Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarmhairtí consequences
" Ar an ábhar sin, díreoidh mé m'aird ar nithe eile atá mar thoradh ar ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nithe a léiríonn cuid acu an taobh síorghránna den tsochaí Mheiriceánach, agus nithe eile a mbeidh iarmhairtí acu go forleathan.
iarmhairtí consequences
" Cé acu is breá leat é nó gur gráin leat é, is gá an méid seo a admháil: ní hamháin go bhfuil sé ag troid cogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, a bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige ar bhonn idirnáisiúnta ar feadh na scórtha bliain, bhí sé ar chúl an mhórbhua pholaitiúil a fuair a pháirtí Poblachtánach i mí na Samhna, a thug smacht ar an Chomhdháil dóibh.
iarmhairtí consequences
" Ach is gá béim a leagan air go léiríonn an tionchar seo ar an iomlán *status quo *na teanga ós rud é go bhfuil na hiarmhairtí seo i láthair ar feadh i bhfad.
iarmhairtí consequences
" Tá cur síos Nicholson luachmhar, mar chun tuiscint cheart a fháil ar iarmhairtí na mblianta tragóideacha sin, is gá go mbeadh a fhios ag duine céard a chaill na teaghlaigh agus na pobail.
caithfidh siad na hiarmhairtí a fhuilstin they have to suffer the consequences
" "Má tá daoine ag dul a thabhairt drochíde do mhuintir an cheantair, caithfidh siad na hiarmhairtí a fhuilstin," a dúirt sé le UTV.
iarmhairtí na drongadóireachta the consequences of gangsterism
" Le cois a chuid oibre mar fhear gnó, tá sé ag cur le chéile clár faisnéise don teilifís mar gheall ar an choireacht eagraithe Éireannach, clár ina ndíreofar ar an dream mícháiliúil sin, na *Westies*, i Hell’s Kitchen, ach a dhéanfaidh iniúchadh fosta ar iarmhairtí na drongadóireachta i measc na nÉireannach i Meiriceá ar fad.
iarmhairt consequence
" Rinne an comhrialtas a toghadh in 2007 an chéad leasú ar an Transport21, agus ar ndóigh ba é an comhrialtas a raibh an chéad Taoiseach Glas i gceannas air, a toghadh mar iarmhairt ar ghéarchéim na hola i 2010, a rinne na leasuithe ba mhó.
gan iarmhairt without consequence
" Níl an chéad ná an dara cur chuige tarraingteach do na polaiteoirí, anseo nó thall, agus gan ráthaíocht oifigiúil mar sin, is dócha nach mbeidh sa chaint núicléach seo ach caint gan iarmhairt.
na himpleachtaí agus na hiarmhairtí the implications and consequences
" (Paragraf 6)Mar gheall ar nach bhfeiceann na bulaithe a gcuid íospartach, téann siad i mbun drochíde a thabhairt gan tuiscint iomlán a bheith acu maidir leis na himpleachtaí agus na hiarmhairtí a bhíonn i gceist ó thaobh an íospartaigh de nó an rian a fhágann an bhulaíocht ar a shaol.
iarmhairtí reprecussions
" Sa bhliain 1990, mar shampla, ceapadh í mar stiúrthóir ar an mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin sa Ghinéiv – an chéad bhean riamh ar tugadh an onóir sin di – agus tá obair déanta aici leis na Náisiúin Aontaithe chun feasacht a chruthú i leith iarmhairtí na tubaiste in Searnóbail.
Coimisiún na hIarmharta the Legacy Commission
" Coimisiún na hIarmharta Tá Coimisiún Oidhreachta, nó Coimisiún Iarmharta, á mholadh ag Eames/Bradley a mbeidh Coimisinéir idirnáisiúnta ina chathaoirleach air agus ceithre ghné á n-iniúchadh ag an Choimisiún.
Iarmhairt na Bánmhartra the result of the hunger strike death(s)
" Iarmhairt na Bánmhartra Nuair a tháinig an tsraith de stailceanna ocrais i 1981, ní raibh ceachtar taobh sásta géilleadh.
iarmhairtí outcome, results
" "Thuig sé iarmhairtí an chaidrimh sin," ar siad i ráiteas fuarchúiseach.
iarmhairt fháinneach halo effect
" Tugtar an iarmhairt fháinneach ar seo.
iarmhairtí consequences
" An Maith an Mhaith Dhéanach an Iarraidh Seo? =============== Ba iad na chéad sé mhí den bhliain seo an tréimhse is teo a taifeadadh riamh, agus ba dhána an mhaise d'aon duine a shéanadh go bhfuil iarmhairtí athrú aeráide á mbrath againn faoi láthair.
iarmhairt result
" Is trua go raibh iarmhairt chomh tromchúiseach le *This is Our Year* mar is leabhar fíormhaith ann féin agus is leabhar é gur féidir a chur le liosta na leabhar fiúntach faoi Chumann Lúthchleas Gael a foilsíodh le roinnt blianta anuas.
Iarmhairt Seansaoil a hangover from old times
" Iarmhairt Seansaoil ======== Fágann an rialú seo go bhfuil bille mór costaisí le híoc ag na cosantóirí agus go bhfuil an tseanchoimhlint idir cearta an duine aonair thar an leas coiteann ina steig meig.
torthaí is iarmhairtí na himirce le sonrú go géar results and consequences are strongly felt
" Bíonn torthaí is iarmhairtí na himirce le sonrú go géar i dtíortha bundúchais na n-imirceach chomh maith.
mar iarmhairt ar as a consequence of
" Bheadh sé íorónta dá gcuirfí tús le ré na fuathchainte ciníche mar iarmhairt ar iarracht saoirse cainte a neartú.
mar iarmhairt ar as a result of
" Bíonn borradh agus cliseadh i ngeilleagar na tíre go rialta mar iarmhairt ar an timthriall amaideach seo.