Pota Focal Intergaelic
aint | hilt | hin | hind | hine
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leide hint, pointer
" Fuair mé cupla leide i dtaobh lón léitheoireachta ó Mhícheál Briody, a bhí ina léachtóir Gaeilge i Helsinki thiar sna hochtóidí, ach bhí mé iontach mall ag teacht i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile.
leid hint
" Déan socrú le do ghrá geal go bhfeicfidh tú arís í tar éis na Fleidhe.
leideanna hints, clues
" In ainneoin go gcreideann sé gur cóir ligean do dhaoine teagmháil a dhéanamh lena chuid pictiúr ina mbealach féin, tugann na teidil leideanna dúinn faoi cad é bhí ina intinn féin nuair a bhí na pictiúir á gcruthú aige, leideanna ar nós *Memories of the moss as seen from a sun holiday* nó *View from a beach hole (animal view of beach).
níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail people only need a hint, i.e. to gossip
" " "An bhfuil a fhios agat seo," arsa Nuala, "níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail.
imir bheag ghorm a hint of blue
" Bhí craiceann geal bán orthu agus imir bheag ghorm ann.
leid mhór a big hint
" Thug siad leid mhór i mí Aibreáin 2002 leis an dara gníomh díchoimisiúnaithe, éacht a bhí aontaobhach agus substaintiúil.
imir rua a red hint (i.e. his beard)
" Bhí cuma an mhairnéalaigh thuas air, idir an ghruaig sceadach fhionn-rua agus an imir rua a bhí ag siúl ar a leiceann nuair a bhuail an ghrian é.
cúpla imir datha a few highlights/hints of colour
" Sílim gur an rud is fearr dúinne a dhéanamh ná cúpla imir datha a chur thall agus abhus.
gaoth an fhocail hint
" Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige? Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála.
leideanna hints
" Mí thábhachtach i bhfeachtas na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe is ea an mhí seo mar go bhfaighidh muid leideanna i dtaobh na ndaoine a chuirfidh na páirtithe polaitíochta chun tosaigh mar iarrthóirí toghchánaíochta.
leid láidir strong hint
" Ba ghá an focal “daoine” a úsáid ansin mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo – dá roghnófaí “fir” nó “fir óga” nó “buachaillí”, thabharfadh an rogha focail leid láidir maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo.
an chéad leid eile the next hint
" Agus leoga, is cuma leo cibé! EurotrashIs é an chéad leid eile atá agam ná seo: má tá dúil agat i gcineál áirithe ceoil, gach seans nach gcloisfidh tú é agus tú ar shaoire sciála.
leid bheag small hint
" Ach tá sé ráite ag an Chéad Aire gur mhaith leis cúraimí póilíneachta agus cirt a bheith aistrithe go Stormont – leid bheag gur féidir dul chun cinn a dhéanamh.
gaoth an fhocail a hint
" Tugtar gaoth an fhocail d’iriseoir éigin faoin phlean chonspóideach atá ar na bacáin le tástáil a dhéanamh ar an dóigh a rachaidh sé i gcionn ar an phobal.
nodanna hints
" Más déantóir málaí mná thú scríobh, liostaí de na cúig mhála is cáiliúla, nó treochtaí málaí an tseasúra, tabhair comhairle nó nodanna úsáide nó ghlanta is mar sin de.
leid an eolais the hint
" Is féidir leid an eolais in ómós do ‘Pierrot le Fou’, Jean-Luc Godard (1965), ‘*Harold and Maud’*, Hal Ashby, (1971) agus ‘*Badlands*’ Terence Malick (1973) a léamh ar ghnéithe éagsúla de ‘*I’m Going to Explode’*.
nod a hint
" Eisiomláir úr agus nod don ngluaiseacht a thug Nouvelle Vague cineama na Fraince dúinn sna caogadaí agus sna seascadaí atá anseo againn.
leide hint
"leide tugtha aige le dornán míonna anuas gur mhaith leis go mbeidís ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta mar Údarás na Gaeilge feasta agus go nglacfaidís go leor d’obair Fhoras na Gaeilge orthu féin sa dóigh is nach mbeadh feidhm ag an Fhoras ach ar imeachtaí trasteorainn.
nod hint
" Ach an gá a bheith chomh grafach ina thaispeáint is atá Lar Von Trier? Is fearr liom féin an nod ná an bharraíocht.
nodanna oibre work hints
" Tá seirbhísí nuachta ann, roinntear táirgí speisialta, nodanna oibre, teicneolaíochta, garraíodóireachta, cócaireachta agus taistil ann.
nod a hint
" 4 FM, nod don té a bheas ag taisteal abhaile tráthnóna Dé hAoine, nó ag am ar bith.
leid a hint
" " Ach tá leid le fáil i dTuarascáil na Roinne Airgeadais chuig an Bord Snip faoina bhfuil i ndán don Fhoras agus don Údarás sa straitéis úd.
nodanna hints
" Tá an líonra seo locbhunaithe agus is é bunús an líonra ná nodanna a fhágáil faoi áit, bíodh an áit sin poiblí nó priobháideach.
nod hint
" Tá an líonra seo locbhunaithe agus is é bunús an líonra ná nodanna a fhágáil faoi áit, bíodh an áit sin poiblí nó priobháideach.
leid a hint
" Fós, níl oiread agus leid d’aon iompar míchuí, gan trácht ar ghéag nocht ná ar aon ball eile coirp le feiscint in óid Jane Campion don nGrá Rómánsach, idir choincheap agus ionchollú, a d’fhás idir an file John Keats agus an bhean óg béaldorais Fanny Brawne sna blianta beaga a bhí fágtha ag an fhile idir 1818 agus an bás a sciob an t-easlánaí óg sa Róimh ar an 23ú Feabhra 1821.
nod hint
" Is le taispeáint agus fógairt iWorks a tugadh an chéad nod i leith luachála an iPad dúinn: ní chosnóidh bogearraí iWorks ach €9.
ciúta collaíochta physical hint
" Ar láimh amháin, bhí teagasc mórálta i gceist leis na pictiúir seo, ach bheadh sé deacair an ciúta collaíochta a sheachaint iontu chomh maith agus is féidir go raibh suiríocht indíreach i gceist ag Michelangelo fosta.
léaró dóchais hint of hope
" Tá an sórt céanna anachana is anró mar sciúirse ag mionlaigh éagsúla eile ar fud na Colóime gan dabht, agus is cinnte gur fada go staonfaidh na hEmberá de bheith ag éileamh a gceart, ach is deacair aon léaró dóchais a aithint i dtír nach bhfuil urraim don bheatha, gan trácht ar phrionsabal an smachta reachta.
leideadh a hint
" B’fhéidir gur leideadh do chuid againn a ndearna sé agus, más mall is mithid, Gaeltacht a bhunú i mBaile Átha Cliath? Ba dheas a bheith i do chuileog ar an mballa ag breathnú ar na rudaí ar fad a tharla sa teach sin i Iarúsailéim.
leid hint(s)
" ” Thig le Balor cúpla leid a thabhairt daoibh, a chairde, faoina mbeidh ar siúl ag Eilís II i gClub na Féile mall san oíche in Óstán an Gleneagle ag deireadh na míosa.
nod a hint
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
leidí hints
" Tugadh leidí ceart go leor: go mbeidh “ról ag Údarás na Gaeltachta mar an phríomh-ghníomhaireacht feidhmithe, a bheidh freagrach as an Straitéis a sheachadadh.
nod nó dhó hint or two
"nod nó dhó anseo agam duit.
ba leid shoiléir was an obvious hint
" Ciallaíonn sé “bréagach uasal”, agus ba leid shoiléir é faoin dearcadh a bhí ag Assange.
nod hint
" ================= Tabharfar an nod anseo do Rabbitte thar Alan Shatter ó Fhine Gael agus a chomhleacaí féin, Joe Costello.
leideanna hints
" Is é an rud a bheadh aige mar thoradh ar an diansaothrú seo sa deireadh, pictiúr ina bhfaighfeá leideanna d’achan ghné den tírdhreach a bhí aimsithe aige ina chuid sceitseanna díreach mar a dhéanfadh an máistirdhriogaire deoch dhraíochta as an iliomad ábhar.
fáthadh an gháire a hint of a smile
" In ainneoin go bhfuil sé anois nócha is a seacht bliain d’aois; in ainneoin go bhfuil na blianta fada caite aige mar ghiolla umhal uiríseal do Pháirtí na Léinte Gorma, agus d’iliomad ceannairí ar an pháirtí sin; in ainneoin nach bhfuair sé fiú anois aireacht shinsearach, bíonn fáthadh an gháire i gcónaí air.
nod hints
" Nó ar ndóigh, a bhfuil anseo a choinneáil in Éirinn sa chéad áit! Tuigim freisin go bhfuil slua mhór daoine amuigh ansin ag cuartú post agus mar sin tá mé chun cúpla nod a roinnt libh faoi conas do phróifíl LinkedIn a úsáid chun deiseanna fostaíochta a fhorbairt ar an ngréasán seo.
leide de a hint of
" Rac Ceilteach an ceol a bhíonn acu, rud cosúil le Capercaillie nó na Horslips, leide de Lúnasa, agus macalla den Battlefield Band.
nodanna hints
" Féach nodanna eile ar shuíomh iontach an rialtais (Get Ireland Active)(http://www.
thugann nod dúinn gives us a hint
" Rialacha Comhghéillte a thugtar ar an gcluiche freisin, mar shampla ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus is ainm é a thugann nod dúinn faoi bhunús agus faoi chomhdhéanamh an chluiche.
an t-aon leid amháin the only hint
" Taobh na habhann an t-aon leid amháin go rabhas san Amasóin.
leideanna hints
" An Duais ===== **Charades as Gaeilge ó Ghlór na nGael** Is cluiche geamaireachta é Charades ina gcaithfidh baill foirne aisteoireacht a dhéanamh le leideanna a thabhairt dá chéile ionas go mbeidh siad in ann focail a thomhas laistigh de thrí nóiméad.
nodanna ciallmhara clever hints
" com/patterns/library/grandma-tree) Nuair atá na maisiúcháin crochta suas agat, gan amhras beidh fonn ort grianghraf a tharraingt leis an gceamara digiteach a fuair tú tar éis m’alt iontach (!) ar cheamaraí le linn 2011? Tá cúnamh in aice láimhe ansin freisin: gheobhaidh tú nodanna ciallmhara ar an suíomh seo faoi conas na grianghraif is deise a tharraingt de shoilse Nollag.
leideanna amhairc agus ealaíne chomh saibhir sin hints of scenes and art of such wealth
"leideanna amhairc agus ealaíne chomh saibhir sin iontu siúd go bhfuil alt léanta dar teideal ‘This Is How the End Begins’ scríofa cheana féin fútha ag Manohla Dargis sa New York Times.
mar leide hinting
" Má bhí fógra ann mar leide faoin áit a bhí istigh, níor aithin mise é i measc na gcomharthaí éagsúla i dteanga na hArabaise.
Nod ón gceann foirne ansin at a hint from the leader
" Nod ón gceann foirne ansin, agus seacht nglór ag éirí mar a bheadh macalla i ngleann sléibhe.
le comharthaí atá mar leideanna mealltacha dúinn signs to entice us with hints
" Tugann Vermeer cuireadh dúinn ciall a bhaint as an phictiúr le comharthaí atá mar leideanna mealltacha dúinn.
Bíonn tuar an bháis we receive hints of death
" Bíonn tuar an bháis go minic, mar shampla, gan amhras.
ag ligean leide giving a hint
" Seán Mac an tSaoi, Aire Stáit, go ndéana Dia a mhaith air, le linn freagraí sa Dáil ag ligean leide dúinn nach mbeadh sé fadmharthanach.
roinnt staidreamh is nodanna some facts and hints
" Ina leith sin, seo thíos roinnt staidreamh is nodanna a chabhróidh go mór.
leathfhocail leathbhruite half-baked hints
" Nuair a éilíonn an pobal aon mhíniú sásúil ar cheisteanna bunúsacha amhail “Cá bhfuil ár dtriall feasta?”, soláthraíonn saineolaithe an rialtais freagraí atá foirgthe le béarlagar dothuigthe is le leathfhocail leathbhruite d’fhonn an fhírinne shearbh a cheilt .
is leideadh láidir iad they’re a strong hint
" Má fheiceann tú lochtanna mar seo, is leideadh láidir iad gur athraíodh an míleáiste ar an gclog.
roinnt nodanna le cuimhneamh orthu some hints to remember
" Sin roinnt nodanna le cuimhneamh orthu agus tú ag ceannach gluaisteáin nua.
Cé nach bhfuil aon leid tugtha although no hint has been given
" Cé nach bhfuil aon leid tugtha ag Brian Ó Drisceoil féin faoi bheith ag éirí as an rugbaí is deacair gan a bheith den tuairim gur luath seachas mall a tharlóidh sin.
ag tabhairt leide go raibh oilbhéim ann giving a hint of a scandal
" “An bhfuil sé ag tabhairt leide go raibh oilbhéim ann?” a d’fhiafraigh mé de ag an tseoladh leabhair.
ní raibh meangadh dá laghad there wasn’t a hint of smile
" An t-achar fada go leor a raibh mé á bhfaire, ní raibh meangadh dá laghad ar bhéal éinne ina measc, ach a ghlanmhalairt.
ag tabhairt leideanna beaga giving little hints
" Agus buamaí marfacha ag pléascadh gach lá san Íaráic, tá an Íaráin ag tabhairt leideanna beaga gach cúpla mí go bhfuil siad céim bheag eile ar aghaidh ina bhfeachtas chun buamaí eithneacha a thógáil.
tuilleadh nodanna uaim more hints from me
" Gheobhaidh tú tuilleadh nodanna uaim ar an ábhar seo in alt a scríobh mé anuraidh.
Níl leid dá laghad den Ghaeilge there’s not a hint of Irish
" Níl leid dá laghad den Ghaeilge le feiceáil sa ghrianghraf ar dheis.
thug seisean leide daoithi he gave her a hint
" Chuaigh sí in abar cúpla iarraidh leis, ach má chuaigh, thug seisean leide daoithi achan iarraidh.
Tugtar leideanna hints are dropped
" Tugtar leideanna nach bhfuil de theacht isteach ag Alina ach pé airgead a ghnóthaíonn sí sa réimse manglamach sin a bhfuil an striapachas agus an phornagrafaíocht le sonrú air.
leideadh pointer, hint
" Is buan an inscríbhinn ar an leic, ach ní buan ar an nuachtán, is léir, más leideadh ar bith a bhfuil tite amach sna Stáit Aontaithe.
leideanna comhairle hints of advice
"leideanna comhairle ag Roseanne Smith duit más ag plé leis an bpobal a bhíonn tú.
tugann sé leid he gives a hint
" Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.
leideanna hints
"leideanna ag Roseanne Smith duit san alt seo.
leideanna hints
"leideanna agus seolta idirlín go leor ag Roseanne Smith san alt seo do fheilirí, do bhréagáin, do bhronntanais srl.
más leid ar bith if it’s any hint
" Ní maith le Ciarán Mac Aonghusa an druidim siar ón ilteangachas a bheas ar bun feasta, is cosúil, más leid ar bith an cúbadh atá ar na bacáin don Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha sa Bhunscoil.
leideanna hints
" Más mian leat dul i lár an aonaigh le táirge nó le tuairim a roinnt ar Youtube nó ar Vimeo, tá leideanna ag Roseanne Smith duit san alt seo.