Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarratasóirí applicants
" Faigheann ealaíontóirí áirithe cuireadh a saothar a thaispeáint agus cuireann iarratasóirí isteach ar an taispeántas chomh maith.
iarratasóirí applicants
" Deir sí: "Tá líon na n-iarratasóirí nach labhraíonn Gaeilge réasúnta ard ag 22, cé go gcaithfear a rá má tá tionchar á imirt acu, go bhfuil sé seo á dhéanamh acu ar feadh roinnt ama de bhrí gur mhair a bhformhór sa cheantar le blianta fada, go mór mór i ngeall ar cheangal teaghlaigh.
iarratasóirí applicants
" Mura ngearrfaí táillí ar na hiarratasóirí, d’fhéadfaidís a bheith ag cuardach agus ag fótachóipeáil go lá Sheoin Dic le hiarratais fhánacha, mhíréasúnta a shásamh.
iarratasóirí applicants
" Bíonn céimeanna éagsúla ar gá dul tríothu agus iarratasóirí ag cur isteach ar phostanna leis an AE.
le cumas teanga iarratasóirí a mheas, to assess language skills of applicants
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
aon iarratasóir amháin, one applicant,
" Go dtí seo, níl scrúdú Gaeilge déanta ag aon iarratasóir amháin, cé go bhfuil tús curtha le ceithre fhorbairt sa chontae ina mbeidh 13 aonad cónaithe do dhaoine a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu.
t-iarratasóir applicant
" Bhí an t-iarratasóir ag lorg dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil go comhuaineach don phobal i gcoitinne d'Achtanna de chuid an Oireachtais, ionstraimí reachtúla agus rialacha na Cúirte.
cionta mótarthráchta bheirt mhac fhásta an iarratasóra two mature sons traffic offences of the applicant
" Ach cad is brí leis an gcoinníoll seo go díreach? I gcás amháin, mar shampla, chuir an tAire cionta mótarthráchta bheirt mhac fhásta an iarratasóra san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige nár dhuine measúil an t-iarratasóir.
nár dhuine measúil an t-iarratasóir that the applicant wasn’t of good character
" Ach cad is brí leis an gcoinníoll seo go díreach? I gcás amháin, mar shampla, chuir an tAire cionta mótarthráchta bheirt mhac fhásta an iarratasóra san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige nár dhuine measúil an t-iarratasóir.