Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
impireacht empire
" Mar sin, i mo thuairim féin, tá sé tábhachtach an chuid eile den scéal a thaispeáint: go raibh daoine ann in áiteanna mar an tSúdáin agus Éire ag streachailt ar son saoirse agus daonlathais in aghaidh na himpireachta ba mhó agus ba láidre ar an domhan.
impireacht mhór gnó a riar to manage a large business empire
" , ós rud é gur éirigh leis impireacht mhór gnó a riar go héifeachtach.
ag cruthú impireachtaí creating empires
" Tá sé tábhachtach freisin go dtógfaidh an ollscolaíocht trí Ghaeilge ar na tionscadail atá ann cheana féin, agus ní mar gheall ar a bheith ag cruthú impireachtaí atáim á rá sin.
Impireacht na Breataine the British Empire
" Tá an foirgneamh féin déanta as iarann roctha - rinneadh foirgnimh mar sin i monarchana sna bailte móra mar Ghlaschú, ansin díoladh ar fud Impireacht na Breataine iad.
Impireacht na Spáinne the Spanish Empire
" Níor mhian leis an mBreatain go mbeadh tionchar rómhór ag na Francaigh sa Spáinn agus bhí amhras ar na Francaigh faoi chumhacht na Breataine, mar sin roinn siad codanna d'Impireacht na Spáinne eatarthu féin chun an chóimheá a choimeád.
impireacht bheag small empire
" Bhí impireacht bheag ag an chathair, a raibh caladh agus loingeas aici, agus bhí an Chorsaic agus an tSairdín faoina smacht.
impireacht empire
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
impireacht trádála mara marine trading empire
" Bhí impireacht trádála mara ag an dá chathair uair amháin agus tá oidhreacht ealaíne i gcoitinne acu go fóill.
impireacht empire
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
impireacht empire
" Chaith siad a n-óige ar fheirm 23 acra agus b’in an áit, de réir an scéil cháiliúil, ar chuir Seán Quinn tús lena impireacht nuair a thosaigh sé ag baint cloch i 1973 tar éis dó iasacht ₤100 a fháil ón mbanc.
impireachtaí cumhachtacha na hEorpa powerful empires of Europe
" Níb fhaide anonn, d’fhág impireachtaí cumhachtacha na hEorpa a rian ar an áit lena dteangacha agus lena stíleanna ailtireachta, rian atá chomh láidir sin go sílfeá in amanna go raibh tú ag siúl ar shráid éigin sa Phortaingéil, san Ísiltír nó i Sasana**.
impireacht na Breataine British Empire
" Agus impireacht na Breataine ag dul i léig, bhí impireacht nua ag teacht chun cinn: impireacht an chaomhnaithe.
coilíneacht de chuid Impireacht na Breataine. a colony of the British Empire
" Tá iomaíocht ghéar ar siúl idir an dá thír i gcúrsaí spóirt ó nach raibh sa tír seo ach coilíneacht de chuid Impireacht na Breataine.
Impireacht Empire
" B'as an mheánaicme measúil coimeádach a chreid go diongbháilte san Impireacht agus in Aontas na Ríochta Aontaithe í.
Impireacht empire
" Cé go raibh Nua-Ghuine Phapua ina coilíneacht de chuid Impireacht na Breataine faoin am sin, bhí an Astráil ag feidhmiú mar údarás coilíneach ann idir 1906 agus 1975, nuair a bhain sí neamhspleáchas amach.
hImpireachta imperial
" Tá tírdhreach na Róimhe breac le saibhreas oidhreachta ó Ré na hImpireachta, ón Athbheochain agus ón Ré Bharócach ar aghaidh.
Trá Impireachtaí the ebb of empires
" Dhiúltigh seisean, ar ndóigh, don tairscint fhial sin chomh béasach agus ab fhéidir leis! Trá Impireachtaí ========= Tá na traidisiúin seanda seo intuigthe nuair a chuirtear stair na bhfearann seo san áireamh.
himpireacht an idirlín the internet empire
" An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht a tháinig le himpireacht an idirlín is cionsiocair leis seo? Nó an é nach bhfuil an méid spéise céanna i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann agus a bhíodh achar gairid ó shin? An bhfuil an ghlúin nua atá ag teacht i dtreis anois níos dírithe ar an am i láthair ná ar oidhreacht choiteann an duine? Glúin Úr agus Gluaiseacht Úr =============== Más mar sin é, bheadh cosúlachtaí móra idir ghluin óg an lae inniu agus glúin Kerouac.
impireacht geilleagrach domhanda a dhéanamh to create a world economic empire
" Níor chuir Vidal saint phearsanta gheilleagrach i leith Lincoln ina úrscéal iontach ar a chuid uachtarántachta, ach feictear iarsmaí de Bheard in áiteanna, ach go háirithe nuair a thugann sé le fios gur cineál comhcheilge ab ea Cogadh na gCarad ó 1861-65 chun impireacht geilleagrach domhanda a dhéanamh de phoblacht bhocht Jefferson.
Ar imeall na himpireachta on the empire’s edge
" Ar imeall na himpireachta, is scéal eile é.
na foinsí ó imill na himpireachta the sources from the side of the empire
" Mo chomhairlese, léigh na foinsí ó imill na himpireachta, John Pilger agus eile.
impireachtaí ár linne féin our contemporary empires
" Ní hionann is atarraingt airm na Róimhe ar ais as a críocha gafa thar na céadta bliain, d’fhéadfadh titim ó chumhacht impireachtaí ár linne féin a bheith iontach gasta.
choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta Irish people kept the wheels of empire
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
dtíortha na himpireachta empire lands
" Luann Rolston na teagmhálacha a bhí idir Éireannaigh agus daoine eile nár den chine gheal iad, anseo in Éirinn, i dtíortha na himpireachta, i Meiriceá Thuaidh, an caidreamh acu difriúil, ag brath ar shiocracha áirithe na linne agus na háite.
an dlí i ‘ndara cathair na himpireachta the law in the empire’s second city
" Tugann *City of Gangs* le Andrew Davies (Hodder & Stoughton) léargas ar an dóigh a raibh tionchar nach beag ag fadhbanna a bhí fós gan réiteach in Éirinn ar fhadhbanna sóisialta agus ar an dlí i ‘ndara cathair na himpireachta.
scáth na himpireachta féin the empire’s own shadow
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
ag troid ar son na hImpireachta fighting for the empire
" 100 bliain ó shin, mhol John Redmond do na fir óga a bhí eagraithe in Óglaigh na hÉireann go mba cheart dóibh liostáil in Arm na Breataine, chun dul ag troid ar son na hImpireachta.