Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in inmhe é seo a chur ar fáil able to provide this
" Tá ardsábháilteacht de dhíth orthu seo ach táthar dóchasach go bhfuil WAP in inmhe é seo a chur ar fáil.
tagtha in inmhe matured
" Ach de réir mar a chuaigh an seanteilifíseán i gcúinne an tseomra suite in aois, cuireadh ceann níos nua-aimseartha ina áit - ceann leis an bhfearas draíochta sin: an cnaipire! Obair cheannródaíoch ======= Tá Aertel agus a lucht féachana tagtha in inmhe go mór ó na nóchaidí ach ní mór an méid thuas a chur san áireamh lena thuiscint go raibh go leor oibre le déanamh laistigh den bhliain thrialach chun spéis phobal na Gaeilge a mhúscailt le leas a bhaint as an tseirbhís nua - seirbhís fhaisnéise a bhí glan difriúil ó na foinsí eile a raibh taithí ag an bpobal sin orthu ar nós páipéar nuachta agus irisí.
in inmhe able
" Thug an teanga deis domh a dhul áiteacha, agus castáil ar dhaoine suimiúla, rud nach mbeinn in inmhe a dhéanamh gan í.
tagtha in inmhe grown up
" Dúshlán mór ======= Ní beag an rud é tabhairt faoi thionscadal mar sin nuair atá tú tagtha in inmhe agus d'inchinn chomh crua le cloch! Ach d'airigh mé gurbh é sin an rud ba thabháchtaí ar an saol an uair sin, cé gur mhór an dúshlán é.
in inmhe able
" Boc amháin atá breá ábalta é féin a chosaint, agus atá in inmhe tabhairt faoi dhaoine eile fosta, is ea mo sheanchara, Éamon Ó Druncaí.
in inmhe smaointiú ar phort able to remember a tune
" "Cuireann sé as domh níos mó," a deir sé, "nuair *nach *mbím in inmhe smaointiú ar phort.
in inmhe able
" Agus cad é faoin *Chinese take-away *oíche Shathairn? An mbeidh muintir Mhic Ghiolla Mháire in inmhe sin a dhiúl as an chaorán? Tá socrú déanta aici le ceann stáit eile - Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí.
atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró who are able to teach through Irish without difficulty
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil tuairim is 1,500 múinteoir de dhíth sa chóras Gaelscolaíochta faoi láthair atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró.
ní raibh sí in inmhe an tsúil chéanna a chaochadh. she wasn't able to blink the same eye.
" Bhí *Bean Dubh an Ghleanna* ag éirí dubh sa ghnúis nó bhí súil s’aicise ar an leaid céanna ach ní raibh sí in inmhe an tsúil chéanna a chaochadh.
in inmhe able
" Ní gá gur tomhaltóirí nuachta iad an lucht léitheoireachta nó éisteachta a thuilleadh, ach táirgeoirí atá in inmhe a gcuid tuairiscí féin a bhailiú agus a chur le chéile.
in inmhe able to
" Fiú, nuair a fuair siad poist sa chathair agus in áiteanna eile sa choilíneacht go gairid ina dhiaidh sin, bhíodh tuairiscí sna nuachtáin go rialta ag maíomh nach raibh na mná in inmhe a ndualgais oibre a dhéanamh i gceart.
bhí in inmhe who were able
" Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol! Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal.
in inmhe able to
" Déantar an fómhar le linn na dtréimhsí is teo abhus, agus níl a lán daoine in inmhe, nó toilteanach, an obair chrua seo a dhéanamh.
in inmhe able to
" D’fhan sinne lenár dteach agus dá bhrí sin bhí muid in inmhe an tine i gclaí ár gcomharsan a mhúchadh agus, is dócha, an teach a shábháil.
inmhe able
" Rinne fórsaí de chuid arm na Seapáine ionradh ar thuaisceart Nua-Ghuine Phapua go luath sa Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh siad in inmhe taisteal ó dheas trí na sléibhte ar a dtugtar na Owen Stanley Ranges.
in inmhe able to
" Bhíothas dóchasach nuair a fuarthas ola agus gás faoin bhfarraige in aice Thíomór Thoir go gcuideodh an t-airgead sin le forbairt na tíre, go háirithe go mbeadh an rialtas in inmhe dul i ngleic le fadhb uafásach na dífhostaíochta.
in inmhe able to
" D’éirigh cuid acu as an gcomhaireacht chúil ionas go mbeidís in inmhe vótáil in éadan an bhille.
inmhe developed
" Cailleadh ar bith ina dhiaidh sin atá ar chuid de na tráchtairí óga atá tagtha in inmhe le TG4 agus le RnG: Gearóid Mac Donncha, Antaine Ó Conghaile, Ciarán Ó Fátharta, Brian Tyers agus eile.
in inmhe able to
" Sa bhreis ar sin, thuig siad go raibh na dúshláin inmheánacha chéanna acu i ndáil le cúrsaí iompair, cumarsáide, trádála agus oibreachais.
in inmhe able to
" Meas ar Dhealbh ====== Inár dtuairisc do Nuacht TG4 an oíche sin, labhair muid leis an staraí Tom Kenny a bhí ar mire leis an Chomhairle Cathrach a chaith na milliúin euro ar athchóiriú na faiche ach nach raibh in inmhe cloí lena ngealltanas maidir leis an mhacasamhail cré-umha de dhealbh a bhí mar chuid de dhlúth is d'inneach na faiche céanna.
in inmhe able to
" Agus nuair a chonaic siad a gceannaire molfach mórchumhachtach mórghníomhach, dúirt siad d’aon ghuth nach raibh polaiteoir ar bith eile ar chlár na cruinne a bhí in inmhe a dhul chun spairne leis, gan trácht ar bhodach beag creatach meathánta as Contae na Mí.
nach bhfuil in inmhe who are unable
" Is tearc an duine fásta abhus, dá bhíthin sin, nach bhfuil in inmhe na ceithre líne thuas a aithris de ghlanmheabhair.
in inmhe iad a chosaint able to defend them
" Feictear do dhaoine go bhfuil a bpobal dúchais, a dtír, a gcultúr, agus a slí bheatha ar leith ar fad á n-athrú agus ag dul ó aithne agus, dar leo, nach bhfuil an tAE in inmhe iad a chosaint.
in inmhe able to
" Níor ghá gur thomhaltóirí nuachta iad an lucht léitheoireachta nó éisteachta a thuilleadh ach táirgeoirí a bheadh in inmhe a gcuid tuairiscí féin a bhailiú is a chur le chéile.
in inmhe able to
" Ceangal na Saorthrádála ============= Mar bharr ar an donas, níl BlueScope in inmhe dul in iomaíocht le cruach allmhairithe taobh istigh den Astráil.
in inmhe billí a thionscnamh able to begin bills
" I ndeireadh ama, séard atá de dhíth ná fóram feidhmiúil a bhfuil cumhachtaí beachta aige, atá ionadaíoch ar ghrúpaí mhionlaigh, atá in inmhe billí a thionscnamh agus miondhealú a déanamh ar reachtaíocht de chuid na Dála.
in inmhe dul chun spairne leis comparable to him
" Agus nuair a chonaic a chairde é gléasta mar a bhí, dúirt siad go mba mhór an trua é a bheith ag scaradh leo, nó nach raibh fear ar bith ar an domhanchlár a bhí in inmhe dul chun spairne leis ó thaobh na háilleachta agus na cumhachta agus na cumhrachta de.
nach raibh siad in inmhe weren’t able
" Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt? Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005 =========================== Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
ag teacht in inmhe becoming seasoned
" Maidir leis na contaetha eile, bhí an-choimhlint idir Tiobraid Árann agus Corcaigh agus cé gur bhuaigh Tiobraid Árann bhí cuma dheas ar fhoireann Chorcaí a bheas ag teacht in inmhe de réir a chéile más aon fhianaise an taispeántas a thug siad sa chluiche sin.
tagtha in inmhe matured
" Inárritu tagtha in inmhe, níos aibí ná mar a bhí fiú in ‘Amores Perros’, ‘21 Grams’ agus ‘Babel’.
ag teacht in inmhe ar an idirlíon coming to the fore on the internet
" Tá sí ag teacht in inmhe ar an idirlíon.
Ní bheimid in inmhe an fhreagracht sin a chomhlíonadh we won't be able to fulfil the responsibility
" Ní bheimid in inmhe an fhreagracht sin a chomhlíonadh go gcuire muid buneolas ar chúrsaí geilleagair.
ag teacht in inmhe maturing
" Agus iad ag fás aníos agus ag teacht in inmhe, ba ghnáth le deartháireacha Uí Chathasaigh a bheith ag dreapadh an tsléibhe in aice leis an mbothán inar tógadh iad nó ag rámhaíocht ar Abhainn na Snaidhme arb í an bealach ba ghaire taistil a bhí acu idir an baile, Bealach, agus An tSnaidhm, an baile ba ghaire dóibh.
achan roinn eile in inmhe every other dept. able
" Má tá achan roinn eile in inmhe a gcuid cáipéisí a chur ar fáil do réamhbhreathnú na meán cad tuige nach mbeifí ag dréim leis an chleachtas céanna ó Roinn na Gaeltachta? Léiríonn na trí shampla thuasluaite nach bhfuil Roinn na Gaeltachta chomh cuiditheach is a ba cheart dóibh a bheith, dar liom, i nochtadh faisnéise faoin phróiseas chinnteoireachta.
ag teacht in inmhe coming to fruition
" H: Cad iad na deacrachtaí is mó atá le sárú ag an nglúin óg ceoltóirí atá ag teacht in inmhe anois meas tú – más mian leo slí bheatha a bhaint amach i réimse an cheoil?** N.
fheiceáil ag teacht in inmhe to see (C.) coming to fruition
" Cé nár mhair ll Duce fada go leor le Cinecittà a fheiceáil ag teacht in inmhe, chuir sé tús le tionscal tábhachtach a chothaigh sainaicme scannaíochta chomh maith le roinnt de na scannáin is suntasaí agus is clúití i stair scannánaíochta na hEorpa.
a bheas in inmhe who shall be able
" Luífidh toradh na gcinntí sin go trom ar lucht riartha an nuachtán ar líne agus iad ag iarraidh glúin úr iriseoirí a earcú a bheas in inmhe scéalta a bhriseadh.
thiocfadh sé in inmhe he’d be ‘forthcoming’
" Ina dhiaidh sin go léir, ní thuigeann an pobal gur bhuail carr é go dona ina óige, ba ar éigean a tháinig sé beo as agus fágadh sláimín airgid i gcuntas dó nuair a thiocfadh sé in inmhe.
a tháinig in inmhe le linn who grew up during
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.
in inmhe able (to obtain)
" An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:** Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air: * Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge * Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.