Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na ceoltóirí ba mhó a bhí i mbéal an phobail the most talked-about musicians
" Tá amhráin ar an sean-nós ann ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, agus na ceoltóirí ba mhó a bhí i mbéal an phobail ag an am - daoine ar nós Tommy Reck, Willie Clancy, Joe Burke, Seán Ryan agus uile.
nach dtiocfadh linn “lámh mhuintir na hÉireann a chur i mbéal an mhadaidh we couldn’t tempt fate with the Irish people
" Tháinig rialtas úrnua i gcumhacht faoi Éanna Ó Cionnaith, agus sílim gur tú féin a dúirt ar Raidió na Gaeltachta, san am nach dtiocfadh linn “lámh mhuintir na hÉireann a chur i mbéal an mhadaidh.
i mbéal a ndíothaithe in danger of being wiped out
" Tá roinnt de na pobail Chríostaí is sine ar domhan i mbéal a ndíothaithe má leanann an cogadh sa tSiria ar aghaidh.
a cuirtear i mbéal ascribed to
" D’réir chosúlachta, is fíor an píosa scripte a cuirtear i mbéal an Fheisire Thaddeus Stevens (Tommy Lee Jones) – *‘the most liberating Constitutional Amendment in history was passed by corruption, aided and abetted by the purest man in America’*.
a bhí i mbéal an phobail which were all the talk
" I dtaca le ginealach na bhforas sin a bhí i mbéal an phobail le blianta anuas, tithe na ngealt, na neachtlanna Maigdiléana agus na scoileanna ceartúcháin san áireamh, foilsíodh leabhar spéisúil le déanaí, leabhar tinrimh dar teideal Pauper Limerick a thugann léargas thar a bheith spéisúil dúinn ar Theach na mBocht i gCathair Luimnigh ag deireadh an ochtú haois déag.