Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iniúchadh a dhéanamh to scrutinize
" Aithníonn an tAcadamh go bhfuil athruithe ollmhóra cultúrtha ag tarlú taobh istigh chomh maith le taobh amuigh den tír agus tá sé mar sprioc aige iniúchadh a dhéanamh ar na hathruithe seo agus a dtionchar ar shochaí na hÉireann a mheas.
a dhéanann iniúchadh ar that scrutinizes
" Píosa é a dhéanann iniúchadh ar an dearcadh coilíneach a bhí ag an Chaptaen James Cook agus a chuid fear i leith na mbundúchasach nuair a bhain siad an Astráil amach.
a iniúchadh to scrutinize
" Ar aon chuma, ós rud é gur duine (cuibheasach) óg fuinniúil saor mé bhailigh mé mo chuidse giuirléidí agus abhae liom chun na háite coimhthíche seo chun an t-aiteas a iniúchadh.
iniúchadh scrutiny
" Tá próiseas foirmiúil ag an Eaglais Chaitliceach anois le hiniúchadh a dhéanamh ar chásanna mar seo ach tá daoine ann a deir nach bhfuil an próiseas sásúil.
ag iniúchadh examing closely
" Tá siad ag iniúchadh 79 ríomhaire, 1,000 diosca ríomhaire agus 19,000 leathanach i gcáipéisí éagsúla.
leis na gnéithe sin uilig a iniúchadh to study all those aspects
" " Rithimí na teanga ======= Sa lá atá inniu ann tá sé ag amharc ar an teanga féin, an ceol a mhaireann inti, a rithimí agus a beocht nádúrtha, agus tá sé ag glacadh ama leis na gnéithe sin uilig a iniúchadh.
ag déanamh iniúchadh studying
" ie/) agus is léir ón méid a bhí le rá le déanaí ag baill de choiste Dála - atá ag déanamh iniúchadh ar an gceist seo - go bhfuil siad ag dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí.
Nuair a d'iniúch sé when he examined
" * Gluais &#149; Glossary as an tom coillfrom the hazel bush scoilbsplinters ina chiotógin his left hand cloch speilescythe-stone faobharsharp edge lann na scinethe blade of the knife dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn't hear the shouting of the children araebecause clósyard i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain a ghoilehis stomach dornán eileanother small quantity slámamount ag an gcrann mór darachat the big oak tree beartbundle lagweak an scoththe best cáilreputation a bhí uaidhthat he wanted garbhchomhaireamha rough count deich scillingten shillings gadwithe, rope chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog seascaircosy, snug caonachmoss stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree choisrigh sé é féinhe blessed himself éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face ar mhullach a chinnon the top of his head scáinteacht ghruaigesparseness of hair bun tornapathe bottom of a turnip eala bhána white swan ag fairewatching thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground le dúilwith desire ag preabadhjumping ruainnín aráina small piece of bread beathafood sprúillemorsel ag samhlúimagining síógínlittle fairy dea-shíóga good fairy de dhoirte dhairtedartingly, suddenly a dhá luaithe isas soon as in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill a broinn deargher red breast giodamachfrisky, jaunty mífhoighdeachimpatient ag bíogaílchirping go háiridespecially uaibhreachproud, spirited ar leathadhopen lena bréagadhtoo woo her babhtaísometimes cuinneogchurn drisiúrdresser dos cabáistetuft of cabbage máimín fataía handful of potatoes ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil cruimhmaggot bagrachthreatening binnsweet a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes spideoga difriúladifferent robins á leanúintfolllowing him conairpathway ag moilliúslowing Nuair a d'iniúch séwhen he examined súil ribesnare (of thin cord or wire) d'fheith siseshe waited de réir dealraimhapparently ina ghnóthaíin his affairs ar nós gasúirínlike a young child go n-abrofaíthat it be said gileacht a súlthe brightness of her eyes frídthe smallest thing go beachtprecisely chomh haerach céannaevery bit as lively achairína very short time seafóidnonsense <td cl
nuair a d'iniúchfadh sé trapa when he would examine a trap
" Agus b'amhlaidh nuair a d'iniúchfadh sé trapa nó súil ribe, go leagfadh sé a bheart uaidh i gcoinne claí nó cloiche.
ag iniúchadh studying
" " Anois, agus í naoi mbliana is trí scór d'aois, tá Bewick fós ag iniúchadh an domhain mórthimpeall uirthi.
a iniúchadh to examine
" De réir Jim McDonald, an fear a cheap Westminster i 1997 le gearáin in éadan Arm na Breataine a iniúchadh ó thuaidh, bhí sé seo contráilte.
iniúchadh study
" " An dá thréith sin a bhain le Brennan - an duine intleachtúil, géarchúiseach a raibh léargas aici ar an saol agus an duine péacógach a bhí an-sáite i gcúrsaí faisin - cén chaoi ar réitigh siad lena chéile? Freagraíonn Bourke mé trína rá "Tuige nach mbeadh an dá rud i gceist? Cuid den léann feimineach is fearr liomsa ná an chuid a dhéanann iniúchadh ar an bhfuáil agus sníomh agus a thugann gradam dóibh mar ealaín, agus a dhéanann comparáid idir fuáil agus scríobh agus a deir go bhfuil na healaíona seo cóngarach go maith dá chéile; tá siad an-chruthaitheach.
iniúchadh a dhéanamh to explore
" Tá Cochrane díreach tar éis tús a chur le tionscadal casta a bhfuil sé mar aidhm aige iniúchadh a dhéanamh ar na hÉireannaigh i Meiriceá, idir na hinimircigh agus iad siúd atá anois mar dhlúthchuid den phobal.
ag iniúchadh gearán studying complaints
" Tá sé ar nós na nGardaí ag iniúchadh gearán faoi na Gardaí - ní féidir leis an gcóras sin a bheith neodrach.
iniúchadh examination
" ” Téama coiteann ======= Ach cibé ábhar a bhíonn á phlé aige, is é an téama coiteann ná smior an Éireannachais, ábhar a ndéantar iniúchadh air i gcláracha faisnéise ar nós *The Irish Condition*, *Na Gaeil Phrotastúnaigh *agus *The Irish Experience*.
iniúchadh géar close examination
" Chun an saothar seo a chruthú, chaith Bowler dhá bhliain ag cur aithne ar na príosúnaigh; rinne sé iniúchadh géar ar a ngnáthaimh laethúla agus ghlac sé páirt iontu é féin.
iniúchadh study
" Déanann O'Leary iniúchadh ar straitéis an IRA nó, níos beaichte, straitéisí na heagraíochta.
iniúchadh scrutiny, close study
" Nuair a bhí iniúchadh déanta ar na sonraí seo ar fad aige, fuair Krantz amach gurbh é post an bhitheolaí an ceann ab fhearr sna Stáit Aontaithe in 2002, mar gheall ar an leibhéal íseal struis, cúiteamh ard, an tsaoirse, agus na folúntais go léir a bhí ann.
a iniúchadh to examine
" In áit a bheith ag díriú ar nóisean démodé den litríocht, dar le Miller agus lena chomhghleacaithe, ba chóra a bheith ag díriú ar shainchomhartha úd na litríochta a iniúchadh; ar chumas sin na litríochta na réaltachtaí samhalta a chruthú gan aici ach na focail.
iniúchadh examination
" Cuireadh tairne eile i gcónra Phádraig Uí Fhloinn, an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, nuair a rinneadh iniúchadh ar na socruithe a rinneadh leis an chomhlacht National Toll Roads (NTR), atá i gceannas ar dholadhroichead an M50.
a iniúchadh to examine
" In áit a bheith ag díriú ar nóisean démodé den litríocht, dar le Miller agus lena chomhghleacaithe, ba chóra a bheith ag díriú ar shainchomhartha úd na litríochta a iniúchadh; ar chumas sin na litríochta na réaltachtaí samhalta a chruthú gan aici ach na focail.
iniúchadh study
" Le cois a chuid oibre mar fhear gnó, tá sé ag cur le chéile clár faisnéise don teilifís mar gheall ar an choireacht eagraithe Éireannach, clár ina ndíreofar ar an dream mícháiliúil sin, na *Westies*, i Hell&#146;s Kitchen, ach a dhéanfaidh iniúchadh fosta ar iarmhairtí na drongadóireachta i measc na nÉireannach i Meiriceá ar fad.
á n-iniúchadh being studied
" Tá na fuadaigh á n-iniúchadh ag na Náisiúin Aontaithe faoi láthair ach deir an tUachtarán George Bush nach bhfuil siad ag sárú an dlí.
iniúchadh náisiúnta national study
" B'fhéidir anois go bhfuil sé in am ag pobal na hÉireann leas a bhaint as an iniúchadh náisiúnta atá fógartha ag an rialtas le gnéithe níos leithne den scéal a fhiosrú.
á cíoradh agus á hiniúchadh being examined minutely and scrutinized
" Chuile lá bhí gné eile den scéal á cíoradh agus á hiniúchadh agus anailís á déanamh ar na bealaí éagsúla ina ndeachaigh Brian Kerr ar strae agus ag míniú dúinn cén fáth nárbh é an duine ceart don phost.
iniúchadh scrutiny, investigation
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
iniúchadh scrutiny
" Ach anuraidh, tar éis don Choimisinéir Teanga iniúchadh a dhéanamh ar éifeacht na treorach, bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh athrú poirt tagtha ar an Roinn Airgeadais.
iniúchadh scrutiny
" Níorbh ionann an méid seo ar fad gan amhras agus iniúchadh ar an Éireannachas.
a iniúchadh to examine
" Ní nach ionadh, chuir Feidhmeannas na hAlban fáilte roimh an mholadh agus chuir siad coiste ar bun le féidearthachtaí comhoibrithe le hÉirinn, thuaidh agus theas, a iniúchadh.
iniúchadh scrutiny
" Rinne an nuachtán sin iniúchadh ar líon na n-iarratas a rinneadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF) ón uair a tháinig sé i bhfeidhm naoi mbliana ó shin.
ag iniúchadh na rudaí sin, examing those things
" Ag an am sin, ní raibh an tír ag iniúchadh na rudaí sin, ní raibh trácht poiblí ar chearta Maoracha mar atá anois.
iniúchadh dian domhain an intense deep scrutiny
" Tá gnó príobháideach pearsanta Bhertie Uí Hernia dá scrúdú ag binse fiosraithe Mahon i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, chomh maith le cúistiúnacht Chathail Mhic Coille ar *Morning Ireland*, ach tá Balor i ndiaidh iniúchadh dian domhain dá chuid féin a dhéanamh ar ghnó roinnt de na daoine eile i saol na polaitíochta, agus níl binse fiosraithe ar bith ina shuí maidir leis na cásanna siúd.
Dá ghéire a dhéanann tú iniúchadh air The more closely you examine it
" Dá ghéire a dhéanann tú iniúchadh air sea is mó a fhaigheann tú amach.
iniúchadh scrutiny
" Tá sé cosúil le hiniúchadh géar a dhéanamh ar an dearadh casta atá i *Leabhar Cheannanais*.
iniúchadh investigation
" Léiríonn iniúchadh mar seo, i mo thuairimse, go bhfuil ré úr oscailteachta agus trédhearcachta anois faoi lán seoil i leith fheidhmiú an fhórsa.
ag iniúchadh scrutinizing
" ” “Cinnte,” arsa mise, agus fios agam go mbeadh muid ag iniúchadh gach nóta, leathnóta agus gach aon bhlúire fuaime! Isteach linn sa phíosa ceoil.
go ndéanfaí iniúchadh ar na himeachtaí ar fad. that all the events be investigated.
" I lár mhí Eanáir, tugadh le fios go bhfuair Rialtas na Nua-Shéalainne litir roimh an Nollaig ó thriúr oifigeach cearta daonna de chuid na Náisiún Aontaithe, inar iarradh go ndéanfaí iniúchadh ar na himeachtaí ar fad.
iniúchadh audit, investigation
" Rinne sé iniúchadh ar fhigiúirí an chomhlachta agus dheimhnigh sé an tuairim a bhí againn, is é sin, go raibh siad ag insint bréaga dúinn, go raibh ní ba mhó dlúthdhioscaí díolta acu ná an líon a bhí admhaithe acu agus go raibh airgead le híoc go fóill acu linn.
iniúchadh to study
" An mithid bunú banc Gaeilge a iniúchadh an athuair? Cuireadh an cheist sin an chéad seo caite, sular tháinig an téagar sna Ceiltigh ar na mallaibh, ach b’fhéidir nach raibh a leithéid tráthúil roimhe seo.
iniúchadh investigation
" Bhí i gceist go mbeadh ionadaithe ón phobal i gcomhair le healaíontóirí, ábalta athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna a bhain le féiniúlacht, cultúr agus le stair agus go bhfásfadh as an iniúchadh sin íomhánna nua do mhúrphictiúir, a rachadh in áit na seaníomhánna conspóideacha.
iniúchadh ar investigation of
" “Sa leabhar, déanann an t-údar iniúchadh ar cén fáth go mbíonn an contae is boichte, sa stát is boichte i Meiriceá, ag vótáil do pháirtí na ngnónna móra, páirtí a raibh sé d’aidhm aige daoine saibhre a dhéanamh níos saibhre agus airgead a choinneáil ó dhaoine bochta.
iniúchadh examination
" Liosta le háireamh is ea na mí-úsáidí a déanadh ar chaiteachas na heagraíochta de réir iniúchadh a rinne an Seanadóir Shane Ross don Sunday Independent agus suim airgid de &euro;643,000 luaite le turais thar sáile don Phríomhfheidhmeanach agus dá bhean chéile, do fheidhmeanaigh shinsireacha eile ón chomhlacht agus dá gcuid aíonna thar tréimhse ceithre bliana.
ghné á n-iniúchadh aspects (shall) be investigated
" Coimisiún na hIarmharta Tá Coimisiún Oidhreachta, nó Coimisiún Iarmharta, á mholadh ag Eames/Bradley a mbeidh Coimisinéir idirnáisiúnta ina chathaoirleach air agus ceithre ghné á n-iniúchadh ag an Choimisiún.
eagraíocht úr iniúchta a new investigative body
" Molann Eames/Bradley go mbunófaí eagraíocht úr iniúchta (a new investigative body) a thiocfaidh i gcomharbacht ar an Historical Enquiries Team le 3,000 dúnmharú a fhiosrú.
iniúchadh perusing, inspecting
" com agus a bheith ag iniúchadh na seilfeanna i siopa maith leabhair.
iniúchadh study
" com/blog/2009/01/12/late-late-no-show-rte-make-a-pigs-arse-of-it/) Feidhm agus Seasamh CLG Déantar cur is cúiteamh agus iniúchadh go minic ar fheidm agus ar sheasamh an CLG i saol mhuintir na hÉireann.
iniúchadh analyse
" Le scéal fada a ghiortú, de bharr an lagtrá eacnamaíochta, d’iarr Rialtas na hÉireann ar choiste eacnamaithe iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil airgead poiblí á chaitheamh agus moltaí a dhéanamh i dtaca leis an dóigh is fearr le gearradh siar a dhéanamh.
ag iniúchadh examining
" I ngan a fhios don chuid is mó againn, tá lucht saineolais ag iniúchadh agus ag athbhreathnú na seanchoincheap níos mó ná ariamh, i ngeall ar an dul chun cinn atá déanta ina réimsí léinn éagsúla.
iniúchadh research
" Trí bhreathnú ghluaiseacht na n-adamh agus iniúchadh a dhéanamh ar an idirghabháil a dhéanfaidh na hadaimh lena chéile, síleann sé go mbeidh sé in ann ana-chuid a fhoghlaim faoi conas mar a thosaigh bunábhar an domhain agus conas mar a thosaigh gach rud!!! B'fhiú go mór dul chuig a shuíomh idirlín (le nasc thíos) le míniú níos cruinne a fheiscint, óir braithim an-amscaí agus mé ag déanamh iarracht cur síos ar rud chomh casta.
iniúchadh study
" Ní dhearna siad faic, a deir sé, agus de réir ráitis ón Athair Michael Murtagh ó Theach Pobail Chluain Ard, thug an RUC cead oibre le páistí dó i ndiaidh iad cúlra Liam Adams a iniúchadh.
iniúchadh research
" B’é an t-adhmad ba mhó a bhí le baint as an iniúchadh a rinne údair na tuarascála ar shampla de 5% de dhaonáireamh 2006 (mar aon le 3% de dhaonáireamh na Ríocht Aontaithe, 2001) ná: * Go bhfuil a dhá oiread níos lú seans go mbeidh cainteoirí Gaeilge dífhostaithe ná iad siúd nach bhfuil an teanga acu.
iniúchadh research
" Bhí Frank agus Audrey ag caint mar gheall ar thabhairt faoi thionscadal le chéile agus smaoineamh amháin a rith leo ná scéal a bhunú sa Ghaeltacht a thabharfadh deis dóibh iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le teacht in aois agus na fadhbanna a chruthaíonn siad do dhéagóirí.
iniúchadh investigate
" Tá sé i gceist acu iniúchadh teangan a dhéanamh ins an chéad bhliain de ghníomhú an phlean ar na ceantair agus na seirbhísí a chaithfear breis soláthair a dhéanamh orthu.
Táthar á iniúchadh it's being inspected
" Táthar á iniúchadh go fóill, ach ceaptar go bhfuil an cnap bruscair seo, lonnaithe i Mórghuairneán an Atlantaigh Thuaidh, chomh mór arís lena mhacasamhail san Aigéan Ciúin.
iniúchadh investigation
" Bhí sé sin le sonrú ach go háirthe sa seasamh a ghlac sé níos luaithe i mbliana nuair a léirigh iniúchadh de chuid Nuacht TG4 go raibh ionann is beirt as gach triúr a fuair díolúine ón Ghaeilge de bharr míchumas foghlama ar nós disléicse, ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach eile don Ardteist.
t-iniúchadh research
" I dtuairisc a d’fhoilsigh Deloitte i 2007, dúirt siad gur léirigh an t-iniúchadh a rinne siad ar na staidrimh, go gcaitear £1.
iniúchadh investigate
" Is éard a thug ann iad, bhí siad ag iarraidh roinn oideachais dá gcuid féin agus córas scolaíochta a chur ar bun agus theastaigh uathu an scéala a iniúchadh leis an Aire Oideachais abhus.
iniúchadh inspection, study
" Cé gur mór an méid saineolais agus comhairle atá ar fáil maidir le gortaithe a sheachaint agus cúram a dhéanamh díobh, ní léir go bhfuil mórán cainte nó iniúchadh á dhéanamh ar na fáthanna atá leis an méadú a bhraitear a bheith ar líon agus ar mhinicíocht gortú tromchúiseach.
iniúchadh to investigate
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
iniúchadh scrutiny
" Mhaígh sí nach raibh aon chosaint aicisean ón iniúchadh tablóideach.
iniúchadh investigate
" Ach i ndiaidh do bheirt bhleachtairí is tríocha an scéal a iniúchadh, fuarthas amach go raibh sé fíor.
Trí iniúchadh by investigation
" Trí iniúchadh a dhéanamh ar scéal a muintire féin – clann Mhic an Bhaird – tugann sí léargas dúinn, ní hamháin ar an scéal a bhain le clann amháin den Lucht Siúil, ach ar léargas ar stair na hÉireann trí chéile.
iniúchadh an inspection
" Tuarascáil Eatramhach ============= Rinne an eagraíocht Pobal iniúchadh ar an chuideachta in Eanáir 2010 agus tuairiscíodh gur cuireadh cinntí a gcuid fiosrúcháin faoi bhráid bhord MFG i Meitheamh na bliana seo.
iniúchadh teoranta a limited investigation
" Ní mar sin a tharla sé ar ndóigh - níor tairgíodh dóibh ach iniúchadh teoranta ar pháipéarachas an cháis, á stiúradh ag an abhchóide sinsireach Desmond da Silva, QC - agus tá Geraldine Finucane agus a beirt mhac, John agus Michael agus a hiníon, Katherine ar buile go fóill faoin drochbhail a cuireadh dóibh, agus ní nach ionadh.
beag beann ar aon iniúchadh regardless of any scrutiny
" (Féach ailt Bhriain Uí Bhroin agus Robert McMillen san eagrán reatha de Beo!) Soir uainn, maítear gurb é an KGB, > FSB na linne, a reáchtálann an Rúis agus a mharaíonn iriseoirí beag beann ar aon iniúchadh nó cáineadh.
táthar fós á iniúchadh it’s still being examined
" Cuireadh am ar leataobh ag an chruinniú dheireanach a bhí ag an bhord i mBéal Feirste len é seo a chíoradh agus de réir mar a thuigim, táthar fós á iniúchadh.
le hiniúchadh go fuarchúiseach to investigate objectively
" Cuireann Crumley i gcuimhne don léitheoir an mana a bhí ag Bill Clinton agus é i mbun toghchánaíochta i 1992: Is é an geilleagar an mhórcheist, a phleidhce! Má bhíonn tréimhse cúig bliana Sarkozy san Elysée le hiniúchadh go fuarchúiseach, dar le Crumley, tabharfar faoi deara go bhfuil méadú ollmhór tar éis teacht ar an bhfiachas náisiúnta ó 2007 i leith agus gur íslíodh rátáil chreidmheasa na Fraince ar na margaí airgeadais aon chéim i mí Eanáir seo caite.
ag déanamh iniúchadh ar chuntas inspecting the accounts
" “Is bréaga iad na ráflaí atá ag cur inár leith nach bhfuilimid go hiomlán macánta ó thaobh an airgeadais de, nó nach bhfuil comhlacht neamhspleach ag déanamh iniúchadh ar chuntas an chomhlachta.
Rinneadh iniúchadh an investigation was done
" Rinneadh iniúchadh ar fud an domhain ar bhailiúcháin bhréige éadaí agus ar an donacht a bhain leis na heagraíochtaí a bhí i gceannas orthu.
an iniúchadh stairiúil the historic investigation
" Eisean a chur tús leis an iniúchadh stairiúil ar fhoclóir ait de Valera trí mheán an “primacy of form” aige siúd.
in ionad iniúchadh fuarchúiseach a dhéanamh ar rather than clinically scrutinizing
" Is moltaí iad atá bunaithe cuid mhaith ar mhíthuiscintí agus ar chlaontaí pearsanta na mbainisteoirí in RTÉ, in ionad iniúchadh fuarchúiseach a dhéanamh ar an gceist agus taighde bunúsach a dhéanamh ag úsáid modúlacht chríochnúil.
níos teibí fós a iniúchadh to inspect more abstract (themes) still
" Cé go mbaineann leabhar corraitheach Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, go hoifigiúil le téamaí bunúsacha uilíocha - pá, ocras laethúil, cairdeas, uaigneas agus dóchas- d’éirigh leis téamaí níos teibí fós a iniúchadh freisin.
ag iniúchadh coireanna tromchúiseacha researching serious crimes
" Míníodh an foréigean mar léiriú feirge i measc dílseoirí ar fud an tuaiscirt, ach chonaic daoine eile lámh an UVF sa scéal agus iad ag iarraidh a neart a léiriú agus iad faoi bhrú ag an Historical Enquiries Team atá ag iniúchadh coireanna tromchúiseacha as a raibh an UVF freagrach.
Iniúchadh an investigation
" Iniúchadh é an leabhar sin ar laigeachtaí focal iontu féin mar áiseanna taidhleoireachta.
iniúchadh anama ar siúl soul searching going on
" Bhí an t-uafás díospóireachta, mionscrúdú agus iniúchadh anama ar siúl le blianta beaga anuas maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna forais éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt”agus na scoileanna ceartúcháin ina measc.
ndéanfar iniúchadh ar chuntais accounts shall be inspected
" Dúradh nach raibh baint ar bith ag an bhfírinne leis an scéal áfach, agus dúradh ina leith chomh maith go ndéanfar iniúchadh ar chuntais an Chéid Náisiúin i bhfad níos minice ná cuntais aon dream eile, agus gur minic a chuirtear iachall ar dhreamanna an t-airgead a chaitheamh go fánach, cé nach dteastaíonn uathu féin a leithéid a dhéanamh i gcónaí.
deineadh iniúchadh ceart ar a proper inspection (of the Bill) was done
" Cén fáth go gcaithfear deireadh a chur leis an Seanad le modh oibre na Dála a fheabhsú? Cén bac atá sa mbealach orthu nach féidir modh oibre na Dála a leasú ar aon chaoi, bíodh an Seanad ann nó as? Shílfeá ón gcaint seo go bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar na polaiteoirí sa Dáil, a gcuid gnaithí a dhéanamh i mbealach níos fearr! Bille na Gaeltachta 2012 sa Seanad ================ Nuair a bhí an Bille Gaeltachta 2012 ag dul tríd an Oireachtas bliain ó shin is sa Seanad a deineadh iniúchadh ceart ar an mBille.
an t-iniúchadh meitifisiciúil sin that metaphysical investigation
" An dornán beag seo, is ag cur leis an traidisiún sin, an t-iniúchadh meitifisiciúil sin, a raibh scannánóirí dála Fritz Lang, Orson Welles, Ingmar Bergman agus Piara Paolo Pasolini ina máistrí air.
Foilsíodh iniúchadh náisiúnta a national examination was published
" com/tracks/143329723&auto_play=false&hide_related=falseauto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Foilsíodh iniúchadh náisiúnta 1996 a rinneadh ar Bhunreacht na hÉireann.
iniúchadh dó féin inspect for himself
" Nuair a chrom de Fréine fés na leabhair sin a shamhlaigh stair speisialta uafásach do mhuintir na hÉireann, stair ní ba fhuiltí ná aon thír bheag eile, rinne sé staid na dtíortha beaga sin a iniúchadh dó féin agus mhaígh: “gur gnáthdaoine iad muintir na hÉireann agus nach cine ait iad a dhéanann rudaí aisteacha nach mbeadh coinne acu leo ó chine ar bith eile.
le hiniúchadh a dhéanamh to do research
" D’fhoghlaim mé an dóigh le staidéar a dhéanamh, le hiniúchadh a dhéanamh agus bhí sin ina chuidiú mhór.
ag mion-iniúchadh studying minutely
" Tar éis níos mó ná triocha bliain a chaitheamh ag mion-iniúchadh Bhunreacht na Stát Aontaithe, is maith is eol dó laigeachtaí, tubaistí agus deacrachtaí na cáipéise céanna.
Iniúchadh an investigation
" Iniúchadh a bhí sa taispeántas sin ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha ceannródaíocha a thaistil chun na Fraince agus níos faide ó bhaile le staidéar a dhéanamh ar ealaín nua-aimseartha na hEorpa ag tús na haoise seo caite.
iniúchadh a study
"iniúchadh déanta ag Maidhc Ó Cathail ar scéal Iosrael agus ar ghné an tSíónachais ó cuireadh Stát Iosrael ar bun.
iniúchadh examining
" Bhí Alan Desmond ag iniúchadh scéal mhuintir Batwa, an dream beag daoine san Afraic Láir a dtugtaí Pigmithe orthu.
iniúchadh ar checked out
" Rinne Alan Desmond iniúchadh ar an muintir ar díobh Ken Saro Wiwa, Ogonaigh na Nigéire.
á iniúchadh being studied
" Tá saothar oifig eachtrach an CGM sa Bhruiséil á iniúchadh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo
ag iniúchadh researching
" Chaith Alan Desmond seal ag iniúchadh scéal an phobail líonmhair iltírigh úd in iarthuaisceart na hAfraice, na hImazighen, nó mar a thugtar go contráilte orthu, na Beirbeirigh.
ag iniúchadh investigating
" Tá sé ort agus ní trom leat é! Chaith Ciarán Mac Aonghusa seal ag iniúchadh ainm pearsanta an duine, spreagtha b’fhéidir, ag Lá Fhéile Chiaráin i Mí Meán Fómhair.
iniúchadh research
" Is ait an mac na CyberDissidents ach iniúchadh a dhéanamh faoina bhfuil ar a gcúl, siar chomh fada le Estée-Lauder, mar a rinne Maidhc Ó Cathail.
iniúchadh ar investigation
" Seachaint na fírinne i measc lucht polaitíochta ó thuaidh a tharraing aird Robert McMillen, cionn is gur fhógair Peter Robinson i rith na seachtaine nach mbeadh aon iniúchadh ar stair na coimhlinte is déanaí.
iniúchann misneach an duine investigates human courage
" Léigh Ciara Nic Gabhann leabhar, *A Sudden Sun* le Dave Duggan, a iniúchann misneach an duine nuair a theagmhaíonn an tubaiste leis.
ag iniúchadh athruithe checking out changes
" Bhí Alan Desmond ag iniúchadh athruithe in iompar na Stát Aontaithe i leith na nInimirceach, athruithe a bheas tábhachtach do na céadta míle Gael sna Stáit Aontaithe.
ag iniúchadh scéal taking a look at the matter
" Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag iniúchadh scéal fear fiúntach as an Astráil, Peter Norman, ar ghlac Rialtas a thíre leithscéal leis níos luaithe i mbliana, roinnt blianta rómhall mar fuair sé bás sé bliana ó shin.
ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inspecting a high-court judgement
" Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh Marie Fleming, a bhfuil an t-ilscléaróis ag dul di le blianta, ligean di éalú ó fhulaingt ghleann goirt na ndeor.
ag iniúchadh checking out
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.
ag iniúchadh seanleabhar tábhachtach researching an old important book
" Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh seanleabhar tábhachtach le Seán de Fréine, agus á mheas le hais roinnt a foilsíodh le leathchéad bliain anuas.
ag iniúchadh investigating
" Chuaigh Niamh Ní Shúilleabháin ag iniúchadh dúshlán na hearnála deonaí muinín an phobail a chothú sna carthanais arís.