Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inimirce immigration
" Tá tacaíocht caillte ag an rialtas le blianta beaga anuas do pháirtí nua ciníoch atá go mór in aghaidh inimirce agus na buntáistí míchothroma dar leo atá ag dúchasaigh maidir le caiteachas rialtais.
oifigigh inimirce immigration officers
" Nuair a stopann oifigigh inimirce é, áfach, ní bhíonn le déanamh aige ach ainm roinnt gaolta a lua a bhfuil postanna sinsearacha acu san arm agus sa pholaitíocht agus scaoiltear isteach sa tír é.
hinimirce mhídhleathach illegal immigration
" Bhí siad araon ag iarraidh cánacha níos ísle, seirbhísí níos fearr, fás geilleagrach níos láidre, príobháidiú, níos mó beart frithchoireachta, agus polasaithe níos déine chun déileáil le hinimirce mhídhleathach.
hinimirce mídhleathaí illegal immigration
" Tá fadhb na hinimirce mídhleathaí linn fós san Iodáil agus ag dul in olcas le himeacht aimsire.
an inimirce immigration
" Ní hamháin go raibh tuairimí radaiceacha aige faoi na fadhbanna san oideachas agus i gcúram sláinte, ach dhírigh sé chomh maith ar cheist a raibh neamhaird á tabhairt uirthi: an inimirce.
dhlíthe inimirce immigration laws
" *A Nation of Immigrants *an teideal a bhí air, agus d'fhéadfaí a rá go ndearnadh reachtaíocht de i 1965, nuair a rinneadh liobrálú ar dhlíthe inimirce na Stát Aontaithe.
as an "gcrios inimirce" from the 'immigration zone'
" Chomh maith leis sin, cuireadh reachtaíocht aisbhreathnaitheach i bhfeidhm a bhain Oileán Melville agus tuairim is 4,000 oileán eile i dtuaisceart na tíre as an "gcrios inimirce".
bpolasaithe inimirce immigration policies
" Nach mbeadh sé i bhfad níb fearr dá gcuirfí teorainn leis an mhéid daoine a scaoilfí isteach sa tír ach, ar a laghad, go ndéanfaí iarracht slí éigin a aimsiú chun fáilte a chur rompu siúd in oirthear na hEorpa a bheas mar chomhshaoránaigh againn ó bhí na Bealtaine ar aghaidh? Is gá go leor athruithe a chur i bhfeidhm i bpolasaithe inimirce na hÉireann.
na Seirbhísí Inimirce the Immigration Services
" Fiú amháin inniu, is iomaí Éireannach atá ag obair i Meiriceá go himníoch, iad neirbhíseach faoi shúil ghéar na Seirbhísí Inimirce.
ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn we must have immigration laws
" San am i láthair, is éard a deirimid le hinimircigh ná seo: "ar son leas an phobail, ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn.
i gcoinne na hinimirce anti-immigration
" Ar an 12 Iúil, 1870, ghlac suas le 2,000 ball de na hoird Oráisteacha áitiúla (le cois grúpaí eile a bhí frith-Chaitliceach agus i gcoinne na hinimirce) páirt i bparáid a chuaigh ó Manhattan íochtarach i rith an bhealaigh suas go hElm Park ag an West Side ag 92nd Street.
cathanna inimirce immigration battles
" "Seo an chéad uair nach raibh muid ábalta fadhb chomh mór seo a shárú," a deir Siobhan Dennehy, bean a bhfuil neart cathanna inimirce troidte aici ó bhí na hochtóidí ann.
Inimirce immigration
" Inimirce agus fás nádúrtha le chéile faoi deara méadú ar dhaonra Bhaile Átha Cliath agus an chontae agus na gcontaetha in aice leo - An Mhí, Cill Dara agus Cill Mhantáin go háirithe.
polasaí inimirce immigration policy
" Bhí polasaí inimirce an rialtais (An Astráil Gheal) bunaithe ar chiníochas go dtí na seachtóidí.
inimirce immigration
" Athrófar sin go luath, ámh, má éiríonn leis an mbille inimirce a ritheadh i Seanad na Stát Aontaithe ar an 25 Bealtaine.
scéim mhór inimirce a large immigration scheme
" Cuireadh tús le scéim mhór inimirce i 1948 agus tháinig na sluaite as deisceart, lár agus oirthear na hEorpa agus thug siad leo a gcuid nósanna féin maidir le go leor rudaí ach ba é an bia an ceann ba shuntasaí.
rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais parliamentary secretary for immigration and multiculturalism
" Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.
Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá the American Immigration Agency
" Ní hamháin go bhfuil coirpigh thuaithe Passaic ag meascadh le coirpigh Paterson ann, ach tá príosúnaigh ann ó chóras phríosúin na Cónaidhme freisin, agus, Dia dár réiteach, lucht iarrtha tearmainn nach bhfuil coir ar bith curtha ina leith, ach atá “idir lámha” ag Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá go gcloisfear a gcásanna dídine.
inimirce immigration
" Higgins ráiteas inar chuir sé i leith Myers gur chiníochaí a bhí ann tar éis do Myers alt achrannach ar chúrsaí inimirce a scríobh an lá roimh ré.
i bhfách le hinimirce, in favour of, sympathetic to, immigration
" ”Tá sé tábhachtach a lua go ndeir Myers go bhfuil sé go mór i bhfách le hinimirce, ach í a theorannú ionas nach mbeidh “líon criticiúil” d’eachtrannaigh sa tír.
tháinig sí ar inimirce she immigrated
" Julia Gillard is ainm di – agus is Ceilteach í! Rugadh í sa Bhreatain Bheag sa bhliain 1961, agus tháinig sí ar inimirce chun na hAstráile lena tuismitheoirí agus í ceithre bliana d’aois.
inimirce ón Áise. immigration from Asia.
" Faoin am sin, bhí díospóireacht ghéar ar siúl sa tír seo mar gheall ar inimirce ón Áise.
cuireadh deireadh leis an mbeartas inimirce the immigration policy was ended
" Níor ceadaíodh do dhaoine ó na tíortha Áiseacha teacht ar imirce chun na hAstráile go dtí lár na seachtóidí, tráth a cuireadh deireadh leis an mbeartas inimirce ar tugadh “White Australia Policy” air.
aire inimirce immigration minister
" Sa bhliain 1947, mar shampla, dúirt aire inimirce na linne, Arthur Calwell: “*We have 25 years at most to populate this country before the yellow races are down on us*.
glan in aghaidh na hinimirce totally opposed to immigration
" Ní ba dhéanaí, bhunaigh sí an páirtí polaitíochta One Nation, a bhí glan in aghaidh na hinimirce ón Áise, agus in olltoghchán na bliana 1998 fuair an páirtí beagnach naoi faoin gcéad den vóta náisiúnta.
faoi chúrsaí inimirce about immigration
" “Tar éis na sraithe sin, bhí coincheap do shraith eile faoi chúrsaí inimirce á fhorbairt againn.
inimirce, immigration,
" Bhainfeadh na cinntí seo le réimsí chomh leathan le fuinneamh, tearmann, inimirce, comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus cúrsaí spóirt.
faoin inimirce about immigration
" Bhí imní orthu freisin faoin inimirce, faoi dhífhostaíocht, faoi iomaíocht, agus faoi léirscaoileadh.
beartais inimirce immigration policy
" Ach mar is iondúil le beartais inimirce san Astráil, is baolach go mbeidh clampar i gceist sula gcuirfear an cur chuige nua i bhfeidhm.
cáinte ag urlabhraí inimirce an fhreasúra reatha criticised by the immigration spokesperson of the current opposition
" Chuir na heagraíochtaí éagsúla a oibríonn ar son na dteifeach sa tír seo fearadh na fáilte roimh an mbeartas nua ach, ar an drochuair, tá an cur chuige nua cáinte ag urlabhraí inimirce an fhreasúra reatha.
inimirce immigration
" Bhí go leor Éireannach i measc na ndaoine a tháinig sna longa, timpeall ar 58,000 daoránach san áireamh – caithfear a admháil gur tháinig siadsan in éadan a dtola! Chomh maith leis na daoránaigh, tháinig go leor Éireannach eile chun na hAstráile i luathstair na coilíneachta faoi scéimeanna inimirce éagsúla.
inimirce ealaíontóirí inward migration
" Ach gu’b é inimirce ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus lucht critice, bhí an ceantar seo i mbaol a mhillte – bheadh sé leagtha go talamh agus bheadh na hilstóraigh a bhí a dtógáil ar fud an oileáin tógtha anseo fosta.
inimirce immigration
" Is tír í an Astráil atá fothaithe ar an inimirce agus is iomaí díospóireacht pholaitiúil chorraithe a rinneadh ann le seasca bliain anuas i dtaca le beartais inimirce an dá phríomhpháirtí – an Páirtí Liobrálach agus Páirtí an Lucht Oibre.
Aire Inimirce Immigration Minister
" Tá an dúnghaois seo i bhfeidhm fós, ach d’fhógair an Seanadóir Chris Evans, Aire Inimirce i rialtas náisiúnta an Lucht Oibre, anuraidh, beartas inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn ná an cur chuige a bhí ag an bPáirtí Liobrálach agus é i gcumhacht roimhe sin.
cearta inimirce immigrant rights
" Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
inimirce immigration
" asp) Ba é an freagra a thug údaráis na Síne air seo go léir ná inimirce na Han go Xinjiang a spreagadh is a thacú.
dhlíthe inimirce immigration law
" Ceaptar gurb é Chertoff a lig an 200 Iosraelach a gabhadh i 2001 a dhul ar ais go hIosrael, gan ach “sarú ar dhlíthe inimirce” curtha ina leith.
inimirce immigration
" D’eascair an feachtas i bhfabhar na cónaidhme as comhthuiscint na gcoilíneach go raibh na fadhbanna céanna eachtracha acu i dtaca le cúrsaí inimirce agus cosanta.
inimirce immigration
" Nuair a tháinig fadhbanna inimirce chun cinn i dtíortha eile san Eoraip, bhreathnaigh siad ar an Ísiltír, an tírín beag ceannródaíoch úd a raibh rúin na sochaí ilchultúrtha oibrithe amach aici.
inimirce immigration
" Ar 23 Aibreán chuir gobharnóir Poblachtach Arizona, Jan Brewer, a síniú le SB1070, dlí nua atá le bheith ina chuid thábhachtach den troid in aghaidh na hinimirce neamhdhleathaí ina Stát féin.
inimirce immigration
" Julia Gillard ====== Is tír í an Astráil atá fothaithe ar inimirce agus léiríonn scéal Julia Gillard an dóigh ar thug inimircigh go leor d’fhorbairt na tíre thar na blianta.
inimirce reatha current immigration
" Thug sé le fios freisin go gcreideann a pháirtí go bhfuil an ráta inimirce reatha ró-ard, cé nár luaigh sé aon ráta nua.
inimirce immigration
" Admhaíonn Roddy go bhfuil athrú mór ar chaint na ndaoine i mBaile Átha Cliath le 20 bliana anuas, mar gheall ar inimirce le linn ré bhorrtha an gheilleagair: *“I wrote ‘The Commitments in 1986 and I suppose it is now like a historical record of the way people in Dublin spoke then.
cheist na hinimirce matter of immigration
" Scéal a bhfuil an t-uafás agus an daonnacht taobh le taobh ann agus a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha.
inimirce immigration
" au/exhibitions/irish_in_australia/personal_stories/) Roghnaíodh cúig dhuine dhéag, meascán idir Éireannaigh a tháinig chun na hAstráile ar inimirce agus dhaoine de shliocht Éireannach, agus iarradh orthu a mbaint reatha le hÉirinn a insint.
na hinimirce immigration
" Baineann a gcuid dúnghaoisí geilleagair leis an eite chlé – ar son an stáit leasa agus cánach forchéimnithí – agus baineann roinnt mhaith eile dá gcuid polasaithe leis an eite dheis – fíornáisiúnach, dian ar choiriúlacht, agus glan in aghaidh na hinimirce.
inimirce immegration
" Tá ceangal ag níos mó ná 75% den daonra leis an inimirce.
inimirce immigration
" Glacann an Astráil idir 12-14,000 dídeanaí gach bliain i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe, agus tagann sa bhreis ar 150,000 duine chun na tíre ar inimirce in aghaidh na bliana.
inimirce immigration
" Mar sin, féachann duine de lucht leanúna Bat Ye’or ar nós Breivik go faiteach ar inimirce Moslamach mar jihad déimeagrafach.
inimirce immegration
" ” De réir an ADL, agus go leor eile nach iad, teoiric chomhcheilge fhrithrialtais a ba chúis le sléacht Anders Behring Breivik chomh maith; mar atá, coincheap “Eurabia” (a chum an “staraí” Síónach Bat Ye’or) a mhaíonn go bhfuil na Moslamaigh ar tí an Eoraip a choilíniú trí inimirce, a bhuíochas sin do leithéidí Páirtí Lucht Oibre na hIorua de bheith ag comhoibriú leis an namhaid.
scéal na hinimirce immigration matters
" Ar 15 Meitheamh i nGairdín na Rósanna ar thailte an Tí Bháin fógraíodh an cor ba mhó i scéal na hinimirce sna Stáit le blianta fada.
Ní hamháin go staonfaidh na húdaráis inimirce de not only shall the authorities abstain from
" Ní hamháin go staonfaidh na húdaráis inimirce de na hinimircigh seo a ghabháil d’fhonn iad a dhíbirt, ach féadfaidh na hinimircigh iarraidh ar na húdaráis inimirce a ndíbirt as an tír a iarchur ar feadh dhá bhliain agus cead oibre a thabhairt dóibh ar feadh na tréimshe sin.
i réimse na hinimirce in the area of immigration
" Deirtear gur ghlac Obama an seasamh crua seo chun taispeáint don Pháirtí Poblachtach nach chomh bog sin a bhí sé i réimse na hinimirce.
córas inimirce immigration system
" De réir na tuairime seo, d’fheicfeadh na Poblachtaigh gur duine é Obama a bhféadfaí comh-oibriú leis ar cheist na hinimirce agus gheobhadh Obama an tacaíocht dhépháirteach i dTithe Chomhdháil na Stát Aontaithe a bhí ag teastáil chun córas inimirce na Stát a athchóiriú go cuimsitheach, córas a bhfuil tagartha ag Obama dó mar chóras briste.
dúnghaois inimirce na hAstráile the Australian immigration policy
"dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain.
Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile the Australian Dept. of Immigration and Citizenship
" D’eisigh Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile tuarascáil ar na mallaibh faoi na tíortha as ar tháinig inimircigh le cur fúthu anseo sa bhliain airgeadais 2001/12, agus dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo.
cuir i gcás an dúnghaois inimirce the immigration policy for example
" Bhí ciníochas follasach le sonrú san Astráil um an dtaca sin, cuir i gcás an dúnghaois inimirce, an White Australia Policy, agus an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre i réimsí áirithe sa saol abhus.
ar dhúnghaois inimirce on the immigration policy
" Is locht é seo is féidir a fháil ar dhúnghaois inimirce an Aontais Eorpaigh go ginearálta, ach ciallaíonn sé sin sa chás seo nach amháin nach dtugtar an aire ba chóir do na híospartaigh, ach ní bhaintear amach cuspóirí i réimse chur i bhfeidhm an dlí ach oiread.
na laghduithe inimirce of lessening imigration
" Ábhar Imní? ===== I gcomhthéacs seo na laghduithe inimirce, b’fhéidir gur cúis imní iad uimhreacha an daonáirimh a bhaineann le heachtrannaigh sa Ríocht Aontaithe.
i réimse na hinimirce in the area of immigration
" Sheachnófaí é seo, ar ndóigh, dá mbeadh rialacha soiléire ann maidir le hathaontú teaghlaigh agus dá gcuirfí sásra achomharc neamhspleách ar bun a phléifeadh le cinntí a dhéantar i réimse na hinimirce.
ag beartas inimirce an Aontais Eorpaigh EU immigration policy
" Is léir, leis, go bhfuil ról ag beartas inimirce an Aontais Eorpaigh in athrú Mharacó go tír cheann scríbe.
an gcóras inimirce i gcoitinne the immigration system generally
" Fiú mura bhfuil ach bréag ina bhfuil ráite ag Marius Betondi ó thus deireadh, léiríonn scéal an Chamarúnaigh roinnt mhaith fadhbanna a bhaineann leis an bpróiseas iarrtha tearmainn is leis an gcóras inimirce i gcoitinne.
den rialú inimirce of immigration control
" Taispeánann sé na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a dhéanann iarratas ar thearmann ar bhonn na gnéasachta agus an chontúirt a bhaineann le príobháidiú is seachfhoinsiú gnéithe áirithe den rialú inimirce.
an tslí a dtéann an inimirce seo i gcion ar how this immigration affects
" Is minic go mbíonn caint ar chúrsaí imirce dírithe ar na daoine a bhaineann tír nua amach agus an tslí a dtéann an inimirce seo i gcion ar an tír athbhaile.
ag iarraidh comhbheartas inimirce a fhorbairt trying to develop a common immigration policy
" Tá an tAontas Eorpach (AE) ag iarraidh comhbheartas inimirce a fhorbairt ó 1999 nuair a bhronn Conradh Amsterdam cumhacht reachtach ar an Aontas sa ghort seo, is é sin, teacht isteach san AE daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad, nó náisiúnaigh tríú tíortha mar a thugtar orthu go hoifigiúil.
ceist na hinimirce neamhdhleathaí le cúrsaí coiriúlachta the matter of illegal immigration with criminality
" Ar an gcéad dul síos, thug Crépeau faoi deara go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE ceist na hinimirce neamhdhleathaí le cúrsaí coiriúlachta, póilíneachta agus slándála agus dá réir sin nach dtugtar an aire is cóir ar chearta na n-inimirceach a dhéanann iarracht an tAE a bhaint amach gan chead.
Inimirce immigration
" ’* (3) Inimirce ==== Ba sna 1870aidí agus 80aidí a cuireadh síolta an fhoréigin agus an tseicteachais, tráth a ndeachaigh na scaiftí móra as Éirinn ar imirce chun na cathrach.
Dúnghaois Srianadh na hInimirce a policy of restricting immigration
" Dúnghaois Srianadh na hInimirce mar Fhreagra ar Chailliúint Chumhachta i Réimsí Eile Fágann sé seo go léir go bhfuil ceannasacht an Stáit á hionsaí ó gach taobh, ón leibhéal idirnáisiúnta, fornáisiúnta is fonáisiúnta.
i ngort na hinimirce in the area of immigration
" Is cinnte go bhféadfaí locht a fháil ar an teoiric ghinearálta seo a chuireann Dauvergne chun cinn, ach feictear dom gur míniú maith é an teoiric seo ar roinnt mhaith de na tionscnaimh atá á gcur ar siúl ag Stáit ar fud na cruinne le breis is deich mbliana anuas i ngort na hinimirce.
stad an sruth deireanach inimirce the last stream of immigration stopped
" An gciallaíonn sé seo nach dtiocfaidh Éireannaigh chun na tíre níos mó? “Bhuel, stad an sruth deireanach inimirce sna 1870í mar gheall ar chúinsí geilleagair,” arsa Guillermo a bhfuil léargas fadtéarmach an staraí aige.
inimirce immigration
" Níl sé ciallmhar neamhaird a thabhairt ar an chiníochas agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an inimirce.
inimirce immigration
" Ba chóir amharc ar an inimirceach le barr trua in áit a bheith á gheimhliú dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
inimirce immigration
" Is é tuairim Bhalor go mbeidh Caoimhín My Erse ag tairngreacht inimirce, bás agus díothú ar Ghaelaibh um Earrach na bliana.
inimirce immigration
" Chaith Alan Desmond súil ar ghnéithe de dhearcadh an duine ar an inimirce in Éirinn, in Arizona agus i gcoitinne.
inimirce immigration
" Tá athruithe curtha i bhfeidhm ar chúrsaí inimirce na hAstráile ag rialtas an Lucht Oibre arbh fhéidir a rá fúthu, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nach bhfuil siad aon bhlas éagosúil leis an Pacific Solution, córas na gCoimeádach féin.
i gcoinne na hinimirce against immigration
" Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce.
sriantacht inimirce an stáit the state’s restriction(s) of immigration
" Ceistíonn Alan Desmond sriantacht inimirce an stáit san alt seo.