Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na himeagla of dread, terror
" Mhair go leor acu fríd na Trioblóidí fuilteacha – arbh fhiu an braon fola? - fuil a sileadh in aisce, agus ní mian leo dul ar ais chuig laethanta na himeagla nuair a bhíodh eagla ort do dhoras a oscailt go mall san oíche.
imeagla dread
" Tá an imeagla ag pilleadh ar dhaoine atá ag iarraidh dul amach a shiopadóireacht.
taomanna imeagla panic attacks
" >“Tá cuspóirí ar leith ag mo chuid oibre; a bheith ag coimhlint in aghaidh taomanna imeagla de réir mar a thagann siad orm.
imeagla intimidation
" Bhraith muid imeagla agus muid ag rothaíocht soir trasna na tuaithe.
leanbh de chuid na himeagla a child of the terror
" D’fhéadfaí a mhaíomh gur shíolraigh a chuid carthanacht dleathach as na tubaistí sin - gur leanbh de chuid na himeagla nó gur táirge den ár í - agus má shíolraigh, an léiríonn a chuid breithiúnais gur rud múnlaithe, deartha fiú an charthanacht sin? Rinne Wilde tagairt do ‘chneácha an ghráidh’ i De Profundis.
imeagla an tSeantiomna Old Testament terror
" Is ar éigean a bhuaileadh Holden an bóthar anuas go Meicsiceó gan cloigeann spailpín suarach a réabadh ar an tslí, agus gan léacht stairiúil a aithris a rinne nasc idir imeagla an tSeantiomna agus lúcháir Dante.
diúide na himeagla the simplicity of dread
" Grá mall agus bás borb; fuil an chatha agus fuil na broinne; timpeallacht chúng an chogaidh agus réimse fhairsing leathan na cuimhne daonna; castacht an ghrá agus diúide na himeagla os comhair na n-urchar.
Chuir an teip seo go mór le himeagla this failure accentuated the feeling of terror
" Chuir an teip seo go mór le himeagla agus le báiní mhuintir Darwin agus thairg na húdaráis $100,000 mar luaíocht ar eolas a chuideoidh leo lucht déanta na coire a ghabháil.
imeagla dread
" Nuair a chaith Mac Amhlaigh seal ag obair in otharlann, rinne sé cur síos ar imeagla na n-imirceach Éireannach agus iad ag plé le dochtúirí is altraí.
a fhíoraíonn imeagla which proves the grave concerns
" Dar leis ansin, níorbh iad muintir na n-oileán ach: ‘Peártaí an Aois Saothair, an Phróletariat, an Aitheach Tuatha, Peártaí na nDaor agus na bhFuidhear, agus na sean-chleith, Peártaí an Ollphobail dhísheilbhithe…’ (Luann Ó Buachalla ráiteas brónach Pheig Sayers sa seoladh amach aige in Aisling Ghéar, ráiteas a fhíoraíonn imeagla Uí Chadhain: ‘Daoine bochta ab ea sinn ná raibh eolas ar rachmas ná ar éirí in airdre an tsaoil againn.