Pota Focal Intergaelic
cheal | head | heap | hear | heat
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
phróiseas athmhuintearais healing process
" " Cuireann Gomez béim láidir ar chúram iomlánaíoch go háirithe, agus ar an ról atá ag an oideachas agus ag forbairt shóisialta sa phróiseas athmhuintearais.
idir ghoin is chneasú between injury and healing
" Sin mar a bhí sé le bliain anois - bhí sí idir ghoin is chneasú i rith an ama.
cneasaithe healed
" Dá mbeadh sé rófheiceálach ní bheadh sí ábalta an teach a fhágáil go mbeadh sé cneasaithe.
leigheasta healed
" Dea-scéal a bhí aici an tráthnóna sin agus í ag teacht abhaile: bhí a cos leigheasta agus níor ghá di filleadh ar an ospidéal.
tá na créachtaí dá gcneasú, the wounds are being healed,
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
íocshláinte healing balm
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
chun an talamh a chneasú go siombalach. to symbolically heal the land,
" Dhoirt grúpa ó chathair Auckland uisce ar an gcré chun an talamh a chneasú go siombalach.
thiocfas sna sála ar which shall follow on the heal of
" Níl san airgead ar ais, ámh, ach airgead infheistíochta an dara scata d’infheisteoirí a thiocfas sna sála ar an gcéad dream tar éis dóibh iomrá a chloisteáil go bhfuil airgead mór sa togra.
cneasú thar ghoimh surface healed only
" An cneasú thar ghoimh Ainneoin go mbíonn gach duine ag caint ar an fheabhas atá tagtha ar an tuaisceart agus ar Bhéal Feirste ach go háirithe - "nach iontach na bialanna galánta atá agaibh ansin" - ba é an rud a léirigh an ruaille buaille san Europa nuair a thug íobartaigh agus ionadaithe na n-íobartach ón dá thaobh, náisiúnaíoch agus aontachtach, aghaidh ar a chéile a fhad is a bhí an móramh tostach balbh, thug sé le fios go bhfuil gangaid faoin dromchla, go bhfuil an seicteachas beo beathaíoch ar thaobh amháin.
chneasú to heal
" Nuair a bhínn ag imirt ana-chuid sacair ní raibh aon ní níos fearr le mo chorp traochta a chneasú tar éis cluiche crua ná folcadán, lán go béal le uisce deargthe, a ghlacadh.
chneasódh í would heal her
" Ach ar leibhéal níos dáiríre, ba bhreá liom cara liom, atá tinn, a bhreith liom chuig a leithéid de ghléas le suthaireacht ceoil agus fuaime a thabhairt di a bheathódh í, a chneasódh í.
slánú heals
" Is í a ngnáthaonaracht a thugann slánú agus iomlánú don mbeirt, agus tré chumhacht shlánaithe na healaíne, slánaítear sinne - an lucht féachana - ar deireadh.
chumhacht shlánaithe healing power
" Is í a ngnáthaonaracht a thugann slánú agus iomlánú don mbeirt, agus tré chumhacht shlánaithe na healaíne, slánaítear sinne - an lucht féachana - ar deireadh.
slánaithe healing
" Tosaíonn an caidreamh slánaithe eatarthu.
cumhacht shlánaithe healing power
" Tá trí saintréithe Ken Loach soiléir san obair seo - cumhacht shlánaithe bhean mhaith oibre (Lily), cumhacht shlánaithe na finscéalaíochta (Cantona), agus cumhacht shlánáithe meitheal na gcarad san obair, fiú nuair is gá an dlí a shárú chun an rud ceart a dhéanamh in éadan na bullaíochta sráide.
téarnamh a healing
" Is léir go bhfuil sí an-bhreoite - tá seisean chun í a thabhairt i bhfianaise raon iomlán a cuid sceimhle, d’fhonn téarnamh agus leigheas d’fháil di.
chneasú to heal
" Chuidigh sé le goin chultúrtha a chneasú agus le corrabhuais shíceolaíoch an chomhthionóil a laghdú.
chneasú to heal
" An é gur chuidigh an canadh gutaí le sruthanna fhuinnimh na chakraí a chneasú? Níl a fhios agam óir is leigheas seachas cruthú eolaíochta a bhí á lorg agam agus má bhí orm ÁÁÁ agus ÚÚÚ a chanadh ar feadh tréimhse áirithe gach maidin leis an leigheas a fháil, bhíos níos mó ná sásta sin a dhéanamh.
an-deacair a leigheas very difficult to heal
" An gortú is mó a mbíonn faitíos ar imreoirí roimhe is dóigh ná stróiceadh an bhallnaisc chroisigh, gortú atá an-deacair a leigheas.
an cneasú thar ghoimh a mere semblance of healing
" B’fhéidir go bhfuil an cneasú thar ghoimh a bhí orthu, Éireannaigh, tar éis cneasú níos gaire do chnámh an scéil ná mar a chneasaigh riamh roimhe.
cneasú níos gaire do chnámh an scéil a healing closer to the heart of the matter
" B’fhéidir go bhfuil an cneasú thar ghoimh a bhí orthu, Éireannaigh, tar éis cneasú níos gaire do chnámh an scéil ná mar a chneasaigh riamh roimhe.
bíodh dóchas agat i dtéarnamh trust in healing
" Ach cá bhfios? Níl an bhiaiste ach ina tús go fóill, ach is cosúil cheana féin go mbeidh na vótóirí ag roghnú idir dhá rud shimplí i ndeireadh báire: “gearradh rialtais, agus ceannasaíocht an mhargaidh” (na Poblachtaigh) nó “fan an cúrsa, agus bíodh dóchas agat i dtéarnamh” (na Daonlathaigh).
níor chneasaigh sí ceart ó shin it never healed up rightly since
" Bhris mé mo lámh le linn traenála (mar fhear ionaid) i Sydney 2000 ag na cluichí Oilimpeacha agus níor chneasaigh sí ceart ó shin.
créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe the Civil War wounds almost healed
" Ach bheadh sé tráthúil ins an bhliain a ndéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca dá bhfógródh an dá pháirtí traidisiúnta seo don saol Fódlach go bhfuil créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe um an dtaca seo.
ag teacht sna sála ar bhriseadh an scéil hot on the heals of the breaking story
" Bheinn buartha faoi úsáid an chnaipe seo go pearsanta, go háirithe nuair atá an nuacht seo ag teacht sna sála ar bhriseadh an scéil faoi thriail agus taighde a bhí ar siúl ag Facebook i 2012.
te bruite sna sála i ndiaidh hot on the heals of
" Tá muintir Dhoire nach mór sáraithe ag cuairteoirí ar an chathair tharla Duais Turner ar an bhaile sin te bruite sna sála i ndiaidh Fleadh na hÉireann.