuma leo teanga ach is is fuath leo í ina gcroí istigh – cén fáth mar sin nach gcuireann siad in aghaidh an ailt seo (an t-alt a bhaineann leis an nGaeilge) atá i gceist agam? An é an chaoi gur dóigh leo go mbeadh sé fánach acu? Ní hea ar chor ar bith, ach go bhfuil a fhios acu go rímhaith nach bhfuil san alt ach ornáideachas.
Beidh fuath shall hate
" Beidh fuath chomh mór céanna i measc daoine don rialtas nua i gceann bliain nó dhó is atá don dream atá ann i láthair na huaire.
teachtaireachtaí fuatha hate messages
" Chláraigh mé le fáil amach cén seort duine a bheadh ar a leithéid de shuíomh agus cad é na teachtaireachtaí fuatha a bhí siad ag craobhscaoileadh.
Ní lughar leis an diabhal he hates (them) like the devil
" Ní lughar leis an diabhal ná an dá dhream sin; ach cén ceangal atá eatarthu, seachas i ndoimhneacht a intinne nó a chuimhne féin? Níl a fhios ag Balor.
ndíle an fhuatha a deluge of hate
" Scoilteadh Meiriceá ina dhá leath, agus i ndíle an fhuatha, d'éirigh leis na Poblachtánaigh dhá theach na comhdhála a thógáil ar ais agus, sa bhliain 2000, an Teach Bán freisin.
seachas an ghráin a bheith acub air rather than hating it
" Ar a laghad anois, cuireann siad suas leis, seachas an ghráin a bheith acub air.
grá agus gráin love and hate
" Ceisteanna faoi rothaí mór an tsaoil, ceart agus cóir, grá agus gráin, olc agus maith.
bhfuil an ghráin agam ar I don’t hate
" Ach dá olcas an dá leabhar úd, ní thig liom an milleán a chur orthu as gach aon síocóis atá buailte orm! Lena chois sin, caithfidh mé a admháil nach bhfuil an ghráin agam ar theanga ná ar litríocht an Bhéarla dá bharr.
ar a liosta fuatha on their hate list
" ”* Saol na Linne ====== Ar an drochuair, tá faisisteachas feiceálach arís i Sasana faoi láthair, agus cé go mbíonn a bhforéigean dírithe ar na Moslamaigh an chuid is mó den am, tá na hÉireannaigh ar a liosta fuatha go fóill.
a raibh oiread sin fuatha acu dóibh who hated them so much
" " Mhair an cath ar feadh thrí lá agus thrí oíche agus gach duine sa phobal diongbháilte nach mbeadh an bua ag an RUC a raibh oiread sin fuatha acu dóibh nó ag na Paisleyites a bhí ag cuidiú leo.
féinfhuath self-hate
" *‘A lonely murmur of abandonment’* ab ea an second inaugural dar le Guelzo, ‘death like in the leafless trees’, óráid stáit a chuireann riocht polaitiúil síoraí ar féinfhuath Duncan tar éis dó fuil a dhoirteadh d’fhonn ‘athbreith nua na saoirse’ eile a bhaint amach dá ghlúin féin.
Tá fuath agam ar an fhoréigean I hate violence
" Tá fuath agam ar an fhoréigean agus tá trua agam do chlann an fhir a maraíodh.
Is gráin liom I really hate the fact that
" Is gráin liom nach féidir liom feidhm a bhaint as ceann de mo ghnáthainmneacha úsáideora ann.
Bhí fuath ag an dá dhream ar a chéile both groups hated each other
" Bhí fuath ag an dá dhream ar a chéile, na daoine bochta bána agus daoine bochta dubha seo.
Is fuath liom féin an Rúisis I hate Russian
" Mar seo a labhair Serge: “Is fuath liom féin an Rúisis.
in áit fuath a bheith agam ar rather than hating
" Ach in áit fuath a bheith agam ar an stáitín ina bhfuil mé i mo chónaí, thuig mé níos fearr cad chuige nár smaoinigh mé riamh ar an áit a fhágáil.
Tá fuath aige ar phoblachtánaithe he hates republicans
" Tá fuath aige ar phoblachtánaithe agus ina intinn, is ionann gach Caitliceach agus Poblachtach, dearcadh seafóideach a chuirfeadh alltacht ar David Ervine.
Is fuath le really dislikes, hates
" Is fuath le Schama téarmaí teicniúla na staire, téarmaí cosúil le ‘*historiographical*’, ‘*secondary source material*’ nó longue durée.
an fhuatha of hate
" Ach ní deoch mheisciúil atá i gceist anseo ach gloine lán gheire na staire, an díoltais, an forchiníochais agus an fhuatha.
tá an ghráin dearg ag go leor air many people hate him
" Ar an láimh eile, tá an ghráin dearg ag go leor air agus smaoiníonn siad air mar ‘leibide’ atá ag tarraingt náire ar an gceathrú cathair is mó i Meiriceá Thuaidh.
tá go leor daoine eile á rá, agus drogall orthu roimhe many are saying it, while they hate the fact
" B’fhéidir go bhfuil an ceart aige agus tá go leor daoine eile á rá, agus drogall orthu roimhe, gur céim eile í seo i dtreo na híocaíochta d’imreoirí idirchontae CLG.
fuathghríosóir na heite deise a right wing hate inciter
" D’eascair cinneadh an rialtais an t-alt a athrú as cás cúirte mícháiliúil sa bhliain 2011 in éadan Andrew Bolt, fuathghríosóir na heite deise.
ré na fuathchainte ciníche the era of hate speech
" Bheadh sé íorónta dá gcuirfí tús le ré na fuathchainte ciníche mar iarmhairt ar iarracht saoirse cainte a neartú.
tá an dearg-fhuath aige ar he hates
" An sagart atá i bhfeighil na mainistreach, tá an dearg-fhuath aige ar dhomhan an Iarthair.
Is fuath liom tiomáint i bhfad I hate driving a distance
" Is fuath liom tiomáint i bhfad oíche gheimhridh, múchta le dorcadas.
d’aos fuatha to those who hate
" Chruthaigh Breivik an tslada mharfaigh san Iorua deacrachtaí mínithe d’aos fuatha ar Mhoslamaigh, an ADL san áireamh, a deir Maidhc Ó Cathail.