Pota Focal Intergaelic
diúl | giúl | il | ill | Iúil
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bís a líon a chur in iúl dying to show how many of them there are
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil naisiúnaithe ar bís a líon a chur in iúl.
le cur in iúl do dhaoine to inform people
" Fiú tá comharthaí anois ag Údarás na Gaeltachta le cur in iúl do dhaoine go bhfuil siad sa Ghaeltacht.
cuireadh tuairimí in iúl opinions were expressed
" Sna meáin chumarsáide, cuireadh tuairimí in iúl go tréan.
á chur féin in iúl expressing himself
" " Níor éirigh leis an oiread sin Gàidhlig a fhoghlaim ach ní raibh mórán deacrachtaí aige á chur féin in iúl nó ag tuiscint na ndaoine.
lena mbuíochas ó chroí a chur in iúl to express their gratitude
" Ar a laghad, ó Washington go Manhattan, is slí é dóibh siúd atá fós beo lena mbuíochas ó chroí a chur in iúl.
chun a féiniúlacht a chur in iúl to express its identity
" Tuigtear chomh maith go bhfuil dlúthbhaint idir teanga agus cultúr; tugann an teanga guth mothúchánach do shochaí chun a féiniúlacht a chur in iúl.
ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl he wasn't backward/shy about letting that be known
" Ní raibh dúil ar bith aige sa bhean a bhí Mark le pósadh agus ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl ach an oiread.
cuireadh in iúl dó he was informed
" An bhliain chéanna, nuair a iarradh ar chór a raibh de Róiste ina bhall de ceolchoirm Nollag a thabhairt i mbeairic Bhaile an Chollaigh i gCorcaigh, cuireadh in iúl dó nach mbeadh fáilte roimhe féin.
chuir siad in iúl they made it known
" Ach chuir siad in iúl go gcuirfeadh siad fáilte roimh stáisiún logánta le "substantial Irish language programming".
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe he made it known at the time of its founding
" Chuir sé in iúl ag am a bhunaithe go raibh dáimh faoi leith aige leis an Ghaelscolaíocht agus leis an oideachas iomlánaithe.
é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath express himself effectively soon
" Chun é sin a dhéanamh, áfach, ní mór dó é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath, taobh istigh agus taobh amuigh den Dáil.
Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí it seems he told the players
" Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b'fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.
iad féin a chur i iúl express themselves
" Is féidir le páistí óga iad féin a chur i iúl gan náire nó teorainn.
a chur in iúl to express
" Bhí sí oiread trína chéile nár thuig sí cad é a bhí i ndiaidh tarlú, bhí mearbhall rómhór uirthi le fios a bheith aici cad é a bhí sé ag brath, nó chun a cuid mothúchán a chur in iúl.
rud éigin álainn a chur in iúl to express something beautiful
" "Is rud neamhaí í an fhilíocht," a deir sé, "a bhrúchtann aníos nuair is mian le duine rud éigin álainn a chur in iúl.
a bhféiniúlacht a chur in iúl to express their identity
" Caithfear éirí as an mbréagchráifeacht i leith na teanga agus glacadh leis go bhfuil Gaeltachtaí áirithe faighte an-lag ach, ag an am céanna, go bhfuil spéis nua ag pobal na tíre sa teanga mar go dteastaíonn uathu a bhféiniúlacht a chur in iúl.
a n-iúl their attention
" Ar stócaigh is mó a bhí a n-iúl agus ba iadsan ábhar bhunús na cainte.
chun an mhaitheas a chur in iúl to express his goodness
" D'úsáid mé duilleog órga ar an gCríost chun an mhaitheas a chur in iúl.
trí chur in iúl dom by telling me
" Chiúnaigh mo mháthair mé trí chur in iúl dom gur i gCeanada amháin a bhí i gceist aici, agus go raibh an teanga á labhairt in Éirinn fós.
ag cur ár n-imní in iúl expressing our concern
" "Is é mo thuairim féin gur cheart domsa rud éigin a rá ag cur ár n-imní in iúl agus, á, ag tabhairt le fios go bhfuil súil againn go mbeidh cainteanna ar siúl.
ag cur in iúl dúinn informing us
" Is rí-chiniciúil an chaoi a gcaitheann an Rialtas le daoine dífhostaithe, ag cur in iúl dúinn gur leisceoirí iad uilig go léir ar chóir pionós de shaghas eicínt a ghearradh orthu.
ag cur a míshástachta in iúl go glórach expressing their dissatisfaction noisily
" Ach tuigeann na daoine go maith é agus tá siad ag cur a míshástachta in iúl go glórach.
mothúcháin do chroí a chur in iúl to express the feelings of your heart
" Caithfidh do ghlór mothúcháin do chroí a chur in iúl.
iad féin a chur in iúl to express themselves
" Ceantar ar foinse na teanga é, ina bhfuil idir óg agus aosta ábalta iad féin a chur in iúl gan rian ar bith den Bhéarla ar a gcuid cainte.
gur cuireadh in iúl dó that he was informed
" ” *Anuas air sin dúirt sé gur cuireadh in iúl dó nach bhfuil an finné nua ag seasamh leis an ráiteas a thug sé d’aturnae mhuintir Fullerton agus go bhfuil ráiteas nua tugtha aige don Gharda Síochána ó shin.
gan a dhath ar a iúl aige with nothing on his mind
" Bhí Ruairí ag tiomáint leis agus gan a dhath ar a iúl aige ach an cailín a bhí ina suí in aice leis.
chuir sé in iúl dúinn he informed us
" Cé go raibh sé i láthair ag an ócáid, chuir sé in iúl dúinn nach raibh an rialtas sásta pingin rua a thabhairt dúinn! Seo ag am nuair a bhí siad ag caitheamh €8 milliún ar an aeróg ghránna sin ar Shráid Uí Chonaill.
muid in iúl dóibh we informed them
" "Seachtain roimh an dunmharú, d'eagraigh an MRHPU cruinniú leis na póiliní agus leis an chomhairle áitiúil agus chuir muid in iúl dóibh chomh holc is a bhí rudaí sa cheantar.
nuair a chuir sé in iúl don mholtóir when he informed the referee
" Trí lá roimh an phionós ó UEFA, fuair Fowler moladh ó cheannaire FIFA, Sepp Blatter, as cothrom na Féinne a léiriú i gcluiche in aghaidh Arsenal nuair a chuir sé in iúl don mholtóir, Gerald Ashby, nach ndearna cúl báire Arsenal, David Seaman, feall air, rud a shíl an Ashby.
chuir mé in iúl I made it known
" Leagadh béim ar chúig bliana is fiche bheith tugtha aige ina Phápa agus mar fhreagra chuir mé in iúl gur thréimhse fhada í sin is nárbh fhearr dó post éigin eile a ghlacadh ar láimh ar son na héagsúlachta.
ar an iúl chéanna on the same track
" Choinnigh an bheirt ghruagairí ag caint leo agus iad ar an iúl chéanna agus níor mhothaigh Màiri an t-am ag dul isteach go dtí gur chuala sí an gruagaire ag rá, “ A Mhàiri, tá mé iontach buartha tú a choinneáil, ach mar a tchí tú tá rudaí ag cineál ag éirí thuas orainn anseo.
chuir mé in iúl I made it known
" Leagadh béim ar chúig bliana is fiche bheith tugtha aige ina Phápa agus mar fhreagra chuir mé in iúl gur thréimhse fhada í sin is nárbh fhearr dó post éigin eile a ghlacadh ar láimh ar son na héagsúlachta.
a mhíshástacht a chur in iúl to make their dissatisfaction known
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
a mhíshástacht a chur in iúl to make their dissatisfaction known
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
le cur in iúl to make it known
" Chroith mé mo ghuaillí le cur in iúl go raibh mé ag caitheamh tuairime agus dúirt mé “an chéad lá de mhí Mheán Fómhair, 1939”.
a chur in iúl don amadán seo to tell this fool
" Rinne na ceoltóirí iarracht a chur in iúl don amadán seo go raibh siad a scairteadh ‘Deis, clé.
níor cuireadh in iúl di roimh ré she wasn't informed in advance
" Níor cuireadh an t-alt seo i gcló isníor cuireadh in iúl di roimh ré nach gcuirfí.
chun cur in iúl don saol mór to let the world know
" Ar nós gadhair a dhéanann a mhún ar chrann, chun cur in iúl don saol mór gur leisean an fearann sin.
é sin a chur in iúl di to inform her of that
" Ba mhó an tuiscint a fuair sé ar chúrsaí bólachta ná ar chúrsaí polaitíochta le linn chuairt an Aire ar an mhí seo a chuaigh thart, áfach, agus ní raibh drogall ar bith air é sin a chur in iúl di an lá cheana, agus an bheirt acu arís ina suí cois na tine i bpluais Bhaloir.
le cur in iúl dóibh to inform them
" Chuir mé scairt ar mo chairde ar mo ghuthán póca le cur in iúl dóibh go raibh gach rud ceart go leor, focail dheireanacha cháiliúla, mar a deir an Béarla, mar cúpla bomaite ina dhiaidh sin thit mé i muc shneachta.
chun sin a chur in iúl. to express that.
" Ma tá lúbaireacht ionat agus rudaí casta taobh istigh ionat, is gá múnlú a dhéanamh ar an dteanga chun sin a chur in iúl.
Cuireadh in iúl dó he was informed
" Agus an chúis a bhí lena chinneadh? Cuireadh in iúl dó nach mbeadh cead aige a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas.
a chur in iúl. to express.
" Baintear úsáid as an bhfocal Béarla as go minic chun ‘an-’ nó ‘fíor-’ a chur in iúl.
a theastaigh uaim féin a chur in iúl. that I wanted to express myself.
" AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat féin ar an albam? LMacM: "Johnny Seoighe", mar ceapaim gur léirigh Mícheál Ó Briain, an ceoltóir a sheinn liom, na mothúcháin cheannann chéanna a theastaigh uaim féin a chur in iúl.
Cuireann sé in iúl he makes it known
" Cuireann sé in iúl nach dteastaíonn uaidh mórán níos mó ama a thabhairt sa sluachampa géibhinn seo.
chuir PO in iúl PO made known
" Mar chomhartha ar an athrú atá i ndán d'iompar na Polainne ag leibhéal na hEorpa, chuir PO in iúl lá i ndiaidh an olltoghcháin go dteastaíonn uathu go mbeidh an Pholainn ar an gcéad tír a dhaingneoidh an conradh.
sula gcuireann an roinn in iúl dó before the department tell him
" Is minic a bhíonn ar dhídeanaí fanacht suas le dhá bhliain sula gcuireann an roinn in iúl dó cé acu an bhfuil cead ag a chéile nó ag a leanbh teacht go hÉirinn.
le mo chuid cruthaitheachta a chur in iúl. to express my creativity.
" Chuaigh mé leis an aisteoireacht agus leis na puipéid an chéad lá riamh mar gur theastaigh uaim bealach a bheith agam le mo chuid cruthaitheachta a chur in iúl.
a chuir in iúl roimhe seo who have previously shown
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; except for all of my faults being pointed out to me
" Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; níor cuireadh comhairle ar bith orm maidir leis an dóigh a bhfeadfainn na lochtanna sin a leigheas.
chuir sé in iúl go láidir he said strongly
" Bhí imní air faoi thionchar na ruathar ar na daoine, ach chuir sé in iúl go láidir nach raibh siad go léir ag iarraidh scaradh ón Stát.
le cur in iúl dom to inform me
" **Bás Sheáin**Bhí mé ag déanamh staidéir ar an dráma *Lá Fhéile Mhichíl* sa bhaile nuair a fuair mé scairt ó Mháirtín ar an 6 Márta 1988 le cur in iúl dom go raibh Seán agus a chomrádaithe marbh i nGiobráltar.
gur éirigh leo é sin a chur in iúl fiú sa stiúideo taifeadta. they managed to portray that even in the studio
" Deir sé nach mbíodh na ceoltóirí sin in iomaíocht lena chéile ach go mbíodh siad i gcónaí “ar thóir na splaince, an mhothúcháin” agus gur éirigh leo é sin a chur in iúl fiú sa stiúideo taifeadta.
le rud a chur in iúl. to express something.
" Ach tá fiúntas ag baint le siamsaíocht – tá fiúntas i rudaí a osclaíonn do chuid súl, a spreagann ceisteanna agus a léiríonn bealach eile le smaoineamh ar chúrsaí, nó bealach eile le rud a chur in iúl.
cur in iúl to let it be known
" Chrom gach duine eile a bhí i láthair a gcinn chun cur in iúl gur go maith a thuig siad an méid sin.
chur in iúl to let it be known
" D’insíodh sí go minic an scéal gur shocraigh sí lá gur cheart di a chur in iúl don phápa, Eoin Pól II a bhí ann, go raibh sí ag cur frithghinniúint ar fáil do na mná a bhí faoina cúram.
a chur in iúl to notify
" Is é an míniú a bhí ag an gclann ná nár thuig siad gur ghá bás na seanmháthar a chur in iúl do na húdaráis sa Fhrainc.
chuireann in iúl makes known
" Imríonn an tEarrach, an Samhradh, agus an Fómhar ar shaol an duine ar bhealaigh éagsúla agus múineann siad a gceachtannaí féin dúinn faoi thimthriail an tsaoil, ach is é an geimhreadh a chuireann in iúl, go crua cinnte, nach dtugann rud ar bith ach a sheal.
chur in iúl to make known
" Nuair a chinn Áine Tyrell a chur in iúl go poiblí gur éignigh a hathair, Liam Adams, deartháir Gerry, í ar bhonn rialta le tamall fada de bhlianta, anuas ar thragóid ollmhór phearsanta Áine, tá na ceisteanna céanna á gcur fá iompar Gerry Adams is atá á gcur fá iompar na n-easpag ó dheas.
n-iúl interest
" Is ansiúd a bhíonn a n-iúl is a n-aird don chuid is mó, faraor.
cur in iúl make known
" Go deimhin, bhain urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, Frank Feighan, leas as an ócáid sheolta le cur in iúl go mbeidís ag déanamh athbhreithniú ar mholadh a rinne ceannaire an pháirtí go ndéanfaí ábhar roghnach don Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Sóisirigh.
cuireadh é sin in iúl that was pointed out to me
" Cad déarfá faoi na feisirí a d’fhan sa seomra sin faoin gcoinníoll nach sceithfidís eolas Rehn lena gcuid vótóirí?** SÓhU: Caithfidh siad súd labhairt dóibh féinig, ach, cinnte ó mo pháirt féin, cuireadh é sin in iúl, ón gCoimisinéir.
in iúl known
" Ba iad bunaitheoirí SymbioticA, Oron Catts agus Ionat Zurr, a chruthaigh na figiúirí beaga seo agus déanann siad tagairt don traidisiún Guatamalach ina gcuireann páistí a mbuairt in iúl do bhábóg.
á gcur féin in iúl expressing themselves
" An ndéarfá gur taobh na healaíne a chuir thú féin agus an chuid eile sin den teaghlach leis an gceol?** RÓS: Meas tú? Ní luaitear an ealaín chomh gar sin leis an gceol ach is dóigh go mbíonn daoine á gcur féin in iúl sa dá réimse sin.
chuir sé in iúl he made known
" Is ríogaí coimeádach é Tony Abbott, ceannaire an fhreasúra, agus níorbh aon ionadh é nuair a chuir sé in iúl go neamhbhalbh go bhfuil sé glan in aghaidh athraithe.
in iúl made known
" An Tinfeadh ====== Chuir cuid den ghlúin sin a mianbhac in iúl tríd an cheol, ach fuair David Jacques inspreagadh i saothar an ealaíontóra Mheicsicigh Diego Rivera agus thosaigh sé féin ag péinteáil.
níor chuir siad in iúl é they didn't make known
" Ach má thuigeann páirtithe polaitíochta na hÉireann cén cruth a bheidh ar státnáisiúin bheaga san fhiche bliain atá amach romhainn, níor chuir siad in iúl é.
le cur in iúl dom to tell me
" D'inis mé dó go raibh fúm dreapadh suas Raeburns Gully ar Chreag Meagaidh (1130 méadar) Dé Domhnaigh, ach chuir sé scairt orm oíche Dé Sathairn le cur in iúl dom go bhfaca siad maidhm shneachta ansin i rith an lae agus bheadh sé róchontúirteach.
cuireann sé in iúl it lays bare
" Bíonn tionchar ar an aigne ag baint lena mhodh péintéireacta saonta agus cuireann sé in iúl go láidir na mothúcháin agus an gaol atá aige lena cheantar dúchais tríd na dathanna láidre a úsáideann sé chomh maith leis an lámh oilte láidir atá aige ar an scuab.
níor chuir mé in iúl é go poiblí I didn’t make it known publicly
" Bhí mo dhearcadh féin agam ach níor chuir mé in iúl é go poiblí,” ar sé.
chur in iúl to make known
" D'ionsaigh sé córas aicmeach na Breataine agus d'úsáid sé aoir sna drámaí chun an teachtaireacht a chur in iúl.
chur in iúl to make known
" Chuir cuid mhaith againn litreacha chuig: *Bobby Sands MP, House of Commons, Westminster* chun ár dtuairimí faoin daonlathas sa Bhreatain a chur in iúl.
cuireann sé in iúl it shows
" Tá feasóg agus gruaig chatach niamhrach ar an dealbh agus súile déanta as eabhar agus adharc dhubh atá ábalta bogadh ina chloigeann! Níl an dealbh seo cruthaithe ar bhonn réalaíoch ach cuireann sé in iúl tréithe tarchéimnitheacha an naoimh.
cur in iúl to make known
" Ba as Cumbria Shasana d’Atkinson agus dúírt sé go raibh sé ag iarraidh rud éigin neamhghnách a dhéanamh le cur in iúl do phobal Shasana cad é a bhí ag tarlú i dTuaisceart Éireann ag an am agus an tslí a raibh saoirse shibhialta á creimeadh go mór sa Ríocht Aontaithe.
an tuairim sin a chur in iúl letting that be known
" Cé go bhfuil muidne an-tógtha leis an teanga, cultúr, logainmneacha agus mar sin de, is pian sa tóin iad do roinnt daoine eile agus ní bhíonn aon drogall orthu an tuairim sin a chur in iúl.
chuir sé in iúl he made known
" Ar thrí ócáid eile chuir sé in iúl: *“that he had the gravest doubts about the fundamental viability of the company and about the possibility of its ever achieving profitability.
chuir mé in iúl I let it be known
" In alt a scríobh mé don Irish News, chuir mé in iúl nár thosaigh polaitiú na Gaeilge le Sinn Féin ach le Reacht Chill Chainnigh (1366), An Concas Túdarach, Acht an Oideachas 1831 síos go dtí rámhaillí an Irish Independent sa lá atá inniu ann.
chun a ngráin don teanga a chur in iúl to portray their bitter hatred
" Ach tríocha bliain ó cuireadh deireadh le pionós corpartha i scoileanna na tíre, meas tú an bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an tuairim smolchaite gur buaileadh an teanga isteach ionainn? Ocht mbliana déag ó baineadh Peig den Ardteist an bhfuil sé in am fosta ag an ghlúin úr teacht ar phearsa fuatha eile chun a ngráin don teanga a chur in iúl? Agus cén chomhairle a chuirfinn orthu siúd uilig a shamhlaíonn gurb é cuimhní cinn seanmhná as Ciarraí tús agus deireadh gach oilc? Mar a déarfadh Muimhneach cáiliúil eile, Roy Keane, *'Get over it!'*
chuir sé in iúl he let it be known
" Agus é lán de cheartaiseacht agus d’fhíréantacht, chuir sé in iúl don Teachta Pinc gur trí chéad seasca is a sé lá atá sa bhliain 2012, agus go raibh Micí Wallace ag iarraidh an fhírinne a cheilt arís i dtaca lena chuid de mhaoin an tsaoil seo.
le cur in iúl to let it be known
" Sin ráite, chuaigh McGuinness – a bhfuil go leor miotas, i bhfách agus in éadan, faoi – go Teach Parlaiminte na Breataine an lá dár gcionn, le cur in iúl d'fheisirí thall go raibh Sasain mar rannpháirtí sa chomhrac ó thuaidh agus nach “réiteoirí neodracha” a bhí iontu.
chur in iúl to let (this) be known
" Ar an dara lá de Nollaig, 2009 scríobh an tOmbudsman agus Coimisinéir Faisnéise, Emily O Reilly, chuig an Aire Ó Cuív ag deimhniú go raibh a hOifig tiománta do chur i bhfeidhm na ngealltanas a tugadh sa dréachtscéim agus go raibh súil aici go mbeadh an Roinn “i dteagmháil linn arís chun é seo a chur in iúl gan mhoill.
Tuairim Curtha in Iúl an opinion has been given
" Tuairim Curtha in Iúl ========= Ach is cuma liom ag an pointe seo: chuir mé mo thuairimí chuig na húdaráis agus más mian leo neamhaird a thabhairt orthu agus olc a chuir ar thurasóirí, sin a rogha féin.
cuireadh an iúl dom I was informed
" Foireann na Gailíse, ba ar éigean a d'fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir í agus cumann na bhFillos, ach gur cuireadh an iúl dom i ndiaidh an chluiche gur dheineas dearmad beag ina thaobh seo.
in iúl (let) it be known
" Chuir uachtarán SAM, Barack Obama, in iúl go mbeadh athrú i gcleachtas na n-údarás inimirce maidir le hinimircigh óga lasmuigh den dlí.
in iúl (made) known
" Sa bhliain 1931, eisíodh meamram, Spelling of Irish in Official Documents, lenar cuireadh stíl na Rannóige in iúl don státseirbhís agus inar moladh leas a bhaint aisti.
cuireadh in iúl do na baill the members were informed
" Ag cruinniú deiridh an Choiste Athbhreithnithe ar 15/6/2011, aontaíodh an cháipéis agus cuireadh in iúl do na baill go gcuirfí faoi bhráid an Rialtais í agus go bhfoilseofaí í an samhradh sin.
chuireann in iúl dúinn lets us know
" An bhfuil an bhean ag fanacht le duine agus í ag amharc amach an fhuinneog go dóchasach nó an bhfuil sí ag amharc ar dhuine éigin atá i ndiaidh imeacht? Tuigeadh uirlísí ceoil i bpictiúir ag an am seo mar chomharthaí grá croí agus seirce agus chomh maith lena liúit, feictear uirlis eile ina luí ar an urlár breac-chearnógnach, rud a chuireann in iúl dúinn go bhfuil leannán na mná mar fhothéacs sa phictiúr agus go bhfuil muid ag amharc ar mheandar sioctha ama.
ba mhó a raibh mé ag iarraidh cur in iúl I most wanted to drive home
" Mhothaigh mé iontach compordach i measc na ndaoine seo ar cúis éigin agus, go malltriallach, de réir mar a fuair mé amach faoina mbeatha, d'aithin mé go raibh mothúcháin acu sin a bhí an-chosúil leis na mothúcháin a bhíonn agam féin, go raibh mé ar cineál "am-líne mothúchán" agus sin an rud ba mhó a raibh mé ag iarraidh cur in iúl," ar sí.
iad féin a chur in iúl dá chéile to express themselves to each other
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
le magadh nó drochmheas a chur in iúl to express distain or to mock
" I mBéarla a bhí an dráma, ach bhí focla Máltaise ann freisin le magadh nó drochmheas a chur in iúl.
a chur in iúl to let it be known
" Tá súil agam go mbeifear in ann an bhliain a úsáid le dhá rud a dhéanamh: (i) i dtosach, a chur ar a súile do mhuintir na hÉireann nach bhfuil i straitéis an rialtais i dtaobh pleanáil teanga sa Ghaeltacht ach cur i gcéill ó thús go deireadh, ar a bhféadfaí go leor airgid poiblí agus fuinnimh pobail a chur amú gan toradh ar bith dá bharr agus (ii) a chur in iúl don Aontas Eorpach, ag an leibhéal is airde, go bhfuil cuid tábhachtach d’oidhreacht cultúir na hEorpa i mbaol de dheasca cur i gcéill an rialtais anseo, maidir le caomhnú na Gaeilge sna ceantracha ina bhfuil sí fós ina teanga bheo.
le cur in iúl to inform people
" D’eisigh an Bord ráiteas ag an am le cur in iúl go mbeadh moladh faoina bhráid ag an chéad chruinniú eile an mhí seo chugainn le breathnú ar ainmneacha malairte Maoraise.
d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl to describe a massive change
" Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’.
le cur in iúl to make it known
" Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua taobh le geata na reilige le cur in iúl go bhfuil muintir Uí Cheallaigh curtha inti.
cuireadh in iúl it was made known
" I dtuairisc a d’eisigh Coiste Eorpach na gCeart Sóisialta níos luaithe i mbliana cuireadh in iúl go raibh Éire ag sárú roinnt mhaith ceart atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa.
Mí Iúil seo chuaigh thart last July
" Bhí an t-ionsaí a rinne na faisistithe ar mhórshiúl ‘Comóradh Jim Larkin’ i Learpholl Mí Iúil seo chuaigh thart ina ‘shlógadh náisiúnta’ dóibh agus tháinig siad ó gach cearn den tír le haghaidh an foréigin, mhaigh sé.
ionracas na dígnite sin a chur in iúl to describe the honesty of that dignity
" Le linn díospóireachta cairdiúla i dtigh tábhairne éigin i Ulysses, d’éirigh le Joyce ionracas na dígnite sin a chur in iúl le híomhá chorraitheach.
Táimid ag cur in iúl dóibh go measúil we’re letting them know, with respect
" Táimid ag cur in iúl dóibh go measúil go bhfuil dul amú orthu ar an dá cheist,” ar sé.
a dtuairimí a chur in iúl to make their opinions known
" An Dushlán ===== Tá aidhm ríthábhachtach ag an bpobal, ag bailte, agus ag tuismitheoirí an chloch is mó ar a bpaidrín agus a dtuairimí a chur in iúl don Rialtas agus an Roinn Oideachais.