Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idirdhealú a dhéanamh to differentiate
" Is dóigh mura bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir an tAigéan Indiach agus an tAigéan Ciúin nach díol iontais é nach mbeadh ar a gcumas plé ró-stuama a dhéanamh ar aon cheo beagán níos casta.
idirdhealú a dhéanamh to differentiate
" An réamhbhlaiseadh eile é seo? An mbeimid in ann idirdhealú a dhéanamh idir an t-earra ceart agus an t-earra bréige? Cheannaigh Eithne scairf di féin sa *souk*, margadh na dteicstílí.
idirdhealú discrimination
" Bhí daoine áirithe freagrach as éagóir, bhí siad freagrach as claondearcadh, as idirdhealú, ach chomh maith leis sin ba léir dom an toradh uafásach a bhí ar an doirteadh fola nó ar an mbás ar chaon taobh.
idirdhealú distinction
" Ag an am céanna chuireadh daoine i mBaile Átha Cliath ceist air cad chuige a raibh sé ag cur a chuid ama amú le ceol clasaiceach thuas i mBéal Feirste! Mheas sé i gcónaí go raibh seo iontach greannmhar mar nach ndearna seisean idirdhealú riamh idir an dá rud.
idirdhealú distinction
" Pléifear freisin an t-idirdhealú a dhéantar i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcásanna clúmhillte idir duine atá i mbéal an phobail agus gnáthdhuine.
idirdhealú distinction
" Ní dhéanann sí idirdhealú ina hintinn, is cosúil, idir na dílseoirí sin as na ceantair bhochta den chathair, agus na Protastúnaigh chluthara chaoinbhéasacha a bhíonn le feiceáil amuigh faoin spéir thart ar Loch Cuan.
idirdhealú discrimination
" "Níor smaoinigh mé ar chor ar bith faoi idirdhealú ó thaobh fostaíochta agus tithíochta de.
idirdhealú a dhéanamh to differentiate
" Dúirt George Bernard Shaw uair faoi lucht nuachta nach bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir taisme rothair agus díothú sibhialtachta.
idirdhealú distinction
" Tá mé ag seinm ceol tíre agus cheol traidisiúnta na hÉireann ó dheireadh na n-ochtóidí agus chítear domhsa nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an ceol.
idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta discrimination in employment
" "Léiríonn sé go *gcreideann* daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, "An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?" Ach i dtaca le ceist eile, "An gcreideann tú féin gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?" ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh.
idirdhealú discrimination
" Tá Paddy in éadan seicteachais agus idirdhealú sa bhaile, agus tá taispeántas breá dearfach ann faoi stair agus chultúr an Lucht Taistil.
idirdhealú discrimination
" Is impleachtaí iad a bhaineann le hidirdhealú agus leatrom, le coilíneachas agus neamhspléachas, agus le domhandú.
a dhéanfaidh iad a idirdhealú i gcónaí ón gcoilíní that will always differentiate them from their colonizer
" Sa lá atá inniu ann, tá cultúr agus teanga faoi leith acu a dhéanfaidh iad a idirdhealú i gcónaí ón gcoilíní, agus a chinnteoidh nach dtiocfaidh meath go deo ar na nithe a dhéanann difriúil iad ó chultúir eile.
idirdhealú distinction
" Déanann Marlin idirdhealú tábhachtach idir na Caitlicigh seo de chuid an Oirthuaiscirt, a bhfuil go leor "*cafeteria Catholics*" ina measc, is é sin iad siúd a roghnaíonn na gnéithe den chreideamh ar mian leo cloí leo, agus Caitlicigh eile.
idirdhealú a dhéanamh eatarthu to differentiate between them
" Má éistíonn tú leis an reitric, uaireanta bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu.
idirdhealú a dhéanamh to differentiate
" Coiste nach bhfuil beann acu ar éinne, baill choiste nach bhfuil, is nach raibh, baint acu le haon chlub nó fiú mórán bainte acu le contae ar aon slí a d'fhéadfadh cur as dá neamhspleáchas; daoine a bheadh in ann idirdhealú a dhéanamh idir an gníomh agus tábhacht an imreora dá chlub, dá pharóiste, dá chontae.
idirdhealú rí-thábhachtach an extremely important distinction
" Ach, dar le Ray, is idirdhealú rí-thábhachtach é.
idirdhealú differentiation
" AÓF: Cén chaoi a ndéanann tusa idirdhealú idir an duine go bhfuil "sean-nós" aige/aici agus an duine nach bhfuil? ÁNíD: Deacair a rá.
idirdhealú distinction
" “*Geolocation*” an t-ainm atá ar an gcóras seo, agus bheadh sé úsáideach do na seirbhísí éigeandála, mar shampla, go háirithe faoin tuath, agus is dócha go ndéanfadh sé idirdhealú idir an tUasal Ó Murchú sa Thrá Bán agus a chomharsa.
idirdhealú distinction
" “*Geolocation*” an t-ainm atá ar an gcóras seo, agus bheadh sé úsáideach do na seirbhísí éigeandála, mar shampla, go háirithe faoin tuath, agus is dócha go ndéanfadh sé idirdhealú idir an tUasal Ó Murchú sa Thrá Bán agus a chomharsa.
idirdhealú distinction
" Déantar idirdhealú idir scoil nó coláiste agus club, idir imreoirí faoi aois áirithe agus os a cionn, idir comórtas amháin agus comórtas eile.
idirdhealú distinction
" Agus níl aon bhealach le hidirdhealú a dhéanamh idir ceann amháin agus an ceann eile.
idirdhealú distinction
" Cé gur ar mhuintir na Liobáine is mó a bhí a n-aird, ní léir cén chaoi a raibh siad in ann idirdhealú a dhéanamh eatarthu sin agus daoine eile a mbíonn an chuma chéanna orthu go minic, daoine as an Iodáil agus as an Spáinn cuir i gcás.
idirdhealú distinction
" Is cuma cé mhéid cainte a dhéanann siad faoina “léirmhíniú” siúd agus faoin idirdhealú idir comórtais idir-ranna agus comórtais inmheánacha, is é an tuiscint atá ag an phobal ná go bhfuil creimeadh tagtha ar an chóras a tháinig in áit na Gaeilge éigeantaí.
an t-idirdhealú the distinction
" Agus ní mór é an t-idirdhealú a tharraingíodar idir trí eilimint na Tríonóide-lú-ná-Naofa sin.
idirdhealú dearfach positive discrimination
" Ach conas is féidir dul i ngleic leis an *brain drain* seo agus leis an ídiú acmhainne ó na Gaeltachtaí beaga? B’fhéidir go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí teangabhunaithe córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm.
idirdhealú differentiation
" Tá Microsoft ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus an iomaíocht le Office 2007.
idirdhealú fo-chomhfhiosach sub-conscious discrimination
" Ní raibh sa gclár faisnéise sin ach cruthú eile go ndéanann muid idirdhealú fo-chomhfhiosach idir daoine geala agus daoine dubha maidir leis an ról ba chóir dóibh a bheith acu inár sochaí.
idirdhealú to distinguish
" Úsáidtear an tsiombail sin chun idirdhealú a dhéanamh idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile.
chun idirdhealú a dhéanamh to differentiate
" Úsáidtear an tsiombail sin chun idirdhealú a dhéanamh idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile.
idirdhealú distinction
" Ag tús mo sheala sa Nua-Shéalainn, bhíodh sé deacair orm in amanna a bheith cinnte cé acu an raibh daoine ag caint ar ghruaig, nó ar rud éigin a bheith ag a chríoch toisc nach ndéantar idirdhealú sa chaint idir hair agus here! Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht le caint na ndaoine, agus níl áit níos fearr lena aghaidh ná ar bhus.
idirdhealú distinction
" Is iontach an rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí is nua ar fad in úsáid chun an comhluadar Gaelach a neartú ar an idirlíon – bímis ag blagadóireacht ar son na cúise! Ceann de na tionchair is mó atá ag an bhlag ar na meáin chumarsáide ná go bhfuil sé níos deacra anois idirdhealú ceart a dhéanamh idir iriseoireacht ghairmiúil agus amaitéarach.
Ba dhoiligh idirdhealú a dhéanamh it was difficult to make a distinction
" Ba dhoiligh idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus cainteoir dúchais.
idirdhealú a dhéanamh make a distinction between
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
idirdhealú discrimination
" Is léir dom freisin, áfach, go ndéantar idirdhealú fós ar dhaoine aeracha san iliomad réimsí den tsochaí abhus.
idirdhealú distinction
" Ba cheart ag an staid seo idirdhealú a dhéanamh idir iad siúd a bhfuil míchumas foghlama orthu i ndáiríre agus iad siúd atá ag cur i gcéill.
idirdhealú discrimination
" Faoi réir mhír 37(1), tá sé ceadmhach idirdhealú áirithe a bheith déanta ag foras creidimh, oideachais nó leighis atá á reáchtáil ag comhlacht a bunaíodh chun críche creidimh nó a n-áirítear ar a chuspóirí seirbhísí a sholáthar i dtimpeallacht a chothaíonn luachanna áirithe creidimh.
idirdhealú a dhéanamh to distinguish
" An dóigh leis sé go mbaineann chuile rud a dhéanann sé lena chuid oibre agus an mbraitheann sé nach féidir leis idirdhealú a dhéanamh idir uaireanta oibre agus uaireanta saoire? “Braithim sin, go pointe áirithe.
idirdhealú sách soiléir clear enough distinction
" Mar sin, ní dóigh liom go ndéanann an Ghaeilge idirdhealú sách soiléir idir an dá rud.
idirdhealú to distinguish
" Cinnte, bhí sí óg tráth agus níl aon amhras ach gur fheil an aidiacht di, nó fiú, go raibh gá leis an aidiacht a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus Bríd Ní Bhuachalla eile a bhí in aon teach nó in aon rang léi ar scoil.
idirdhealú distinction
" Gan deighilt ná idirdhealú ceart déanta ar réim a údaráis i gcomhréir lena Aire Sóisir, Martin Mansergh, agus is dócha ná a mhalairt go ligfear Cullen chun bealaigh gan rómhoill.
idirdhealú idir distinction between
" Siamsaíocht in ionad nuachta a chuireann siad ar fáil agus ní dhéanann siad idirdhealú idir an dá rud.
idirdhealú distinguish
" Baol a bhaineann le bheith i gceannas ar eagraíocht ar bith ar feadh tréimhse fhada ná gur minic nach ligean an sotal duit idirdhealú a dhéanamh idir na nithe atá tú i dteideal a dhéanamh agus iad siúd nár chóir a dhéanamh.
idirdhealú distinction
" Tá gné thábhachtach eile den socrú nua institiúideach nach bhfuair mórán airde go dtí seo, is é sin an t-idirdhealú feidhmeanna idir Údarás na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
idirdhealú differentiation
" Lena chois sin, níor mhór idirdhealú a dhéanamh idir na staitisticí a phléitear sa tuarascáil seo agus an chuid eile den staidéar nach bhfuil ann ach tuairimíocht, ar beagán bunúis dar liom.
t-idirdhealú dearfach positive discrimination
" Níl deireadh curtha leis an gcóras sainaicmí go fóill ach sa bhunreacht a achtaíodh i 1950 i ndiaidh don India neamhspleáchas a bhaint amach, ní hamháin gur cuireadh ar ceal stádas an aosa sheachanta ó thaobh an dlí de, ach maidir le fostaíocht, oideachas is ionadaíocht toghcháin, tugadh an t-idirdhealú dearfach isteach.
idirdhealú differentiation
" Dar le Freud agus Piaget (ceannródaí i réimse aigneolaíocht na forbartha), ní bhíonn an leanbán, nó an leanbh óg, in ann idirdhealú a dhéanamh idir an fhírinne agus an bhréag.
idirdhealú differenciation
" Gan aon idirdhealú a dhéanamh idir na haltanna, maíonn Snopes gur samplaí maithe iad de na *“plenty of anti-Semitic, anti-Zionist, and anti-Israeli groups eager to use the horrors of September 11 as fodder for propaganda to serve their own political ends.
idirdhealú differentiating
" Seoltar na splancanna ar aghaidh ó na cealla ar an liog éisteachta chuig stoc na hinchinne ar dtús agus ansin chuig an dá mhaothán tosaigh go réimse na haigneolaíochta agus na mothúchán, mar a ndéantar, idirdhealú idir ding agus dong, idir um agus am, idir glisiam agus fothram, idir sioscadh síoda taobh leat agus tuairt bhodhar agus ar ndóigh, idir drochcheol agus dea-cheol! In intinn an linbh óig, is nua gach fuaim agus mar sin bíonn stoc na hinchinne ag obair an-chrua leis na fuaimeanna nua uilig a rangú, a stóráil agus ord agus eagar slachtmhar a chur orthu le go n-aithneofaí na fuaimeanna chéanna nó fuaimeanna atá cosúil leo níos déanaí.
idirdhealú differentiate
" Ní bhíonn éisc in ann idirdhealú a dhéanamh idir na cáithníní plaisteacha agus bunchothú na farraige, an planctón, a mbeatha aiceanta.
idirdhealú to differentiate
" Go dtí an bhliain 1900 nó mar sin bhíodh ainm sa bhreis de dhíth chun na páistí a idirdhealú thar a chéile sa rang: ‘John James’ nó ‘Sarah Jane’, ach feasta, de bharr go raibh an t-uafás ainmneacha ann, agus nach raibh aon cheann acu chomh forleathan is a bhíodh, ba leor ainm amháin i mbéal an mhúinteora.
idirdhealú differentiation
" Mar chosaint air seo, deir Deller go bhfuil sé ag iarraidh aird a tharraingt ar cad atá ag tarlú go fírinneach san Iaráic agus ar an mhéadú atá i ndiaidh theacht ar líon na sibhialtach atá marbh mar gheall ar choimhlintí nach ndéanann aon idirdhealú idir trodairí agus sibhialtaigh.
Idirdhealú dearfach positive discrimination
" Idirdhealú dearfach le linn an phróiseas earcaíochta a thabharfadh tús áite do dhaoine le Gaeilge an réiteach, dar leis.
idirdhealú differentiation
" Ina n-áit, ba cheart go mbeadh bunchearta maidir le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge aontaithe agus foilsithe agus ba cheart go mbeadh idirdhealú déanta idir na cearta atá ag daoine sa nGaeltacht agus daoine nach bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht, an Ghaeilge a úsáid.
nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir that one can’t distinguish between
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
síor-idirdhealú seo this continual distinction
" Cé go dtaitníonn an riaradh ionannais agus an síor-idirdhealú seo go mór le daoine áirithe – an lucht acadúil fágaim – tá a thuilleadh atá amhrasach ina thaobh.
idirdhealú dólásach disconsolate differentiation
" D’fhulaing Tóibín fén ualach cultúrtha sin dar bhreaclínigh Ó Ríordánach ina dhán fuarchúiseach scéirdiúil, ‘Fill Arís’, dán a dhéanann idirdhealú dólásach idir an Béarla agus an Ghaeilge agus a dhéanann iarracht daoine do ghríosadh chun cluas bhodhar a thabhairt do shaibhreas intleachtúil ‘Shelley, Keats is Shakespeare’ ós rud é, dar leis, nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean’.
an t-idirdhealú céanna the same distinction
" Dhiúltaigh Lincoln íde speisialta a thabhairt dos na Stáit theas agus é beag beann beagnach ar a gcuid tréas bunreachtúil, agus dhiúltaigh Andy an t-idirdhealú céanna a dhéanamh ina shearmóin.
idirdhealú dearfach positive discrimination
" É sin ráite, sílim gur cheart córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm i modh earcaíochta na nGardaí.
ba ar éigean a d'fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh one could hardly distinguish
" Foireann na Gailíse, ba ar éigean a d'fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir í agus cumann na bhFillos, ach gur cuireadh an iúl dom i ndiaidh an chluiche gur dheineas dearmad beag ina thaobh seo.
a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise which ban discrimination on grounds of age
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
an Coimisinéir um Idirdhealú Aoise Age Discrimination Commissioner
" Sa chéad dul síos tá Susan Ryan, an Coimisinéir um Idirdhealú Aoise, a bhí ina hAire Oideachais sa rialtas náisiúnta tráth, an chéad aire mná riamh i bPáirtí an Lucht Oibre.
agus idirdhealú á dhéanamh aici while she distinguishes
" 261 (1990) Nach é sin bunchloch achainí Mrs Fleming agus idirdhealú á dhéanamh aici idir “naofacht” an tsaoil agus dígnit an bháis réamhbhearthaithe?
nach mbeifear in ann idirdhealú dearfach a dhéanamh one shall not be able to make a positive discrimination
" Ní Fál go hAer Fós É ======== Is dócha, áfach, gurb é an moladh is tromchúisí atá ag an Aire Quinn ná nach mbeifear in ann idirdhealú dearfach a dhéanamh a thuilleadh i leith daltaí atá á dtógáil le Gaeilge.
gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh that it’s still permissible to discriminate
" Sa chomhthéacs sin, níor mhiste a chuimhneamh gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh de réir sainmheon creidimh.
raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim the school could proffer a distinction of this sort
" Ins an chás sin, chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh tosaíocht a bheith ag páistí de chuid iarscoláirí, ach nuair a deineadh achomhrac chun na hArd-Chúirte rialaíodh go raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim ina dúnghaois iontrála.
an idirdhealú idir the distinction between
" Is é a dhéanann na deacrachtaí seo go léir a chuirtear roimh eachtrannaigh, ar ndóigh, ná béim a leagan ar an idirdhealú idir saoránaigh agus inimircigh, rud a chruthaíonn sochaí a chuideodh leis an gciníochas.
Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir should one distinguish from now on between
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta social class distinction is not
" Maíonn siad go fíochmhar nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta atá ina ghné lárnach i sochaí na Breataine, an mháthairthír, le sonrú abhus, agus is fuath leo daoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle.
Idirdhealú Ciníoch racial discrimation
" Tá an cheist achrannach chasta seo in airde san Astráil ar na mallaibh mar gheall ar iarratas atá idir chamáin ag an rialtas náisiúnta leasú a dhéanamh ar alt 18C, Cuid 2A, den Acht um Idirdhealú Ciníoch.
an t-idirdhealú a dhéanamh idir distinguishing between
" Is í an fhadhb anois ná an t-idirdhealú a dhéanamh idir bagairtí cruthanta agus bagairtí atá fógartha ag daoine nach bhfuil mar chlaíomh acu ach méarchlár agus racht feirge as cuimse dá gcéasadh.
idirdhealú a dhéanamh make a distinction
" Is minic a scaiptear teachtaireachtaí mar gheall ar víris bhréige (nó "hoax viruses") agus tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo agus rabhadh ar chóir aird a thabhairt air.
idirdhealú to distinguish
" Is minic a théann sé dian ar dhaoine idirdhealú idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile, ach tá bunadh na Nua-Shéalainne an-bhródúil go deo as a gcultúr agus féiniúlacht féin, mar a mhíníonn Ruth Nic Giolla Iasachta.
idirdhealú differentiating
" Tá a mhac ag foghlaim agus ag idirdhealú fuaimneanna faoi láthair agus is tráthúil ag Colm Ó Snodaigh mar sin lán na cluaise d’alt ar fhoglaim na fuaime sa leanbh a roinnt linn.
idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe discriminating illegally against workers
" Míníonn Alan Desmond go bhfuil Éire cáinte ag an Aontas Eorpach mar gheall ar idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe a thagann as tíortha lasmuigh den AE.