Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in adharca a chéile at loggerheads
" Tá Ridge agus Condoleezza Rice, Comhairleoir ar Chúrsaí Slándála Náisiúnta, in adharca a chéile, cloisim.
in adharca a chéile locking horns with each other
" Tá na mílte clubanna haiku sa tSeapáin agus bíonn siad i ngleic lena chéile nó in adharca a chéile go minic.
in adharca a chéile at loggerheads
" B'fhéidir go bhfuil ceart agus mícheart ar an dá thaobh agus gur cuma leis an chuid eile againn go bhfuil lucht airgid in adharca a chéile.
ag dul in adharca a chéile clashing, fighting
" Níor chóir go mbeadh baill na heagraíochta ag dul in adharca a chéile mar gheall ar an sacar nó an rugbaí.
in adharca a chéile fighting with each other
" Cheana féin tá iarrthóirí Fhianna Fáil do thoghchán na hEorpa 2004 san iarthar, Seán Ó Neachtain agus James McDaid, tar éis a bheith in adharca a chéile.
in adharca a chéile butting heads
" Anois, cén t-ainm seo arís atá ar an tráchtaire sin atá chomh daingean ina bharúlacha a mhaíonn gurb eisean an t-aon duine sa lá atá inniu ann atá toilteanach fimíneacht agus ainbhearta a nochtadh? An duine sin, a mbíonn sé féin agus Clooney de shíor in adharca a chéile? Ó, sea, Bill O’Reilly ó Fox News.
in adharca a chéile at loggerheads
" Faoi 1901 bhí dhá shraithchomórtas náisiúnta in adharca a chéile do na himreoirí ab fhearr agus i 1903 imríodh an chéad *World Series* – sraith cluichí idir buaiteoirí an *American League* agus buaiteoirí an *National League*.
in adharca a chéile. at logger-heads.
" Ach is fada blagadóirí agus iriseoirí in adharca a chéile.
in adharca a chéile at each others' throats
" Conas dul i bhfolach sna cúltrinsí agus a thuistí in adharca a chéile go leanúnach.
de shíor in adharca a chéile eternally clashing with each other
" Bhí na sárchumachtaí de shíor in adharca a chéile.
in adharca a chéile. clashing with each other
" Bhí na sárchumachtaí de shíor in adharca a chéile.
in adharca a chéile at each other's throats
" Buachaill ‘dána’ a bhí ann agus buachaill báire, agus thaitin sin leis an slua, ach níor thaitin sé leis na húdaráis agus bhíodh siadsan agus é in adharca a chéile go minic.
in adharca a chéile at loggerheads
" Iadsan a bhí in adharca a chéile, agus sa deireadh thiar thall, b’iadsan a mhúnlaigh an t-aontú deireanach.
in adharca a chéile at loggerheads with each other
" Agus tú ag tiomáint, ní mór d’aird a dhíriú ar an bhóthar agus neamhaird a dhéanamh den scaifte ógánach atá in adharca a chéile ar an chosán.
in adharca cúthalacha a chéile in each other’s hair, shyly
" Is minicí in adharca cúthalacha a chéile iad an bheirt stróinséar sa charr ná a mhalairt.
in adharca a chéile at loggerheads
" Bhainfeadh an tagairt a dhéanann Corduff don chithréim dhomhain ghoineach atá fágtha, dar leis, ag na himeachtaí seo ar phobal beag tuaithe, deor as cloich, lorg a mhairfidh, dar le Corduff, ar feadh na nglún agus a chuirfidh comharsana agus clanna in adharca a chéile go ceann i bhfad.
in adharca a chéile at each other’s throats
" Is fada iriseoirí agus dlíodóirí in adharca a chéile faoi chearta an duine aonair saol príobháideach a bheith aige agus saoirse cainte na meán.
in adharca a chéile at loggerheads
" An ar leas na tíre i ndáiríre é go mbeadh pobail áirithe in adharca a chéile i gcásanna fadálacha dlí ar nós an ceann a tharla i dTeach Lios an Daill i gContae Shligigh le blianta beaga anuas chun cead slí a chaomhnú ar an eastát? Luach €6.
bhfuil na tithe in adharca a chéile the houses are in dispute
" Is é an tUachtarán (an t-uasal Obama faoi láthair, atá ina Dhaonlathach) a roghnaíonn na hairí rialtais, ach is iad tithe na Comhdhála a chuireann maoiniú ar fáil don rialtas sin, agus os rud é go bhfuil na tithe in adharca a chéile faoi láthair, is féidir leis an maoiniú a bheith stoptha sách tapa más toil le páirtí an fhreasúra é.
in adharca a chéile at loggerheads
" In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas.