Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ár n-iníon uchtaithe our adopted daughter
" "Tugann muid 'ár n-iníon uchtaithe' uirthi," a deir Cummiskey, a bhfuil ceathrar clainne agus seisear garpháistí aige, agus a bhfuil cónaí air i New Dorp Beach.
cloigeann d'iníne your daughter's head
Bhí sceamhlach iontach ar an iníon the daughter was whingeing terribly
" Bhí sceamhlach iontach ar an iníon agus má dúirt sí "A mhamaí, cá huair a bheas muid ann?" uair amháin, dúirt sí fiche uair é.
maithiúnas a thabhairt dá hiníon to forgive her daughter
" Ní hamháin go bhfuair a fear céile bás i laethanta deireanacha an Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh maitriarc an teaghlaigh, Rose, sásta riamh maithiúnas a thabhairt dá hiníon as, mar a chonacthas dise é, a reiligiún a thréigean.
iníon rí Mhanann daughter of the king of the Isle of Man
" Mar ba nós lena gcuid ríthe, phós sé Affreca, iníon rí Mhanann.
bheannaigh sí dúinn mar a bheannódh duine dá iníonacha. she greeted us as someone would greet his daughters.
" Bean álainn a bhí inti agus nuair a d’fhilleamar ar an mbialann cúpla lá ina dhiaidh sin bheannaigh sí dúinn mar a bheannódh duine dá iníonacha.
iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús the daughter of a couple who first met
" Ach, mar a deir Deirdre Ní Fhaoláin, iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús sa Chumann sna 1940í, “Táimid ar ais anois, ag fás arís, ag foilsiú *An Gael* ar an idirlíon, agus ag obair ar son athbheochan na Gaeilge ar fud an domhain.
Ba cheannaire tábhachtach a iníon his daughter was an important leader
" Ba cheannaire tábhachtach a iníon chomh maith.
ceart chun grá máthar a roinnt le hiníon. the right to share a mother's love with her daughter
" Is é an t-aon cheart atá ag teastáil uaithi ná an ceart chun grá máthar a roinnt le hiníon.
as éigniú a iníne. which the rape of his daughter
" **Triail**In Aibreán na bliana 2002, sheas Patrick Naughton sna Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath, agus é cúisithe as éigniú a iníne.
nuair a cailleadh a iníon when his daughter died
" Bhí air bogadh ó Mhín na Leice, áfach, nuair a cailleadh a iníon, Eileen, go tragóideach i dtimpiste bhóthair i 1978 toisc go raibh sé céasta ag cuimhní san áit sin.
iníon is óige youngest daughter
" Cá ndeachaigh an t-am? Tá an iníon is óige le tosú ar bhunscoil.
hiníon léinn a student
" ” Bhí Anne O’Sullivan, an bhean a phósfadh Eoghan, ina hiníon léinn i Roinn an Cheoil in ollscoil Chorcaí agus ba é Seán Ó Riada an teagascóir a bhí aici.
fonn a hiníne her daughter's humor
" Ach go dtí gur thosaigh sí ag úsáid an My tobii is trína máthair a labhraíodh sí - ceangal diamhaireach eatarthu inar féidir lena máthair smaointe agus fonn a hiníne a léamh.
iníon daughter
" Íoslach Josef Fritzl Chuir Fritzl géibheann ar a iníon féin, Elizabeth, in íoslach rúnda a thóg sé d'aon ghnó ar chúl an tí.
gach mac agus iníon máthar beo absolutely everyone
" Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca gach mac agus iníon máthar beo.
iníon an ghrósaera the grocer's daughter
" Is beag duine i stair na coimhlinte ó thuaidh a bhfuil a oiread céanna fuatha orthu i measc náisiúnaithe an tuaiscirt ná atá ar “iníon an ghrósaera”, Margaret Hilda Thatcher.
iníon athar father's daughter
" Murach go raibh seirbhísí r-phost saor in aisce á dtairgeadh agus á nglacadh ag gach mac máthar agus iníon athar sna nóchaidí, ní bheadh an bhuncloch faoin gcuid is mó de na seirbhísí nua snasta seo.
Iníon daughter
" Iníon bhean singil is ea an mac léinn Maru, cailín atá díreach chomh imeallaithe leis féin.
gach iníon mháthar everyone else
" Ar ndóigh agus mé ag comhaireamh gach cianóige cosúil le gach iníon mháthar na laethanta seo, cuireann a leithéid de nuacht gliondar ar mo chroí, ach tá blaisín den díomá tríd.
iníon dearthár niece
" Ceithre seachtaine ar fad - cúpla lá i mBaile Átha Cliath, deireadh seachtaine eile ar cuairt chuig iníon dearthár liom atá ina cónaí taobh amuigh de Ghort Inse Guaire.
iníon daughter
" Jim Swire, a raibh a iníon i measc na 270 daoine a maraíodh ar 21 Nollaig, 1988, síos ar an gcás i gcoinne al Megrahi mar “a cock and bull story.
iníon daughter
" SMM: An léann tú mórán, irisí, nuachtán nó leabhar? BNC: Tá drochnós agam gan a bheith ag léamh agus feictear dom’ iníon gur rud an dearfach a bheith ag léamh.
a iníon óg déagóra his young teenage daughter
" Tá caidreamh mí-oiriúnach idir an Dochtúir agus a iníon óg déagóra.
saol a iníne his daughter's life
" “Baineann scéal *River Road* le hathair atá scartha óna bhean le déanaí agus a cheapann go bhfuil saol a iníne i mbaol.
Iníon Miss
" Iníon Uí Riain Fial Flaithiúil ======== **CB: An gceapais go raibh puinn athraithe anso nuair a thánaís abhaile?** MDÓS: Ní raibh an oiread san ach bhí rudaí fachta níos fearr.
iníon an aisteora the actor’s daughter
" =========== Sin bun agus barr céad scannán Momoko Ando (28), iníon an aisteora/léiritheora Eiji Okuda.
hiníon léinn a student
" Is amhlaidh gurbh í an stair a tharraing Anna i dtreo na Gaeilge ar an gcéad dul síos agus í ina hiníon léinn i gcathair Lublin in oirthear na Polainne.
a iníon óigh my dear
" Nó ’bhfuil seans ann gur chóip é, dáiríre, nó athdhéanamh ar *‘Journey to Italy’* (1954), Roberto Rosselini, le Ingrid Bergman agus George Saunders? ‘Cóip Dheimhnithe’, ‘Copie conforme’, nó ‘Certified Copy’, fiú? ’Sea, a mhac is a iníon óigh, nach ceannscriostóír ceart é an tAbbas Kiarostami sin!
iníon daughter
" Chomh maith leis an méid sin, labhraíonn Úna Ó Callanáin, gariníon le Michael Mallin faoi chuimhní cinn a athar, Séamus Mallin.
iníonacha daughters
" Srí Lancach í Rita a d’fhág beirt iníonacha óga ina diaidh nuair a tháinig sí go hÉirinn i 2002.
dá hiníon féin for her own daughter
" Shocraigh Domican ar an bhfeidhmchláirín seo a chruthú dá hiníon féin, Grace, agus sin an fáth go bhfuil an t-ainm sin ar an gcláirín.
bhás a hiníne her daughter’s death
" Is léir ar a tuin chainte ar an nguthán nach gcuireann nuacht bhás a hiníne isteach ar an seanlady.
Iníon Rí princess
" Bhí ‘Ys’ ag na Briotánaigh ============== Tá finscéal ann faoi chathair darbh ainm Ys a bhí ann fadó, a slogadh go hiomlán as amharc go tóin poill í de dheasca ceanndánacht an Iníon Rí darb ainm Dahut.
d’fhág a iníon left his daughter
" An scéal faoin bhfear, sé bliana is tríocha d’aois, a chuaigh amach chuig dioscó ag deireadh mhí na Samhna agus a d’fhág a iníon ina codladh i gcúl an chairr.
iníonacha daughters
" “Níl fhios ag aon duine, cé is moite de mo bheirt iníonacha a bhfuil cónaí orthu i gcathair Lyon, go bhfuil mé ar an ngannchuid,” a dúirt Alain atá seasca bliain d’aois agus a bhfuil cónaí air gar do Marseille.
iníon tuismitheora a daughter of a parent
" Casadh dom iníon tuismitheora sa ghaelscoil, cailín atá le tabhairt faoin ardteist agus ar mian léi roinnt dá dream comhaoise a tharraingt chuig lúb comhrá Gaeilge.
iníon daughter
" Agus é ina chathaoirleach ar an gCácas Comhdhála um Chearta an Duine, chuir sé dallamullóg ar a chomhghleacaithe agus ar an bpobal maidir le ‘Nayirah,’ iníon ambasadóir Chuáit, a d’inis an scéal faoi shaighdiúirí Saddam ag caitheamh leanaí amach as goradáin otharlainne — bréag a chuir ina luí ar dhaoine tacú le Cogadh na Murascaille.
bheirt iníon two daughters
" Agus í ag smaoineamh chun cinn ar an todhchaí, níl rud ar bith níos mó atá de dhíth uirthi ná seal fada a chaitheamh lena fear chéile Brian agus lena bheirt iníon agus í ag tabhairt aire do na glasraí agus do na cearca.
hiníon deirféar liom my sister’s daughter
" Ná go mbeadh sé agus a bhean chéile ag labhairt le hiníon deirféar liom, sé bliana d’aois, a bhfuil cónaí uirthi ansin, agus a rá léi gur ainm álainn í “Caoimhe” (agus an ceart aige — is mise a mhol an t-ainm dá máthair).
turas na hiníne the daughter’s trip
" Trasghearrtar go paiteanta turas na hiníne le haistear fuilteach na máthar roimpi.
iníon daughter
" Amharcaim air nuair a thagann iníon bheag scoláire eile isteach san oifig agus sinne inár suí ann, an dóigh a gcromann sé roimpi, an dóigh a labhraíonn sé léi agus é ag déanamh dearmaid ar gach duine agus gach rud eile sa domhan.
iníon daughter
" Agus ní hiad iníon Bono, Eve Hewson, ná Kerry Condon, Tiobradach mná, an t-aon bheirt Éireannach ar fhoireann Sorrentino.
gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha everyone without exception
" Is í an riail atá i gceist agam, an riail a bhaineann leis an gcomhthreomharán beag a bhíonn marcáilte os comhair an chúil sna cluichí Gaelacha agus a dtugann gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha freisin an ‘chearnóg bheag’ air.
marbh-bhreith a hiníne her daughter’s stillbirth
" Díríonn a leabhar ar Donna Bradley, bean de bhunadh chathair Dhoire atá ar turas féinléirstine i ndiaidh marbh-bhreith a hiníne.
coinníodh baill coirp a n-iníne body parts of their daughter were kept
" Déantar staidéar ar na braistintí scoiteacha a mhothaíonn an bheirt acu agus iad ag dul i ngleic lena gcailliúint chomh maith leis an scéala gur coinníodh baill coirp a n-iníne, Teresa, san otharlann i ngan fhios dóibh.
atá molta ina clann mhac is iníon, ina clann gharmhac is iníon who’s children and offspring are a credit to her
" Bean atá molta ina clann mhac is iníon, ina clann gharmhac is iníon, isteach sa cheathrú ghlúin.
bás a hiníne her daughter’s death
" Chiarraí i ndiaidh bás a hiníne, Mary, dhá bhliain déag d’aois.
n-iníon nuabheirthe new born daughter
" Cuireadh tús leis an sága i mí Lúnasa, 1980, nuair a chuaigh Michael agus Lindy Chamberlain lena mbeirt mhac agus lena n-iníon nuabheirthe, Azaria, ar saoire go lár na hAstráile.
a hiníon ag caoineadh her daughter crying
" Chuala Lindy a hiníon ag caoineadh sa phuball oíche amháin agus nuair a bhí sí ag teannadh leis an bpuball chonaic sí diongó ag rith amach as an láithreán agus an ghineog ina dhraid aige.
thógáil a hiníne rearing her daughter
" Ba bhean righin í Lindy a bhí in ann smacht a choimeád ar a mothúcháin nuair a labhair sí le hiriseoirí faoi thógáil a hiníne.
as dúnmharú a hiníne with murdering her daughter
" Reáchtáladh an dara hionchoisne cróinéara bliain ní ba dhéanaí agus moladh ann go gcúiseofaí Lindy as dúnmharú a hiníne agus Michael as a bheith ina cúlpháirtí tar éis an ghnímh.
iníon an tigh ag suirí le ball the daughter was going out with a member
" Tá teoiric eile ann go mbíodh iníon an tigh ag suirí le ball den RIC, rud nach raibh inghlactha ag an am.
gach mac agus iníon athar agus máthar absolutely every living soul
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
hiníon comharsan the neighbour’s daughter
" Tugann an *‘Guy’* (Dawaele) cosaint di - a slánaitheoir? Ach nárbh eisean an péidifíleach le hiníon comharsan, agus nár bhodach é le síobaire mná lánfhásta a bhain di le fonn dó? Ar bheart dhíbeartha dheamhanta an tsuirí sa dá chás sin, nó sealbhú deamhanta? Sealbhú deamhanta, déarfainn.
iníon leis pósta le his daughter is married to
" Tá cara liom as Béal Feirste ina chónaí in LA agus iníon leis pósta le duine as cúlra Meicsiceach – ní raibh sé ina chónaí riamh i Meicsiceo ach tá sé bródúil as cultúr agus as teanga Mheicsiceo agus chuaigh sé sin i gcion orm.
d'Ána, m'iníon óg for my young daughter
" D'aistríos an t-eolas go Gaeilge d'Ána, m'iníon óg.
ar a hiníon féin her own daughter
" 
 “Bhí Alison ag iarraidh taighde a dhéanamh ar a muintir, gaol darbh ainm Letitia ar baisteadh a haintín aistí, agus Alison féin, bhaist sí Annie Letitia ar a hiníon féin.
a beirt iníonacha her two daughters
" An fhad is a bhí cruinniú mór an G8 ar siúl i gContae Fhear Manach, áit a raibh Príomh-Aire na Breataine ag fearadh céad mílte fáilte go hÉirinn roimh cheannairí an domhain agus roimh Thaoiseach na hÉireann féin, bhí Michelle Obama agus a beirt iníonacha i mBaile Átha Cliath.
d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne your daughter who died
" An Chiotrainn ====== Abair liom mar gheall ar Dherval, d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne? Bhí Derval saghas cosúil liomsa i slí mar ba mhaith léi an stíl agus ba mhaith léi a bheith ag dathadóireacht chomh maith.
a n-iníon their daughter
" 
“Dúirt go leor daoine liom ó shin nach raibh siad in ann breathnú ar an mhír sin mar gur chuir sé i gcuimhne dóibh an t-am sin nuair a d'fhág siad slán ag a mac nó ag a n-iníon”Ach ag an am chéanna, ní dhearna an clár ‘luaithreach iomlán Aingil’ de, nó the full Angela's Ashes mar a thugaim air, gan ann ach olagón agus ochón ó.
m’iníon féin my own daughter
" Ní bheidh mé sásta riamh mar athair cead a thabhairt do m’iníon féin páirt a ghlacadh sa chineál comórtas áilleachta seo’ a deir sé.
A iníon bhán dear daughter
" An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin? > ‘A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.
rugadh an ceathrú iníon the fourth daughter was born
" ** DÓC: Fáilte romhat! Ón uair a deineadh an t-agallamh seo rugadh an ceathrú iníon do Dhara is dá bhean chéile, Jean.
iníonacha daughters
" Cén Fáth an Leithcheal? ========== Nílim cinnte faoi cén míniú atá ar an scéal seo ach sílim go mb’fhéidir nach bhfuil a lán fear, agus go leor ban chomh maith, ar a suaimhneas leis an smaoineamh go mbeadh mná, is é sin iníonacha, deirfiúracha, mná céile is eile ag imirt spórt a bhfuil teagmháil fhisiceach ag baint leo agus méid áirithe contúirte chomh maith.
garmhac linbh i mbaclainn na hiníne a grandson in the arms of his daughter
" Agus nuair a chuireann tú garmhac linbh i mbaclainn na hiníne, ‘*Solomon Northup Grantham*’, ar sise, an leaidín á chur in aithne dó, sin ‘cead’ á thabhairt ag Mc Queen dúinn éirí maothshúileach nó scaoileadh leis an deoirín beag.
ní thig lena hiníon codladh her daughter can’t sleep
" I ndráma eile, Glass House le Paul McMahon, feiceann muid Síneach eile agus í ag iarraidh ar fhear chrua na sráide in oirthear na cathrach an *Union Jack* a bhaint anuas cionn is go ndéanann sé trup sa ghaoth istoíche agus ní thig lena hiníon codladh mar gheall air.
mbagáiste a iníne his daughter’s bag
" Nuair a bhásaigh athair Corby, Michael, sa bhliain 2008 foilsíodh scéalta go leor faoina bhaint le cúrsaí drugaí agus maíodh go raibh seisean freagrach as an chnáib a chur i mbagáiste a iníne.
tháinig scéal ón iníon news came from his daughter
" Is gearr gur tháinig scéal ón iníon.
m’iníon my daughter
" Ní raibh ach dáreag ann nuair a thosaigh m’iníon Isla ansin i 2002 .
ar a hiníon tráth on her daughter once
" Chreid cara amháin liom gurb é éad a col ceathar a chur an tinneas obann a tháinig ar a hiníon tráth.
iníon óg a young daughter
"iníon óg aige agus is é an plean is mó atá aige leis an chnap airgid atá buaite ná a dóthain airgid a sholáthar di ionas go mbeidh deis níos fearr aici dul chun cinn sa tsaol ná mar a bhí aige féin.
thug sé grá d'iníon maoir he fell in love with a bailiff’s daughter
" An Tomás céanna, bhí sé ina bhráthair Agaistíneach nuair a thug sé grá d'iníon maoir i Maigh Eo.
do gach mac is iníon máthar to all
" Ach conas is féidir linn a dhóthain muiníne a bheith againn i dteicneolaíocht chun an saol só sin a ghealluint do gach mac is iníon máthar? Táimid fós i bhfad uaigh sin go háirithe nuair a dtuigeann tú an comhrac inmheánach agus an lámhacán cúl scéithe a bhaineann le, mar shampla amháin, OAuth agus OpenID, péire creatlach aitheantais atá in úsáid, nó nach bhfuil in úsáid i gceart ag a leithéid *Facebook, Microsoft, Google* agus *Twitter*.
iníon óg s’aici féin her own young daughter
" Tá Hazel agus Alice, iníon óg s’aici féin, le feiceáil ina suí ar tholg agus Eileen, iníon Lavery, ina seasamh crom ar phianó in aice leo.
d’iníon your daughter
" Bhí do dheirfiúr, Mairéad nach maireann, iontach gníomhach i nGluaiseacht na Poblachta agus tá d’iníon den ainm céanna, Mairéad, sáite in obair na polaitíochta anseo i nGaillimh.