Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag gnóthú go hindíreach benefiting indirectly
" Bhí thar 1,000 duine fostaithe i monarchana na paróiste le scór bliain, agus na céadta eile ag gnóthú go hindíreach.
go hindíreach indirectly
" Tá fiche ball buan sa ghrúpa agus tá dhá dhuine dhéag ceangailte go hindíreach leis, iad ar fad ina gcónaí sa cheantar.
fostaithe go hindíreach employed indirectly
" Tá deichniúr eile fostaithe go hindíreach.
go hindíreach indirectly
" Ar ndóigh, tá cúiseanna leis an laghdú - ionsaithe sceimhlitheoireachta mar a tharla i Nua-Eabhrac agus Washington i 2001, i mBali anuraidh agus ar an Iaráic i mbliana; cúlú geilleagrach i gcuid mhaith de thíortha an domhain; deacrachtaí ag aerlínte; agus SARS, a raibh tionchar mór aige san Áis agus go hindíreach san Astráil.
go hindíreach ar ndóigh indirectly of course
" Agus, aisteach go leor, beidh focal le rá ag na Stáit Aontaithe, go hindíreach ar ndóigh, faoin moladh maidir leis na ballstáit tarrtháil a thabhairt dá chéile i gcúrsaí cosanta.
ag tabhairt tacaíochta go hindíreach giving indirect support
" An rud is scáfara ná go bhfuil Bob Stoker luaite le heite fhorásach an UUP agus measann náisiúnaithe go bhfuil sé ag tabhairt tacaíochta go hindíreach d'fheachtas seicteach a bhfuil sé mar aidhm aige Caitlicigh a ruaigeadh amach as ceantracha Protastúnacha.
go hindíreach indirectly
" Ós rud é gurb iad na Poblachtánaigh i Meiriceá is láidre a labhraíonn amach i gcoinne an ghinmhillte, go hindíreach tá an tArd-Easpag Myers ag moladh do dhaoine tacú le George Bush agus a pháirtí, seachas le John Kerry agus na Daonlathaigh.
go hindíreach, indirectly,
" “Tá mise ag déanamh amach go bhfuil isteach is amach le 600 duine beo ar an tionscadal seo go díreach agus go leor daoine eile go hindíreach, ag cur seirbhísí ar fáil is araile.
go hindíreach indirectly
" ” Ar bhraith sé strus ag obair ina leithéid de thimpeallacht?“Bhraitheas, gan dabht, agus nuair a bhíodh ceantair áirithe san ollscoil ag iomaíocht le chéile faoi rudaí is cinnte go gcuirfeadh sé sin isteach go hindíreach ar do chuid oibre-se.
go hindíreach, indirectly,
" Chuirfeadh Conradh Liospóin 96% de na forálacha dlí a bhí i mBunreacht na hEorpa i bhfeidhm go hindíreach, dar leis an saineolaí Anthony Coughlan, trí leasuithe a dhéanamh ar an dá phríomhchonradh Eorpach, gan an teideal “Bunreacht” a thabhairt ar an gcáipéis.
go hindíreach indirectly
" "*Nutter*" a thug Parris go hindíreach ar Edwin cóir.
hindíreach indirectly
" Táim ag smaoineamh go háirithe ar thosca ar nós dromchla páirce, séasúr imeartha, líon agus minicíocht na gcluichí, déine agus minicíocht na traenála, cur i bhfeidhm rialacha a bhaineann le himirt chontúirteach, tionchar agus dearcadh bainisteoirí i leith a gcuid uaillmhianta pearsanta féin, an brú a chuirtear go hindíreach ar imreoirí de dheasca ról craosach lucht fógraíochta, urraíochta, teilifíse agus maoinithe.
go hindíreach indirectly
" Ba é an sluán a bhí aige ‘Il cinema è l’arma più forte’ (is é an phictiúrlann an t-arm is láidre) agus léirigh sé an mana seo trí scannáin eipiciúla cosúil le Scipio Africanus (1941), a chuir in iúl, go hindíreach, an rún a bhí aige ionradh a dhéanamh ar thuaisceart na hAfraice.