Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in ord agus in inneall in working order, organised
" "Beidh greim bí againn nuair atá achan rud in ord agus in inneall.
in ord aibítreach in alphabetic order
" (Is maith le hÉamonn Ó Doornail - eagarthóir *Beo Ar Éigean *- an uaim a bheith in ord aibítreach i gcónaí, agus éiríonn an fústaire rud beag fosaoideach agus fuadrach agus fuascrach fiú, mura ndéantar gníomh de réir a thola.
grádaithe in ord deacrachta. graded in order of difficulty.
" Dá bharr sin tá na dlúthdhioscaí grádaithe in ord deacrachta.
in ord tábhachta: in order of importance
" *CMA: Ach cloisimid an méid sin faoi iomaíochas agus faoi chostais?* DMW: Tá siad sin ann go cinnte ach is mar seo a chuirfinn fadhbanna na tíre in ord tábhachta: ar dtús, margadh na tithíochta, na bainc agus na fiacha; ansin, pá san earnáil phoiblí; ar deireadh, na cuideachtaí ilnáisiúnta.
in ord agus in eagar proper and tidy
" Tháinig ar an saol mar sin, ní hamháin *Quora*, ach na céadta seirbhísí eile atá ag déanamh iarracht an t-eolas a choimeád in ord agus in eagar don bhrabhsálaí idirlín.
in ord agus in eagar ready and waiting
" Bhí na cruacheisteanna in ord agus in eagar ina intinn aige, agus níorbh fhada gur chuir sé an chéad cheann: **Balor: “Cad é mar atá tú, a Choimisinéir?”** Coimisinéir: “Réasúnta!” Bhí Balor réidh dá leithéid, agus chuir sé an dara ceist sula raibh seans ag an Choimisinéir teacht chuige féin arís i ndiaidh an chéad chinn.
in ord feabhas a n-imeartha according to their playing prowess
" Tá foirne iomána na hÉireann i mbliana curtha in ord feabhas a n-imeartha ag Colm Mac Séalaigh agus is cosúil iad lenar chruthaigh siad anuraidh.