Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcontúirt a mharaithe in danger of being killed
" Síleann sé anois go bhfuil sé i gcontúirt a mharaithe ag dílseoirí faoi stiúir an Bhrainse Speisialta.
i gcontúirt an bháis in danger of dying
" Chaith sé é féin isteach san fharraige, gan snámh aige: “Is iomaí uair a bhí mé i gcontúirt an bháis ón tráthnóna a léim mé isteach i seacht dtroithe uisce ar chladach uaigneach agus gan bang ar bith snámha agam.
i gcontúirt in danger
" Cé go mbíonn sé i gceist acu cabhair a thabhairt don eán róin, uaireanta, ní bhíonn siad gortaithe ar chor ar bith, agus tá an bhainirseach san fharraige leis an mac ar an trá ag glacadh sosa! Bheadh an bhainirseach an-chrosta le duine ar bith a thiocfadh i ngaobhar dá heán, agus is féidir leo a bheith an-ionsaitheach ar fad má cheapann siad go bhfuil an t-eán i gcontúirt.
i gcontúirt mhór in great danger
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
i gcontúirt a múchta endangered, facing extinction
" Ní raibh ach 145 de na teangacha seo fós ar marthain, de réir tuarascála a foilsíodh sa bhliain 2005 agus, mar bharr ar an donas, bhí a bhformhór acu lagaithe go mór agus i gcontúirt a múchta, mar a míníodh ar an iris seo (eagrán 110, Meitheamh 2010).
i gcontúirt a mbáite about to drown
" Dá mbeimis féin sa chás céanna agus go raibh duine clainne linn caite amach i gcontúirt a mbáite, níl amhras ach go ndéanfadh go leor againn an rud ceannann céanna.
i gcontúirt endangered
" **SMM: Cad é do bharúil faoi Ghaeilg na hAlban faoi láthair? An bhfuil sí i gcontúirt?** AW: Tá sí i gcontúirt go fóill, gan amhras.
i gcontúirt mhór, faraor greatly endangered alas
" Is ceist bheo í seo, gan amhras ar bith agus tá an cuimsiú fairsing seo le moladh go mór tharla gur ríchosúil go bhfuil tobar ár saíochta, an slabhra gan briseadh sin, an Ghaeltacht, i gcontúirt mhór, faraor.
i gcontúirt in danger
" Bhí *Twisst* féin i gcontúirt ó algartam turscair *Twitter* a chur stop leis na mílte giolcanna a chuireann an tseirbhís seo chuig úsáideoirí ach tá réiteach socraithe acu.
i gcontúirt in danger
" Noam Chomsky, Norman Finkelstein, Israel Shahak agus daoine nach iad, tá siad go léir faoi amhras agus i gcontúirt an uisce faoi thalamh a ghníomhaíonn go láidir i gcoinne easaontóirí i SAM, de réir leabhair atá léite ag Maidhc Ó Cathail.
i gcontúirt in danger
" An té a eitlíonn isteach go Meiriceá agus atá dall ar easpa chóras traenach mar is eol dúinn a leithéid in Éirinn é, tá sé i gcontúirt corrbhotún a dhéanamh ina chuid socruithe taistil i rith a sheal i Meiriceá.
atá i nguais easláinte nó i gcontúirt an bháis féin who’s health is endangered or even their very lives
" Chuir Lorna Ní Thomáin spéis i scéal Simon Metin, fear óg a tháinig slán ón ngalar troscaidh agus atá ag iarraidh cuidiú le daoine óga eile atá i nguais easláinte nó i gcontúirt an bháis féin.
ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne making B. liable to become sick
" Tá roinnt cásanna cúirte ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne nó fiú baol an urchair mhillte.