Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comórtaisí iascaireachta fishing competitions
" Tá bric sna locha seo uilig agus bíonn comórtaisí iascaireachta orthu i rith an tsamhraidh.
iascaireachta fishing
" Tá cumann láidir iascaireachta ar an bhaile a ritheann comórtaisí go rialta le linn an tséasúir.
an tionscal iascaireachta the fishing industry
" Agus ní bheadh muid sa riocht ina bhfuil muid anois, an tionscal iascaireachta ag dul go tóin poill agus diabhal tada gur féidir linn a dhéanamh faoi an fhad is atá muid san Aontas Eorpach.
cabhlach iascaireachta fishing fleet
" Chomh maith leis sin, is orainn féin amháin atá an locht muna bhfuil cabhlach iascaireachta na hÉireann inchurtha le cabhlach na Spáinne faoin am seo.
tionscal iascaireachta fishing industry
" Bhí cuid den chlann a rinne iarrachtaí saol na ndaoine a dhéanamh níos fearr sna bliantaí ina dhiaidh sin, mar shampla Burton Conyngham a chuir dúthracht air féin ag iarraidh tionscal iascaireachta a chur ar bhun sa cheantar.
Chomhbheartas Iascaireachta na hEorpa Joint European Fisheries Policy
" Ag tús na bliana seo d'aontaigh ballstáit an Aontais Eorpaigh ar dhréachtphlean do Chomhbheartas Iascaireachta na hEorpa (CIE) nua.
chuóta iascaireachta fishing quota
" Cé gur le hÉirinn an ceathrú cuid nó mar sin d'fharraigí na hEorpa, níl ach thart ar 4% de chuóta iascaireachta na hEorpa ag an stát seo.
chabhlach iascaireachta fishing fleet
" Fiú go dtí an lá atá inniu ann, báid faoi bhun 15 méadar 80% de chabhlach iascaireachta an stáit seo.
iascaireacht iascaireacht
" Ní baile mór tionsclaíoch é Tír an Fhia agus braitheann an chuid is mó de na daoine ar an iascaireacht mar shlí bheatha, ach caithfear a rá go bhfuil seo ag athrú go sciobtha.
ag iascaireacht ó charraigeacha fishing from rocks
" D'eitil éin mhara trasna an chuain, agus bhí daoine ag iascaireacht ó charraigeacha.
calafort iascaireachta fishing port
" Tagann an t-ainm Calabogie as "na Cealla Beaga", calafort iascaireachta ar imeall na Gaeltachta i nDún na nGall.
an calafort mór iascaireachta sin that large fishing port
" Nó do na hoifigigh i mBord Iascaigh Mhara atá le n-athrú ó Dhún Laoghaire go dtí an calafort mór iascaireachta sin, Cloch na Coillte.
ag iascaireacht fishing
" "Bhí mé in ann a bheith i gcomhluadar mo mhná agus mo pháistí go minic agus fiú seal a chaitheamh ag imirt gailf nó ag iascaireacht.
baile beag iascaireachta a small fishing town
" Céim mhór a bhí ann don fhear óg as Cé na Coille Móire, baile beag iascaireachta i Loch Garman.
ag iascaireacht leo fishing away
" Ní raibh duine ar bith thart, seachas cúpla fear ina seasamh suas go dtí a gcoim san fharraige, ag iascaireacht leo.
Théidís ag seilg agus ag iascaireacht they used to go hunting and fishing
" Théidís ag seilg agus ag iascaireacht fá choinne bia, agus bhailídís torthaí agus cnónna.
iascaireacht fishing
" Téann báid iascaigh amach le turasóirí ag iascaireacht, ag fámaireacht nó ar thurais go dtí na hoileáin.
caladh iascaireachta fishing port
" Ansin, d’imigh mé liom go Seahouses, caladh iascaireachta atá beag agus simplí.
caladh iascaireachta fishing port
" Ansin, d’imigh mé liom go Seahouses, caladh iascaireachta atá beag agus simplí.
mar chuid de phacáistí siúil, iascaireachta agus saoire tuaithe as part of walking, fishing and country holiday packages
" Deir Alan Hill gurb é an bealach chun tosaigh ná margaíocht a dhéanamh ar lóistíní Leaba agus Bia mar chuid de phacáistí siúil, iascaireachta agus saoire tuaithe.
maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, as regards fishing and tourism,
" Tá bailte beaga scaipthe ar bhruacha na habhann agus tá ról lárnach aici i saol mhuintir an cheantair seo maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, agus is córas iompair agus foinse uisce don chócaireacht agus don níochán í chomh maith.
na báid iascaireachta the fishing boats
" Nuair a théann na báid iascaireachta amach istoíche, bíonn solas ar lasadh ar gach ceann acu agus is radharc fíorálainn iad seo amuigh ar an loch dorcha séimh.
sraith sráidbhailte iascaireachta a series of fishing villages
"sraith sráidbhailte iascaireachta ann, Cathair Aile, ina measc, áit a bhfuil cuan gleoite.
iascaireacht bhradáin. salmon fishing.
" Bhí crainn agus géim sna foraoisí agus iascaireacht bhradáin.
ag iascaireacht fonn fishing for tunes
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
leis an iascaireacht a fhorbairt to develop fishing
" Thóg sé cuan nua leis an iascaireacht a fhorbairt sa cheantar, agus chuaigh sé i mbun roinnt mhaith tionscal, monarcha cnáibe agus grúdlann ina measc.
baile beag iascaireachta a small fishing town
" Dúirt Stephen nach raibh i Lìte ach baile beag iascaireachta ag an am sin.
gnáthchearta iascaireachta) regular fishing rights)
" ” I gcomhthéacs éagothroime níos leithne, cuireann tráchtairí na ruathair seo ar liosta ar a bhfuil *débâcle* na hUrthrá agus Leaba na Farraige 2003 (nuair a thóg an Stát gnáthchearta iascaireachta), agus scannal nár craoladh go forleathan inár shínigh an Nua-Shéalainn an Forógra ar Chearta na mBundúchasach ag deireadh 2007.
ar bhád iascaireachta. on a fishing boat.
" Ní raibh aon bhád farantóireachta ann 20 bliain ó shin agus b’éigean dúinn fanacht i Machaire Rabhartaigh go bhfaigheadh muid síob ar bhád iascaireachta.
áit a dtroidtear na mórchathanna talmhaíochta agus iascaireachta where the major agriculture and fishing battles are fought
" ***Míbhuntáistí:* **Tá amhras ar go leor faoi mar gheall ar go síleann siad nach bhfuil a dhóthain taithí bainte amach aige san Aontas Eorpach, áit a dtroidtear na mórchathanna talmhaíochta agus iascaireachta faoi láthair.
iascaireacht fishing
" Braitheann go leor daoine ar an iascaireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír agus is foinse thábhachtach bia é an loch chomh maith – bíonn éisc de gach cineál le feiceáil ar díol sna margaí, ar an tsráid, istigh i mbialanna agus ceangailte suas taobh amuigh de mhionbhusanna ionas nach mbíonn boladh lofa taobh istigh! Téann an bád farantóireachta – an ILALA, a tógadh i nGlaschú sna caogaidí – trasna an locha gach seachtain.
tionscadal na hiascaireachta the fishing industry
" Tá go leor féidireachtaí ag baint le ceantair iargúlta agus tuaithe: turasóireacht a bhaineann le cúrsaí cultúrtha nó le gníomhaíochtaí (chomh maith le gnáththurasóireacht na ngleannta is na sliabh); bia ‘ceardúil’ nó bia ‘glas’, ’sé sin, bia aiceanta ar ardchaighdeán atá úr agus slán; talmhaíocht orgánach nó ardchaighdeáin; An Luach Bhreise a Fhorbairt ============== Beidh sé fíorthábhachtach athrú ó tháirgí príomhúla go táirgí breisluacha, faoi mar a rinne tionscadal na hiascaireachta sna Cealla Beaga, áit a bhfuil béim an-mhór faoi láthair ar luach breise a chruthú trína táirgí éisc a phróiseáil agus a phacáistiú.
iascaireachta agus tráchtála fishing and commerce
" Ní taise do leithinis A Coruña é, gona calafort seanbhunaithe iascaireachta agus tráchtála.
obair tí is iascaireachta housework and fishing
" ie/en/blascaod/) ná an t-eolas ar fad faoi conas a mhair muintir na mBlascaod in áit chomh garbh is eascairdiúil: na sonraí beaga faoi obair tí is iascaireachta, faoi chúram ainmhithe agus faoi thograí móra ar nós tógáil curaigh.