Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in amhras faoi suspicious of
" "Rómhilis!" a mhaíonn fear na súile nimhe, a bhíonn i gcónaí in amhras faoi dhaoine a bhfuil rian ar bith de chineáltas ag baint leo.
in amhras faoi suspicious of
" Bheinn sásta dá dtarlódh sé nach raibh daoine, thuaidh agus theas, in amhras faoi nó naimhdeach don Ghaeilge agus ansin go mbeadh go leor de thacaíocht oifigiúil don Ghaeilge go dtiocfadh linn seirbhís iomlán raidió, teilifíse agus idirlín a chur ar fáil.
a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA who are suspected of being members of the IRA
" Sna suiteálacha *They're All the Same* (1991) agus *Same Difference *(1990) ardaíonn sé ceisteanna faoin tslí a dtig le teanga dul i bhfeidhm orainn agus ár dtuiscint a mhúnlú, sa chás seo íomhá meáin de bheirt a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA.
in amhras faoi shlándáil in doubt about security
" Ach an féidir brath ar an eolas sin? Agus conas is féidir inchreidteacht suímh a mheas? Tuairiscíonn an comhlacht Amárach Consulting go bhfuil daoine in Éirinn fós go mór in amhras faoi shlándáil ar an idirlíon - ábhar atá ag brath go mór ar mhuinín agus ar inchreidteacht.
go raibh siad in amhras air that they had a suspicion about
" Nuair a tháinig na Gardaí ar ghuthán soghluaiste i dteach duine go raibh siad in amhras air, rinne siad anailís ar an áit ina raibh an guthán roimhe sin agus bhí siad ábalta a fháil amach gur úsáideadh é faoi dhó gar don Ómaigh ar an lá a phléasc an buama.
in amhras in doubt
" “Tá mé go mór in amhras mar gheall ar pháistí a thógáil le Gaeilge, mura gcinntíonn tú go mbeidh Béarla den chéad scoth acu freisin.
in amhras in doubt
" I láthair na huaire, mar is léir, táthar in amhras faoin cheannaireacht sin.
in amhras in doubt
" Pawcasso agus a Ré Chrúbach? ======= Má tá tú den bharúil go bhfuil buanna speisialta ag do pheata féin, ba chóir duit roinnt ama a chaitheamh á bhreathnú go grinn le feiceáil an bhfuil na tréithe seo a leanas aige: an ndéanann do chat machnamh ar na marcanna a fhágann sé ina dhiaidh ar a thráidire dramhaíola? an bhfágann sé marcanna ar na ballaí leis na gráinníní dramhaíola atá greamaithe dá chrúba? an scríobann sé ar phíosa troscáin go leanúnach san áit chéanna amhail is dá mbeadh sé ag forbairt saothair? an maith leis a bheith ag amharc ar an teilifis agus an aithníonn sé ainmhithe eile ar an scáileán? Más féidir leat freagra dearfach a thabhairt ar an chuid is mó de na ceisteanna thuas, agus má tá tú go fóill in amhras faoi chumas ealaíne do chait, thig leat triail bheag a chur air a d’fhorbair síceolaithe MONPA, a bhaineann úsáid as ocht gcárta dhéag agus léaráidí orthu.
in amhras ar suspicious of
" Ach — agus seo an rud a chinntigh nach mbeadh móramh glan ag na Coimeádaigh — táthar ann atá in amhras ar Harper, ar a pháirtí, agus ar a gcuid polasaithe.
in amhras in doubt
" Tá eolas ag roinnt mhaith daoine as an tuath ar Bhaile Átha Cliath nó ar shaol na cathrach toisc go bhfuil orthu dul ag obair ann ach tá mé in amhras faoin méid eolais atá ag muintir Bhaile Átha Cliath ar shaol na tuaithe in Éirinn.
in amhras in doubt
" Tugann seo le fios, ar ndóigh, go raibh an cluiche ann i bhfad sula raibh Abner Doubleday ar an saol, agus táthar in amhras anois go raibh baint ar bith ag an uasal Doubleday leis an gcluiche! Cé acu in Éirinn, Sasana nó Meiriceá a thosaigh an chluiche, ámh, níl argóint ar bith ach go raibh an cluiche á imirt go fairsing ar fud Shasana Nua ó na 1850í amach ar bhonn foirmeálta, le rialacha dochta agus sraithchomórtais áitiúla.
in amhras in doubt
" Nuair a bhuail mé léi go gairid ina dhiaidh sin le hagallamh a chur uirthi don alt seo, caithfidh mé a admháil go raibh mé rud beag in amhras faoi thionscal seo na comhairleoireachta saoil.
in amhras in doubt
" Ach tá na cásanna dlí seo go mór in amhras anois, ó tugadh le fios gur céasadh na ceithre amhrasach déag lena n-admhálacha a fháil, agus nach dtaispeánfar an fhianaise ina n-aghaidh sa chúirt.
tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú I doubt if anybody even read it
" “Chuir Harvard an stampa rubair ar an tráchtas – tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú – ar chóras fuaime na Gaeilge, rud nach raibh tuiscint chomh maith sin air go dtí sin.
in amhras faoi pholaitíocht suspicious of politics
" Léiríonn sé go bhfuil muintir na Poblachta in amhras faoi pholaitíocht atá i dtreo na heite clé barraíocht.
go bhfuil tú in amhras that you are sceptical
" Ar eagla na heagla go bhfuil tú in amhras faoin scéal seo, caithfidh mé a insint duit go bhfuil sé go hiomlán fíor: is pearsa í Michelle atá cruthaithe ag Micheál dó féin i saol fíorúil ar a dtugtar Second Life.
Bhí mé in amhras ar chúpla cúis I was suspicious for a few reasons
" Nach mé an t-amadán! Bhí mé in amhras ar chúpla cúis faoin dea-scéala ón Spáinn.
Is cosúil nach bhfuiltear in amhras faoi ionracas it seems there is no suspicion
" Is cosúil nach bhfuiltear in amhras faoi ionracas Tenzin Gyatso, an ceathrú Dalaí Láma dhéag, in aon chor.
in amhras doubtful
" Ach in ainneoin go dtugann na mórchumhachtaí le fios nach ngéillfidh siad riamh do na héilimh a dhéanann fuadaitheoirí go n-íocfaí leo airgead fuascailte nó go scaoilfí as géibheann lucht a gcomhchúise ar an gcoinníoll go saorfaidís gialla, is minic mar sin féin go mbíonn daoine in amhras.
go rabhthas in amhras it was felt
" Nó an scéal faoi ghasúr dhá bhliain déag d’aois, Oussmane Cissé, ar tugadh íde béil dó ar scoil toisc go rabhthas in amhras gurb é a scaoil aláram éigeandála na scoile le linn rang corpoideachais.
go mór in amhras faoi chur chuige in serious doubt about the approach
" Tá sé le léamh chomh maith go raibh Aire Airgeadais an ama go mór in amhras faoi chur chuige an Údaráis agus faoi inmharthanacht cuid de na comhlachtaí a fuair deontas i gcabhair uathu.
in amhras faoin dóigh ar in doubt regarding the way
" É sin ráite, tá tráchtairí go leor in amhras faoin dóigh ar toghadh Karzai sa bhliain 2009.
In Amhras faoi go Leor doubtful of many things
" In Amhras faoi go Leor ============ Pé uair a léim úrscéalta stairiúla Vidal, scéalta atá lán go béal le leochaileacht agus botúin, tagann saothar daoine cosúil le Charles Beard chun cuimhne, an chéad stairí a chur béim ar bhunús eacnamúil Bhunreacht na Stát Aontaithe agus a tharraing aird ar an nasc idir infheistíochtaí príobháideacha ailtírí an bhunreachta céanna agus a gcuid smaointí polaitiúla.
in amhras faoi doubtful of
" Tá iarrthóir uachtaránachta acu, Mitt Romney, atá ina bhall den Eaglais Mhormannach (eaglais a bhfuil go leor Meiriceánach in amhras faoi), agus nár chualathas mórán faoi in aon chor go dtí earrach na bliana seo, agus tá iarrthóir leasuachtaránachta acu, Paul Ryan, atá i bhfad amach ar an eite dheis ó thaobh Críostaíochta agus leagan amach geilleagair de.
curtha le chéile in aon dream amhrais amháin lumped together in one suspect group
" Is é an dóigh go ndearna sí staidéar ar an mhéid a bhí le rá ag na meáin chumarsáide agus ar pholaiteoirí agus thug sí faoi deara go raibh na Moslamaigh curtha le chéile in aon dream amhrais amháin, d’ainneoin a gcúlraí difriúla.
saineolaithe in amhras experts in doubt
" ” Maíonn COGG, go bhfuil saineolaithe in amhras faoi líon na marcanna atá ag dul don scrúdú cainte Ghaeilge agus faoi chomh fiúntach is atá an scrúdú céanna.
in amhras faoina seasamh leis skeptical about her stance on
" Má tá duine ar bith in amhras faoina seasamh leis an Ghaeilg, mothaím go bhfuil sí 100% dáiríre.
in amhras faoin gcomhphobal seo suspecting this community
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
Tá sé in amhras he’s in doubt
staraithe go leor in amhras faoi seo plenty of historians are in doubt about this
"staraithe go leor in amhras faoi seo agus ní raibh aon ghlacadh ag Ali le caint den chineál sin nuair a bhí sé i mbarr a shláinte.
Fostaithe in Amhras employees in doubt
" Fostaithe in Amhras ======== Ba iad *From Rome with Love (2012)* le Woody Allen chomh maith le Páis Chríost (2004) le Mel Gibson an dhá mórscannáin is déanaí a rinneadh i gCinecittà (tá sé níos saoire ag déantóirí scannán mór dul chuig áiteanna eile sa domhan cosúil le hoirthear na hEorpa) agus tá fiacha móra bailithe ag an eagraíocht mar gheall ar an easpa oibre seo.
in amhras in doubt
" Mhínigh Niall Ó Fearghail go raibh sé in amhras faoina chuid Gaeilge ag tús an agallaimh.
in amhras doubtful
" Ach tá Colm Mac Sealaigh in amhras maidir le fiúntas na saineolaithe seo ar fad.
Bhraithfeá in amhras faoin tuairisc you’d feel doubtful about the report
" Bhraithfeá in amhras faoin tuairisc a thugann Daragh Ó Tuama ar an Alfa.