Pota Focal Intergaelic
aill | bill | chill | cill | dill
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
charn aoiligh dung-hill
" "Tá me féin sásta an chéad mholadh a chaitheamh isteach sa charn aoiligh," a deir Balor an Bard.
Teamhair The Hill of Tara, Co. Meath
" Bhuail seisean isteach gan choinne le buíochas a chur in iúl do Chathal as ucht dán a chur ar fáil dó le léamh ag pósadh faoin aer i dTeamhair an deireadh seachtaine roimhe sin.
dumhcha sand-hills
" Chuireadh sé iad ag rith suas agus anuas ar na dumhcha cois trá agus ansin isteach san fharraige fhuar, fheanntach.
dumhcha dunes, sand-hills
" Tá An Leathros féin suite i measc dumhcha.
chnoic ghorma Fhánada the blues hills of Fanad
" An lá dár gcionn, chuaigh muid ó dheas go Bun Cranncha, a bhfuil tránna an-fhada ann os comhair chnoic ghorma Fhánada.
cnocáin chorcra purple hills
" Ní fhéadfá baile fearainn níos áille a phiocadh le cónaí ann, na Sléibhte Gamh ó dheas agus radharc soir ó thuaidh agat trasna Chuan Shligigh ar Bheann Ghulbain agus cnocáin chorcra Dhún na nGall.
Chnoc na Teamhrach Tara Hill
" Is eagal liom go rabhamar ag faire ar mhórócáid stairiúil eile an mhí seo caite nuair a rinne Taoiseach de chuid na tíre seo díluacháil iomlán ar Chnoc na Teamhrach, ceanncheathrú thaoisigh uile Éireann ar feadh na mílte bliain agus láithreán seandálaíochta a bhfuil clú idirnáisiúnta air sa lá inniu.
chnoic ghleoite pretty hills
" Traein mhall a bhí inti, a chuaigh trí chnoic ghleoite na Tuscáine, a bhí glas go fóill cé gur mí na Samhna a bhí ann, agus tithe breátha tógtha go hard orthu.
na bróga cnocadóireachta the hill-climbing shoes
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
cnocadóirí hill-workers
" Áit deas glan, nua atá ann agus sinne, na cnocadóirí, agus buataisí agus éadaí salacha orainn.
cnoc saorga a man-made hill
" Tá *motte* - nó cnoc saorga – i bpáirc in aice leis an bhaile, agus radharc fada fairsing ar feadh an chósta.
ar Chnoc na hUaimhe on Navan Hill
" Ghlac na hÉireannaigh Aontaithe an mionna ar Chnoc na hUaimhe i dtuaisceart Bhéal Feirste troid a chur ar Shasana, ach ag an am chéanna, Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile.
Chnoc na Teamhrach the Hill of Tara
" Beidh cainteanna arís ann faoi Chnoc na Teamhrach a athlonnú go dtí na Beanna Beola.
báisín cnoc glas a basin of green hills
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
trasna cnoc glas across green hills
" Bóthar álainn a bhí ann, míle i ndiaidh míle trasna cnoc glas, agus gan duine ná deoraí le feiceáil.
báisín cnoc glas a basin of green hills
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
trasna cnoc glas across green hills
" Bóthar álainn a bhí ann, míle i ndiaidh míle trasna cnoc glas, agus gan duine ná deoraí le feiceáil.
cnoc íseal low hill
"cnoc íseal in aice le bá Phort mo-Cholmáig, agus séipéal ar a bharr.
ar mhala Bhinn Éadair on the hill of Howth
" An síleann siad nár scanraigh Furey aon duine agus an fheadóg sin á rúisceadh thart aige ar nós coilg? Ar scor ar bith, nach bhfaca tú mé ar an tele? Nach bhfaca tú mo shúil nimhe ag glioscarnach le deora ar mhala Bhinn Éadair nuair a bhí mo ghile mear á chur sa chré? *An raibh mé ag an tsochraid? *A leithéid de cheist! “Cén dóigh nach mbeinn ann le hómós a thabhairt do Bonny Prince Charlie agus é ag gabháil faoin fhód? Prionsa cruthanta ceart amach is amach a bhí ann, bíodh a fhios agat; agus bhí sé *bonny* gan dabht.
cnocadóireacht hill-climbing
" Glac uaimse é go rabhamar breá sásta baile Malealea agus Malealea Lodge a fheiscint! B’ionad trádála é Malealea Lodge tráth dá raibh, ach sa lá atá inniu ann is iad marcaíocht capall, cnocadóireacht agus lóistín an príomhghnó ata ar bun ann.
go dtí gur chlúdaigh sí barr an chnoic ar fad until it covered the whole top of the hill
" Thóg sé ardeaglais mhór ar an suíomh, a méadaíodh le linn na mblianta go dtí gur chlúdaigh sí barr an chnoic ar fad.
maolchnoic round-topped hills
" Bhí sé feicthe chomh minic ag Liam ó mhaidin go hoíche le trí nó ceithre lá gur faoiseamh dá shúile ab ea na maolchnoic ag síneadh ó dheas ar ardchlár na Tibéide.
an earnáil siúl sléibhe the hill-walking sector
" Tuigeann an rialtas agus na daoine chomh tábhachtach is atá an earnáil siúl sléibhe do gheilleagar na tuaithe agus déanann siad gach iarracht í a chur chun cinn.
cnoic ísle low hills
" Tá bóthar cúng ag dul ó bhun go barr, agus níl ach cnoic ísle ann.
ar chnoc carraigeach on a rocky hill
" Tá an broch ar chnoc carraigeach in aice leis an loch, agus radharc iontach as.
cnoc féarach grassy hill
" Giota beag níos faide ar shiúl, tá cnoc féarach le feiceáil agus cruth mar a bheadh triantán géar air.
cnoic ísle low hills
" Oileán lom glas a bhí ann agus cnoic ísle air, agus cúpla foirgneamh scaipthe in aice leis an chladach.
tulacha low hills
" An ceantar thart orm ar nós uibheacha i gciseán – cnoic, cnocáin agus tulacha – iad ar fad faoi choinleach ach go bhfuil corrphaiste caschoille sna clúideacha nach féidir leis an innealra a shroichint.
gur chronaigh siad an fharraige agus na cnoic. that they missed the sea and the hills.
" Sílimse gur chronaigh siad an fharraige agus na cnoic.
dún cnoic hill-fort
" Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
ar shaoire chnocadóireachta on a hill-walking holiday
" I measc na ndaoine a bhí ag fanacht ann bhí páistí scoile ar shaoire chnocadóireachta agus rothaithe ar a mbealach ó Lands End go dtí John O’Groats.
na cnoic sa chúlra. the hills in the background.
" Bhí sé an-chorraitheach iad a fheiceáil i mbun ceoil amuigh faoin spéir agus na cnoic sa chúlra.
i dtreo cnoc nocht. towards a bare hill.
" Ag deireadh an bhóthair, tá cosán a théann i dtreo cnoc nocht.
an cnoc is airde the highest hill
" Is é Sliabh Liag, an cnoc is airde i bparóiste Ghleann Cholm Cille, an buaicphointe ar mo chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael.
an cnoc deireanach. the last hill.
" Bíonn siad ag caoineadh mar gurb é seo an cnoc deireanach.
siúlóirí sléibhe hill walkers
" Ainneoin seacht mbliana a bheith caite aige ina Roinn, mar shampla, níl iomrá ar bith ar réiteach san aighneas idir siúlóirí sléibhe is feirmeoirí maidir le cearta fánaíochta.
Liatroma whinny hills
" Is mé an cainteoir dúchais deireanach de chainteoirí caoine ceannasacha Liatroma, bail ó Dhia orm mar ghaiscíoch gasta groí, sa chiall is cultúrtha de na focail sin, agus bail ó Dhia ar shluaite na marbh a d’imigh romham agus iad ag spalpadh Ghaeilge bhinn bhlasta Liatroma agus iad ar a ndé dheiridh agus an bás ag bagairt orthu, bail ó Dhia ar an bhás.
gCnoc Íseal low hills
" ) Siúl na gCnoc Íseal Is cuimhin liom James mar fhear séimh.
faoi mhala into the hill(s)
" Cé go raibh sé ag cur de dhíon is de dheora, thug scaifte mór faoi mhala Yr Wyddfa.
cnoc hill
" Ní hé Russian Hill an cnoc is airde i San Francisco, ach go deimhin, tá ceann de na radharcanna is áille sa chathair uaidh, seanduganna na cathrach, an Embarcadero, le feiceáil thíos, chomh maith leis an oileán cáiliúil Alcatraz, leath míle amach sa chuan.
an chnoic seo of this hill
" com/watch?v=n6EnVsfSBdI) Téann seantramanna na cathrach thar bharr an chnoic seo, agus thar ceann de na radharcanna is cáiliúla sa chathair, déarfainn: an chuid sin de Lombard Street a lúbann siar is aniar le fána an chnoic.
cnocadóireacht hill walking
" Bíonn an tseachtain sin gnóthach i gcónaí le ranganna agus léachtaí, damhsa agus cnocadóireacht, ceolchoirmeacha dochreidte agus comhrá le cairde.
cnoic thréigthe a forsaken hill
" Do M’oide ==== Seanuaigh i bhfolach ag bun cnoic thréigthe, fiaile uaibhreach nach nglantar ó bhliain go a chéile, níl éinne fágtha chun freastal ar an tuama, is ní ghabhann thar bráid ach corrghearrthóir crann.
Siúl Sléibhe hill walking
" Ar bharr an Chairn Deirg (945 méadar) le Cumann Siúl Sléibhe na Téide Deirge a bhí mé i Mí Feabhra.
maolchnoic bare hills
" Deirtear go bhfuil Am Mònadh Liath dúr agus murtallach mar is maolchnoic cuid mhaith acu agus níl siad chomh suntasach le Beinn Neimh Bhathais nó Am Mònadh Ruadh.
Mullán cloiche a rock hill
" Mullán cloiche a phléasc ón talamh aníos nuair a bhíog an domhan fadó fadó.
treoraí siúl sléibhe geimhridh winter hill-walking guide
" Chonaic mé an fógra breá úr "Fáilte gu Alba" nuair a chuaigh mé thar an teorainn agus mé ar mo bhealach go Baile Chloichrigh, áit a raibh mé ag déanamh cúrsa treoraí siúl sléibhe geimhridh agus bhí mé ag súil go mór le seachtain sna Garbhchríocha.
na Céine agus na Ciandachta of distance and far away hills
" ” I nDomhnach, Maitiúnas na mBrocanna ================== “Ó a Spéirbhean Chumhachtach na Céine agus na Ciandachta, ní hiad sin a thagann idir mé agus codladh na hoíche.
Bheann Mhadagáin Cave Hill
" Is breá liom na radharcanna galánta de na Beanna Boirche i bhfad uaim nó de thuaisceart Aontroma sa treo eile, nó de Bheann Mhadagáin, tírdhreach a cruthaíodh “sula dtáinig blianta nó laetha chun an tsaoil as broinn chian cheoch na haimsire,” mar a scríobh Séamus Mac Grianna faoi Ghaeltacht Thír Chonaill in An Druma Mór.
iarsmaí sna cnoic relics in the hills
"iarsmaí sna cnoic thart ar Bhéal Feirste a théann siar go dtí an tréimhse neoiliteach, i ndiaidh d'fheirmeoirí teacht as Albain le cur fúthu in Éirinn idir 4500 – 2500 RC.
siúl sléibhe hill walking
" “Seo ceann de na háiteanna is áille go chonaic mé riamh,” a dúirt Níamh, bean ar mo chúrsa siúl sléibhe i nGleann Cholm Cille, Co.
roinnt cnocán some hills
" Níl aon sliabh ar Í agus tá roinnt cnocán ann atá cúpla céad troighe ar airde ar a mhéad: Dùn Ì agus Cnoc nam Bradhan sa gcuid thuaidh den oileán, Carn Cùl ri Èirinn sa gcúinne thoir ó dheas agus Sithean Mor i lár an oileáin.
altán ar shleasa an chnoic a cleft in the hill slope
" Ar ámharaí an tsaoil, b'iomaí uair a bhí mé ar an tsliabh seo agus bhí mé ábalta daoine a threorú i dtreo altán ar shleasa an chnoic a bhí níos fusa agus níos sábháilte le teacht anuas uaidh.
tríd na cnoic agus an doineann through the hills and bad weather
" Iadsan a bhí ag streachailt 24 ciliméadar tríd na cnoic agus an doineann, gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe, agus mé féin tar éis lá grianmhar a chaitheamh ag siúl tríd an Pharc Natural de la Serra Gelada sa Spáinn! Tá an pháirc seo ar an Chosta Blanca, idir Benidorm agus Albir, sa limistéar Valencia agus tá sé cóngarach go maith do Alicante, áit a bhfuil aerphort idirnáisiúnta ann, le heitiltí saor de chuid Ryanair agus Easy Jet gach lá.
i bhfad róthe le haghaidh siúl sléibhe far too hot for hill walking
" Bíonn sé i bhfad róthe le haghaidh siúl sléibhe sa samhradh ansin, an t-am is gnóthaí ó thaobh turasóireachta de go traidisúnta, ach tuigeann an rialtas ansin go bhfuil gá le tarraingt de sórt eile chun turasóirí a mhealladh an chuid eile den bhliain.
Tá óir ar fáil sna cnoic úd there’s gold in dem dar hills
" Tá óir ar fáil sna cnoic úd gan aon amhras agus tá acmhainní aiceanta na hÉireann mar a bhíodh an Yukon tráth.
siúl sléibhe hill walking
" “Seo an teach inar rugadh an scríbhneoir cáiliúil Patrick McGinley i 1937,” a insím do mo scaifte ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael.
mo chúrsa siúl sléibhe my hill walking course
" Bhuail mé léi don chéad uair i 1994, nuair a d’fhreastail sí ar mo chúrsa siúl sléibhe.
i measc na gcnoc among the hills
" Tá seisean ina chónaí áit éigin i measc na gcnoc i gContae Shligigh, agus bheadh eagla ar an CIA dul in aice leis an áit sin.
súil sléibhe hill walking
" Tugaim cuairt ar na séadchomharthaí atá sa cheantar nuair a bhím ag obair ansin mar threoraí ar an cúrsa súil sléibhe ag Oideas Gael mar baineann muid an-sult astu.
siúl sléibhe hill walking
" Bhí díoma orm nuair a d’amharc mé ar RTÉ *Primetime* ar 30ú Aibreán mar bhí mé díreach tar éis seal a chaitheamh mar cheannaire ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, in iardheisceart Dhún na nGall agus bhí na daoine ar an chlár teilifise ag cíoradh ceist a bhaineann le ceart slí in Éirinn – ceart nach bhfuil ann i ndáiríre! D’éirigh go hiontach le Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh i nGleann Cholm Cille ar 19ú Aibreán, nuair a rinne scaifte mór cuairteoirí Turas Cholm Cille (amharc an nasc Na Seanoilithreachtaí ar dheis) ach bíodh go raibh an aimsir go hálainn ar feadh deich lá as a chéile, bhí easpa cuairteoirí eile ann.
an cnoc is airde the highest hill
" Casadh beirt nó triúr linn ar Shliabh a Liag, an cnoc is airde sa cheantar, ach diomaite díofa sin, is linn féin a bhí muid.
chúrsa siúil sléibhe hill-walking course
" Le linn dó a bheith ag obair ar chúrsa siúil sléibhe i nDún na nGall i gcaitheamh an tsamhraidh, chas Tony Birtill le ceathrar ban as an Iodáil a bhí an-tógtha leis an Ghaeilge agus leis an cheantar.
Cnoc na Teamhrach the Hill of Tara
" Tá baint lárnach ag an Dr Muireann Ní Bhrolcháin leis an bhfeachtas atá ar siúl le tamall anuas chun stop a chur leis an mótarbhealach atá le tógáil in aice le Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí.
Cnoc na Teamhrach the Hill of Tara
" Muireann Ní Bhrolcháin leis an bhfeachtas atá ar siúl le tamall anuas chun stop a chur leis an mótarbhealach atá le tógáil in aice le Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí.
gar do Chnoc na Teamhrach near to the Hill of Tara
" Tá Dónall Ó Maolfabhail dóchasach nach leanfar ar aghaidh leis an bplean chun mótarbhalach a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí de bhrí go bhfuil fothoghchán Dála le bheith sa chontae an bhliain seo chugainn.
Chnoc na Teamhrach the Hill of Tara
" Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí.
thubaistí an tsiúil sléibhe hill walking disasters
" Ríomfaidh sé roinnt de na dea-scéalta agus roinnt de thubaistí an tsiúil sléibhe a thit amach, mórán ag an am chéanna, le linn an Gheimhridh, agus áireoidh roinnt den dream daoine a sciobadh go fanach ag maidhmeanna sneachta is iad ag baint sult as caitheamh aimsire follán amuigh faoin aer.
siúl sléibhe hill-walking
" Tchí Tony Birtill agus a chomhghleacaithe siúl sléibhe an dochar a níthear in amanna amuigh in iargúil na gcnoc.