Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i réim in power
" Is é an graffitto is úire ar bhinn na dtithe beaga néata sna heastáit a bhfuil an UDA/UFF i réim iontu ná "Roll on Drumcree 2001".
i réim strong, flourishing
" Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an ní é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán má smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an lá.
i réim in power
" Ar ndóigh bhí neart daoine ag rá go raibh an rialtas atá anois i réim san Astráil síolraithe ó chóilíneacht a bhunaigh daoine a tháinig i dtír go mídhleathach gan buíochas do na daoine a bhí anseo rompu.
i mbarr a réime at its peak
" Nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime agus foireann sacair na hÉireann ag déanamh thar cinn, bhí an deis ar fáil infheistiú sna háiseanna atá de dhíth ar lucht sacair agus rugbaí.
i réim in the ascendancy
" Tá bagairt eile ann sa mhéid is go bhféadfadh conraitheoir tógála teacht isteach sa gceantar agus slám mór tithe a thógáil agus go mbeadh an Béarla i réim.
i réim in power
" Nuair a bheas an cogadh seo buaite agam is iad na Culchies a bheas i réim, mar is ceart agus mar is cóir.
i mbarr a réime at its peak
" D'imir siad ar fheabhas i gcoinne Chnoc Síon as Port Láirge ach ní raibh an t-ádh leo sa chluiche ceannais sa mhéid is gur bhuail siad le foireann as Biorra atá i mbarr a réime le cúpla bliain anuas agus go speisialta Lá Fhéile Pádraig seo caite.
i mbarr mo réime at my peak
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
i réim in power
" Ar a laghad tá Seoirse Óg sásta tacaíocht a thabhairt do Ghaeilgeoirí na hIaráine - iad sin a thug tacaíocht i gcónaí don *Sea! *sular tháinig in Aghaidh a Thola i réim.
i mbarr a réime at their peak
" B’fhéidir gurb é an rud is fearr faoin bhfíseán, agus an diosca DVD atá ar tí a áit a ghlacadh, ná go mbeidh na glúnta atá le theacht fós in ann imreoirí clúiteacha na linne seo mar DJ Carey agus Seán Óg Ó hAilpín a fheiceáil ar an scáileán agus iad i mbarr a réime.
go fiú agus é i mbarr a réime even when he was at his peak
" Is cosúil, de réir na dtuairiscí éagsúla ar aon nós, nach duine an-sona a bhí i Roy Keane go fiú agus é i mbarr a réime, tréimhse atá thart le tamall anuas.
i réim in power
" Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.
tá an tsíocháin i réim peace reigns
" Inniu, tá an IRA mar a bhí aithne againn orthu imithe agus tá an tsíocháin i réim.
an córas atá i réim the system at the moment
" Níl an córas atá i réim sásúil agus níl ag éirí leis ó thaobh na peile ná na hiomána.
a bhí i réim that held sway
" Rinneadh an phortráid 100 bliain ó shin nuair a bhí Vín aitheanta ag an phobal ealaíne ar fud an domhain mar lárionad taibhseach tábhachtach forásach ealaíne, agus is sampla suntasach é saothar Klimt den ealaín nua *fin de siècle *a bhí i réim sa chathair ag an am.
i réim in power
" Ach caithfidh go bhfuil ceannairí Mheiriceá ag leanúint polasaí éigin – cad é an polasaí seo, agus an ar leas Mheiriceá é? Tá freagra na ceiste seo le haimsiú, ní sa lá atá inniu ann, ach i stair Mheiriceá sna nóchaidí, nuair a bhí an tUasal Clinton i réim agus na Coimeádaigh as cumhacht i ngach brainse de rialtas na tíre.
i mbarr a réime agus a chumais at the very peak of his ability
" Ní den chéad uair, choinnigh pocanna fada saora Sheáinín Mhic Mhathúna na Cláirínigh i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait, ach níor leor sin agus Annraoi Siobhláin i mbarr a réime agus a chumais agus é ina rí ar Pháirc an Chrócaigh.
i mbarr a réime at its peak
" Nuair a bhí an fhoireann sin i mbarr a réime ní raibh aon fhoireann eile in ann acu.
i mbarr a réime at its peak
" Bhí gluaiseacht na gceart sibhialta i mbarr a réime sna Stáit Aontaithe ag deireadh na seascaidí agus tosaíodh ag éileamh ceart teanga don phobal Easpáinneach agus bhí tionchar mór ag an fheachtas i gcoinne an chogaidh i Vietnam ar chúrsaí chomh maith.
fad is a bheadh an rialtas faisisteach i réim as long as the fascist government was in power
" Shocraigh Picasso nach bhfanfadh an saothar sa Spáinn fad is a bheadh an rialtas faisisteach i réim agus bhí an pictiúr ar camchuairt ar feadh na mblianta chuig dánlanna ar fud an domhain, go dtí Meán Fómhair 1981, beagnach sé bliana i ndiaidh bhás Franco.
an sceach gheal i réim the hawthorn flourishing
" Thiomáineas féin ar ais go mall agus an ghrian ag scaladh go láidir, an sceach gheal i réim agus an aitinn ag neadú go compordach ina measc.
i réim in the ascendancy
" Bhí Ciarraí arís i réim agus Áth Cliath thíos.
i mbarr a réime mar réalta at his peak as a star
" Agus ní nach ionadh, a cheap sé ar dtús, ós rud é go raibh sé i mbarr a réime mar réalta ag an am.
i réim in power
" Bhí an rialtas coimeádach i réim le beagnach dhá bhliain déag sular théip orthu san olltoghchán seo.
i mbarr a réime at their peak
" Tá an dá chontae i mbarr a réime agus, ag an am céanna, tá an iomaíocht lag – nó in ísle brí, fiú.
a bhí i réim who was in power
" Dar le John Howard, an príomh-aire a bhí i réim ag an am, ní bheadh sé ceart ná cóir dá mbeadh ar a ghlúin féin a bheith freagrach as eachtraí a tharla blianta fada ó shin.
i réim ruling
" ÍoróinTá sé íorónta nár ceapadh bean ar bith mar ard-ghobharnóir roimhe seo nuair a chuirtear san áireamh go raibh an Bhanríon Victoria ina ceann stáit nuair a bunaíodh an Astráil sa bhliain 1901 agus go bhfuil Éilís II i ndiaidh a bheith i réim le 56 bliain anuas.
de thairbhe síocháin a bheith i réim ó thuaidh. because of the peace in the north.
" Tá an aireacht seo imeallaithe le tamall anuas de thairbhe síocháin a bheith i réim ó thuaidh.
a tháinig i réim who came into power
" Ceannaire an RPF is ea Kagame, a tháinig i réim i Ruanda sa bhliain 1994 agus atá i gcumhacht go fóill.
i mbarr mo réime at my the pinnacle of my success
" Bhí mé i mbarr mo réime ag an am mar léíritheoir agus d’fhéadfainn físeán a dhéanamh as píosa caca.
smaoineamh seo i réim this thought in mind
" Leis an smaoineamh seo i réim, eagraíodh coirm cheoil in amharclann Paccar, i gColáiste na Tríonóide mar chuid den taispeántas EyeLight sa dánlann Eolaíochta.
i réim in power
" Gan é, beidh forlámhas an ghunna i réim, bás agus léirscrios.
i mbarr a réime in top gear
" Tá siad báite i bhfiacha agus chuaigh siad thar fóir nuair a bhí an borradh eacnamaíochta i mbarr a réime.
i réim in power
" Ní hamháin go léirítear sa tslí sin gurbh iadsan a d’áitrigh an Afraic Láir ar an gcéad dul síos, roimh na pobail atá i réim sa réigiún faoi láthair, ach ag an am céanna, déanann siad comhbhá le pobail Phigmí eile i lár na hAfraice.
i réim in top gear
" Is í an tuairim choitianta ná gur áit éadrócaireach éadmhar é an t-ardán taispeána a mbíonn an deargiomaíocht i réim.
i mbarr a réime in its prime
" ’ Tá an duine céanna bainteach le Alternative Miss Ireland atá fós i mbarr a réime.
i réim in vogue, in place
" Corcaigh agus Ciarraí a bhuaigh an chraobh shinsir iomána agus peile faoi sheach an bhliain sin, rud a léirigh gurb é an status quo de réir traidisiúin a bhí i réim san am.
i réim in power
" Bhí an seicteachas i réim i bhfad sular cuireadh cosc ar an Ord Bhuí siúl ar an bhealach chonspóideach sin.
i mbarr a réime at his peak
" Tá stíl na tráchtaireachta athraithe ón uair a bhí McLaren agus Ó hAichir i mbarr a réime.
i mbarr réime ruling the roost
" Ba thubaiste don tír é dá ligfí acmhainn shuntasach, uathúil na Gaeilge le sruth, mar a tharlódh dá mbeadh dearcadh Fhine Gael ar an teanga i mbarr réime.
i réim in force
" Seans mór go bhfeadfadh Doyle a bheith ag tagairt do na Sé Chontae, limistéar ina bhfuil riail na Breataine i réim agus thuigfeá dóibh dá mbeadh na dúchasaigh ag iarraidh a bheith “neamh-Shasanach”.
ag teacht i réim coming to power
" Go deimhin, agus í ag teacht i réim, tá an Bhrasaíl ar thairseach ré nua mar chumhacht domhanda.
i réim to the fore
" Tá an ‘fhorbairt leithleach’ i réim maidir leis an áit a mbíonn daoine ina gcónaí, ina mbíonn siad ag obair agus ina bhfaigheann siad a gcuid oideachais.
i réim in power
" Bhí deachtóireacht mhíleata i réim sa Bhrasaíl ag an am agus bhí cosc ar pháirtithe polaitiúla.
fós i réim still reigns
" Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún.
i mbarr a réime in control
" Nuair a bhí na Gaeil, nó na Ceiltigh más fearr leat, i mbarr a réime anseo in Éirinn, is ag comóradh na féíle Imbolc a bhídís.
i réim in power
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
ag dul a bheith i réim going to reign
" Nuair a tháinig deireadh leis an fhoréigean, bhí muid sásta go raibh an pholaitíocht normálta ag dul a bheith i réim.
i réim to power
" Nuair a tháinig siad i réim i dtús ré an tíogair, lig siad don gheilleagar imeacht ó smacht.
i réim in power
" Ní dóiche go mbeidh na Fíor-Fhionlannaigh i réim gan mhoill, ach is cinnte go gcuirfidh siad brú ar na páirtithe eile seasamh i gcoinne na bpacáistí móra cúnaimh atá á gcíoradh ag ceannairí na hEorpa.
i réim in power
" Nárú agus Manus ========= Bhí na páirtithe coimeádacha i réim sna blianta tosaigh den chéad seo nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe, eagraithe ag gáinneálaithe daoine, a tháinig i dtír plódaithe le teifigh ar chúiseanna tearmainn.
rachmas i réim wealth ruling
" Agus an rachmas i réim, bhí na baincéirí agus lucht an rachmais in ann iad féin a chur i bhfolach taobh thiar d'ainmneacha comhlachta.
i mbarr a réime at the peak of its power
" Ó 1945 go dtí tús an chéid seo, bhí tíortha daonlathacha an Iarthair i mbarr a réime.
na Cumannaigh i réim communists in power
" Nuair a bhí na Cumannaigh i réim sa bPolainn, bhí dídean agus uisce reatha ag an bpobal ar fad.
i mbarr a réime in its prime
" Bhí an Eaglais Chaitliceach fós i mbarr a réime agus cumhacht mhór pholaitiúil aici.
i mbarr a réime at the top of the pile
" Aingeal Aingiallta Gearmánach a bhí ar an bhean seo; agus chuala Edna go raibh cleas aici nach raibh ag ceannaire ar bith eile ar chlár na cruinne ach í féin, agus go raibh sí in innimh an cleas seo a úsáid arís agus arís eile chun airgead a bhailiú de réir mar a theastaigh uaithi, chun an Ghearmáin a choinneáil i mbarr a réime mar phríomhthír thábhachtach an Domhain Thoir.
tháinig ann an t-uafás i réim horror came to the fore
" Gach uair a chlis ar an daonlathas, tháinig ann an t-uafás i réim.
agus é i mbarr a réime when he was in his prime
" Ach cérbh é Bill Fuller a fuair bás sa bhliain 2008, beannacht Dé leis? Fear a chuir 26 halla rince á dtógáil, bhí 3,000 duine fostaithe ag a chomhlacht tógála agus é i mbarr a réime.
dlí an mhargaidh i réim the law of the market is in charge
" Fad is a bheidh éagothroime dhomhanda agus dlí an mhargaidh i réim, beidh an gháinneáil ar dhaoine linn.
suaimhneas agus ciall ag teacht i réim peace and sense coming to the fore
" Ní fheicfimid suaimhneas agus ciall ag teacht i réim go dtí sin.
i réim to the fore
" Agus smaoiním ar na córais chánach sna tíortha is mó a bhfuil an caipitleachas Angla-Shacsanach i réim iontu, mar atá, Sasana, na Stáit Aontaithe agus, ar ndóigh, Éire.
raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim the school could proffer a distinction of this sort
" Ins an chás sin, chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh tosaíocht a bheith ag páistí de chuid iarscoláirí, ach nuair a deineadh achomhrac chun na hArd-Chúirte rialaíodh go raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim ina dúnghaois iontrála.
córas eile i réim another system in place
"córas eile i réim san Eoraip, áit a bhfuil na seansreanga teileafóin fós i seilbh na gcomhlachtaí fóin, ach iad ar cíos ag an tsoláthraí seirbhíse.
Bhí síocháin, dóchas agus tírghrá i réim peace, hope and patriotism was to the fore
" Bhí síocháin, dóchas agus tírghrá i réim ar chearnóg mhór Campo Grande, i lár cathair Salvador, áit ar chruinnigh fiche míle duine le chéile faoi theas ghrian an tráthnóna.
tréimhse ina raibh rabhcáin i mbarr a réime period when ballads were to the fore
" Spreagfaidh an díolaim seo cuimhní go leor den tréimhse ina raibh rabhcáin i mbarr a réime sna tithe tábhairne agus i gclubanna na tíre.
fágtha i réim an rialtais left in government
" Ní raibh ach cúpla mí fágtha i réim an rialtais nuair a léirigh na pobalbhreitheanna i mí an Mheithimh i mbliana go raibh díothú uafásach i ndán dó san olltoghchán.
i réim ina dtír dhúchais féin arís ever come the fore in its native land again
" Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobail – micrea-phobail go deimhin – a bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.
a bhí i mbarr a réime who ruled the roost
" Bhí baint lárnach ag cúrsaí creidimh leis na dronga de choirpigh a bhí i mbarr a réime sna fichidí agus sna tríochaidí.
na tiarnaí talún i réim the landlords in power
" San áit a raibh talamh phríobháideach ann, agus na tiarnaí talún i réim, bhí na daoine bocht dearóil agus iad ar beagán deise chun cultúir.
a bhí i réim i which was in place in
" An Fhírinne a Chodail Amuigh =========== Sna hagallaimh sin le Mallie, dúirt sé gur drochrud a bhí sa chlaonroinnt a bhí i réim i nDoire Cholmcille agus gur thuig sé éilimh Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta ó thuaidh.
a bhí ar i mbarr a réime who were at their zenith
" Is saghas andúiligh mé i leith rac-amhránaithe móra na 1990í freisin – go háirithe iad siúd a bhí ar i mbarr a réime ag tús na nóchaidí! **M.
i réim in power
" Creach an Phartanóin ========== Ba é an Tiarna Sasanach, an 7ú Iarla Elgin a rinne an chreach ar fhríosanna an Phartanóin, nuair a bhí sé ina ambasadóir thar ceann na Breataine don Impireacht Otamánach, a bhí i réim sa Ghréig sa 19ú Céad.
tiarnaí talún i réim landlords in power
" Ó bhí na Tóraithe agus na tiarnaí talún i réim ar feadh cuid mhór den naoú haois déag, bhí an drochshaol ar na daoine bochta, agus gan deis acu an talamh a shaothrú.
i réim in reigning in
" “Nach sibh a bhí cineálta, lách, séimh nuair a bhí sibh i réim in Éirinn!” a dúirt Michael Dee.
i réim ag dreamanna in vogue by groups
" Tá cód breise ann do bhailitheoirí airgid agus leis sin, molann The Wheel cleachtas eile atá i réim ag dreamanna sa Bhreatain, faoina mhíníonn gach eagraíocht go soiléir spriocanna, pleananna, costaisí agus an toradh a bhaineann lena gcuid oibre.
i mbarr a réime at the peak of his game
" Bhí os cionn 250 oibrí ag obair sa ghnó s’aige i Maidrid agus 100 duine i mBarcelona nuair a bhí Balenciaga i mbarr a réime.
i réim an rialtais in the term of government
" Bíonn cáinaisnéis déine sa chéad bhliain i réim an rialtais, sa dara bliain bíonn sí comhardaithe agus sa tríú bliain bíonn sí fíorfhlaithiúil le tacaíocht an lucht vótála a mhealladh ag an gcéad olltoghchán eile.
i mbarr a réime at its peek
" Bhí rudaí ag tarlú: Comharchumann Chois Fharraige i mbarr a réime faoi bhainistíocht rábach Phóil Uí Fhoighil; fostaíocht bhuan á cur ar fáil sa gceantar ag Gaeltarra Éireann faoi cheannasaíocht Chathal Mhic Gabhann; Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun agóidíochta, gan aon cheannas ceart air; Cine Gael ag déanamh físeán sa gceantar faoi stiúradh Bhob Quinn; Raidió na Gaeltachta i mbun craolacháin go neamhleithscéalach do phobal na Gaeltachta.
i réim in power
" Tá an t-olltoghchán anois thart agus tá rialtas nua i réim sa tír.
i réim prevailing
" Tá an tsíocháin i réim sna Sé Chontae ach tá bagairt na n-easaontóirí fós an-láidir, a deir Robert McMillen.