Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhoibriú idirnáisiúnta international co-operation
" Tuigeann Washington anois go bhfuil géarghá le comhoibriú idirnáisiúnta má tá siad chun deireadh a chur le sceimhlitheoireacht dhomhanda.
clú idirnáisiúnta international fame
" Tá sé ag damhsa go lánaimseartha le Riverdance ó bhí Fómhar na bliana 1996 ann agus tá clú idirnáisiúnta bainte amach aige, ach deir siad siúd a bhfuil aithne acu air gur beag athrú atá tagtha air mar dhuine.
threochtaí idirnáisiúnta international trends
" Thug tuairisc Skillbeck ar threochtaí idirnáisiúnta san ardoideachas an dúshlán do na hollscoileanna freastal ar an dream seo trí chúrsaí páirtaimseartha, cianoideachas agus mar sin de.
an Chrois Dhearg Idirnáisiúnta The International Red Cross
" Bronnfar an brabús uilig ar an Chrois Dhearg Idirnáisiúnta.
cáil idirnáisiúnta á baint amach aige achieving international fame
" " Chas Nikki le Jimi Hendrix ag an am seo fosta mar gur sheinn sé féin agus a ghrúpa, The Jimi Hendrix Experience, i München, díreach agus cáil idirnáisiúnta á baint amach aige.
na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta The International Criminal Court
" Tá na Stáit Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.
dhlíthe idirnáisiúnta international laws
" Tairbhe chinnte eacnamúil ======= Faoi dhlíthe idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí núicléacha níl cead ag tír ar bith stáisiún núicléach a chur i mbun oibre más féidir a léiriú nach dtiocfaidh aon tairbhe chinnte eacnamúil as.
dearcadh idirnáisiúnta an international outlook
"dearcadh idirnáisiúnta de dhíth ar bhainisteoir foirne náisiúnta agus tá an taithí sin ag John Aldridge ón am a chaith sé le Real Sociedad na Spáinne ó 1989 go 1991, gan trácht ar na cluichí idirnáisiúnta a d'imir sé le hÉirinn.
mórchainéil idirnáisiúnta large international channels
" Tuigim an brú atá ar RTÉ dul san iomaíocht leis na mórchainéil idirnáisiúnta ar an gcineál airgid atá ar fáil dó.
ar bhonn idirnáisiúnta on an international basis
" Tá gach seans ann freisin go mbeidh muinín ag úsáideoirí as an modh íocaíochta seo, agus más féidir an tseirbhís a fheidhmiú ar bhonn idirnáisiúnta beidh tíortha atá ag forbairt ábalta leas a bhaint aisti.
Cóiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge the International Committee of the Red Cross
" Dá bharr sin, deir Cóiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur cheart go mbeadh cosc ar bhuamaí crobhainge a úsáid in éadan spriocanna míleata i gceantracha ina bhfuil cónaí ar dhaoine.
toscairí idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe international delegates of the UN
" Shuigh 350 dalta as scoileanna éagsúla sa Nua-Eabhrac sna cathaoireacha a bhíonn in úsáid ag toscairí idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe chun an scéal a phlé.
meán idirnáisiúnta international medium
" Is meán idirnáisiúnta é an t-idirlíon, ach ní dhéanann an siopa nua ceoil seo ach béim a chur ar theorainneacha réigiúnacha.
cúig chúnant idirnáisiúnta five international covenants
" De réir na heagraíochta Simon, tá ceart chun dídine leagtha síos in ar a laghad cúig chúnant idirnáisiúnta atá sínithe ag an stát seo agus, mar sin, ba chóir a leithéid de cheart a scríobh isteach sa Bhunreacht.
chonarthaí idirnáisiúnta international conventions
" Thug Rialtas na hAstráile léiriú eile le deireanaí - cé nach raibh aon ghá leis - ar an meas atá acu ar lucht iarrtha tearmainn, ar chonarthaí idirnáisiúnta agus ar thuairimí an phobail idirnáisiúnta.
feachtas idirnáisiúnta international campaign
" Is feachtas idirnáisiúnta é seo, a tosaíodh i 1993 agus a bhfuil Life Way Christian Resources mar urra aige, agus tá sé mar chuspóir aige cur ina luí ar dhéagóirí agus ar mhic léinn coláiste gan gnéas a bheith acu go bpósann siad.
glaonna idirnáisiúnta international calls
" Praghsanna ======= "Beir bua le Rua" an mana atá ag Rua - mar sin cad faoin tsábháil airgid seo? "Tá an choigilt is mó ar fáil i gcás glaonna idirnáisiúnta, go háirithe i rith an lae," a mhíníonn Ruairí, "ach táimid ar comhphraghas nó níos saoire i ngach réimse.
breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta international independent observers
" I bhFlorida tá na Poblachtánaigh le ceangal tar éis gur fhógair an eagraíocht síochána Pax Christi USA go gcuirfidh siad breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta chun na háite don toghchán uachtarántachta thall sa bhfómhar.
chomhaontaithe trádála idirnáisiúnta international trade agreements
" Cuireann Coiste Alt 133 comhairle ar Choimisiún na hEorpa maidir leis an seasamh ba chóir dó a thógáil agus idirbheartaíocht ar bun chun teacht ar chomhaontaithe trádála idirnáisiúnta.
le straitéis fhorbartha idirnáisiúnta international development strategy
" Seasfaidh an t-aitheantas sin go mór le Telegael agus an comhlacht ag leanacht le straitéis fhorbartha idirnáisiúnta a thosaigh dornán blianta ó shin, a deir Pól Ó Cuimín.
margadh idirnáisiúnta international market
" "Tá an margadh idirnáisiúnta roinnte ina dhá chuid.
i dtionscadail idirnáisiúnta anamúlachta in international animation projects
" Beidh an t-aitheantas sin an-úsáideach don chomhlacht, agus suas le €10 milliún le hinfheistiú acu i dtionscadail idirnáisiúnta anamúlachta uaidh seo go lár na bliana seo chugainn.
chaighdeáin idirnáisiúnta international standards
" " Leis an bhforbairt atá déanta ar uirlisí logánaithe agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta ar nós Unicode le blianta beaga anuas, tá sé i bhfad níos éasca ag comhlachtaí ríomhaireachta an próiseas logánaithe a chur i bhfeidhm.
d'Fhéile Idirnáisiúnta Ceoldrámaíochta Phort Láirge Waterford International Festival of Light Opera
" Osclófar an taispeántas (atá á eagrú ag Soloarte) Déardaoin, 16 Meán Fómhair, an chéad lá d'Fhéile Idirnáisiúnta Ceoldrámaíochta Phort Láirge.
chomórtas idirnáisiúnta international competition
" Is muidne atá aitheanta mar Aonad Fódhla chun Rós Fódhla (Rós na Gaeilge) a roghnú do chomórtas idirnáisiúnta Rós Thrá Lí.
aghaidh ghránna ollghnó idirnáisiúnta an Iarthair the ugly face of Western mass business
" Ar thaobh amháin, ba é seo aghaidh ghránna ollghnó idirnáisiúnta an Iarthair ar cuma leis faoi nósanna nó cultúr aon dream eile.
clú idirnáisiúnta international fame
" Is eagal liom go rabhamar ag faire ar mhórócáid stairiúil eile an mhí seo caite nuair a rinne Taoiseach de chuid na tíre seo díluacháil iomlán ar Chnoc na Teamhrach, ceanncheathrú thaoisigh uile Éireann ar feadh na mílte bliain agus láithreán seandálaíochta a bhfuil clú idirnáisiúnta air sa lá inniu.
rásaí idirnáisiúnta international races
" *Bantries* an t-ainm atá tugtha orthu agus is daoine óga a thógann iad (glacann siad páirt i rásaí idirnáisiúnta iontu gach dhá bhliain).
chomhdháil idirnáisiúnta international conference
" Sa dara sraith, a bheidh le feiceáil san fhómhar mar chuid de chomhdháil idirnáisiúnta, beidh taispeántais a thógfar go speisialta i suímh ar leith, beoláithriú agus taispeántais teilgthe ann.
clú idirnáisiúnta international fame
" Tá Vallely ar na healaíontóirí Éireannacha is mó a bhfuil clú idirnáisiúnta orthu, clú atá bunaithe ar na pictiúir a dhéanann sé de cheoltóirí traidisiúnta agus de lúthchleasaithe.
ar chaighdeán idirnáisiúnta of international standard
" Tá sé mar cheann de phríomhspriocanna na comhdhála fiosrú a dhéanamh faoi mhodhanna nua chun airgead stáit agus Eorpaigh, agus urraíocht ó chomhlachtaí príobháideacha, a nascadh lena chéile ionas gur féidir tionscadail ar chaighdeán idirnáisiúnta a chur sa tsiúl.
an Choimisiúin Monatóireachta Idirnáisiúnta the International Monitoring Commission
" Chóir a bheith go raibh na deora liom nuair a dúirt an tOirmhinneamh Harold Good go raibh sé féin agus an tAthair Alex Reid cinnte, go hiomlán cinnte, fá bheaichte thuairisc an Choimisiúin Monatóireachta Idirnáisiúnta (IMC).
eagraíochtaí creidiúnacha idirnáisiúnta creditable international organisations
" Agus ar eagla go sílfeadh éinne gur ceist í seo a bhaineann le dornán beag antoisceach de chuid na heite clé, níor mhiste a mheabhrú go bhfuil Éire cáinte ag eagraíochtaí creidiúnacha idirnáisiúnta maidir leis an cheist áirithe seo.
na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta the International Court of Justice
" Bhí an rialtas ag brath freisin ar an gcás a chur os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta san Háig.
taispeántas idirnáisiúnta international exhibition
" Ealaíontóir Tí ======= I 1994, in Berkley, Cailifornia, osclaíodh an chéad taispeántas idirnáisiúnta d’ealaín cat i nDánlann Philip Wood inar taispeánadh saothar a bhí cruthaithe ag cait éagsúla agus ealaíontóir tí darbh ainm Buster ag cruthú* in situ *ina dhánlann féin.
fhorbairt gheilleagrach idirnáisiúnta international economic development
" ) An dara rud ná mar gheall ar fhorbairt gheilleagrach idirnáisiúnta (an Tíogar Ceilteach agus samplaí eile thart ar an domhan), tá méadú mór ar an éileamh atá ar iompar lasta idirnáisiúnta.
an Binse Fiosraithe Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv International Criminal Tribunal for the former Yugoslavia
" An binse fiosraithe ======= Ní féidir déileáil le bás Milosevic gan an Binse Fiosraithe Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv a mheas agus a scagadh.
comhlacht mór idirnáisiúnta a big international company
" Eithne Ní Ghallchobhair: Cén áit a bhfuil tú ag obair, a Mharcin? Marcin Ostasz: Is bainisteoir tionscadal mé le comhlacht mór idirnáisiúnta i gcathair na Gaillimhe agus is aistritheoir páirtaimseartha mé freisin.
scoil idirnáisiúnta international school
" Cad chuige gur bheartaigh tú sin a dhéanamh agus cad é mar atá ag éirí leat? SNíR: Chaith mé cúig bliana ag múineadh páistí bunscoile i scoil idirnáisiúnta sa Bheilg sular tháinig mé go Meiriceá le m'fhear céile.
an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta the International Financial Services Centre
" Ansin níos déanaí, agus é ina Thaoiseach, chuir sé na síolta as ar fhás Aerfort Chnoc Mhuire, an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta agus Barra Temple, tionscadail a chuir go mór le geilleagair an Stáit agus le caighdeán maireachtála an phobail.
sa Bhriogáid Idirnáisiúnta in the International Brigade
" Fuair 61 acu bás sa Bhriogáid Idirnáisiúnta agus gortaíodh Ó Ríordáin féin le linn Chath Ebro, cé go raibh sé ró-chúthail leis an eachtra seo a lua ina leabhar.
feidhmeannaigh idirnáisiúnta international officials
" D'eitil sí ar aghaidh chun na Róimhe ina dhiaidh sin chun cúrsaí na Liobáine a phlé le feidhmeannaigh idirnáisiúnta.
spéis idirnáisiúnta international interest
" Cé a smaoinigh air i dtosach? Dónal de Barra: Mé féin a bhí ag breathnú ar an spéis idirnáisiúnta atá léirithe sa léann Ceilteach le déanaí, go háirithe sa cheol traidisiúnta agus sa bhéaloideas, agus ansin an easpa freastail a bhí á dhéanamh ar na mic léinn sin nuair a tháinig siad ag cuartú na bhfoinsí agus thobar an dúchais sin.
leis an chomhlacht mór idirnáisiúnta with the big multi-national company
" B’innealtóir é a hathair a bhí ag obair leis an chomhlacht mór idirnáisiúnta Bechtel’s agus thug a chuid oibre thar lear é go háiteanna éagsúla agus Nikki ag éirí aníos, an Iodáil agus an Ghearmáin ina measc.
i mórbhua i gcomórtas cáiliúil, idirnáisiúnta in a big victory in a famous international competition
" Rud eile, is annamh a bhuann cuid d’imreoirí na hEorpa aon chomórtas astu féin, agus mar sin, tugann sé sásamh ar leith dóibh nach mbíonn le fáil acu ach go hannamh bheith páirteach i mórbhua i gcomórtas cáiliúil, idirnáisiúnta.
cáil idirnáisiúnta international reputation
" Ní féidir, sílim, luach a chur ar an ardú misnigh sin, nuair a fheiceann pobal mar phobal na Rinne go bhfuil fear áitiúil ábalta gnó a bhunú a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus an t-iomlán á reáchtáil trí Ghaeilge agus cláracha á gcur ar fáil do chainéil eile chomh maith le TG4.
a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta which deserves a national and international stage
" Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna.
eachtra mhór idirnáisiúnta a big international incident
" Luaim é seo mar gur sampla é den dóigh go bhféadfadh go mbeadh ciallachais thromchúiseacha ag eachtra mhór idirnáisiúnta do phobail bheaga Ghaeltachta in iarthar na hÉireann.
aitheantas idirnáisiúnta, international recognition,
" Agus ceathrar in iomaíocht don duais cháiliúil, mar aon le £25,000 agus aitheantas idirnáisiúnta, ní hionadh ar bith go n-éiríonn an troid níos teasaí agus níos géire le himeacht gach bliana.
de bharr na Comhdhála Idirnáisiúnta Aeráide as a result of the International Climate Convention
" Ar an drochuair, ba bheag freagracht bhreise a cuireadh orainn de bharr na Comhdhála Idirnáisiúnta Aeráide a bhí ar siúl i Nairobi le gairid.
na Briogáidí Idirnáisiúnta a cheiliúradh to celebrate the International Brigades
" Beidh mórshiúl i Learpholl Dé Domhnaigh, 3 Nollaig leis na Briogáidí Idirnáisiúnta a cheiliúradh agus beidh an Jim Larkin Republican Flute Band chun tosaigh.
an saol gnó idirnáisiúnta the international business world
" Is frása é sin a chloistear go minic ach tá ciall agus loighic leis na hargóintí atá ag Friedman a mhíníonn go díreach conas atá an saol gnó idirnáisiúnta tar éis athrú.
a bhfuil tóir air go hidirnáisiúnta. which is internationally popular.
" Spéis sa chluiche Is rud é an Superbowl a bhfuil tóir air go hidirnáisiúnta.
duaiseanna idirnáisiúnta international prizes
" Bronnadh duaiseanna idirnáisiúnta ar *Whale Rider *(rogha an phobail ag Féile Scannán Toronto 2002, agus rogha an lucht féachana ag Féile Scannán Sundance 2003).
seirbhísí idirnáisiúnta international services
" Deir Parlaimint na hEorpa go mbeidh cead ag comhlachtaí iarnróid eile seirbhísí idirnáisiúnta a chur ar fáil ó 2010 (mearsheirbhís ó Dhoire Cholm Cille go Baile Átha Cliath, b’fhéidir?).
gan trácht ar an pholaitíocht idirnáisiúnta agus dhomhanda. not to mention international and world politics.
" Bíonn lucht léite *Beo Ar Éigean* ag súil le caighdeán ard tuairisceoireachta, go háirid i dtaca le cúrsaí polaitíochta náisiúnta, gan trácht ar an pholaitíocht idirnáisiúnta agus dhomhanda.
an chéad chluiche idirnáisiúnta, the first international match,
" Níorbh é an chéad chluiche idirnáisiúnta, neamh-Ghaelach é, áfach, a imríodh ann riamh, mar, dar ndóigh, bhí cluichí faoi na Rialacha Idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile ann go minic agus bhí cluiche taispeántais den pheil Mheiriceánach ann roinnt blianta ó shin freisin.
na Rialacha Idirnáisiúnta the International Rules
" Níorbh é an chéad chluiche idirnáisiúnta, neamh-Ghaelach é, áfach, a imríodh ann riamh, mar, dar ndóigh, bhí cluichí faoi na Rialacha Idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile ann go minic agus bhí cluiche taispeántais den pheil Mheiriceánach ann roinnt blianta ó shin freisin.
mar bhainisteoir forbartha sna healaíona idirnáisiúnta as development manager in the international arts
" Tá tú idir dhá phost faoi láthair ach, ar an chéad dul síos, cad é go díreach a bhíonn ar bun agat sa*** Chomhairle Ealaíon? Ar athraigh an post le linn na tréimhse a chaith tú ann?*** Tá mé ag obair leis an Chomhairle Ealaíon mar bhainisteoir forbartha sna healaíona idirnáisiúnta ó 2003.
gné idirnáisiúnta the international aspect
" Tá mé freagrach as riar deontas a bhaineann le gné idirnáisiúnta na n-ealaíon: duaiseanna taistil, an clár cónaithe *Banff* i gCeanada, agus an chomhaltacht *Location One* i Nua-Eabhrac.
an t-aeriompar idirnáisiúnta. international air transport.
" Ach cad is brí leis an “Open Skies” seo atá go mór sa nuacht le déanaí? Ós rud é gur fhás sé sa ré roimh an “saormhargadh”, is tionscal an-srianta é an t-aeriompar idirnáisiúnta.
cúpla príomhchomórtas oscailte idirnáisiúnta a few open main international competitions
" NB: Tá cúpla príomhchomórtas oscailte idirnáisiúnta ann - ceann amháin acu ag Cumann Veidhlín Mheiriceá a bhíonn ar siúl gach dhá bhliain, ceann eile á reáchtáil ag Iris Stradivarius gach trí bliana agus ceann eile i bPáras gach cúig bliana.
do chomhlachtaí idirnáisiúnta for international companies
" Ach is margadh iontach é Meiriceá do chomhlachtaí idirnáisiúnta freisin mar Glock na hOstaire agus Walther na Gearmáine.
taithí idirnáisiúnta international experience
" Is taithí idirnáisiúnta é go mbíonn nasc idir míbhuntáiste sóisialta agus easpa rannpháirtíochta i gcúrsaí spóirt.
clú idirnáisiúnta international fame
" Cáineadh go géar sna meáin chumarsáide é agus rinne *The Sun* gearán, mar shampla, nach raibh mórán míneadais ag baint leis an phortráid agus fiú go raibh Freud i ndiaidh *5 o’clock shadow *a thabhairt di! Mar sin féin, tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag Freud lena shaothar chomh maith le duaiseanna luachmhara (is Companion of Honour é agus bronnadh an Order of Merit air fosta) ach in ainneoin sin ní rómhinic a bhíonn an deis ag an phobal taispeántas chomh leathan agus chomh saibhir leis an cheann seo a fheiceáil.
trádáil idirnáisiúnta arm, international arms trading,
" Ach chloígh Drewe leis an scéal go raibh sé neamhchiontach agus go raibh ceap milleáin á dhéanamh as chun gníomhaíochtaí rialtais, a raibh baint acu le trádáil idirnáisiúnta arm, a chosaint agus a choinneáil faoi cheilt.
ar ardán idirnáisiúnta. on an international platform.
" Ach seasann éachtaí ar leith amach i measc na n-éachtaí atá bainte amach ag lucht spóirt na hÉireann ar ardán idirnáisiúnta.
ar thalamh idirnáisiúnta on international ground
" Is é an rud is suimiúla faoin áit, dar liomsa, ná go mbíonn tú ar thalamh idirnáisiúnta agus tú sa bhfoirgneamh.
na briogáidí idirnáisiúnta the international brigades
" Tá saothar a rinne an bheirt acu féin le feiceáil thart timpeall Bhéal Feirste, chomh maith le dhá mhúrmhaisiú shuntasacha ar oibrigh an bheirt acu le chéile orthu – ceann amháin atá bunaithe ar leagan de *Guernica*, pictiúr cáiliúil Picasso, agus ceann eile a dhéanann ceiliúradh ar na briogáidí idirnáisiúnta a throid in éadan Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne.
de réir suirbhé idirnáisiúnta. according to an international survey.
" Cúpla bliain ó shin, mar shampla, bhí Melbourne ar an gcathair is fearr ar domhan le maireachtáil inti, de réir suirbhé idirnáisiúnta.
an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú the Independent International Commission on Decommissioning
" ) Deir an tAire Ritchie go gcaithfidh na dílseoirí a gcuid gunnaí a dhíchoimisiúnú agus go gcaithfidh an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú é sin a dhearbhú sula bhfaighidh siad an t-airgead.
meas idirnáisiúnta international respect
" ” Bhí sé d’ádh ar Collins fosta go raibh Colm Meaney, aisteoir a bhfuil clú agus meas idirnáisiúnta air, páirteach in Kings.
cúrsaí caidrimh idirnáisiúnta, international relations
" Beidh a lán athruithe ag teacht chun cinn maidir le cúrsaí caidrimh idirnáisiúnta, áfach.
ar bhonn idirnáisiúnta, internationally,
" Agus ardú tagtha ar phraghas na hola ar bhonn idirnáisiúnta, áfach, b’fhéidir go gclúdódh an t-ioncam a bheadh ag teacht as an Mhuir Thuaidh an t-easnamh seo.
conarthaí éagsúla idirnáisiúnta. various international treaties
" Rinneadh tagairtí rialta le linn na comhdhála don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann agus i gconarthaí éagsúla idirnáisiúnta.
féile idirnáisiúnta scannán, international film festival
" Ba é Kieran a léirigh na cláracha teilifíse sin i dtosach – *Dá mBíodh Ruball ar an Éan, *scannán faisnéise ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna ar bronnadh gradam air ag féile idirnáisiúnta scannán, ina measc.
Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta International Civil Aviation Organisation
" Agus b’fhéidir gurb é an modh foghlama is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an córas um imscrúdú aerthionóiscí, córas idirnáisiúnta a chuir an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) ar bun.
saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta national and international works of art
" Thug Hugh Lane pátrúnacht fhial do na míndána agus chreid sé go paiseanta gur cheart go mbeadh saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta le feiceáil i mBaile Átha Cliath, in áiteanna a mbeadh fáil ag an ghnáthphobal orthu.
Lá Idirnáisiúnta na mBan International Women's Day
" “D’iarr duine éigin ar Jane O’Brien-Moran, cara liom, casadh ag Lá Idirnáisiúnta na mBan agus d’iarr sise ormsa canadh léi.
ar camchuairt idirnáisiúnta on an international tour
" Tóirse OilimpeachGo deimhin, ba le linn na gcluichí úd a cuireadh tús le nós an Tóirse Oilimpeach a thabhairt ar camchuairt idirnáisiúnta sula mbainfeadh sé a cheann scríbe amach.
thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal. the international media ignored the story
" Nuair a mhaígh Rialtas na Síne le gairid gurb é an Dalaí Láma atá freagrach as an gcorraíl sa Tibéid, thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal.
Reáchtáladh comórtas idirnáisiúnta in interational competition was organised
" Reáchtáladh comórtas idirnáisiúnta le plean don chathair nua a choimisiúnú agus bhuaigh ailtire Meiriceánach, Walter Burley Griffin, é sa bhliain 1912.
tábhacht idirnáisiúnta ar leith a special international importance
" Comórtas mór le rá atá ann, a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ar leith ag baint leis i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, ó thaobh na turasóireachta de agus, go háirithe, ó thaobh an gheilleagair de.
nár cháin an comhphobal idirnáisiúnta riamh. which the international community never criticised
" Fuair baill an RPF a gcuid traenála in Uganda, ar comhghuaillí tábhachtach de chuid na Breataine agus na Stát Aontaithe é, sula ndearna siad ionradh ar Ruanda sa bhliain 1990 – eachtra nár cháin an comhphobal idirnáisiúnta riamh.
thug an comhphobal idirnáisiúnta neamhaird ar a chinneadh. the international community ignored his decision
" Rinne Bruguière Kagame a dhíotáil sa bhliain 2006, ach thug an comhphobal idirnáisiúnta neamhaird ar a chinneadh.
atá ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta. which is in line with international standards
" ” Tugann an clár seo an t-eolas agus na scileanna a bheidh ag teastáil ó na rannpháirtithe lena chinntiú go soláthrófar don phobal seirbhís ardcháilíochta dhátheangach atá ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta.
brú na rialtas idirnáisiúnta the pressure of international governments
" Déanann rialtas na hÉireann faillí i Lios na gCat ach cuidíonn brú na rialtas idirnáisiúnta le feachtas an phobail agus ar deireadh thiar, géilleann an rialtas dó agus fógraítear go gcaomhnófar Lios na gCat mar pháirc náisiúnta.
ó shaol na polaitíochta idirnáisiúnta from international political life
" I dteannta leis an slam mór airgid a shaothraigh sé as ola, níorbh fhada go raibh Strong mór le daoine cumhachtacha ó shaol na polaitíochta idirnáisiúnta.
ciste idirnáisiúnta don fiadhúlra international fund for wildlife
" I measc na gceapachán tábhachtach sin, bhí sé ina chathaoirleach ar an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda (Davos); ina leas-uachtarán ar WWF, ar ciste idirnáisiúnta don fiadhúlra é (1978-1981); ina chomhairleoir sinsearach sa tréimhse 1995-2005 d’iar-uachtarán an Bhainc Dhomhanda, James Wolfensohn; agus ina fho-rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe (1985-1987 agus 1989-1992).
n chéad chomhdháil idirnáisiúnta riamh the first ever international conference
" I Stócólm sa bhliain 1972, nuair a reáchtáil na Náisiúin Aontaithe an chéad chomhdháil idirnáisiúnta riamh inar díríodh ar chúrsaí comhshaoil, ceapadh Strong mar ard-rúnaí uirthi.
páirteach sa phatróil idirnáisiúnta participating in the international patrol
" Anuas air sin, tá báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh páirteach sa phatróil idirnáisiúnta ar chósta na hIaráice.
Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta International Olympic Committee
" Níl a fhios ag mórán daoine go ndearna Brains Cowen gearán oifigiúil leis an Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta cionn is nár tháinig an Tóirse Oilimpeach chun na hÉireann ar a chamchuairt dhomhanda.
go leor aitheantais idirnáisiúnta a lot of international recognition
" Sheas Roche mar iarrthóir uachtaránachta in Éirinn sa bhliain 1997 agus tá go leor aitheantais idirnáisiúnta bainte amach aici as a cuid oibre.
mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin International Peace Bureau
" Sa bhliain 1990, mar shampla, ceapadh í mar stiúrthóir ar an mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin sa Ghinéiv – an chéad bhean riamh ar tugadh an onóir sin di – agus tá obair déanta aici leis na Náisiúin Aontaithe chun feasacht a chruthú i leith iarmhairtí na tubaiste in Searnóbail.
ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta from the International Monetary Fund
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta participating in big international competitions
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus agus foirne na tíre páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta ar nós na gCluichí Oilimpeacha.
Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh International Energy Agency
" Má chliseann sruth an gháis as an mBreatain, go sealadach féin, fiú amháin, an dtitfidh cúrsaí amach mar a bhfuil á dtuar ag an mBord Gáis? Tá seans ann nach dtitfidh, mar d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh (GIF) tuarascáil, ag deireadh na bliana seo caite, ina bhfuil rabhadh tromchúiseach dúinn go léir ann.
Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta International Monetary Committee
" Tá an geilleagar ag crapadh thart timpeall orainn, agus de réir na réimhaisnéise is déanaí a d’fhoilsigh an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta (CAI), is chun donachta níos túisce ná a mhalairt a bheas sé amach anseo agus go ceann fada go leor.
Idirnáisiúnta na nOibrithe International Workers'
" ‘Voy a Explotar’, ‘I’m Going to Explode’ le Gerardo Neranjo (2008) Ní minic a bhím i Londain ag preastaispeáint scannáin, ach tharla go raibh nuair a sheol Artificial Eye ‘Voy a Explotar’ sa Soho Screening Rooms i Sráid D’Arblay, Soho - Lá Bealtaine, Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe.
idirnáisiúnta international
" Tá páirt á glacadh ag na Batwa, ó na 1990idí i leith, i ngluaiseacht idirnáisiúnta chearta na bpobal dúchasach.