Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
himpleachtaí fadtéarmacha long-term implications
" Seans nach bhfuil i roinnt den chaint seo ach ráflaí gan bhunús (cé go bhfuil an-phlé á dhéanamh ar na cúrsaí seo sna hirisí ríomhaireachta faoi láthair), ach is fiú a bheith ar an airdeall faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag aon chaighdeán slándála nua.
himpleachtaí implications
" Tá roinnt mhaith daoine amhrasach fós faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an chonradh seo agus tá go leor míshásta go bhfuiltear ag súil leo dul amach ag vótáil arís in ainneoin gur diúltaíodh don chonradh an uair dheireanach.
himpleachtaí implications
" Ligeadh don aighneas dul ar aghaidh gan aon iarracht fhónta a dhéanamh é a réiteach, agus súil ag feidhmeannaigh shinsearacha na Roinne ar na himpleachtaí don chomhaontú náisiúnta pá dá ngéillfí dóibh.
na himpleachtaí the implications
" Tá trí cheist curtha sa tuarascáil: Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt? Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.
beag beann ar na himpleachtaí without any regard for the implications
" Níor éirigh leo rialtas neamhbhailí a choinneáil i Vítneam, agus ní éireoidh leo a leithéid a dhéanamh san Iaráic ach oiread, ach déanfaidh siad a ndícheall mar sin féin, beag beann ar na himpleachtaí do Mheiriceá féin ná don domhan.
na himpleachtaí agus na hiarmhairtí the implications and consequences
" (Paragraf 6)Mar gheall ar nach bhfeiceann na bulaithe a gcuid íospartach, téann siad i mbun drochíde a thabhairt gan tuiscint iomlán a bheith acu maidir leis na himpleachtaí agus na hiarmhairtí a bhíonn i gceist ó thaobh an íospartaigh de nó an rian a fhágann an bhulaíocht ar a shaol.
himpleachtaí implications
" Óir is cinnte go raibh scagadh ceart de dhíth i bhfoirm cló ar na himpleachtaí a bhí ag tuarascáil an Bhord Snip don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
níor ceistíodh i gceart na himpleachtaí bunreachtúla the constitutional implications were not questioned
" Dar liomsa rinne Gluaiseacht na Gaeilge botún straitéiseach ag an am: tógadh seasamh láidir ina aghaidh deireadh a bheith curtha le Gaeilge éigeantach sna scrúduithe agus níor ceistíodh i gceart na himpleachtaí bunreachtúla agus eile a d’eascródh as deireadh a bheith curtha le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís.
na himpleachtaí fadtéarmacha the long-term implications
" Léiriú eile é seo, dar leis, ar an tslí a bhfuil na hÉireannaigh ag dul thar fóir ag caitheamh airgid gan smaoineamh ar na himpleachtaí fadtéarmacha.
na himpleachtaí the implications
" Más fíor é sin, céard iad na himpleachtaí do pholasaí nua na Roinne Oideachais i leith an tumoideachais? D'fhiosraigh Breandán Delap an scéal.