Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcur i láthair presentation
" Tá a fhios agam go bhfuil ábhar maith sa "taispeántas" atá in Ceol mar go raibh mé féin, in éineacht le roinnt eile, páirteach i roghnú, i leagan amach, agus i gcur i láthair an eolais atá ann.
cur i láthair ó bhéal oral presentation
" Scileanna ar nós cur i láthair ó bhéal, cruinniú a eagrú nó idirbheartaíocht a dhéanamh.
teacht i láthair presence
" Níl teacht i láthair ar bith sa bhean atá aige," arsa an t-athair.
cur i láthair the presenting of
" Agus tá an rud céanna fíor maidir le tráchtaireacht ar chúrsaí spóirt, cur i láthair na nuachta agus na haimsire, cláracha faisnéise agus araile.
i láthair present
" Bhí Gina Adair, bean chéile Johnny "Mad Dog" Adair, agus a triúr páistí ina gcodladh ag an am, agus bhí na póilíní i láthair cúpla nóiméad tar an ionsaí.
an cur i láthair delivery, presentation
" Níor thuig mé ach cúpla focal anseo is ansiúd, ach thaitin an cur i láthair go mór liom.
ag cur i láthair presenting
" Bhí mé ag cur i láthair cláir ansin de cheol as Galicia, ar ar thug mé "Gaita".
bhíos i láthair I was present
" Bhí an tOireachtas ar siúl i nGaillimh an bhliain sin agus bhíos i láthair i ról oifigiúil, mar ionadaí de chuid An Chomuinn Ghàidhealaigh, eagraíocht in Albain a chuireann tacaíocht ar fáil do theanga agus do chultúr Gàidhlig na tíre.
an gcur i láthair presentation
" Tá róbhéim anois ar an gcur i láthair.
clár dátheangach a chur i láthair to present a bilingual programme
" AÓF: Cad as a dtáinig an smaoineamh an chéad lá riamh? JMcB: Nuair a tháinig Raidio Phobal Inis Eoghain ar an aer ceithre bliana ó shin iarradh orm féin clár dátheangach a chur i láthair.
chuir sé i láthair he presented
" Taighde ar chaitheamh fulangach ======= Thug Maurice Mulcahy léacht don UK Environmental Health Officers Conference in Bournmouth anuraidh agus chuir sé i láthair an t-eolas a fuair sé ón taighde a rinne sé ar chaitheamh fulangach.
tú féin a chur i láthair to present yourself
" “Ar líne, is féidir leat tú féin a chur i láthair mar atá tú i ndáiríre, gan an imní shóisialta a bhrath a bhíonn i gceist agus tú ag iarraidh déanamh amach cén dóigh a bhfuil tú ag dul i bhfeidhm ar dhuine.
á cur i láthair being presented
" Mar chlár teilifíse, ní thiocfaí a rá go bhfuil mórán stíle nó cruthaitheachta ag baint le “Rip-Off Ireland”, ach sa chás áirithe seo is í an teachtaireacht atá á tabhairt, seachas an tslí a bhfuil sí á cur i láthair, atá ag spreagadh daoine chun díospóireachta.
i láthair an amhránaí in the presence of the singer
" Cé gur fearr i bhfad a bheith i láthair an amhránaí is iontach an rud é a bheith in ann éisteacht in am ar bith le dlúthdhiosca.
ag cur srath fonn i láthair introducing a set of tunes
" Martin ag cur srath fonn i láthair.
cur i láthair éifeachtach effective presentation
" Bíonn Natasha féin ag cur comhairle ar dhaoine aonair maidir lena slí bheatha agus ag cur oiliúna orthu maidir le cur i láthair éifeachtach a dhéanamh, agus bíonn Cilian ag ullmhú daoine le bheith ag plé leis na meáin chumarsáide.
i láithreacha oibre iata. in enclosed places of work.
" Níor rith sé leo an "cleas Éireannach" a imirt ar lucht an tobac agus a rá nach bhfuil sé ceadaithe san Aontas Eorpach tobac a chaitheamh i láithreacha oibre iata.
cur i láthair cláracha teilifíse presenting television programmes
" Mar a fuair mé amach, áfach, ní hé cur i láthair cláracha teilifíse an t-aon phost amháin atá ag an bPolannach óg seo.
go mbeidh clár as Béarla á chur i láthair aici that she'll be presenting an English programme
" Meallaim uaithi go mbeidh clár as Béarla á chur i láthair aici ar City Channel sna seachtainí amach romhainn.
an leadránaí a bhíonn á chur i láthair, the bore who presents it,
" Agus cé a d'aithneoidh an difear idir damhsa na Rúise agus an stuif a théinn amach beo ar *Steip* gach bliain? Ní bheidh a fhios ag Joe Ó Doornail, an leadránaí a bhíonn á chur i láthair, ar scor ar bith.
i láthair. present.
" Líontar staid pheile Olscoil Michigan in Ann Arbor gach Satharn imeartha freisin – bíonn 110,000 duine i láthair.
a bheith i láthair to be present
" Ba é *ethos* na scoile ná gur scoil rugbaí í agus go mbeadh sé mar dhualgas agus mar phribhléid a bheith i láthair dá roghnófaí tú d'fhoireann na scoile.
conas iad féin a chur i láthair how to present themselves
" Dar leo, ní thuigeann na deartháireacha Kaczynscy conas iad féin a chur i láthair os comhair an phobail agus os comhair mheáin chumarsáide an domhain shibhialta.
i láthair present
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
i láthair present
" Bhí roinnt saineolaithe dlí i láthair ag an gcomhdháil i gCorcaigh a cháin an sainmhíniú cúng ar theaghlach.
i láthair present
" Bhí slua mór Éireannach i láthair agus sé nó seacht scáileán teilifíse timpeall an tí sa chaoi is go raibh radharc breá ag gach duine ar an gcluiche.
teacht i láthair presence
" An teacht i láthair a bhí ann.
leis an tsraith a chur i láthair, to present the series,
" Ba é sin an fáth ar roghnaigh mé Neelo (Niall MacDonagh, láithreoir teilifíse a bhíonn le feiceáil ar TG4) leis an tsraith a chur i láthair, mar go bhfuil Gaeilge Bhaile Átha Cliath aige.
chuir sí cineálacha éagsúla cláracha i láthair she presented various kinds of programmes
" Rinneamar féin an tiomáint agus bhí muid inár *roadies* chomh maith!” Chaith Carrie cúig bliana, 1991 go 1996, le WLR FM agus chuir sí cineálacha éagsúla cláracha i láthair le linn na tréimhse sin, clár bricfeasta, clár ealaíon agus clár cúrsaí reatha ina measc.
leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair to present the Eurovision Song Contest
" Roghnaigh an stáisiún í leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair i gcuideachta an amhránaí Ronan Keating i 1997, agus mheall an clár áirithe sin lucht féachana de níos mó ná 300 milliún duine ar fud na hEorpa.
dul i muinín arm láithreach, to recourse to weapons immediately
" Deir daoine eile go gcruthódh a leithéid de bheart a lán deacrachtaí mar go mbeadh na Gardaí níos toilteanaí dul i muinín arm láithreach, seachas réiteach níos síochánta a aimsiú.
i láthair present
" Ansin bhí daoine níos óige ná iad sin i láthair agus daoine i bhfad ní ba shine a bhí tógtha leis an cheol traidisiúnta.
i láthair present
" Bíonn níos mó oifigeach ná sin ar fhoireann tacaíochta na bhfoirne idirchontae, ach ní bhíonn siad ar fad i láthair ag na cluichí.
teacht i láthair maith good presence
" **Buntáistí**: Tá teacht i láthair maith aige agus tá íomhá mhaith aige sna meáin dá réir.
chur i láthair presentation
" Scríobh mé tuairisc faoi pharáid Lá Fhéile Pádraig don *Irish Post* agus bhí sé suimiúil í a fheiceáil ar an scáileán mar chuid den chur i láthair PowerPoint a rinne sé: "*A crowd of more than 1,000 turned out to take part in this year's St Patrick's Day Parade in Liverpool despite some Loyalist attempts to disrupt the event.
Phléigh na hionadaithe a bhí i láthair the representatives who attended discussed
" Phléigh na hionadaithe a bhí i láthair a dtaithí phearsanta i leith na gcúrsaí seo.
a chuir i láthair who presented it
" Ba é an scannánóir aitheanta Jim Fahey, ar comhfhreagraí é le RTÉ, a stiúir agus a chuir i láthair.
an cur i láthair the presentation
" Tá an chuid is mó acu cruthaithe ag daoine neamhaitheanta agus taispeánann cuid mhór acu ardscileanna ó thaobh an cur i láthair agus coincheap ealaíne de.
cur i láthair presentation
" Tá sé óg, dóighiúil, funcaí agus glór mór láidir aige, ach is binn a ghlór, chomh maith le cur i láthair iontach.
i láthair na huaire presently
" Chomh maith leis na príomhairí, bhí na hairí atá freagrach as cúrsaí airgeadais i láthair na huaire.
i láthair present
" Bhí neart sléibhteoirí i láthair nuair a d'fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d'inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite.
i láthair na huaire at present
" Caithfear a bheith dearfach go dtiocfaimid slán as an phrácás seo, d’ainneoin na ndeachrachtaí atá os ár gcomhair i láthair na huaire.
chur i láthair presentation
" Thaispeáin Mick Brown roinnt pictiúr dúinn le linn an chur i láthair, ceann acu ó cheolchoirm i Halla Mhuire, Gleann Cholm Cille a d'eagraigh an tAthair Mac Duibhir i 1956.
i láthair present
" Thuig an té a chreid an scéal agus thuig an scéalaí féin nár chreid éinne eile dá raibh i láthair a raibh cloiste againn.
chuir é féin i láthair mar presented himself
" D’éirigh fear, a chuir é féin i láthair mar “Phailistíneach gan stát,” cairdiúil lena hathair i rith an toghcháin.
i láthair present
" B’ait go rabhas ag breathnú ar theachtaireacht dea-mhéine Ken Loach agus Eric Cantona ar an scáileán i Sydney ag tabhairt le fios nach mbeidís i láthair toisc gur seoladh domhanda tríchosach a gheobhadh an scannán seo i Manchain, Londain agus i mBleá Cliath sa tseachtain chéanna.
i láthair na huaire at present
" Meallann an féarach úr méith ainmhithe fiáine as an bhfásach freisin agus tá camaill go leor le feiceáil sna grinnill agus cois locha i láthair na huaire.
i láthair present
" Agus geallaim go mbeidh mé i láthair ag an gcás cúirte sin,’ a scríobh Treiber sa litir chéanna.
i láthair present
" Bhí corradh is céad míle duine i láthair ag Flemington i mbliana, mar is gnáth.
i láthair na huaire at present
" Gné amháin de chreideamh na Mandaean atá suntasach i láthair na huaire ná an síocháineachas a chuireann cosc ar dhaoine dul faoi arm.
cur i láthair presentation
" Rinne Laurence Veale ón gcomhlacht iQContent cur i láthair sa Gailéaraí Eolaíoch i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chaite faoin teideal *UX for Kidz* mar chuid den tsraith Refresh Dublin.
arna chur i láthair was presented
" Bhí an t-ádh orm a bheith i láthair ag píosa amharclainne fíorshuimiúil agus neamhchoitianta ar na mallaibh i halla Oideas Gael, Gleann Cholmcille arna chur i láthair ag an chompántas ildánach Fíbín.
i láthair present
" Bhí an tAthair Mallin i láthair i gcillín a athar an oíche sular cuireadh chun báis é.
dá raibh i láthair of those present
" “Cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí?” a d’fhiafraigh sí dá raibh i láthair, nuair nár ghéill Balor an Graoisín an tslí di nuair a shroich siad beirt doras an óstáin ag an am céanna.
i láthair present
" Bhí a dheartháir, Irish Guardsman John Davies, i láthair fosta.
cur i láthair presentation
" Ní amhránaí oilte í Philipsz, rud a chuireann tocht ina glór agus a dhéanann a cur i láthair leochailleach, macánta agus simplí.
chur i láthair presentation
" Tá trí leagan éagsula den amhrán agus tá taifead déanta ag Philipsz orthu uilig mar chuid den saothar agus iad le cluinstin le chéile ach ag gluaiseachtaí éagsúla den chur i láthair.
i láthair present
" Bhí seandálaí, Dan Garner, i láthair agus rinne seisean tochailt ar an suíomh.
Tá teacht i láthair presence
" An Tánaiste agus tAire Oideachais: Éamon Gilmore ======================== Tá teacht i láthair den scoth aige agus gean an phobail saothraithe aige.
cur i láthair presence
" Duine fíorábalta ó thaobh cur i láthair agus cumas argóna é Rabbitte.
i láthair present
" Bhí McGorry, arbh as Baile Átha Cliath dó, i láthair ag an searmanas ar an lá náisiúnta d’fhonn tréaslú lena chomarba, agus bhí an méid seo le rá aige ina dhiaidh nuair a cuireadh ceist air faoi ráiteas Ausflag: *It's time Australia grew up.
i láthair na huaire presently
" Cá bhfuil na seanadóirí? Sin í an cheist is mó atá ag déanamh scime do phobal Wisconsin i láthair na huaire.
an dream atá i láthair those present
" Tá brú ag baint le gach cluiche i ndáiríre, ach ó thaobh Craobh na hÉireann de bíonn brú breise toisc go bhfuil súile mhuintir na tíre uile, idir an mhuintir thar lear, an dream atá i láthair, an mhuintir sa bhaile agus dar ndóigh, súil na teilifíse ort.
i láthair present
" Tharla go bhfuil roinnt taighde déanta ar ghné den ábhar cheana féin agus gur cuireadh torthaí, as tíortha atá inchomórtais le hÉirinn, i láthair i mBaile Átha Cliath 22-24 Aibreán 2004, gur fhoilsigh Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, an t-eolas sin sa bhliain 2006 faoin teideal *‘Voces Diversae: Lesser-Used Language Education in Europe*’, níor mhiste aird léitheoirí BEO a tharraingt ar bhlaisín den eolas sin.
i láthair present
" Agus bhí sonóg na reisiminte, Conmeal an faolchú, i láthair fosta chun an uasmhéid poiblíochta a fháil sa nuachtán áitiúil *The Liverpool Daily Post* agus nios mó earcach a mhealladh ón chomhphobal de bhunadh Éireannach anseo le taobh na Mersey, nó ‘ar lannau Merswy’.
i láthair present
" Bhí an dúiche daoine i láthair ag an oscailt, ina measc an tAire um Ghnóthaí Leanaí, Francis Fitzgerald, a bhí ar cuairt chun na hAstráile, agus táthar ag súil go mbeidh na scórtha míle cuairteoirí ar an taispeántas, a leanfaidh go dtí deireadh mhí Iúil.
curtha i láthair ag presented by
" “Is breá liom an dóigh a bhfuil dearcadh idirnáisiúnta ag TG4, clárach as an Áis, nó as Meiriceá Theas nó as an Afraic, curtha i láthair ag Maolra Mac Donnchadha agus ag daoine eile.
i láthair present
" Ní raibh mé i láthair ar an agóid in aghaidh an NF i Southall i Aibreán 1979 nuair a mharaigh an SPG an múinteoir Blair Pleach.
a chur i láthair to present
" Banc an Domhain agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta =================================== Dúirt Obama gur iarr sé ar an mBanc Domhanda agus ar an gCAI a mbeartas a chur i láthair maidir le geilleagair na Túinéise agus na hÉigipte a nuachóiriú.
chur i láthair installation
" Ina chur i láthair ‘Ag cuimhneamh’ (2009), a rinne sé do Haus der Kunst i Munich, chroch sé 9,000 mála scoile ar bhalla leis an abairt ‘Mhair sí go sona ar feadh seacht mbliana ar an domhan seo’.
An Cur i Láthair presentation, commentary
" An Cur i Láthair ======== Is é Seán Bán Breatnach, nó SBB mar is fearr aithne air, de chuid Raidió na Gaeltachta a bhí i mbun tráchtaireachta do TG4 agus na saineolaithe dornálaíochta Colmán Ó Flatharta agus Joe Hernon ag tabhairt cúnaimh dó.
cur i láthair presentation
" An cur i láthair agus an tráchtaireacht, ba cheart go mbeadh siad sin ar ardchaighdeán Gaeilge.
i láthair na huaire presently
" Tá geilleagar na hAstráile ag dul ó neart go neart i láthair na huaire gan aon agó.
chur i láthair presentation
" Thaispeáin sé sleamhnáin dúinn, ina chur i láthair, den bhád atá á tógáil faoí láthair i Haugesund.
cur i láthair snasta done with style
" Bhí an t-imeacht taithneamhach le cur i láthair snasta.
cur i láthair a presentation
" Le linn na seachtaine beidh cur i láthair ar leictreonaic, ceirdeanna, oíche bia agus caint ar ghrúdú baile.
cur i láthair a presentation
" Rinne Fiachra Ó Marcaigh ó Amas cur i láthair ar bhorradh na teicneolaíochta agus labhair Mícheál Ó Foighil ó Choláiste Lurgan faoi thábhacht úsáid na teicneolaíochta i mealladh an aosa óig don teanga.
i láthair le linn na díospóireachta present during the debate
" Bhí máthair Peter Norman, atá 91 bliain d’aois, agus a dheirfiúr i láthair le linn na díospóireachta sa Pharlaimint ach is mór an trua é nár gabhadh an leithscéal sular bhásaigh é.
faoistin i láthair confession in the presence
" * Dhá bhliain i ndiaidh an chrochta, cuireadh feachtas sa tsiúl le fiosrúchán a bhunú nuair a rinne duine den bheirt a thug fianaise don chóróin faoistin i láthair Ardeaspag Thuama, An Dr.
I measc iad siúd a bheas i láthair amongst those present
" I measc iad siúd a bheas i láthair beidh Johnny Joyce duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh.
bhí scaifte mór i láthair a large crowd was present
" Bhí mé féin ‘ar dualgas’ mar ball den Choiste Cuimhneachán agus bhí scaifte mór i láthair, áit ar sheinn na píobairí áitiúla Fáinne Geal an Lae.
sa gcur i láthair in the presentation
" Ceapaim go bhfuil fiúntas sa moladh a dhéantar sa tuarascáil go leathnófaí an cleachtas a bhíonn ag roinnt láithreoirí ar nós Marian Richardson, John Creedon agus fiú amháin Pat Kenny beagán Ghaeilge a úsáid sa gcur i láthair a dhéanann siad ina gcuid cláracha, ach admhaíodh ‘go raibh cuid den fhoireann raidió diúltach faoin gcleachtas sin’.
i láthair na huaire at present
" Agus an t-uafás ciorruithe ar siúl i láthair na huaire, ní haon tír í Éire don duine lag nó dóibh siúd atá breoite idir anam agus chorp – tá sé sin cinnte.
i láthair don léitheoir before the reader
" Rianaíonn Carr príomhchomhlachtaí na réabhlóide digití (Google agus Kindle, cuir i gcás) agus cuireann sé stair chuimsitheach i láthair don léitheoir, stair a thugann léargas dúinn ar thuiscint reatha na n-eolaíochtaí i dtaobh na haigne nua iardhigití daonna.
ag téamh ina chur i láthair warming up in its presentation
" Bhí AFRICOM ag téamh ina chur i láthair i rith na bliana seo chuaigh thart, ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa.
Ní raibh ach na gaolta i láthair just the relatives were present
" Ní raibh ach na gaolta i láthair agus cuireadh in uaigh gan leic é ar eagla go ndéanfaí truailliú air.
Roinnt nach Raibh i Láthair some were absent
" Roinnt nach Raibh i Láthair =========== De réir mholtaí na tuarascála seo, ba chóir do na húdaráis cearta na nÉireannach a chosaint.
tháinig mé i láthair I presented myself
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
chuir clár raidió Ghael Linn i láthair presented the GL radio program
" ie/) An Cheist ==== **Cén ‘t-aisteoir agus amhránaí iomráiteach’ a chuir clár raidió Ghael Linn i láthair ar Raidió Éireann ar feadh na mblianta sna seachtóidí/hochtóidí (1970-80aidí)?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
i láthair present
" Chonaic mé í ag tabhairt léachta i nGleann Gormfhlaith a raibh baill d’eite dheas an DUP i láthair agus níl eagla ar bith uirthi dul isteach sa bhearna bhaoil leis an teachtaireacht a chraobhscaoileadh.
nuair a bhínn ag cur i láthair when I’d attend a presentation
" Is minic le cúpla bliain anuas nuair a bhínn ag cur i láthair faoi thábhacht gléas soghluaiste go bhfiafraíodh an cainteoir den lucht féachana, ‘cé a d’imeodh as baile gan fóin póca?’ Ní bhíodh riamh aon duine i láthair a bheadh sásta a leithéid a dhéanamh.
ina raibh maithe agus móruaisle na coilíneachta i láthair where the high and mighty attended
" Is iomaí oíche chóisireachta agus cheoil a reáchtáladh sa chaisleán ina raibh maithe agus móruaisle na coilíneachta i láthair.
i mbéal an phobail faoi láthair the talk of the town at present
" Tá Breandán i mbéal an phobail faoi láthair agus comhlacht nua cumarsáide, Measmedia díreach bunaithe aige.
sáite san am i láthair ar modh eisíoch stuck in the present in an existential mode
" Thiocfadh liom dul chun na leabharlainne agus leabhair staire a léamh ach is eachtra eile i bhfad Éireann níos saibhre a bheith ar an láthair agus cead a cinn a thabhairt don tsamhlaíocht agus dhá chodarsna a dhéanamh; a bheith sáite san am i láthair ar modh eisíoch - an ghrian, an ghaoth, fuaimeanna an dúlra, srl.
imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill to leave the present and go back to the various branches of the O N. family
" - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.
i láthair na huaire at present
" B’fhiú go mór eolas den saghas a roinntear linn sa scannán a chur ar a súile do mhuintir SAM agus dá n-ionadaithe poiblí agus iarrachtaí ar siúl i dTithe na Comhdhála i láthair na huaire chun an córas inimirce a leasú.
gan dlíodóirí i láthair without lawyers being present
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
ag cur saothair i láthair presenting work
" Inniu tá pailliúin ó 88 dtír éagsúla ann agus tá deich gcinn díobh siúd ag cur saothair i láthair den chéad uair riamh, ina measc Angóla, a bhain an duais don phailliún is fearr, agus an Vatacáin.
i mbun idirchaidrimh faoi láthair engaged in intercommunication at present
" Mar shampla tá An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ‘i mbun idirchaidrimh faoi láthair le Ranna agus Oifigí Rialtais chun a riachtanais oiliúna (sa Ghaeilge, glacaim leis) a fháil amach’.
lena teacht i láthair with her presentation
" Ach cé nár luaigh sí liom é, bhí clú uirthi fosta, as an dóigh ar 'ghoid sí an seó' lena teacht i láthair, agus a chomhláithreoir Ronan Keating in aice léi.