Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thit sí i gceann a cos she collapsed
" Cuireadh bindealán ar a glúin san otharlann, agus nuair a d'fhill sí ansin Dé Máirt le haghaidh scrúdú eile, thit sí i gceann a cos.
sula raibh sé i gceann a chéile aige before he had assembled it
" Ní bheadh éalú ó chur an fhútóin le chéile nó bheadh orthu luí ar an urlár gan é, agus chuir Seán scrios agus fiche ar an diabhal rud sula raibh sé i gceann a chéile aige.
i gceann a chéile together, a couple
" Ní raibh Cathal ná Bríd le feicéail ar chor ar bith agus, ar ndóighe, níorbh iontas mór ar bith sin, nó ghlacfá a bheith i do bhodhrán amach mura n-aithneofá go raibh an bheirt udaí i gceann a chéile.
i gceann a chéile at each other
" Ba bheag an tsócmhainn aige iad a bheith i gceann a chéile na laetha seo, nó bhí siad beirt chomh colgach sin gur thóg an rud ba lú amuigh iad.
a gcomhairlí a chur i gceann a chéile to put their heads together
" Caithfidh gach duine a bhfuil baint aige leis an bhfadhb áirithe seo – idir mhúinteoirí, thuismitheoirí, shíceolaithe, ghardaí agus dhaoine óga – a gcomhairlí a chur i gceann a chéile le go dtiocfar ar bhealaí chun dul i ngleic léi.
i gceann a chéile together
" Mac Cárthaigh Neamhcharthanach ================ In alt a scríobh Colm McCarthy (údar na tuarascála a chuir an ‘bord snip nua’ i gceann a chéile) ar an Farmers Journal an mhí seo caite, leag sé an-bhéim ar chostas an tSeanaid agus é ag moladh go gcuirfí deireadh leis.