Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chinn mé féin ar sheal a chaitheamh in éineacht leo I decided to spend some time with them
" Ní raibh sé i gceist agam dul go dtí an Astráil ar an turas seo in aon chor, ach nuair a shocraigh mo chairde dul ann, chinn mé féin ar sheal a chaitheamh in éineacht leo agus blaiseadh a fháil de shaol na hAstráile.
ag seinm in éineacht lena chéile, playing together,
" Chomh maith leis sin, tá an triúr acu le cloisteáil ag seinm in éineacht lena chéile, rud atá neamhghnách ar an bpíb uilleann.
gur bean spraoi agus íobartha in éineacht í, that she is a fun woman willing to make sacrifices,
" Is ansin a bhídís ag traenáil agus ag imirt ina n-óige, ag fáil máistreachta ar an gcamán agus ar an sliotar agus a máthair bhocht sa chúl toisc nach ligfeadh sí dóibh a ndeirfiúr óg a chur ann ar eagla go mbuailfidís í! Bhí *mum* an-lárnach sa scéal agus ba léir gur bean spraoi agus íobartha in éineacht í, agus cócaire maith freisin! Lean an clár Setanta agus ansin Aisake go dtí an Astráil agus chonaic muid iad i mbun traenála le cumann peile na hAstráile i Melbourne.
in éineacht le with (in the company of)
" TC: Bhí mé féin agus Derek McGinley, ar fidléir óg deas ó Ghleann Cholm Cille é, ag seinm ag féile cheoil san Fhionlainn in éineacht le ceoltóir Fionlannach darb ainm Samuli Karjalainen.
in éineacht liom with me
" Tá duine de na “Bláthanna Leochaileacha”, Fiachna Ó Braonáin, in éineacht liom mar aon leis an léiritheoir stiúideo, Shea Fitz.
siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta. because of taking it with a couple of pints
" Ní amháin go gcuireann sé brí agus spiorad sa té a thógann é, ach smaoinígí air seo – ní bhfuair duine ar bith riamh bás siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta.
in éineacht léi with her
" Chaith sí naoi mbliana ansin, agus ba mhinic nach mbíodh a máthair in éineacht léi i rith na tréimhse sin.
a bhí ar an ardán in éineacht léi who was with her on stage
" Chuir sí damhsa i láthair a bhí cumtha ag a deirfiúr Liz, a bhí ar an ardán in éineacht léi i rith an tseó.
in éineacht le combined with
" Ar thaobh amháin tá píosaí réasúnta mór, ar nós na gcaipíní buidéil a chonaic Captaen Moore, ach de réir a chéile briseann solas for-chorcarghorm na gréine, in éineacht le hoibriú na farraige, suas iad go dtí go mbíonn siad ina gcáithníní bídeacha.
in éineacht leis along with
" Daoradh Michael Mallin chun báis in éineacht leis na ceannairí eile i ndiaidh an Éirí Amach.
in éineacht leis along with
" Bhí sé ar an fhoireann *Dicovery* le Captaen Scott, in éineacht leis an Chiarraíoch, Tomás ’ac Criomhthainn, nó mar is fearr aithne air, Tom Crean, ar an taiscéaladh Antartach i 1901 agus bhí sé ina cheannaire ar an Nimrod, taiscéaladh Antartach eile i 1908.
in éineacht le chéile all together
" Éagraíonn siad laethanta agus deireadh seachtaine ag siúl sléibhe agus dreapadh ina gceantair féin agus bíonn cúpla geábh náisiúnta sa bhliain ann nuair a thagann baill in éineacht le chéile le haghaidh seachtain iomlán de shiúl sléibhe.
a chur le chéile in éineacht to work together
" **SMM: Nár cheart na bailte go léir a bhfuil an Ghaeilg acu, ó Chill Ghallagáin soir go Port a’ Chlóidh agus an Corrán Buí, a chur le chéile in éineacht lena macasamhail de bhailte istigh ar an Muirthid, thart ar an Eachléim?** BNC: Bíonn siad ag caint ar na clusters seo a bhunú.
in éineacht le in the company of
" Le linn dó bheith sna Stáit Aontaithe, chaith sé an-chuid ama in éineacht le Bernard Lewis, a bhí ina ball de bhord comhairleach CyberDissidents.
in éineacht liom along with me
" **LNC: An bhfuil tú féin ag obair leis na rónta le fada?** S: Táim ag obair anseo le cúpla bliain anuas, agus tagaim isteach gach lá le mo mhadra Brody in éineacht liom.
in éineacht leis along with
" Póilíní capaill a bhí ann, in éineacht leis an Special Patrol Group , an t-ainm a bhí ar an TSG go dtí 1987.
in éineacht le along with
" Tá Tvind i gceannas ar roinnt eagraíochtaí cabhrach daonnúla agus oibríonn siadsan in éineacht le heagraíochtaí bailiúchán éadaí, Planet Aid mar shampla.
an lucht teagaisc in éineacht along with the teachers
" Ba iadsan a dhear an cúrsa, an bhfuil a fhios agat, agus a choinníonn i gceart é, iad féin agus an lucht teagaisc in éineacht.
in Éirinn in éineacht in Ireland taken together
" Déarfainnse go bhfuil na hoileáin a bhfuil Gaeilg á labhairt go fóill orthu, in Albain, níos mó san iomlán ná iomlán na gceantar Gaeltachta in Éirinn in éineacht.
in éineacht le comharsana with neighbours
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
in ard a gcinn in éineacht together at the top of their voices
" Ná hAithris an Scéal ======== Táthar ag súil le slua mór a bheith i láthair ar an dara lá déag Iúil an bhliain seo chugainn nuair a bheidh Mo ag máirseáil seachas ag reathaidh thart ar an chúrsa, sais thar a ghualainn aige, agus an slua ar fad ag canadh in ard a gcinn in éineacht leis: *“The Sash Mo Farah Wore”*.
in éineacht le stát nua along with a new state
" ”* Ar an dtaobh eile ansin fuarthas brú de shaghas eile, brú thraidisiún a athar, traidisiún dár bunaíodh ar Liebestraum Corkery agus Mhic Shuibhne, traidisiún a gheall cultúr nua in éineacht le stát nua.
in éineacht leis along with
" Ba é an chéad rud a rinne sé sa cathair ná fleasc bláthanna a leagan ag an leacht cuimhneachán an Drochshaoil i ngairdín Naomh Luke in éineacht leis an Ard-Mhéara Sharon Uí Shúilleabháin agus leis an Chomhairleoir Wendy Turner.
in éineacht lena bhean along with his wife
" I 2002 tháinig Ghandi Mallak, dlíodóir ón tSiria, go hÉirinn in éineacht lena bhean.
in éineacht le along with
" Bhí clú agus cáil ar Sheán Mac Con Mara i saol an cheoil mar dhuine de bhunaitheoirí na buíne iomráití, Banna Céilí Learphoill, i 1957 in éineacht le Éamonn Ó Cadhain, Tomás Ó Canainn, Seán Ó Murchú, Kit Hodge, Peggy Atkins agus Ronnie Cruickshank.
in éineacht leis an nuachtán which came with the newspaper
" Ar an Domhnach 13 Eanáir d’fhoilsigh an *Sunday Independent* forlíonadh speisialta in éineacht leis an nuachtán Domhnaigh faoi chúrsaí spóirt in Éirinn agus thar lear.
iontach ag comhoibriú in éineacht wonderful working together
" Bhí Pádraig Harrington ina chúl báire ar an fhoireann agus bhí siad iontach ag comhoibriú in éineacht” a deir sé.
in éineacht le along with
" Thosaigh comhdháil i mBaile Átha Cliath faoi stiúir an Mary Robinson Foundation in éineacht le Rialtas na hÉireann i lár na míosa seo.
chuir muid clár ar bun in éineacht le we put a program together
" Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid as an bPolainn, agus chuir muid clár ar bun in éineacht le duine d’fhilí oirthear na hEorpa.
in éineacht leis na mílte daoine eile along with thousands of others
" Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu, in éineacht leis na mílte daoine eile timpeall na tíre, ó chúlraí éagsúla is le fadhbanna éagsúla, a bhfuil tuairimí an-difriúla acu ar fad, mar Mheiriceánaigh.
a chumann in éineacht leis who composes along with him
" Tá ceathrar ann, a dheartháir Richie a chumann in éineacht leis, PJ mac Donnacha ar na drumaí agus tá Toner Quinn ar an fhidil.
in éineacht le along with
" Is múinteoir ceoil é Niall, agus in éineacht le Bronagh Mc Clean agus Davy Lennon bíonn sé ag múineadh ranganna do CCÉ na hArda, do pháiste agus do dhaoine fásta i mBeannchar agus sa Chomar.
in éineacht leis along with him
" ” Is cinnte gur tháinig athrú isteach le Ford, ach tháinig an chonspóid in éineacht leis.
in éineacht le along with
" Thosaigh na raflaí thart ar bhliain ó shin: tá físeán ann de Rob Ford a thaispeánann an méara ag caitheamh cnagchócaon in éineacht le cúpla duine eile.
in éineacht le along with
" Drogall na Seaniomaíochta ========= Leis an tseaniomaíocht idir Learpholl agus Manchain, bhí drogall ar dhaoine ó Merseyside dul ann, ach cúpla seachtain ó shin chuaigh mé féin ann in éineacht le Liam óg agus Ryan agus bhain siad sult as.
ag canadh in éineacht leis an cheol singing along the music
" Ní hamháin sin ach mhol sé an fheidhm a bhaineadh sé as a theanga dhúcháis, an Ghaeilge ar ndóigh, agus é ag canadh in éineacht leis an cheol: “Tá lúcháir orm a bheith in ann a rá go bhfuil tóir an cheoil ort mar chláirseoir Éireannach.
In éineacht leis along with
" Is mór an buntáiste é go raibh tú in ann do chuid oiliúna a fháil ar an chruit i mBéal Feirste le Cumann Cruite na hÉireann trí stíl ársa na gcláirseoirí… In éineacht leis an stíl phearsanta atá agat féin, tá ardmholadh tuillte agat mar gheall ar an úsáid a bhaineann tú as do theanga dhúchais In éineacht leis na poirt.
in éineacht leis along with it
" Bhí mo chos greamaithe go daingean ar an talamh agus chas an chuid uachtarach de mo chorp, ach níor chas mo chos in éineacht leis,” a deir sí.
ina chapall in éineacht a horse simultaneously
" Bhí gach gasúr ina mharcach agus ina chapall in éineacht agus ba iad gáirdíní na gcomharsan, suas is anuas le deich gcinn acu, an cúrsa agus b’iad na fálta a bhí idir na gairdíní na clathacha nó na sconsaí ar an gcúrsa rása.
aghaidh na gréine in éineacht suntraps as well
" D’aimsigh mé loganna a raibh foscadh agus aghaidh na gréine in éineacht iontu.
in éineacht le including
" Ag siúl thart ar Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, tá sé deacair gan a bheith meallta ag pictiúr áirithe amháin a léiríonn bean uasal ina suí i stúideó scáthach ard in éineacht le hógbhean agus páiste.
in éineacht all in one
" Chonaic Ciara Nic Gabhann léiriú péintéireachta, ceoil agus scéalaíochta in éineacht le gairid, taispeántas a chuir ionadh agus áthas ar a raibh i láthair.
in éineacht le as well as
" Mura dtáinig sé ar aon phóta óir ann, tháinig sé ar shaibhreas go leor de chineál eile, ag blaiseadh na staire in éineacht le lá folláin faoin aer úr aige.
in éineacht le all on with
" Chonaic Brian Ó Broin athrú ag teacht ar lucht teagaisc na teanga i Meiriceá as cúrsa deireadh seachtaine i Nua-Eabhrac a d’eagraigh an Coimisiún Fulbright in éineacht le hOllscoil Mhaigh Nuad.