Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
atá i ndán dóibh is what awaits them
" Mura dtig leo beart a dhéanamh de réir a mbriathair, is é bosca bruscair na staire atá i ndán dóibh.
cad é atá i ndán dúinn what's in store for us
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Fuair muid deontas tuarastal ó Fhoras na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana go dtí Iúil 2003 ach tá ár n-iarratas don chéad bhliain eile diúltaithe acu, mar sin níl a fhios againn cad é atá i ndán dúinn anois.
faoina bhfuil i ndán dóibh about all that is in store for them
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura mbíonn breith acu ar a n-aiféala.
nach raibh mórán i ndán di that there wasn't much in store for her
" Shíl sí nach raibh mórán i ndán di sa phost áirithe sin agus gurbh fhearr di bogadh ar aghaidh.
agus go bhfuil rath i ndán don phéintéir óg cumasach seo and that success beckons for this capable young painter
" ” Maidir leis an todhchaí, is cinnte go bhfuil na tuartha go maith agus go bhfuil rath i ndán don phéintéir óg cumasach seo.
gurb é an freasúra atá i ndán dóibh that they are bound for the opposition
" Bheadh brú fosta ar FF aird a thabhairt ar ghuth an phobail agus glacadh leis gurb é an freasúra atá i ndán dóibh.
go bhfuil bua i ndán dóibh that they are destined to win
" Agus go dtí go n-aithníonn Meiriceánaigh nach leor siopadóireacht, agus go mbeidh orthusan fulaingt ar mhaithe leis an tír, leanfaidh siad orthu ar bhóthar na cogaíochta leis an mbrionglóid go bhfuil bua i ndán dóibh san Iaráic.
go raibh bua i ndán don tír san Iaráic, that the country was destined to win in Iraq,
" Dúirt sé in óráid cúpla lá roimh an Nollaig go raibh bua i ndán don tír san Iaráic, agus é den tuairim freisin nach raibh an t-arm mór go leor mar a bhí sé.
go bhfuil an bás i ndán di mar theanga phobail. that it will inevitably die as a community language.
" Deir sé go bhfuil os cionn dhá chéad teanga ar domhan a bhfuil tacaíocht oifigiúil stáit acu agus gur eisceacht í an Ghaeilge sa mhéid is go bhfuil an rialtas ag tacú léi ach gur beag duine atá á labhairt mar sin féin agus gur dócha go bhfuil an bás i ndán di mar theanga phobail.
cén chinniúint atá i ndán dó what fate lies ahead of it
" “Tá Aontroim Thoir-theas ar a chonlán féin, agus ar a chonlán féin oibreoidh sé amach cén chinniúint atá i ndán dó agus an bealach is fearr chun tosaigh,” arsa Kirkham.
pé rud a bheadh i ndán dom. whatever was in store for me.
" Bhraith mé sa bhaile agus ar mo shuaimhneas láithreach, agus bhí mé ar bís mar gheall ar an am a bhí romham, pé rud a bheadh i ndán dom.
céard atá i ndán dom what's in store for me
" Fós féin nílim cinnte céard atá i ndán dom amach anseo, cathain a fhillfidh mé ar Éirinn – má fhillim riamh.
nach raibh sé i ndán dó it was not in store for him
" Ach in ainneoin a stádais, bhí a lucht leanúna ag ceapadh, agus é ag dul i dtreo 40 bliain d’aois, nach raibh sé i ndán dó ceann de na priomhchomórtais ghailf, nó *majors* mar a thugtar orthu, a bhuachaint.
an crá croí atá i ndán dóibh the heart-break that is in store for them
" Agus ansin an crá croí atá i ndán dóibh toisc go bhfuil an dóchas sin acu.
An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern Will Bertie Ahern be in for the same fate
" An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis dó an cineál céanna ráitis a dhéanamh? Dealraíonn sé anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamall – deireadh brónach le gairm amhra.
cad a bhí i ndán dóibh. what lay in store for them.
" Ní foláir mar sin nó gur léir do dhaoine a bhí ina seasamh i scuaine chun dul isteach i bhfoirgneamh na seomraí gáis cad a bhí i ndán dóibh.
i ndán dóibh, ahead of them,
" Bhí siad lán dóchais agus uaillméine, iad ag súil go raibh saol níos fearr i ndán dóibh, in áit a mbeadh siad mar ríthe.
ba í an dífhostaíocht fhadtéarmach a bhí i ndán dóibh. long-term unemployment was what was in store for them.
" Agus mar thoradh ar dhúnadh na monarchana ar eastáit thionsclaíocha in áiteanna mar Croxteth, ba í an dífhostaíocht fhadtéarmach a bhí i ndán dóibh.
Ní raibh clú agus cáil i ndán dom I wasn't meant to become famous
" Ní raibh clú agus cáil i ndán dom an samhradh seo, tar éis an tsaoil! Gan dóchas ar bith fágtha go bhfaighinn post, ghlac mé leis go raibh saol an duine dhíomhaoin i ndán dom.
atá i ndán d'iompar na Polainne which is in store for the behaviour of Poland
" Mar chomhartha ar an athrú atá i ndán d'iompar na Polainne ag leibhéal na hEorpa, chuir PO in iúl lá i ndiaidh an olltoghcháin go dteastaíonn uathu go mbeidh an Pholainn ar an gcéad tír a dhaingneoidh an conradh.
níl mórán dóchais i ndán dóibh. there's not much hope for them
" Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo – i ndiaidh dóibh a bheith i mbun rialtais le fada – níl mórán dóchais i ndán dóibh.
céard a bhí i ndán di what was ahead of her
" Bhí sí ag iompar clainne agus í ag fágáil na tíre agus ní raibh a fhios aici céard a bhí i ndán di ach go dtabharfaí í chun na hEorpa.
go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? that the right road will be ahead of them in life
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
Tinte Ifrinn atá i ndán dóibh ar fad. They are all in for the fires of hell
" Tinte Ifrinn atá i ndán dóibh ar fad.
cad a bhí i ndán dom what was in store for me
" B’fhuath liom fios a bheith agam cad a bhí i ndán dom sa saol go ceann deich mbliana.
i ndán in store
" An bhfuil tú dóchasach, leathdóchasach nó an-dóchasach i leith a bhfuil i ndán don tír seo le hais na coda eile den domhan san am atá le teacht? Táim an-dóchasach.
i ndán in store
" Grád: D Martin Cullen (An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta): Tá bás mall, pianmhar i ndán dá shaol aireachta.
i ndán destined
" ” Mar sin, céard atá i ndán dúinn? Tuarann Gates: “*Both nations can anticipate stagnation and inflation while ‘the people in between’ continue to amass more assets (at distressed prices) and collect more interest on more taxpayer-secured debt.
rath i ndán success in store
" D’fhág siad coinneal an dóchais ar lasadh tamall eile, agus súil acu go bhfuil rath i ndán dá dtír mhór, álainn, ársa.
i ndán in store
" Thosaigh an Ghéarleanúint ansin sna 1690í, reachtanna i ndiaidh reachta a cheil oideachas agus céim aníos, dá laghad, ar Chaitlicigh, móramh mór na tíre, agus níl mé a rá gur bhisigh sin a raibh i ndán don teanga ná do lucht a labhartha.
i ndán in store
" " Ach tá leid le fáil i dTuarascáil na Roinne Airgeadais chuig an Bord Snip faoina bhfuil i ndán don Fhoras agus don Údarás sa straitéis úd.
i ndán destined
" Faraor, ní raibh snámh i ndán dom ar "Ocean Beach".
i ndán di in store for it
" com/watch?v=EEIGSBpZURc) Tá sé riachtanach an fócas sin a thabhairt ar ais do Roinn na Gaeltachta, le go mbeidh sé in ann an méidín beag den Ghaeltacht, ina n-úsáidtear an Ghaeilge go fóill ann mar ghnáth-theanga chumarsáide, a tharrtháil ón díothú teanga atá i ndán di, má ligtear do chúrsaí dul ar aghaidh mar atá.
i ndán in store
" Ba cheart mar sin gurb é an bás a bheadh i ndán dóibh, ach cé go ndearnadh léirscrios ar na teangacha seo le cúpla céad bliain anuas, tá a lucht tacaíochta i mbun feachtais chun iad a athneartú.
i ndán in store
" Cuireann sé síos, de ghnáth, ar a shláintiúla is atá an tír, an méid dóchais atá aige as a bhfuil i ndán don tír, agus an reachtaíocht éifeachtach a rith seisean agus a pháirtí le bliain anuas.
i ndán in store
" An féidir leis an Fheidhmeannas mairstean má éiríonn sé soiléir nach n-oibreoidh an dá threabh lena chéile go deo na ndeor? Táthar a rá go bhfuil an bhearna idir na páirtithe ag cúngú, ach ní chruthóidh an béarlagair sin muinín go bhfuil socrú fadradharcach, fadtréimhseach i ndán dúinn.
i ndán in store
" Níl aon amhras ach gur todhchaí dhuairc a bhí i ndán don Ghaeilge ag tús an Fhómhair, áfach.
i ndán in store, due
" Scríobh an file Seamus Heaney réamhrá don iarratas bunaidh a chuir an chathair ar an ghearrliosta agus istigh ann chuir sé na línte fáidhiúla seo: So hope for a great sea change On the far side of revengeBelieve that a farther shoreIs reachable from here Dúradh na línte dóchasacha seo den chéad uair sa Guildhall i nDoire i 1990 ag an chéad léiriú de *The Cure of Troy*, dráma de chuid Heaney, agus spreag siad daoine le creidiúint go raibh am níos gile i ndán do mhuintir Dhoire.
i ndán in store
" Tá sé lena n-aimhleas nach bhfeiceann siad a bhfuil i ndán dóibh, ach i gcomhthéacs na deighilte móire polaitíochta agus creidimh, ní fheiceann, agus is mór an mhairg é sin.
céard atá i ndán what’s in store
" Is cosúil go leanfaidh an scéal amhlaidh go dtí lár an chéid seo ar a laghad (ina dhiaidh sin ag Dia atá a fhios céard atá i ndán dúinn).
i ndán in store
" Bheadh tíortha iomlána éagsúla caillte faoi thoinn, gan trácht ar an léirscrios a bheadh i ndán do chathracha cósta mar Nua-Eabhrac agus Baile Átha Cliath fiú.
i ndán do destined for
" Ba é láidreacht uachtaránacht Lula ná go raibh fás i ndán do gach uile aicme, idir shaibhir agus dhaibhir.
i ndán di in store for her
" Ach bhí doicheall Éireannach i ndán di go fóill.
bhí i ndán don was destined for
" Níorbh aon ionadh gurbh é an saol acadúil a bhí i ndán don bhuachaill óg, agus a mháthair ina dochtúir leighis, chomh maith le huncailí ag teagasc matamaitice dó.
bhí i ndán was in store
" Ba theip a bhí i ndán don seanpháirtí ón uair sin ar aghaidh, go dtí go raibh sé de mhisneach againn líne a tharraingt agus beartú ar thús úrnua.
i ndán dúinn in store for us
" In ainneoin na tubaiste geilleagraí agus na n-athruithe atá i ndán dúinn, tá cónaí orainn i dtír atá, i gcomhthéacs idirnáisiúnta, go maith as fós.
i ndán in store, on the cards
" B’fhéidir go bhfuil saol difriúil i ndán dóibh beirt, an Ghaeltacht agus an Ghalltacht.
i ndán dó his destiny
" Tá Assange é féin ar a theitheadh, ar bhealach, gan cinnteacht aige an é feallmharú atá i ndán dó, beart atá molta ag ceannairí polaitiúla áirithe.
i ndán di in store for her
" Má tháinig sí agus roinnt daoine eile slán ón longbhriseadh, tá a deartháir, Sebastian, caillte agus is léir faitíos uirthi faoi céard atá i ndán di sa tír iasachta seo darb ainm Illyria.
i ndán in store
" Cuir san áireamh an laghdú mór atá tagtha le déanaí i gceannaireacht an pháirtí, agus is beag an baol go rachadh teachtaí Fhianna Fáil ar ais chuig an lucht vótála a rá go mbeadh cruatan breise i ndán dóibh.
i ndán in store, destined
" ”* De réir an ailt sin, tá rud éigin briste sna meáin chlóite agus in ainneon tábhacht, gá agus lárnachas na meán céanna, níl aon fhreagra le fáil againn i lár an chlaochló seo, ar an gceist “Céard tá i ndán do na meáin?” Scríobhann sé san alt seo faoin leabhar le Elizabeth Eisenstein faoin tréimhse réabhlóideach nuair a cruthaíodh na meáin chló agus faoin am a mbíodh siad forleathan san Eoraip.
Céard tá i ndán what's in store
" Céard tá i ndán do Fhianna Fáil? ================ Níl aon amhras faoi ach gurb é Fianna Fáil ceann de na páirtithe polaitíochta ba rathúla san Eoraip.
Céard tá i ndán what's in store
" Céard tá i ndán do Fhianna Fáil? =================== Níl aon amhras faoi ach gurb é Fianna Fáil ceann de na páirtithe polaitíochta ba rathúla san Eoraip.
i ndán dóibh they’re destined
" **An duais** ‘Nasc na Fola, Eachtraí na nDálach i bPórtó Ríce’ ==================== Nuair a sheolann na déagóirí Séamas agus Tomás Ó Dálaigh as Gaillimh chun na Spáinne le héalú ó dhaorsmacht na nGall in Éirinn san 18ú céad, is beag a shíleann siad go bhfuil sé i ndán dóibh lorg drámatúil a fhágáil ar stair oileán i bhfad i gcéin, Pórtó Ríce.
i ndán in store
" Tuigeann an pobal go ndeachaigh cúrsaí geilleagair amú agus go mbeidh ciorruithe i ndán dóibh, ach ní thuigeann siad go bhfuil rogha fíorthábhachtach le déanamh acu mar phobal.
i ndán don in store for
" Cad atá i ndán don Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh? Níor mhinic a cuireadh an cheist seo go foirmiúil go dtí 2008 nuair a d'eagraigh Glór na nGael comhdháil bheag fúithi i Nua-Eabhrac.
Ní bhíonn feabhas i ndán things aren’t about to improve
" Ní bhíonn feabhas i ndán.
todhchaí i ndán has no future
" “Cé thú atá sásta seasamh na Foraoise a chosaint anseo i bPluais Bhaloir? Cé thú atá sásta le cinneadh na Foraoise gan dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí Gaeilge faoin gceist seo? An cuma leatsa nach mbeidh todhchaí i ndán don amhránaíochta ar an sean-nós? An cuma leat todhchaí an Lúibín, nó todhchaí an damhsa ar an sean-nós?” “Sea! Cé thú?” a d’fhiafraigh Éamó Ó Caoimhnis.
cad é a bheas i ndán what’s in store
" Píosa reachtaíochta thar a bheith tábhachtach é seo a chinnteoidh cad é a bheas i ndán don Údarás.
ré nua i ndán do a new era in store
" Tá fuil óg le brath i seanchorp na cathrach anois agus b’fhéidir go bhfuil ré nua i ndán do Sao Luís.
Cad atá i ndán do Smuf what’s in store for Smuf
" Cad atá i ndán do Smuf – saol anróiteach nó saol an mhadra bháin? Scéal spraíúil spleodrach is ea Smuf ó pheann Alan Titley.
cad atá i ndán do chathracha an domhain what’s in store for the world’s cities
" Tá sé deacair fios a bheith againn cad atá i ndán do chathracha an domhain amach anseo, ach is cinnte go bhfuil géarghá leis na foirgnimh agus séadchomharthaí luachmhara seo a chosaint is cuma cad é a chosnaíonn sé.
Saol ar an trá fholamh a bheidh i ndán dóibh they’ve a rock bottom life ahead of them
" Saol ar an trá fholamh a bheidh i ndán dóibh gan amhras.
más é an treascairt a bhí i ndán dóibh if that was the beating they were destined for
" D’aithin muintir Átha Cliath nár ghnáthpheileadóirí iad Páidí, Jack, Mikey, Pat agus araile, agus thuigeadar freisin más é an treascairt a bhí i ndán dóibh go rómhinic gurb í an fhoireann peile ab fhearr a bhí ann riamh a bhí á gcéasadh.
go raibh tubaiste éigin i ndán dúinn go luath that we were destined to meet some tragedy soon
" Galar an Scaoill ===== Faraor géar, tá Meiriceá lán le daoine mar Nancy Lanza, a chreid, is cosúil, go raibh tubaiste éigin i ndán dúinn go luath, agus a bhí ag ceannach gunnaí agus earraí eile le cur i dtaisce san íoslach ar fhaitíos na bhfaitíos.
nach raibh i ndán dóibh siúd a bhí ciontach they who were guilty (of such) were just destined
" De réir na hEaglaise, ba pheaca é ús a cheangal le hiasachtaí airgid agus nach raibh i ndán dóibh siúd a bhí ciontach ina leithéid ach beophianta Ifrinn.
nach bhfuil aon ní eile i ndán dúinn seachas we’re destined for no more than
" Cad atá i ndán dúinn, más ea? I láthair na huaire, déarfadh Jacques Derrida nach bhfuil aon ní eile i ndán dúinn seachas “Le Futur”.
i ndán do in the pipeline for
" Bíodh sé cóir nó ná bíodh, is beag dul chun cinn atá i ndán do Shinn Féin a fhad is atá siad faoi scáil an ghunnadóra nó a fhad is a chuimhnítear orthu mar pháirtí agóide a chuireann i gcoinne achan bheartas coigiltis.
gur a mhalairt glan atá i ndán that the exact opposite is going to occur
" Tá neart fianaise, áfach, gur a mhalairt glan atá i ndán.
An raibh sé i ndán di a bheith were you destined to be
" An raibh sé i ndán di a bheith i Ros na Rún? “Níl fhios agam.
Is ea, sa saol atá i ndán yes, in the world that's evolving
" Céard is teanga dhúchais ann más ea? Fear óg a rugadh sa mBreatain Bheag, mac le Gaeilgeoir nach de chuid na hÉireann é, agus gan cónaí déanta ag ceachtar acu in Éirinn riamh: nach cuid dá ndúchas san atá i dteanga Chéitinn agus Aogáin Uí Rathaille ach oiread le beirt ar bith as Dún Chaoin nó as Oileán Thoraí? Is ea, sa saol atá i ndán, sílim.
i ndán dúinn fated, destined for us
" Feictear dom go gceapann go leor Éireannach go bhfuil sé seo i ndán dúinn, go bhfuil sé cineál tuillte againn, go gcaithfidh muid glacadh leis, gur rud é atá ag tarlú dhúinn agus ‘imeoidh mise mo bhealach féin’.
faoina bhfuil i ndán dóibh about what is in store for them
" Duirt an scríbhneoir agus léachtóir, Declan Long, atá ina mholtóir ar an chomórtas i mbliana, go raibh i gceist ag an taispeántas go spreagfaí ceisteanna ann faoi na mínealaíona i saol an lae inniu agus faoina bhfuil i ndán dóibh.
céard atá i ndán don imeacht what shall become of the event
" Níl a fhios go baileach ag Mulligan céard atá i ndán don imeacht amach anseo, ach go bhfuil sé i gceist aige an Ghaeilge agus cultúr an Ghaelachais a mhúnlú ar bhealach aerach agus éagsúil.
raibh sé i ndán dúinn that we were destined
" Bhí cúpla bliain caite ag an nGaeltacht nach raibh puinn buaite acu ach ansan thosnaíomair ag buachtaint agus bhraitheamair i gcónaí go raibh sé i ndán dúinn na duaiseanna móra a bhuachtaint.
a cinniúint féin i ndán di its own destiny ahead of it
" Cuirfidh turas an Uachtaráin ina luí gur tír cheannasach neamhspleách í Éire a bhfuil a cinniúint féin i ndán di.
lena a bhfuil i ndán dóibh which pertains to their future
" Ar ócáid m’oirnithe, tá sé dhá bhliain ó shin anois, chuireas in iúl go mba mhian liom dul i ngleic le hoiread áirithe téamaí a bhaineann le leas mhuintir na hÉireann uilig agus lena a bhfuil i ndán dóibh.
céard atá i ndán di what’s in store for it
" Má thosaigh an Afraic Theas go maith, cén dóigh a bhfuil sí inniu agus céard atá i ndán di? Tá fadhbanna móra fós le réiteach ag an tír.
dá mbeadh an chinniúint sin i ndán were such in fate
" B'fhéidir nár mhiste le státseirbhíseach nó beirt de chuid na linne seo dá mbeadh an chinniúint sin i ndán do Mhícheál freisin: ní cheileann 'Roy Keane na Gaeilge' an mhífhoighid atá air faoin státchóras, faoin gcaoi a múintear an teanga, ná faoin bpolaitíocht áitiúil i gConamara.
atá i ndán di which is in store for it
" Is minic a bhím in ísle bhrí faoin nGaeilge agus ag ceistiú an fiú iarracht ar bith eile a dhéanamh len í a choinneáil ón mbás atá i ndán di sa nGaeltacht? Níl aon imní orm faoin nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
Céard tá i ndán don what’s in store from
" Freagracht ar gach Éinne Againn ================= **CMacS: Céard tá i ndán don Ghaeilge amach anseo dar leat mar theanga phobail?** AÓC: Feictear dom go bhfuil pobal Gaeilge ann i gcónaí ach go bhfuil na líonraí ag crapadh is ag cúngú agus is í an Ghaeltacht féin an cás is measa.
bhí i ndán dóibh they were set for a
" Athrú poirt a bhí i ndán dóibh, mar dhea, nuair a reáchtáil DiFranco ceardlann amhránaíochta agus ceoil i seanteach plandála i Louisiana – ceantar atá fréamhaithe go dlúth i stair fhoiréigneach, bhrónach, sclábhaithe Afracacha san Oileán Úr.
nó tromluí atá i ndán do or a nightmare in store for
" Tugann Cinecittà ‘Monarcha Brionglóidí’ air féin; inseoidh an aimsir cé acu brionglóid nó tromluí atá i ndán do na stiúideonna cáilúla seo san am atá romhainn.
is beag forbairt a bheas i ndán don little development shall be on the cards for
" Ach is beag forbairt a bheas i ndán don nuachtán gan sruth ioncaim breise a aimsiú ón fhógraíocht.
i ndán dúinn in store for us
" Ach ceapaim go n-iompaíonn go leor den aos óg ar ais ar an nGaeilge agus iad níos sine (go háirithe má bhíonn clann acu) mar sin, fad is go bhfuil an teanga sealbhaithe go maith acu agus go bhfuil siad líofa, bheinn dóchasach nach bhfuil deireadh na Gaeilge i ndán dúinn fós.
i ndán destined
" Ní raibh sé chomh soiléir sin go mbeadh biseach i ndán do Fhianna Fáil agus aiséirí ón marbh i ndán do na Glasaigh.
Ní raibh mórán dóchais i ndán there wasn’t much hope held for the future
" Ní raibh mórán dóchais i ndán don speiceas, de réir na tuarascála.
gur sealán na croiche i ndán do that it’s the noose is in store for
" An té a chaithfeas súil ar na *Nuremburg Principles*, idir bhreitheanna agus chiontuithe, tuigfidh sé gur sealán na croiche i ndán do Obama, Bush, Clinton, Cheney, Rumsfeld agus Blair mar is coirpigh chogaidh iad go léir.
a bhfuil i ndán dúinn what's in store for us
" Amharcann Dónall Ó Maolfabhail ar mhórscéalta nuachta 2002 agus déanann iarracht a thuar a bhfuil i ndán dúinn in 2003.
i ndán do mhuintir na hÉireann in store for the people of Ireland
" Míníonn Balor a bhfuil i ndán do mhuintir na hÉireann sa bhliain atá amach romhainn.
i ndán do dhaoine éagsúla sa saol poiblí in store for various people in public life
" Féachaimid anseo ar an mhéid a d’fhéadfadh bheith i ndán do dhaoine éagsúla sa saol poiblí sa bhliain seo atá amach romhainn.
faoi bhfuil i ndán do theangacha an domhain about what lies in store for the languages of the world
" Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an mhí seo caite faoi bhfuil i ndán do theangacha an domhain san aois seo, dar leis.
i ndán do in store for
" Tá samhradh gnóthach i ndán do Cholm Ó Snodaigh agus do cheoltóirí eile an ghrúpa Kíla.
An amhlaidh go mbeidh athrú rialtais i ndán dúinn could it be that we are in for a change of government
" An amhlaidh go mbeidh athrú rialtais i ndán dúinn níos luaithe ná mar a ceapadh?
i ndán destined
" Más slat tomhais dúinn abhus scéal geilleagair na Fionlainne, ní réiteach gasta atá i ndán dúinn in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.
i ndán in store
" Anbhás atá i ndán don té nach mbíonn ar a fhaicheall roimh chrogall fionnuisce na hAstráile.