Pota Focal Intergaelic
ais | áis | cis | hais | has
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a shaothar his work
" In ainneoin go mbaineann a shaothar le cúrsaí faisin agus *haute couture*, tá dlúthcheangal le saol na healaíne agus na dealbhóireachta le brath sa taispeántas seo.
ag beartú a chlaímh brandishing his sword
" Tá an rí ag beartú a chlaímh inár dtreo.
theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin a Christian name would limit her and his imagination
" Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
Bhíodh brí bhreise ina choiscéim There would be an extra spring in his step
" Bhíodh brí bhreise ina choiscéim ag dul chuig an doras nuair a chloiseadh sé guthanna gasúr.
b'in an cháil a bhí riamh air that was always his reputation
" Is b'in an cháil a bhí riamh air.
a thnúthán ba ghéire his greatest yearning
" Ach ugach chun a dhorais ní fhéadfadh a thnúthán ba ghéire a thabhairt di.
gan a theach a thaobhachtáil not to approach his house
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
go snaidhmfí a shloinne riamh le that his surname would ever be linked with
" Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid: James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian) Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie) Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun) Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne) Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern) Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
háirithe blas a chuid cainte his accent
" Cuireann go leor rudaí faoi Hague isteach ar dhaoine, go háirithe blas a chuid cainte.
dá chinniúint to his destiny
" "Ní bheidh deireadh leis an streachailt go dtí go bhfaighidh mé bás," a dúirt sé agus an chuma air gur ag géilleadh go suaimhneach dá chinniúint a bhí sé.
a chomhghleacaithe his colleagues
" Ar ócáid eile, nuair a bhí a lámha in airde le linn vótála ag Máirtín agus a chomhghleacaithe, dúirt Wilson, "They've got their hands up like Mairéad Farrell in Gibralter" (tagairt a bhí anseo don bhall den IRA a mharaigh an SAS i mí an Mhárta 1988).
bhí an aghaidh chomh lasta sin aige his face was so red
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
bhí an aghaidh chomh lasta sin aige his face was so red
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
a bheatha a thabhairt i dtír to earn his living
" Nuair a tháinig Tomás Mac Gearailt air ais go hÉirinn i lár na nóchaidí tar éis blianta fada a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, ní raibh sé ar intinn aige a bheatha a thabhairt i dtír ag díol leabhar.
rud a dhéanamh air to obey his wishes
" Ach nuair a dhiúltaíonn na Seanadóirí rud a dhéanamh air cuirfidh sé an milleán ar na Daonlathaigh agus beidh an craiceann agus a luach aige.
cliathánach leis by his side
" Chonaic mé fear, mar shampla, ina shuí ar an gcosán agus scálaí tomhais cliathánach leis.
ag tuilleamh a bheatha earning his living
" Cad a bhí ar siúl, meas tú? Bhí sé ag obair, é ina shuí ansin an lá ar fad ag tuilleamh a bheatha ar bhealach an-simplí; thug daoine airgead dó agus rinneadar iad féin a thomhas.
ag dingeadh as grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
faoina anáil under his breath
" " "Beidh, má tá a dhath le déanamh agatsa leis," arsa an fear eile faoina anáil.
a ghnúis mhaorga mhairgiúil his quiet, sorrowful face
" Bhí sé dodhéanta fiú leamhgháire a bhaint as a ghnúis mhaorga mhairgiúil 'fhad is a bhí na cláracha gáifeacha teilifíse agus na pictiúir léanmhara ag teacht amach, ceann i ndiaidh a chéile.
a chostais mhíochaine his materia medica costs
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
Bheadh a chuid aige he'd have his work cut out
" Bheadh a chuid aige an seomra seo a chur in ord agus in eagar.
Ní mhaím a chúram air I don't envy him his task
Bhí an aghaidh crupaithe aige leis an phian His face was contorted with pain
" Bhí an aghaidh crupaithe aige leis an phian.
a fhís a fhíorú to fulfil his vision
" Bheadh sé go deas dá bhféadfaí a rá gur cheadaigh siad do Trimble a fhís a fhíorú, ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil fís ag ceannaire an UUP ná ag an pháirtí ina iomláine, taobh amuigh de chúpla eisceacht.
go gcloífí a mhuintir his people would be defeated
" Nuair a chonaic rí Éireannach é, bhuail taom bróin é agus dúirt sé gur tuar a bhí ann go raibh na Sasanaigh ag teacht agus go gcloífí a mhuintir.
a chúiseoirí his accusers
" Trialacha rúnda ======= Anois is mian le John Ashcroft (an tArd-Aighne) agus Tom Ridge (Stiúrthóir na Slándála Baile) trialacha rúnda agus binsí fiosraithe míleata a chur ar bun chun daoine a bhfuil an sceimhlitheoireacht curtha ina leith a thriail, rud atá ag teacht salach ar an Bhunreacht, a deir go bhfuil sé de cheart ag gach duine go ndéanfadh a chuid piaraí é a thriail agus go mbeadh deis aige seasamh os comhair a chúiseoirí.
Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis He'd adopted every one of his bad habits
" Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis.
ag deireadh na péice at his wits' end
" Bhí sé ag deireadh na péice leis faoi seo.
cúr a bhéil the foam of his mouth
" Ba léir cúr a bhéil le craiceann an chonablaigh.
ag tuar a ghrá di forecasting/measuring his love for her
" Bheadh sé ag tuar a ghrá di.
go raibh a dhá shúil sáite inti that he couldn't take his eyes off her
" Thug sé faoi deara go raibh a dhá shúil sáite inti am ar bith a raibh siad beirt sa tseomra amháin.
sáfaidh mé siar ina ghob é I'll ram/stick it down his throat
" An chéad fhear eile a luafas bréagán bog, sáfaidh mé siar ina ghob é.
a chéile comhraic his competitor
" ** Níl cead ag imreoir a chéile comhraic a bhrú, greim a fháil air nó cor coise a chur ann.
a leabhar mór-ráchairte his book that is in heavy demand
" Rowling a leabhar mór-ráchairte *Harry Potter*, agus b'fhéidir go dtiocfaidh cuid den draíocht sin chugamsa fosta.
cúl a thabhairt leis an drámaíocht to turn his back on drama
" Ní raibh sé in ann cúl a thabhairt leis an drámaíocht, áfach, mar go raibh sé go smior ann.
ina chomhluadar in his company
" Tá páistí chomh compordach ina chomhluadar is atá daoine fásta.
ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó he would tell him straight out, i.e. not behind his back
" Ní raibh Fiachra dall ar an mheas a bhí ag Féilim ar a chuid éadaí agus ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó ach an oiread.
a ghnúis ghnaíúil his comely face
" Gabhann Balor a mhíle buíochas leis na sluaite léitheoirí a bhí imníoch nuair nach bhfaca siad a ghnúis ghnaíúil agus nár léigh siad a scríbhinn scothúil ar *Beo ar Éigean* na míosa seo caite.
Ar fhleasc a dhroma on the flat of his back
" Ar fhleasc a dhroma a bhí fear na súile nimhe, é buailte amach ar fad le halltacht, le hiontas agus le huafás go raibh Údarás na Galltachta chomh hamaideach agus chomh doscaí agus gur cheap siad Leamh Ó Cuinneagáin mar Chathaoirleach.
as a stuaim féin by his own initiative
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
lena ghort féin a threabhadh to go his own way
" " Ag tús na bliana 1998, cúpla mí tar éis dá chéad albam aonair teacht amach, d'fhág Spillane Nomos lena ghort féin a threabhadh.
a dhlúthchara his close friend
" Teip ======= Níl aon amhrán Gaeilge ar an albam nua seo, in ainneoin cinn den scoth a bheith scríofa i nGaeilge ag Spillane agus a dhlúthchara, an file Louis de Paor.
ina chomhluadar séimh, suáilceach in his gentle, pleasant company
" Agus duine chomh deas is a bhfaca tú riamh! Thit mé i ngrá lena chuid ceoil láithreach agus leis an duine féin ar ndóigh agus chaith mé an deireadh seachtaine ar fad ina chomhluadar séimh, suáilceach.
fuarfaidh a thóin his backside will become cold
" Cúram an rí … ======= An té a bhíonn ina shuí, fuarfaidh a thóin.
a bhéal ar leathadh his mouth open
" Duine os ár gcomhair amach agus a bhéal ar leathadh aige, ina chodladh go sámh.
nár aimsigh a cheird who didn't find his trade
" "Tá cur síos breá ag Breandán Ó hEithir i gcolún éigin a scríobh sé i bhfad siar ar iriseoir mar dhuine nár aimsigh a cheird, nó a théann i mbun a cheirde toisc nach léir dó nó di céard ba cheart dó a dhéanamh.
a réim choiriúil his criminal reign
" Rinneadh iarracht gach uile rud a bhí ceangailte le Hitler agus a réim choiriúil a dhíbirt (rud nár éirigh leo a dhéanamh go hiomlán - ach sin scéal eile).
a shinsir his ancestors
" Rinne an FIA diantaighde ar a shliocht is a shinsir agus tá siad den bharúil láidir nár Ghaeil iad na Fomhóraigh.
a mhatáin teannta his muscles tightened
" Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche.
a fhiacla druidte his teeth clenched
" Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche.
a chéile his partner
" Le linn do Ward a bheith á cheistiú thug na Gardaí a chéile isteach le ceistiú freisin.
a cheird his craft
" Óna athair a d'fhoghlaim Kawase a cheird.
a mhianta his desires
" Tagann éirí ar an bpríosúnach bocht; troideann sé go cróga in aghaidh a mhianta ach sa deireadh teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach… agus sin sin.
teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach his penis makes contact with the electric wire
" Tagann éirí ar an bpríosúnach bocht; troideann sé go cróga in aghaidh a mhianta ach sa deireadh teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach… agus sin sin.
ag coipeadh ina ghrua simmering in his cheeks
" An fhuil a bhí ag coipeadh ina ghrua ag tabhairt dath geal air, fuath agus fearg ag géarú a dhá shúil mar a bheadh dhá mheana ag tolladh duine éigin ar mo chúl.
dá mhuintir his people
" "Is beag duine a bheadh i gceantar a mbeadh Gaeilge ó dhúchas aige, gurb as an ceantar dá mhuintir, go raibh ceol aige, go raibh léamh an cheoil aige agus gur ealaíontóir cruthaitheach a bhí ann ó thaobh na hamhránaíochta de.
Chaill David Trimble a mhí-thapaí David Trimble lost his temper
" Chaill David Trimble a mhí-thapaí ar chlár theilifíse.
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd Mark will have his work cut out with her, he'll have more than enough to handle
" "Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd.
cuid dá shinsear some of his ancestors
" "Cuirfidh muid an t-eolas ar fad amach ansin agus fágfaidh muid faoin chuairteoir féin breithiúnas a thabhairt," arsa Tolle, a fuair amach agus an t-ionad á dhearadh aige gur Chaitlicigh darbh ainm Brady cuid dá shinsear, a chuaigh ar imirce ó Ard Mhacha.
as a stuaim féin by his own initiative
" Ba chóir don fhoghlaimeoir na focail nua a mharcáil le peann agus iad a chuartú i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill, ach thar aon rud eile ba chóir dó a mharana a dhéanamh ar achan struchtúr teanga nó teilgean cainte a thuigeanns sé, siúd is go bhfuil a fhios aige nach dtiocfadh leis a leithéid a rá ná a scríobh as a stuaim féin.
A mhacasamhail his like
" A mhacasamhail atá imithe!!! Idir an dá linn - nó "between the two swimming pools", mar a déarfadh lucht an Bhéarla - tá faighte amach ag gníomhairí rúnda "Beo ar Éigean" nach Balor atá ag scríobh an ailt seo ar chor ar bith an mhí seo.
céasadh a pháirtí tormenting his party
" Labhair leascheannaire an pháirtí, Reg Empey fán "aincheist mhorálta" a bhí ag céasadh a pháirtí de dheasca iad a bheith ag roinnt na cumhachta le Sinn Féin.
nach bhféadfadh sé a shaol a shamhlú that he couldn't imagine his life
" Nuair a d'fhiafraigh mé dó faoi chúrsaí ama, dúirt sé nach bhféadfadh sé a shaol a shamhlú gan an phéintéireacht.
a ghuth a chaitheamh to project his voice
" D'fhoghlaim Ó Searcaigh le linn a thréimhse sa cheardscoil an dóigh le dul i láthair daoine agus a ghuth a chaitheamh, rud a chuaigh go mór chun sochair dó blianta ina dhiaidh sin nuair a thosaigh sé ag léamh a shaothair go poiblí.
a Naofacht his Holiness
" Ní bhfuair a Naofacht ach an t-aon locht amháin air mar ghníomhaire rúnda: an tiomáint ghasta - chomh gasta sin agus nach bhfeiceann sé na comharthaí ná na fógraí ar na bóithre.
dá sheasamh for his position
" Tá eagraíocht nua, Irish Rural Dwellers Association, tosaithe ag Jim Connolly as Contae an Chláir le dúshlán a thabhairt don dearcadh cathrach agus tá tacaíocht láidir á fáil aige ar fud na tíre dá sheasamh.
ag deireadh na péice at the end of his tether
" Bhí an t-ádh dearg ar Bhróna nó bhí Frank ag deireadh na péice.
chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé he doesn't court with his money anyway
" "Sin an rud fá Frank," arsa sise léi féin, "chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé.
a ghuth his voice
" Níor chuala mé a ghuth riamh.
an eachtra a mhaitheamh dá mhac to forgive his son for the incident
" Fiú go lá a bháis, i mí Eanáir seo caite, ní raibh sé sásta an eachtra a mhaitheamh dá mhac.
a ainm a shaoradh ó mhilleán to clear his name
" Is ansin a tuigeadh dó go raibh air a ainm a shaoradh ó mhilleán.
gur ruaigeadh de Róiste as a phost that de Róiste was driven from his job
" Más amhlaidh go raibh Dwyer ag obair don rialtas ag an am, an bhfuil seans ann gur ruaigeadh de Róiste as a phost toisc go raibh eagla ar údaráis áirithe ag an am go bhfaighfeadh de Róiste, de bharr gur leifteanant é, an méid seo amach agus b'fhéidir tuilleadh.
ar theachtaireachtaí dá fhostóir on messages for his employer
" Bíonn an buachaill Kaim i gcónaí ag rith trasna na talún tirime donnbhuí, ag dul ar theachtaireachtaí dá fhostóir.
faoi dhraíocht ag báireoirí iontacha a linne féin under the spell of the great hurlers of his time
" An té a cheap nó a chum an ráiteas a théann leis na fógraí, measaim gur dóigh go raibh sé (nó sí) ina ghasúr i láthair i bPáirc an Chrócaigh nó i Staid Semple, Páirc Uí Chaoimh nó Páirc na nGael agus é nó í faoi dhraíocht ag báireoirí iontacha a linne féin.
sháith sé a ghaosán ann he stuck his nose in it
" Chuir sé an fíon thart sa ghloine, sháith sé a ghaosán ann agus chomh luath is a d'ól sé siar bolgam de, chuir sé soc air féin.
go bhfuil agam lena áit a dhéanamh that I have to take his place
" Déarfaidh mé leo go bhfuil agam le dhul ag obair, go bhfuil duine inteacht tinn agus go bhfuil agam lena áit a dhéanamh.
bhain a ráiteas stad asam his statement took me aback
" Ós rud é gur duine é mo chara atá go mór in éadan Shinn Féin, bhain a ráiteas stad asam.
i lár a staraíochta doilsí in the middle of his sorrowful story-telling
" 'Stop! Stop!' a scairt na moltóirí agus an t-amhránaí i lár a staraíochta doilsí.
lena achainí to his entreaty
" Is beag an seans, dar le Balor an Bhéil Bhinn, go n-éistidh na déithe lena achainí nó níor éist siad riamh lena chuid achasán.
lena chuid achasán to his reproaches
" Is beag an seans, dar le Balor an Bhéil Bhinn, go n-éistidh na déithe lena achainí nó níor éist siad riamh lena chuid achasán.
ar a bhealach bacánach bachallach abhaile on his limp crooked way home
" Tá súil ag Balor an tÍoltóir Ilteangach nach mbeidh an rud céanna le rá aige i mbliana agus a bhí le rá aige anuraidh agus é ar a bhealach bacánach bachallach abhaile ón Daingean ina charbad: "Bhí an tErectus sin ina cockup!" Nóta ón eagarthóir: Bhí an t-alt seo dhá uair chomh fada go dtí go ndeachaigh *highlighter *buí an phóicín cúil i mbun oibre.
ar an dé deiridh on his last legs
" An mhí seo caite, scríobh mé fán bharúil a bhí ann go raibh David Trimble ar an dé deiridh, foighid caillte ag Baile Átha Cliath leis agus fiú Londain ag éirí éiginnte fá cheannaireacht s'aige ar a pháirtí féin agus ar phróiseas na síochána go ginearálta.
a aigne his mind
" Cheapfá agus tú ag féachaint air nach raibh a aigne ar an gceol ar chor ar bith, ach caithfidh go raibh.
ruball a chóta the tail of his coat
" Bhíodh réimse uirlisí á chasadh aige agus nuair a bhíodh air athrú ó cheann go ceann, ba mhinic a thógadh sé ruball a chóta agus go ndéanadh sé damhsa beag i lár an stáitse.
ag comhlíonadh a chuid dualgas fulfilling his duties
" Deir sé go raibh sé ag comhlíonadh a chuid dualgas mar shagart ach go raibh sé an-deacair.
faoina chúram under his care/responsibility
" Chuaigh sé ansin i 1968 agus níorbh fhada ann dó nuair a bhí foireann na scoile faoina chúram agus cleachtadh agus traenáil ar siúl acu gach maidin agus tráthnóna.
Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire if there was a nip out of the top of his finger
" Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire ag Fergus bheadh Ita thart ar chos in airde go bhfeicfeadh sí cad é mar a bhí a peata féin.
gur mhaith an té a rachadh idir Nóirín agus a mháthair whoever would go between Nóirín and his mother would be a brave person
" " "Ó, níl orm ach cloigeann nimhneach agus tá mo ghaosán ina rith, sin é," arsa Fergus, nó bhí a fhios aige gur mhaith an té a rachadh idir Nóirín agus a mháthair.
a mhuintir his people
" " Bochtanas ======= Nuair a rugadh Ó Céidigh sa Spidéal i gConamara daichead is a cúig bliain ó shin, ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag a mhuintir ná ag bunadh na háite.
a chuid fuinnimh ar fad all his energy
" Thuig an Céideach taobh istigh d'am gearr go gcaithfeadh sé a chuid fuinnimh ar fad a chaitheamh leis an chomhlacht dá mba mhian leis é a fhorbairt.
a chomhreibiliúnaí his fellow-rebel
" Sna Flaithis, sula dtosaíonn a chuid eachtraí i Nua-Eabhrac, cuireann Collins ceist ar a chomhreibiliúnaí, Tom Clarke, cá bhfuil Dev.
ina phóca tóna in his ass pocket
" Nuair nach mbeidh le híoc acu ach an cúpla pingin beidh i bhfad níos mó ama acu le seanchac a scríobh agus an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, a choinneáil chomh gnóthach sin agus nach mbeidh am aige an *highlighter* buí sin a chur ar ais isteach ina phóca tóna.
trína shéanas through the gap in his upper front teeth
" "Ní raibh an tAire mí-aireach ach leath ag éisteacht liom, é i suan na muice bradaí agus é ag diúl blonag gé trína shéanas.
a gheallúint his promise
" I gcás an PfP, chaith an Taoiseach manifesto a pháirtí féin glan amach an fhuinneog agus tharraing siar a gheallúint go nglaofadh sé reifreann sula gcláródh an stát seo sa PfP.
Fuarthas a chorp báite his drowned body was found
" * Gluais • Glossary doirtealsink cith fearthainnea rain shower trup na veainthe noise of the van cabhsalane uiligall thriomaigh méI dried go bhfeicfinnuntil I'd see inneall an chairrthe engine of the car casta asturned off ar bheannaigh sé domhthat he greeted me modhúilgentle bradáinsalmon scadáinherring beithíochbeast boladh milis an éisc ár gclúdúthe sweet smell of the fist covering us leitheannaflat-fish troisccod Ar mhothaigh tú an toirneach?Did you hear the thunder? cibé ar bithanyway reoiteoirfreezer bheir sé ar na scadáin ina bpéiríhe caught the herring in pairs crágalarge hands gágcrack de bharraíochtin excess cúpla crág oighreoigea few handfuls of ice ina mullachon top of them bhog sé go fadálachhe moved slowly cruithump go foighdeachpatiently drochthimpistea bad accident is mór an garit's a good thing dhéanfaidh sin muidthat'll do gan a thomhaswithout weighing it dlaíóg ghruaigestrands of hair sa chisteanachin the kitchen cuma bhrónacha sad look ó mhaidinsince this morning corrlásome days deoirdrop go fuireachaircautiously ródhánatoo bold/cheeky sliosslice tarraingtto draw Tae uilig a ólaimseI only drink tea an aimsir seothese days Ailt an ChorráinBurtonport ráchairtrun, demand monarchainfactories d'fhear céileseyour husband iascairefisherman An ScreabánThe area in Gaoth Dobhair where factories are located cibé cá fhad is a mhairfeas sin!however long that'll last dhéanaim i dtólamh dearmadI always forget a cailleadhwho died an lá faoi dheireadhthe other day Char mhothaighI didn't (hear) stócach óga young lad ailsecancer cearrwrong Thug sé a bhásIt killed him bolgam taea mouthful of tea Fuarthas a chorp báitehis drowned body was found dhá chónairtwo coffins dhá fhairetwo wakes coisreacadh Dé orainnGod bless us A Dhia ár sábháilGod save us buille tromheavy blow bíodh slios den cháca sinséir sin agathave a slice of that ginger cake lán marahigh tide sruthánstream meascaithe leismixed with it slanntracha éiscfish scales fearthainnrain níochánwashing ar son an taefor the tea B'fhearr domhsa a bheith ag gabháil giota eileI'd better be going ar shiúlgone ag teacht isteach domhon my return uchtánarmful, load carried close to chest éadaí leaththirimehalf-dry clothes a smaointigh méthat I remembered nár íoc méthat I didn't pay
a chontae dúchais his native county
" asp) Aistríodh Mícheál arís i 1981, an uair seo go Luimneach, a chontae dúchais.
an-ghar dá chroí very close to his heart
" Bhí an-áthas ar Mhícheál nuair a bhuaigh Loch Garman Craobh na hÉireann ar deireadh i 1996, mar bhí muintir an chontae sin an-ghar dá chroí tar éis na haithne a bhí curtha aige orthu ar feadh sé bliana.
ina dhrandal dearg in his red gums
a cheird his trade
" Is duine é Liam a bhfuil tuiscint mhaith aige ar a cheird.