Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idir dhá cheann na meá undecided, not knowing which way to jump
" Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna.
idir dhá cheann na meá hanging in the balance
" Bhí gach rud faoin gcluiche sin ar fheabhas, dar liom féin: an iománaíocht a bhí sciliúil agus tapa, an choimhlint ghéar, an toradh a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus an craoladh féin - gairmiúil agus snasta agus i nGaeilge líofa.
Idir dhá cheann na meá hanging in the balance
" Idir dhá cheann na meá atá sé, idir dhá stól, agus cé gur mí Lúnasa atá ann, tá sé idir dhá thine Bhealtaine.
idir dhá cheann na meá, in the balance,
" Tá an Seanad fós idir dhá cheann na meá, agus is mar sin a bheidh sé go dtí lá an toghcháin féin.
idir dhá cheann na meá, in the balance,
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil gach teanga idir an dá ghrúpa sin idir dhá cheann na meá, an Ghaeilge ina measc.
idir dhá cheann na meá hanging in the balance
" Bhí todhchaí an gCluichí Oilimpeacha idir dhá cheann na meá ag an am sin agus bhí mugadh magadh ceart déanta don spiorad Oilimpeach.
Tá todhchaí Mheiriceá idir dhá cheann na meá the future of America is hanging in the balance
" Tá todhchaí Mheiriceá idir dhá cheann na meá mar gheall ar an gceist seo.
idir dhá cheann na meá hanging in the balance
" Is léir go gceapann go leor daoine go bhfuil cultúr na tíre seo idir dhá cheann na meá.
idir dhá cheann na meá in the balance
" Is léir go gceapann go leor daoine go bhfuil cultúr na tíre seo idir dhá cheann na meá.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Fuair páirtí an Congress an lámh in uachtar ar an BJP in olltoghchán 2004, ach ba ar éigin é, agus bhí an tír idir dhá cheann na meá ó shin.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Cluiche ab ea é a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an nóiméad ar bháigh Máirtín Comartún an sliotar in eangach Bhreandáin Uí Choimín, cúl báire Thiobraid Árann, agus gan ach cúig nóiméad fágtha chun imeartha.
Idir Dhá Cheann na Meá touch and go
" Idir Dhá Cheann na Meá Rinne an rialtas reatha iarracht bille STA a thabhairt isteach i mí Lúnasa i mbliana, ach níl móramh acu sa teach uachtair, an Seanad.
idir dhá cheann na meá touch and go
" Ach, bhí an t-aicsean ar an bpáirc iontach tarraingteach, an caighdeán peile go fíormhaith, an cluiche idir dhá cheann na meá agus an slua ar bís.
Idir Dhá Cheann na Meá touch and go
" Idir Dhá Cheann na Meá ============ Nuair nach raibh tromlach ag aon mhórpháirtí sa teach íochtarach bhí an rogha ag an seisear feisirí eile ann tacú le ceann amháin acu le móramh a bhunú.
Idir dhá cheann na meá touch and go, in the balence
" Idir dhá cheann na meá, beidh 37 suíochán Seanaid (as 100), 39 gobharnóireacht, agus 435 suíochán sa Chomhdháil (’sé sin, iad go léir).
idir dhá cheann na meá touch and go
" Bhí todhchaí an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) idir dhá cheann na meá ón uair gur mhol Colm McCarthy agus a chairde ins an Bord Snip Nua fáil réidh leis.