Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dtuilleamaí depending on
" Ach bhí máinliath na scine róghnóthach ag gearradh is fágadh an slua i dtuilleamaí a gcuid smaointe is a gcuid freagraí fánacha féin.
ní mór do go leor daoine dul i dtuilleamaí an fhoclóra a lot of people have to rely on a dictionary
" Tá a shaothar dúshlánach, go háirithe ó thaobh na teanga de, agus ní mór do go leor daoine dul i dtuilleamaí an fhoclóra agus iad á léamh.
i dtuilleamaí mo rangsa dependent on my class
" Bhíos go mór i dtuilleamaí mo rangsa fad is a bhí an treoraí ag cur de, mar bhí an Ghàidhlig an-ramhar go deo aige.
dul i dtuilleamaí an chórais to rely on the system
" Ní mór dóibh siúd dul i dtuilleamaí an chórais, fiú más lochtach an córas é.
i dtuilleamaí an chairr. dependent on the car.
" Níl aon chóras taistil poiblí ceart lasmuigh den ardchathair agus ní haon iontas é go bhfuil muid chomh mór sin i dtuilleamaí an chairr.
i dtuilleamaí na ndeontas an iomarca. overly dependant on grants
" Margadh?An cheist is mó agus is bunúsaí, is dócha: an bhfuil pobal na Gaeilge (pé rud é sin) sásta nuachtán laethúil Gaeilge a cheannach? Léireodh taithí *Lá* agus *Lá Nua* nach bhfuil go leor acu sásta é a dhéanamh chun go mbeadh rath ar an nuachtán agus nach mbeadh sé i dtuilleamaí na ndeontas an iomarca.
téann siad níos mó i dtuilleamaí an chairr they depend more on the car
" Agus faitíos ar dhaoine roimh shiúl agus roimh rothaíocht mar gheall ar chomh dainséarach is atá na bóithre, téann siad níos mó i dtuilleamaí an chairr.
i dtuilleamaí dependant
" Cuimhnímis gur i dtuilleamaí leathuair an chloig a bhíodh an Ghaeilge ar an teilifís i rith an Gheimhridh scór go leith bliain ó shin.
i dtuilleamaí dependent on
" Tá tíortha áirithe in oirthear na hEorpa atá i dtuilleamaí an gháis sin go huile is go hiomlán agus le linn an choisc bhí na céadta míle duine fágtha gan teas i lár gheimhreadh fuar na hilchríche.
i dtuilleamaí depending on
"i dtuilleamaí instinne amháin atá siad.
i dtuilleamaí dependent on
" Is bocht an scéal é go mbeadh tograí tábhachtacha straitéise a bhaineann leis na 26 chontae amháin i dtuilleamaí bheannacht leithéidí Nelson McCausland nó Gregory Campell! Bheadh sé de bhuntáiste ag an struchtúr úr go mbeadh cur chun cinn na teanga i lámha áisínteachta as féin abhus, beag beann ar pholaitíocht na sé chontae.
i dtuilleamaí depending
" Fuíoll Fógraí? Ach theip ar aon nuachtán Gaeilge go n-uige seo líon cruthanta de fhógraí a mhealladh ón earnáil phríobháideach, agus iad i dtuilleamaí, cuid mhór, ar fhógraíocht stáit agus ar phinginí beaga ó na heagrais Ghaeilge.
i dtuilleamaí resorting to
" Leasú Dá Laghad ======== Ní raibh an eagraíocht ag iarraidh athaontú na tíre, bhí siad ag éileamh comhionannais mar gur chreid earnálacha éagsúla náisiúnaíoch go dtitfeadh an tóin as an stát seicteach ó thuaidh dá scoirfí na bunphrionsabail ar a raibh sé bunaithe agus go dtarlódh sin gan dul i dtuilleamaí feachtais mhíleata.
i dtuilleamaí dependent on
" Bhí na modhanna taistil seo costasach, ach dá mbeadh gluaisteán agat, ní bheifeá i dtuilleamaí amchláracha níos mó.
i dtuilleamaí dependent on
" Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla.
i dtuilleamaí an fhlaithis dependent on sovereignty
" Fágfar an pobal i dtuilleamaí an fhlaithis, mar dhea, in eireaball scuaine an bhosca vótála.
i dtuilleamaí a chéile co-dependent
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
beifear i dtuilleamaí an deontais the grant .... shall be depended upon
" Ina éagmais sin, beifear i dtuilleamaí an deontais de €300,000 sa bhliain atá á thairiscint ag Foras na Gaeilge.
i dtuilleamaí ar a chuid airgid depending on his money
" Tugann sé geall go mbeidh sé ábalta a bheatha a shaothrú ar feadh sé mhí gan a bheith i dtuilleamaí ar a chuid airgid.
gan dul i dtuilleamaí an choinscríofa. without resorting to conscription.
" Tá fonn ar an Uachtarán Bush níos mó saighdiúirí a chur chun na hIaráice, ach cén áit a bhfaighidh sé iad, a fhiafraíonn Brian Ó Broin, gan dul i dtuilleamaí an choinscríofa.
i dtuilleamaí dependent on
" Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.