Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i mbéal an phobail well-known
" Pléifear freisin an t-idirdhealú a dhéantar i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcásanna clúmhillte idir duine atá i mbéal an phobail agus gnáthdhuine.
i mbéal an phobail being talked about
" Tá an clár taistil "Amú Amigos", a chraoltar ar TG4, go mór i mbéal an phobail le déanaí.
i mbéal an phobail much talked about
" Ní cheapfá é ó na nuachtáin, ach tá cúrsaí oideachais i mbéal an phobail le tamall anuas.
i mbéal an phobail much spoken about
" Anois tá an bunreacht i mbéal an phobail.
na ceoltóirí ba mhó a bhí i mbéal an phobail the most talked-about musicians
" Tá amhráin ar an sean-nós ann ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, agus na ceoltóirí ba mhó a bhí i mbéal an phobail ag an am - daoine ar nós Tommy Reck, Willie Clancy, Joe Burke, Seán Ryan agus uile.
i mbéal an phobail well-known
" De bharr na gcomórtaisí freisin, tá na hamhráin ag imeacht, na hamhráin áitiúla ach go háirithe, mar gur fearr le hamhránaithe cloí le hamhráin atá i mbéal an phobail nuair atá siad ag gabháil d'amhrán ar ardán.
i mbéal an phobail being talked about
" Bhíodar chomh tábhachtach sin – bhíodar i mbéal an phobail ó lá go lá agus bhíodh scéal difriúil fúthu le feiceáil sna nuachtáin chuile lá.
atá i mbéal an phobail that are making the headlines
" Tá an saol sin imithe agus níl aire cheart á tabhairt ar chor ar bith do go leor de sheandaoine na tíre, mar a léiríonn cuid de na scéalta atá i mbéal an phobail le tamall anuas.
atá go mór i mbéal an phobail which is high profile
" “Goillfidh sé orm i gcónaí mar gheall ar an stair atá taobh thiar den rud go léir,” a dúirt Joe McBratney, nuair a fiafraíodh de ar chuir sé isteach air bheith ag breathnú ar thriail eile de chuid mhuintir Gotti, atá go mór i mbéal an phobail.
i mbéal an phobail being talked about
" “Mar gheall ar go bhfuil tú i mbéal an phobail, níl duine ar bith ag gabháil a rá leat, ‘Níl aon mhaith leat.
i mbéal an phobail talked about
" Ach is de chastacht agus de chontrárthacht an chine dhaonna é nach dual do na cluichí céanna a bheith i mbéal an phobail i ngach cearn den domhan: ní mór dúinn a bheith buíoch den bhraonán aistíle sin nó bheimis go léir ag imirt cruicéid! Níl éirithe leis an sacar proifisiúnta greim a fháil ar shamhlaíocht Mheiriceá Thuaidh.
i mbéal an phobail ar líne being talked about by the online community
" Má chruthaítear ábhar físe maith atá dírithe ar an lucht féachana is féidir a bheith cinnte de go mbeidh sé i mbéal an phobail ar líne.
an eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste the organisation based in Belfast
" Le cois na leabhair seo a fhoilsiú, déanann sé féin iad a dhearadh agus canann sé amhráin idir na ceachtanna! Ar bhord dhá eagraíocht Le trí bliana déag anois, tá Risteard ar bhord Iontaobhas Ultach, an eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste a bhfuil sé mar sprioc aici an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn traschultúrtha.
i mbéal an phobail sa Nua-Shéalainn being talked about in New Zealand
" Déanann Ihimaera go leor tagairtí do dhaoine atá i mbéal an phobail sa Nua-Shéalainn ina chuid scríbhneoireachta, agus cuireann sé mar charachtair iad ina leabhair – John Campbell, láithreoir teilifíse TV3 mar shampla.
i mbéal an phobail. in the public eye.
" Mhaígh an teaghlach go ndearnadh treascairt ar a gcearta príobháideachais agus gur chaith muintir an bhaile go holc leo ón uair a chuir na gardaí an scéal i mbéal an phobail.
i mbéal an phobail in the public eye
" Seo achoimre bheag ar Kings, scannán Gaeilge atá i mbéal an phobail anseo in Éirinn ach atá ag tarraingt airde air féin i Meiriceá fosta.
i mbéal an phobail in the public eye
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil muid ag filleadh ar Star Wars, an córas cosanta a bhí go mór i mbéal an phobail le linn ré Ronald Reagan.
go mór i mbéal an phobail very much in the public arena
" Níl aon rud nua is féidir a rá, i ndáiríre, faoi scéal áirithe a bhí go mór i mbéal an phobail an mhí seo caite; tá sé ar fad pléite.
i mbéal an phobail, in the public domain
" “Mar gheall ar go raibh an scéal anois i mbéal an phobail, dúirt mé le Cumann Ailse na hÉireann go mbeinn sásta cuidiú leo, dá mbeadh an chabhair sin ag teastáil, ó thaobh m’ainm – nó mo chuid *celebrity *– a chur le feachtas feasachta.
i mbéal an phobail in the public eye
" Níl aon dabht ach gurbh é an reifreann conspóideach atá díreach curtha dínn againn an scéal ba mhó a bhí i mbéal an phobail le mí anuas.
i mbéal an phobail the gobsmacked public
" Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
i mbéal an phobail the talk of the country
" Cuimsíonn mo liosta beag féin teaghlaigh i gCorcaigh, i Luimneach agus san ardchathair a bhí i mbéal an phobail as an choiriúlacht go minic.
i mbéal an phobail discussed in public
" ” Ar ndóigh, ní hé Seán Óg an t-aon bhall den seisear clainne a bhíonn go minic i mbéal an phobail.
i mbéal an phobail talked about
" Cé nach bhfuil Kadeer leath chomh mór i mbéal an phobail is a bhíonn an Dalai Lama, luaitear í mar ábhar buaiteora Nobel agus is léir go bhfeictear don tSín go bhfuil go leor tionchair is cumhachta aici círéibeacha a thógáil i Xinjiang agus í i Washington Mheiriceá.
i mbéal an phobail the talk of the town
" Tá ceist na mórshiúlta i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann.
i mbéal an phobail being talked about
" Ní raibh ach mórábhar amháin i mbéal an phobail san Astráil agus sinn ag druidim le deireadh na bliana: an Scéim Trádála Astaíochtaí (STA).
i mbéal an phobail the talk of the country
" Bíonn Ciúin Ciontach Tá an DUP féin iontach ciúin faoin scéal, ach tá saol pearsanta duine dá bhfeisirí i mbéal an phobail fosta.
i mbéal an phobail all the talk
" Tá an t-ábhar conspóideach seo arís i mbéal an phobail faoi láthair i ngeall ar dhá thionscnamh de chuid an rialtais náisiúnta i dtaca le cúrsaí oideachais agus sláinte, atá ar an dá sheirbhís phoiblí is mó a riarann rialtais an dara leibhéal.
i mbéal an phobail the talk of the country
" Má tá a leithéid de mhatrarc i measc drong coirpeach Luimnigh, nó i mBleá Cliath féin, níl a cáil i mbéal an phobail fós.
i mbéal an phobail of public debate
" Cé gur tréimhse an-fhada í sin, ní raibh ceist Arm na hAstráile sa chogadh ina cnámh spairne polaitiúil ná ina mórábhar i mbéal an phobail abhus go dtí le déanaí, in ainneoin gur maraíodh 21 saighdiúir agus gortaíodh tuairim is 150 acu ann.
go mór i mbéal an phobail much talked about
" ) Tá beartas sóisialta amháin, ámh, is é sin an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, go mór i mbéal an phobail ar na mallaibh, agus is léir nach bhfuil an Astráil chun tosaigh ar thíortha forbartha áirithe eile i dtaca leis an mbeartas seo.
atá i mbéal an phobail being talked about
" Beidh an toghchán tionóil ar siúl i gcionn míosa arís agus is é an siombalachas is mó atá i mbéal an phobail, ach tá na cásanna thuasluaite fite fuaite iontu, ainneoin gur tharla siad fada ó shin.
go mór i mbéal an phobail being much talked about
" Tá ceist na pokies agus na gcearrbhach anó go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar thuarascáil de chuid an Productivity Commission ar Chearrbhachas, agus ar iarracht chonspóideach atá faoi chaibidil ag an rialtas cónaidhme córas nua náisiúnta a chur i bhfeidhm le gealltóireacht ar na meaisíní a riaradh.
i mbéal an phobail centre of conversation
" Is é an míniú a thugtar ar laoch sa bhFoclóir Beag (An Gúm 1991) ná ‘duine misniúil, cróga; duine mór le rá i mbéal an phobail mar gheall ar a thréithe; an príomhphearsa fir i leabhar nó i ndráma nó i scannán’.
i mbéal an phobail most talked about
" Ach caidé go díreach atá sa mhianach seo? Chuaigh Balor chun cainte le beirt de na hiarrthóirí is iomráití agus is mó a bhíonn i mbéal an phobail, le fáil amach caidé atá acu siúd nach bhfuil ag daoine eile.
atá i mbéal an aosa óig are ‘all the go’ amongst the youth
" Cuirim i gcás na déithe beaga atá i mbéal an aosa óig, is beag duine acu siúd a bhfuil na tréithe seo aige nó aici.
nach dtiocfadh linn “lámh mhuintir na hÉireann a chur i mbéal an mhadaidh we couldn’t tempt fate with the Irish people
" Tháinig rialtas úrnua i gcumhacht faoi Éanna Ó Cionnaith, agus sílim gur tú féin a dúirt ar Raidió na Gaeltachta, san am nach dtiocfadh linn “lámh mhuintir na hÉireann a chur i mbéal an mhadaidh.
i mbéal an phobail the talk of the country
" Bhí an t-imreoir sacair John Terry i mbéal an phobail arís ar na mallaibh.
i mbéal phobail an domhain the centre of world attention
" Tá nasc ar leith ag cathair Halifax, Ceanada, leis an taobh eile den Atlantach, nasc nach bhfuil chomh mór i mbéal phobail an domhain áfach, mar gur cuid de scéal iarbháis an Titanic é.
An Rúscadh i mBéal an Chúil the tussle in the goalmouth
" An Rúscadh i mBéal an Chúil ============= Bá é príomhdhualgas na líne lán chúil mar sin an cúl agus an cúl báire a chosaint trí thosaithe na foirne eile a choinneáil uathu trí theacht idir iad agus an cúl, iad a tharraingt anuas go talamh, a bhrú amach agus mar sin de.
I mBéal an Phobail Abhus all the talk here
" I mBéal an Phobail Abhus ============= Caintítear cuid mhaith ar an *crisis* abhus, ach ní hé an duairceas is bonn leis an allagar céanna de ghnáth, agus ní tréith í a shamhlaím le muintir na Gailíse trí chéile.
i mbéal an duine in the human mouth
" Tá damhna sa duilleog a chothaíonn riocht sicideileach; ach tá einsím i mbéal an duine a scriosann í.
i mbéal an phobail talked about
" Chuaigh Balor chun cainte le roinnt de na daoine is mó a bhíonn i mbéal an phobail gach bliain ag an am seo bliana.
atá go mór i mbéal an phobail who is much talked about
" Éireannach eile atá go mór i mbéal an phobail is ea an tOllamh Patrick Mc Gorry, a ceapadh ina Astrálach na Bliana trí bliana ó shin as a shaothar ceannródaíochta ar son daoine a bhfuil meabhairghalar orthu.
níl i mbéal an phobail ach gnóthaí airgid people are only thinking about financial matters
" I mbeagán focal, níl i mbéal an phobail ach gnóthaí airgid.
a bhí i mbéal an phobail which were all the talk
" I dtaca le ginealach na bhforas sin a bhí i mbéal an phobail le blianta anuas, tithe na ngealt, na neachtlanna Maigdiléana agus na scoileanna ceartúcháin san áireamh, foilsíodh leabhar spéisúil le déanaí, leabhar tinrimh dar teideal Pauper Limerick a thugann léargas thar a bheith spéisúil dúinn ar Theach na mBocht i gCathair Luimnigh ag deireadh an ochtú haois déag.
i mbéal an phobail the centre of attention
" Is minic le tamall anuas an feachtas agóide “*Idle No More*”, a throideann ar son cearta polaitiúla agus cumhachta na nDúchasach i gCeanada (atá mar bhunchloch na bunreachta i gCeanada) i mbéal an phobail- go háirithe anseo i bpríomhchathair na tíre Ottawa.
i mbéal an phobail faoi láthair the talk of the town at present
" Tá Breandán i mbéal an phobail faoi láthair agus comhlacht nua cumarsáide, Measmedia díreach bunaithe aige.
na sluaite i mbéal an dorais ann crowds ‘out the door’
" An Domhnach a ndeachaigh mise ann, bhí na sluaite i mbéal an dorais ann, agus oiread eile ag seasamh ar chois ar a chéile istigh.
i mbéal an phobail the talk of the country, in the public eye
" Bean chairdiuil, cheolmhar, ghreannmhar ab ea í, agus tá sé go maith a fheiceáil nach bhfuil athrú ar bith uirthi tar éis na mblianta a chaith sí i mbéal an phobail mar láithreoir teilifíse, ar chláracha mar an comórtas amhránaíochta Eurovision.
i mbéal an phobail people talking about
" Chuir siad an Ghaeilge i mbéal an phobail nuair a theastaigh sé ach tá borradh eile ag teastáil anois, dar léi.
i mbéal an bháis on its last legs
" Tá caoga bliain ó shin, bhí an sean-nós (mar a bhaist lucht na hAthbheochana ar an stíl áirithe amhránaíochta seo) i mbéal an bháis.
bhí i mbéal an phobail who were the talk of the country
" Daoine a bhí i mbéal an phobail lá amháin, feictear iad caite amach an lá dár gcionn.
i mbéal an phobail arís the talk of the country again
" Bhí na líomhaintí i ndáil lena ghnéasachas agus lena fhuath ban i mbéal an phobail arís nuair a d’fhógair Abbott ainmneacha na 42 duine ina aireacht nua.
i mbéal an bháis who faced death
" Insítear gur tharrthaigh sé mairnéalaigh a bhí i mbéal an bháis ar an mbealach ar ais dó ón Talamh Naofa; gur thug sé páistí a bhí básaithe ar ais ar an saol; gur shábháil sé muintir Myra ón ocras nuair a d’éirigh leis arbhar a fháil uaidh long a bhí ar an mbealach go Byzantium ach nuair a shroich sí lucht trádála Byzantium, ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu! Cuireadh i ngéibheann é ar feadh seala i rith ré an Impire Diocletian, mar b'iondúil ag an am do Chríostaíthe.
atá i mbéal an phobail who are the talk of the country
" Shíl Balor nárbh fhearr dó rud a dhéanamh ná moladh nó dhó a thabhairt do roinnt daoine atá i mbéal an phobail i dtaca leis na gealltanais a dhéanfaidh siad, nó ba chóir go ndéanfaidís, agus an bhliain úr buailte linn anois.
go mór i mbéal an phobail very much talked about
" Tá easpa gnímh an rialtais i leith na Gaeilge go mór i mbéal an phobail faoi láthair de bharr cinneadh an Choimisinéara Teanga éirí as oifig, ach tugann cáipéisí stáit 30 bliain ó shin léargas paiteanta ar an dóigh ar chuir biorshúile na státseirbhíse caipín an bháis ar phlean chun an teanga a chur chun cinn sa tsaol phoiblí.
i mbéal an phobail the talk of the country
" Tá Rob Ford, méara Toronto, i mbéal an phobail ó d’admhaigh sé gur ghlac sé drugaí neamhdhleathacha.
go mór i mbéal an phobail much talked about
" May He Rest In Peace Amen* Níl a ainm go mór i mbéal an phobail mar atá Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin nó Art Ó Néill nó ceoltóirí móra eile na linne sin.
go mór i mbéal an phobail much talked about
" Déanann beartais mar seo cinnte de go mbíonn Québec agus an pholaitíocht go mór i mbéal an phobail na laethanta seo.
i mbéal an phobail (which) people are asking
" Cad is filíocht ann? Cad is ealaín ann? Ceist atá i mbéal an phobail le blianta beaga anuas, i réimse an oideachais agus sa réimse poiblí is ea, an féidir an faisean a áireamh mar ealaín? Tá líon na n-ealaíontóirí a théann i bpáirt le tithe slachtaíochta i gcomhair taispeántas agus chun ‘líne’ nó lipéid nua éadaigh a chruthú ag méadú de shíor agus tá na teorainneacha a dhéanfadh idirdhealú idir an tslachtaíocht agus an ealaín ag éirí níos éiginnte de réir a chéile.
atá i mbéal an phobail that are in the headlines
" Tá a shúil nimhe á caitheamh an mhí seo ag Balor ar chuid de na scéalta atá i mbéal an phobail faoi láthair.
atá i mbéal an phobail that are in the headlines
" Tá a shúil nimhe á caitheamh an mhí seo ag Balor ar chuid de na scéalta atá i mbéal an phobail faoi láthair.
i mbéal an phobail in the public eye
" Insíonn Balor dúinn go heisiach anseo cad iad na bronntanais Nollag atá ceannaithe aige do chuid den dream a bhí i mbéal an phobail i rith na bliana seo.
i mbéal an phobail the gobsmacked public
" Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.