Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idir dhá chomhairle between two minds
" Tá an chuid is mó den bhuntaighde déanta aige agus ceithre chaibidil dréachtaithe aige go dtí seo ach tá sé idir dhá chomhairle faoin teanga arbh fhearr an saothar a scríobh inti.
idir dhá chomhairle in two minds
" An raibh sé idir dhá chomhairle tar éis an 11 Meán Fómhair? Ní raibh ar chor ar bith, a deir sé.
idir dhá chomhairle in two minds
" Siombail den tslí a bhfuil an tSín idir dhá chomhairle faoi láthair.
idir dhá chomhairle in two minds
" “Ach go fóill bhí mé idir dhá chomhairle ar chóir dom cur isteach ar an bpost mar ní raibh taithí bhainisteoireachta ar bith agam, cé go raibh an-chur amach agam ar Raidió na Life.
idir dhá chomhairle in two minds
" Agus cé go raibh mé idir dhá chomhairle mar gheall ar na fochialla follasacha polaitiúla sna laethanta luatha seo, thosaigh mé ag amharc ar an Ghaeilge sa deireadh mar theacht abhaile teanga – tá go leor focal ón Ghaeilge inár gcaint féin, tá an ghramadach ag dul i gcion orainn go fóill agus bhraith mé go raibh sé furasta go leor í a fhoghlaim ón tús.
idir dhá chomhairle: in two minds:
" “Hm?” a dúirt sí agus í idir dhá chomhairle: an mbeidh tósta nó *croissant* agam? “Tá tú i do shuí go luath, a dúirt mé,” arsa a hathair.
idir dhá chomhairle. in two minds.
" Táim i gcás idir dhá chomhairle.
idir dhá chomhairle in two minds
" Tá alltacht, uafás agus brúidiúlacht an chogaidh le mothú sna pictiúir ach is léir fosta go bhfuil an t-ealaíontóir idir dhá chomhairle maidir le ról na bhfórsaí Meiriceánacha ina thír.
idir dhá chomhairle in two minds
" Bhí Abigail idir dhá chomhairle faoi chupán tae eile a bheith aici.
Idir Dhá Chomhairle undecided
" Idir Dhá Chomhairle ============ **SMM: An bhfuil tú leathdóchasach faoina bhfuil ag titim amach maidir leis an nGaeilg sa nGalltacht?** BNC: Braitheann sé ar cén lá atá tú ag caint liom! (Gáire) Mar a tharlaíonn sé, inniu, tá mé dóchasach.
idir dhá chomhairle in two minds
" Tá mé féin idir dhá chomhairle faoi.
idir dhá chomhairle undecided
" Tá Balor bocht idir dhá chomhairle an mhí seo, a léitheoirí dílse.
idir dhá chomhairle undecided
" D’fhan sí leathmheandar agus le cuimhneamh ar a cuid Béarla agus í idir dhá chomhairle.
idir dhá chomhairle in two minds
" Tá an oiread sin eachtraí aisteacha, aduaine, éagsúlacha i ndiaidh tarlú in Éirinn le mí anuas go bhfuil Balor an Bhéil Bhinn ag dul thart mar a bheadh madadh an dá eireaball ann, é idir dhá chomhairle (nó dhá chomhairle dhéag, b’fhéidir) faoi na scéalta a gcaithfidh sé a shúil nimhe orthu an iarraidh seo.
idir an dhá chomhairle faoin chultas unsure about the cult following
" Ach leis an leabhar Patrick McGinley tá tráchtaireacht scríofa ann don tréimhse sin, rud atá íorónta mar is léir go bhfuil McGinley idir an dhá chomhairle faoin chultas atá ag baint leis an tsagart.
Bhí mé idir dhá chomhairle I was in two minds
" Bhí mé idir dhá chomhairle anois.
idir dhá chomhairle undecided
" Tá na húdaráis idir dhá chomhairle faoi láthair dá bharr agus an chuma ar an scéal nach mbeidh sé de dhánacht iontu capall íocónach na hard-dúiche a dhealú le hurchar anuas as ingearán.
idir dhá chomhairle in two minds
" Tá Bearnaí Ó Doibhlin idir dhá chomhairle faoi sin, áfach.