Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
imithe i léig gone into decline
" Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an ní é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán má smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an lá.
díreach imithe just gone
" Go raibh an ceol agus na hamhráin agus an comhluadar chomh maith céanna agatsa sa mbliain nua seo atá amach romhainn is a bhí agamsa sa mbliain atá díreach imithe!
imithe le sruth gone down the drain
" Tá go leor de na seandílseachtaí polaitiúla imithe le sruth faoin am seo, agus cuirfidh cuid de na torthaí an-iontas ar dhaoine.
imithe as aithne glan totally unrecognisable
" Bhí ailse ar Myrtle le dhá bhliain anois agus ionach nach raibh sí imithe as aithne glan.
imithe i léig gone into decline
" Tá clubanna chathair Chorcaí imithe i léig freisin le hais mar a bhídís.
imithe ó smacht out of control
" Thug sé le fios, mar shampla, go rabhthas tar éis ceadúnas a dhiúltú don teacht le chéile seo i Rockaway, agus gur dúradh roinnt rudaí gríosaitheacha leis na póilíní faoi chuid d'íospartaigh 9/11 agus, ar chloisteáil na nithe seo dóibh, gur shíl roinnt oifigeach go raibh an t-ól imithe ó smacht cheana féin.
imithe i méad increased
" com" agus is cinnte go bhfuil sé sin imithe i méad faoin am seo.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Tá Séamas, Mícheál agus Proinséas imithe ar shlí na fírinne.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Bíonn na deiseanna ar fáil uaireanta é seo a dhéanamh agus iad beo ach más imithe ar shlí na fírinne atá siad is beag é ár suim go minic.
imithe amú gone astray
" An chéad bhliain, bhí mé ag obair anois is arís air idir rudaí eile a dhéanamh, agus bhraith mé ag pointe amháin an fómhar seo caite go raibh mé imithe amú, ar bhealach, leis an scéal.
imithe i léig gone into decline
" Is cuid d'oidhreacht an cheantair iad - oidhreacht atá a bheag nó a mhór imithe i léig.
imithe i léig gone into decline
" “Braithim go láidir nach fiú a bheith ag cur ama amú ag iarraidh Gaeilge a chur chun cinn in áit a bhfuil sí imithe i léig.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Cá raibh an t-agallamh le leithéidí Sean Sherwin, nó Lorcan Allen, nó seanagallaimh ón chartlann le Paudge Brennan, Kevin Boland agus Neil Blaney, atá imithe ar shlí na fírinne ach a bhí lárnach i gcúrsaí ag an am.
Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre. I've gotten used to this part of the country.
" Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre.
imithe in olcas worsened
" Thuig mé gur fhadhb í an mhionchoireacht an uair sin, agus is cinnte go bhfuil an fhadhb sin imithe in olcas le cúpla bliain anuas.
imithe chun cinn gone ahead
" Is iondúil go mbíonn triúr nó ceathrar imithe chun cinn ar an gcuid eile tar éis cúpla céad méadar, ach leanann an chuid eile ar a míle dícheall go díograiseach go deireadh an chúrsa.
imithe in olcas worsened
" Thuig mé gur fhadhb í an mhionchoireacht an uair sin, agus is cinnte go bhfuil an fhadhb sin imithe in olcas le cúpla bliain anuas.
imithe i léig gone into decline
" ’” Deir daoine uaireanta go bhfuil an misneach caillte ag bunadh Thoraí de bharr go bhfuil an iascaireacht imithe i léig agus an obair gann.
imithe ó smacht ar fad gone totally out of control
" Dúirt Tony Abbott, an tAire Sláinte in Canberra, go raibh cuid mhaith de na pobail dhúchasacha imithe ó smacht ar fad agus gur chóir riarthóirí a cheapadh agus “paternalism” nua a chur i bhfeidhm.
imithe as a meabhair gone mad
" As a meabhair Táthar ag rá, gan mórán daoine taobh amuigh de Mheiriceá ag cur ina aghaidh, go bhfuil ceannairí Mheiriceá imithe as a meabhair.
nach mór dóibh bheith imithe arís that they have to be gone again
" Níl a bpáirc féin ag na Jackals, fiú - imríonn siad i staid daorchluiche na hollscoile áitiúla, rud a chiallaíonn nach mór dóibh bheith imithe arís sula dtosaíonn an scoilbhliain nua.
atá imithe ar shlí na fírinne deceased
" AÓF: Dá gcuirfinn an cheist chéanna ort ach cead a bheith agat ceoltóirí nó amhránaithe atá imithe ar shlí na fírinne a thógáil ar ais ón mbás le bheith ag an seisiún, cé bheadh leat ansin? TM: Bheadh Willie Clancy ar mo liosta, Johnny O' Leary, Denis Murphy, Julia Clifford.
na glúnta atá imithe ar shlí na firinne the generations which have died
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
an t-am atá imithe. the past.
" Tá daoine ann ar suim leo an t-am atá imithe.
imithe glan as a mheabhair gone completely mad
" Mar gheall ar an gcóireáil díth chéadfach a cuireadh air agus é i bpríosún, is cosúil go bhfuil sé imithe glan as a mheabhair anois, agus nach mbeifear in ann leanacht ar aghaidh lena thriail.
faoin am atá imithe about the past
" Cé hé féin, Pádraig Ó hEaráin, agus cad chuige a gcuirfeadh duine ar bith spéis ann ar chor bith? Bhuel, is fiú spéis a chur ann mar go bhfuil idir bheathaisnéis agus scéal pobail scríofa ag Aodh Ó Canainn agus an té ar spéis leis foghlaim faoin am atá imithe le go dtuigfidh sé an t-am atá ann anois agus an t-am atá le teacht, b'fhiú dó cuntas eolach tuigseach pléisiúrtha seo Uí Chanainn a léamh.
imithe chun donais gone to the dogs
" “Cad tuige a bhfuil tú ag gearán?” a d’fhiafraigh mé de Laoch na Litríochta i ndiaidh dó an lagar turais a chur de le cúpla bairille pórtair, agus seo mar a d’fhreagair sé: “Tá an fhéile sin imithe chun donais ar fad,” a d’fhreagair sé.
Tá Bergman imithe ar shlí na fírinne. Bergman has died.
" Tá Bergman imithe ar shlí na fírinne.
a bhí imithe ar scor who had retired
" Ag an am céanna, mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, thosaigh daoine a bhí imithe ar scor ag cur fúthu ansin, chun an seal deireanach dá saol a chaitheamh cois farraige.
imithe thart gone by
" Níl ach sé mhí imithe thart ón uair a toghadh an Rialtas agus cheana féin tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil sé ag dul trí ghéarchéim.
imithe ar gcúl, lagging behind, disimproved
" Tá Corcaigh imithe ar gcúl, beagán, ó 2005 agus tá a n-aird ar rudaí eile faoi láthair.
bhíodar imithe they were gone
" Bhí sé galánta ann ag an am sin, i mí Mheán Fómhair; bhí na *Yanks* fós ann don chéad choicís ach ina dhiaidh sin bhíodar imithe agus ba linne an baile! Bhí sé go hálainn ar fad.
Tá cúig bliana imithe tharainn five years have gone past
" Tá cúig bliana imithe tharainn ó bhí Kíla ar camchuairt sna Stát Aontaithe.
imithe chun na clólainne gone to the printing press
" ” Ní dhearna an tuairisceoir aon iarracht ráiteas a fháil ó Age Action Ireland faoin phlean agus mura raibh formhór na nuachtáin Domhnaigh imithe chun na clólainne fán am ar foilsíodh an t-alt, ba chosúil nach bhfaca siad gur cheart tuilleadh tochailte a dhéanamh air.
imithe ó mhaith has gone off
" 09) gur ann do marché noir in áiteanna éagsúla san ardchathair ina mbíonn tairgí bia ar díol (iógart, liamhás srl) atá imithe ó mhaith de réir an dáta ar an bpacáiste nó torthaí agus glasraí atá idir maothlaithe is meathlaithe agus nach bhfuil, dá bhrí sin, indíolta a thuilleadh.
imithe in éag extinct
" Tháinig níos mó ná leath na mamach ar an domhan atá imithe in éag le dhá chéad bliain anuas, as an Astráil, de réir an Ollaimh Arthur Georges, ón Institute for Applied Ecology ag Ollscoil Canberra.
imithe gone
" Ach céard is fiú do dream ar bith duais ar bith a urrú sa chomórtas muna bhfaigheann siad oiread is focal ar shuíomh an Oireachtais? Le Foinse agus Lá Nua imithe bealach an gharraí, beidh leitheidí an Oireachtais agus na heagraíochtaí Gaeilge ag brath ar an bpobal agus ar an bpobal arlíne, ach go háirithe, chun an scéal a scaipeadh.
imithe chun donais worsened
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
imithe sa gcill gone to ground, dead
" Níl aon cheo sa stráitéis chun dul i ngleic leis an ngéirchéim teanga atá sna ceantracha Gaeltachta sin ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid? Caithfear airgead amú ag réiteach pleananna teanga ar chostas mór do cheantracha oifigiúla Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge imithe sa gcill iontu, mar ghnáth-theanga labhartha, le glúin nó dhó.
imithe le sruth past and gone
" Bhí an t-am ann agus bhí sé mar a bheadh Ayatollah ann ach anois, tá daoine ag cur ceiste, cad é an fheidhm atá leis? An dtreoraíonn sé beartais? An bhfuil stádas an státaire a bhíodh aige imithe le sruth? Tá easaontas nach bhfacas, ach sa bheag, ag dul i méid agus daoine taobh istigh de Shinn Fein féin, á bhréagnú ar dhóigh nach ndéanfadh siad blianta ó shin.
imithe i léig died out
" Lindsey siar sna caogadaí, ’sé sin aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair bochta i Maigh Eo ina raibh an Ghaeilge imithe i léig le fada ar an gcúis go mba cheart go mbeadh siad i dteideal aon deontas a bheadh ar fáil do cheantar Ghaeltachta, mar a d’admhaigh sé ina bheathaisnéis.
imithe ar ruathar aonair gone on a solo run
" Fós féin, tháinig a chuid cainte aniar aduaidh ar dhíograiseoirí Gaeilge de chuid an pháirtí, ar nós Dinny McGinley agus an chosúlacht ar an scéal go raibh ceannaire an pháirtí imithe ar ruathar aonair ar an cheist.
tagtha is imithe has come and gone
" Comhairim na laethanta is faighim amach go bhfuil mí Feabhra, leis, tagtha is imithe ar nós brionglóide.
ionann is imithe as good as gone
" Tá an náire faoin teanga ionann is imithe.
imithe anonn ar gone over to
" Tá folús uafásach ar fud na hEorpa ó thaobh ionadaíocht lucht oibre mar go bhfuil na páirtí uilig a bhí uair amháin ar an eite chlé imithe anonn ar an eite dheis.
imithe gone
" Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
imithe in aois aged
" Daoine óga, má fhaigheann tú an deis agus má tá seantuismitheoirí agat nó uncal atá imithe in aois, caithidh am leo, mar cuidíonn sé leat mar dhuine.
imithe i léig go mór deteriorated greatly
" Tá an bheocht a shíleas a bheith in Ailt an Chorráin, an uair dheireanach dom ann, imithe i léig go mór.
imithe have passed
" Tá dhá mhí imithe ó gabhadh an t-ealaíontóir easaontach Síneach Ai Weiwei agus é ar tí eitleán a fháil ó Beijing go Hong Kong.
imithe in éag elapsed
" Tagann na daoine deireanacha seo chun na hAstráile ar víosaí éagsúla agus fanann siad abhus nuair a bhíonn téarma an víosa imithe in éag.
imithe le sruth finished
" imithe le sruth a bheag nó a mhór.
atá imithe soir ar fad fán dtráth seo who’s gone completely mad by now
" Más crann taca í an deirfiúr chiallmhar le linn na bainise, nuair a cheaptar go dtiocfaidh an domhan slán, ’sí Justine (atá imithe soir ar fad fán dtráth seo) is fearr atá in ann deighleáil leis an mbagairt ar ball nuair is léir nach ‘ar eitilt tharainn’ ach ar chonar ár scriosta atá Melancholia chugainn ar ardluas.
imithe i léig died out
" Ach anocht beidh seantraidisiún amhránaíochta á chleachtadh go buan, dílis in eaglais Llanrhaeadr, traidisiún a bhí ann sula ndeachaigh an tír le Protastúnachas aimsir Anraí VIII, cuid den oidhreacht Chaitliceach sa mBreatain dá réir, traidisiún a bhí forleathan uair sa mBreatain Bheag, ach é imithe i léig ar fud na tíre le céad bliain agus tuilleadh.
imithe amach ar féarach retired
" Tá bhur bhflaitheas féin caillte agaibh le bliain anois, agus nach maith mar atá sibh imithe i dtaithí air? Nach bhfuil sibh i bhfad níos fearr as faoin Troika? Nach fearr i bhfad an saol atá agaibh anois ná mar a bhí agaibh cheana? Féach anois, beidh leath na seirbhíse poiblí imithe amach ar féarach faoi dheireadh na míosa seo – an leath is sine agus is sinsearaí – agus tá airgead mór de dhíth chun na cnapshuimeanna ar fad a íoc, gan trácht ar na pinsin.
imithe chun an diabhail gone to hell
" Más Olc Maoil is Measa Mullach ============= Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor.
imithe i léig died off
" Ach céard é an chiall a bheith ag caitheamh airgid ar phlean teanga a réiteach do cheantar, ina bhfuil an Ghaeilge imithe i léig chomh mór is nach bhfuil difríocht ar bith idir é agus ceantar taobh amuigh den Ghaeltacht.
rudaí imithe in olcas matters have worsened
"rudaí imithe in olcas sa chathair, ar an drochuair, ó scríobh mé an t-alt sin faoi Rhys Jones i 2007.
imithe, a bheag nó a mhór gone, more or less
" Is fíor go bhfuil uachtarán tofa anois i gCabúl, an phríomhchathair, agus go bhfuil an cineál brúidiúlachta a bhí le sonrú faoi réim na dTalaban imithe, a bheag nó a mhór.
imithe as left
" Is ann a rugadh agus a tógadh Cathal Goin’, an fear atá anois imithe as saol na teilifíse; agus is ann a rugadh agus a tógadh May Mac Ránais – an triúr acu fá bhúir asail dá chéile – cé gurb ann dóibh siúd a déarfadh nach bhfuil Mac Ránais tógtha fós.
imithe ar a seachaint gone on the run
" Gabhadh triúr den ghrúpa agus cuireadh “amhasóireacht” ina leith – coir is deacair a shainmhíniú - agus tá na baill eile, a bhí páirteach san eachtra, imithe ar a seachaint.
imithe i léig died out
" Mar theanga ar bhéal na ndaoine, tá an Ghaeilg imithe i léig ar an oileán le fada, ach tá sí coinnithe beo sna logainmneacha ar muir is ar talamh: Eilean na hAon Chaorach, Port a’ Churaich, Traigh Bhan na Manach, Eilean nam Ban, Gleann an Teampuill, Clachanach, Cnoc nam Bradhan.
atá imithe as feidhm which have lapsed
" Ba thrua sin mar tá deis stairiúil ann athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den Bhunreacht atá imithe as feidhm.
imithe ó smacht cheana féin raging already
" Tá sé imithe ó smacht cheana féin sa Ríocht Aontaithe mar a mbíonn 80,000,000 crann fuinseoige ag fás de ghnáth.
imithe go deo na deor gone forever
" "Bhí m'athair mór chomh croíbhriste sin i ndiaidh mo mháthair mhór Julia, bás a fháil, é i gcónaí ag iarraidh glacadh leis go raibh sí imithe go deo na deor.
atá imithe tharainn which has past
" Ní fhéadfadh an bhliain atá romhainn a bheith chun dona leis an mbliain atá imithe tharainn, annus horribilis na Gaeltachta, im’ thuairimse.
imithe ar shiúl have gone away
" An Nimh san Fheoil ====== Agus seo chugainn anois sampla eile nach bhfuil naimhde na teanga sa chóras oideachais imithe ar shiúl bíodh a fhios agat, ná baol air.
nuair atá an mhiotaseolaíocht imithe as an saol when mythology dies
" Agus seo: ‘nuair atá an mhiotaseolaíocht imithe as an saol, is é cúram an ealaíontora an athmhiotaseolaíocht a chumadh leis an ábhar ar fad atá ar fáil dó’.
imithe uainn died off
" Na Gaeilgeoirí móra, tá go leor acu imithe uainn, ar bhrí na fírinne, ach an méid againn a bhí fágthaí; is anois a theastaigh sé níos mó ná ariamh, go mbeadh glór thuaisceart Chontae Mhaigh Eo le clons i nGaeilge.
an iomarca ama imithe excess time passed
" Cén fáth sa mbreith a thug Aindrias Ó Caoimh ar dhúirt sé go raibh an iomarca ama imithe agus go raibh cuid den fhianaise imithe amú, fianaise a bhí faoi scáth na nGardaí? Tá ceist faoi Statute of Limitations le cásanna den chineál seo.
bhfuil ré an tromlaigh ghlain ionann is imithe the era of a clear majority is as good as gone
" Drochsheans go mbeadh go leor suíochán ag ceachtar acu le rialtas mionlaigh a bhunú agus is cinnte go bhfuil ré an tromlaigh ghlain ionann is imithe fán tráth seo.
d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne your daughter who died
" An Chiotrainn ====== Abair liom mar gheall ar Dherval, d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne? Bhí Derval saghas cosúil liomsa i slí mar ba mhaith léi an stíl agus ba mhaith léi a bheith ag dathadóireacht chomh maith.
imithe ar gcúl de réir cosúlachta regressed apparently
" Measaim go mbuafaidh Maigh Eo ar Dhún na nGall toisc go bhfuil siad níos fearr ag aimsiú na scóranna agus go bhfuil siad gafa chun cinn mar fhoireann i mbliana fad is atá Dún na nGall imithe ar gcúl de réir cosúlachta.
imithe ar shlí na fírinne died off
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
ocht mbliana imithe eight years (had) passed
" Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidís “tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de.
tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad you’re gone to blazes entirely
" Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidís “tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de.
bhíos imithe ón ollscoil I was gone from the university
" Buadh orainn sa chluiche ceannais nuair a bhíos sa cheathrú bliain agus cúpla lá ina dhiaidh san bhíos imithe ón ollscoil! Bhíos dhá bhliain is fiche an uair sin agus bhí fonn orm céim éigint a bhaint amach.
imithe bán gone mad
" Gan dabht thógas seachtain saoire mar bhí an Contae ar fad imithe bán – drochthús arís i gColáiste Mhuire gan Smál! Ach thuigeas ag an bpointe go rabhas aige baile sa choláiste seo – bhí meas acu ar chaid is ar an gcultúr agus bhaineas ana-thaitneamh as mo thrí bliana ansan.
faoin aisling atá imithe ar strae about the vision gone astray
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
bhí cúrsaí imithe óna smacht matters had become intractable
" Bhí sé ar intinn ag Yanukovich an fód a sheasamh mar uachtarán, ach faoin am sin bhí cúrsaí imithe óna smacht.
imithe chun donais worsened
" Le blianta beaga anuas, tá cúrsaí imithe chun donais do theaghlaigh nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu chun íoc as a bhfiacha pearsanta agus mar thoradh, tá 54% dá gcliaint céasta ag tearc-rochtain fuinnimh.
imithe gone
" Ceithre mhilliún €uro a dúradh linn, imithe, ar shiúl, bailithe leis, i dtiachóga mhuintir sin Oirthear na hEorpa as an státchiste abhus.
an ghaoth imithe as have come to a halt
" Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an ghaoth imithe as blaganna na Gaeilge agus tá sé in amhras an bhfuil aon ní in ann dóibh feasta.
imithe chun caingne at law
" Tá dhá leagan den lánúnas imithe chun caingne i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe.