Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leabharlann de cháipéisí inmheánacha a library of internal documents
" Anuas air sin, d'fhéadfaí leabharlann de cháipéisí inmheánacha comhlachta a bhainistiú go héasca agus iad ar fad a chur ar fáil dá oifigí ar fud an domhain.
iomaíocht inmheánach internal competition
" Is minic go mbíonn iomaíocht inmheánach ar siúl sna comhlachtaí móra ilnáisiúnta, an bainisteoir réigiúnda ag iarraidh infheistíocht ón gceanncheathrú a mhealladh go hÉirinn.
tuairisce inmheánaí internal report
" De réir tuairisce inmheánaí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, d'fhéadfadh an páirtí 125 suíochán a chailleadh de bharr fhuarchúis an phobail vótála, an dream san aoisghrúpa 18-25 go háirithe.
contrárthachtaí inmheánacha internal contradictions
" Lúbthacht mhorálta ======= Tá titim as a chéile stádas shos cogaidh na ndílseoirí ag léiriú níos soiléire contrárthachtaí inmheánacha Chomhaontú Aoine an Chéasta.
hionsaithe inmheánacha internal attacks
" Chuir na hionsaithe inmheánacha seo deireadh leis sin.
inmheánach internal
" Ach cinneadh rialtais a bhí ann ar deireadh agus is mar chuid inmheánach den Roinn Oideachais a d'fheidhmigh an Gúm suas go dtí mí na Nollag 1999 nuair a aistríodh isteach i bhForas na Gaeilge é.
athstruchtúrú inmheánach internal restructuring
" Rinneadh athstruchtúrú inmheánach ar roinnt de sheirbhísí RTÉ ag tús 2001 á dtabhairt le chéile faoi cheannas aontaithe na Meán Digiteach.
inmheánach internal
" Bhí 40% den mhargadh aerthaistil inmheánach aige.
comhairle inmheánach internal council
" Deir sé go raibh cruinniú teasaí idir comhairle inmheánach an UDA agus baill an UPRG agus nár thug ach Tuaisceart agus Iarthar Bhéal Feirste tacacíocht don eite pholaitiúil.
coimhlint fhuilteach inmheánach bloody internal conflict
" Faoi láthair, tá coimhlint fhuilteach inmheánach ar siúl idir cuid acu.
fiosrúchán inmheánach internal inquiries
" Le cúig bliana anuas tá Coimisinéir na nGardaí, Pat Byrne, tar éis an-chuid fiosrúchán inmheánach a ordú maidir le mí-iompar de shaghas amháin nó de shaghas eile de chuid na nGardaí.
coimhlintí inmheánacha internal conflicts
" Is daoine daonna iad baill an DUP, lán contrárthachtaí agus coimhlintí inmheánacha fá cad is ceart agus cad is contráilte ann, ainneoin na híomhá a chuirtear chun tosaigh go bhfuil siad mar phictiúr Andy Warhol, ina gclóin ag Ian Paisley.
tuarascáil inmheánach internal report
" Sa tuarascáil inmheánach a réitigh an grúpa cuireadh béim ar leith ar iarrthóirí maithe a aimsiú don pháirtí do na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn.
mhargadh inmheánach internal market
" Tháinig méadú ar sciar Qantas de mhargadh inmheánach na tíre ó 50% go tuairim is 90% agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin, in ainneoin na ndeacrachtaí atá ag aerlínte ar fud an domhain.
go hinmheánach internally
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Ní fhaigheann ach ós rud é go bhfaigheann Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus RTÉ maoiniú díreach nó indíreach ón stát is dócha go bhfaigheann … Níl deontas i gceist lenár gcuid oibre ach anois go bhfuil an deis agam cúpla focal a rá: tá buiséid TG4 bídeach, ní féidir cáin bhreis luacha a ghearradh ar an mBord Scannán agus caitheann RTÉ níos mó airgid ar chlár a dhéantar go hinmheánach ná mar a thugann siad do chomhlachtaí neamhspleácha chun clár den chineál céanna a dhéanamh.
imeachtaí inmheánacha internal activities
" Mhaígh sé nach mbíonn cuid de na meisceoirí seo in ann srian a choinneáil ar imeachtaí inmheánacha a gcorp agus nach deas an boladh a bhíonn sna seomraí éigeandála dá bharr sin.
smaointe inmheánacha internal thoughts
" Ba iad an dís seo a scríobh "A Cold House", agus den chéad uair in iarthar Bhéal Feirste, b'fhéidir, beidh smaointe inmheánacha bhall den RUC á nochtadh go neamhbhalbh os comhair lucht féachana a bheidh chóir a bheith céad faoin chéad náisiúnach.
chóras inmheánach internal system
" D'iarr siad orm iarracht a dhéanamh idir an dá linn réiteach a fháil tríd an chóras inmheánach sa choláiste.
díospóireacht inmheánach internal debate
"díospóireacht inmheánach ar siúl taobh istigh de ghluaiseacht na poblachta fán ráiteas, cuid acu i bhfách leis, cuid eile atá glan ina éadan.
hinneall dócháin inmheánaigh internal combustion engine
" Ach i ndeireadh na dála táimid fós ag tiomáint na gcarranna céanna atá in úsáid le breis is 100 bliain - carr le hinneall dócháin inmheánaigh a dhónn peitreal nó díosal.
fadhbanna inmheánacha agus seachtracha internal and external problems
" Cuir i gcás go ndeachaigh Trimble chun tosaigh agus cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe, a bhíothas a thuar ar an Mháirt, 21 Deireadh Fómhair, a chur os comhair an phobail aontachtaigh, cad é a bhí le cailleadh aige? Aithním na fadhbanna inmheánacha agus seachtracha a bhí ag David Trimble, ach dá ndéanfadh sé a leithéid, bheadh cruth eile ar fad ar an toghchán atá le theacht.
Rúnaí na Slándála Inmheánaí Secretary of Homeland Security
" D'iarr Rúnaí na Slándála Inmheánaí Tom Ridge go gcuirfí tús le scéim éigin chun stádas dleathach a thabhairt do na milliúin duine atá ag obair i Meiriceá agus ag cuidiú leis an gheilleagar, ach atá ansin go mídhleathach.
na hionsaithe inmheánacha the internal attacks
" Lean na hionsaithe inmheánacha i rith mhí Eanáir go dtí an chéad la de mhí Feabhra, nuair a maraíodh John Gregg agus Robert Carson.
inmheánach internal
" Tá baint mhór ag an cheol inmheánach atá sa Ghaeilge féin agus san fhilíocht nádúrtha agus ag meadar na filíochta, tá baint mhór ag na rudaí sin leis.
inmheánach internal
" Má tá rud amháin a mheallann aird na meán cumarsáide le linn toghcháin, sin troid inmheánach idir iarrthóirí ón pháirtí céanna.
an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint to avoid the dirty internal politics
" " Le linn a cuid ama in RTÉ chomh maith, d'éirigh léi an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint.
inmheánaigh internal
" Bíonn siad ag seinm an cheoil inmheánaigh seo a chloiseann siad taobh istigh iontu féin.
léiriú inmheánach internal production
" Baineann a cuid freagrachtaí le léiriú inmheánach, agus coimisiúnú ón earnáil neamhspleách, na gcláracha sna réimsí atá faoina cúram.
fiosrúchán inmheánach internal investigation
" Ba é Carty, ar ndóigh, an té a rinne an fiosrúchán inmheánach do na Gardaí ar mhí-iompar san iarthuaisceart as ar eascair Binse Fiosraithe Morris.
fiosrúchán inmheánach internal investigation
" Ba é Carty, ar ndóigh, an té a rinne an fiosrúchán inmheánach do na Gardaí ar mhí-iompar san iarthuaisceart as ar eascair Binse Fiosraithe Morris.
le linn na ndíospóireachtaí inmheánacha seo during these internal debates
" Ba doiligh a theacht ar phoblachtánach a d’inseodh dom cad é go díreach a bhí á phlé le linn na ndíospóireachtaí inmheánacha seo.
gréasán inmheánach internal network
" Tá cathracha na hÉireann lán comhlachtaí cosúil leis an gceann san fhoirgneamh sin atá tar éis infheistíocht mhór a dhéanamh i gcóras gréasáin *“Wi-Fi” *a chuireann ar chumas a n-oibrithe an t-idirlíon agus gréasán inmheánach a úsáid gan sreang ar bith a cheangal lena ríomhairí glúine.
atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí which are being developed internally by organisations
" Bíonn méid áirithe aistriúcháin agus profála le déanamh ag an bhfoireann in Oisín, ag comhlíonadh ár dtaobhna de chonarthaí móra, bíonn forbairt le déanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha agus ar thionscadail atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí.
atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí which are being developed internally by organisations
" Bíonn méid áirithe aistriúcháin agus profála le déanamh ag an bhfoireann in Oisín, ag comhlíonadh ár dtaobhna de chonarthaí móra, bíonn forbairt le déanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha agus ar thionscadail atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí.
d’ardú céime inmheánach for internal promotion
" nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge curtha san áireamh ag leath na rann agus na n-oifigí rialtais ina gcuid comórtas d’ardú céime inmheánach.
ceardlann inmheánach internal workshop
" Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann le RnaL?Tháinig na pointí seo chun cinn ag ceardlann inmheánach agus ag ceardlann phoiblí a d’eagraigh an stáisiún anuraidh:* Láidreachtaí* Is acmhainn iontach é stáisiún pobail atá tiomanta do sheirbhís trí Ghaeilge a sholáthar sa chathair dóibh siúd gur spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach.
a chontrárthachtaí inmheánacha its internal contradictions
" Anois, níl le déanamh acu ach smacht a choinneáil agus fanacht ar an pholaitíocht aontachtach inphléascadh mar gheall ar a chontrárthachtaí inmheánacha.
eachtrach is inmheánach external and internal
" Ach idir shnípéireacht leanúnach na naimhde, eachtrach is inmheánach, dhá olltoghchán agus trí éirí amach páláis ina choinne thar thréimhse bliana idir 1982/83, (bhí tacaíocht an neamhspleáigh Tony Gregory de dhíth ar Haughey chun Rialtas Fhianna Fáil a chruthú tar éis Olltoghchán mhí Feabhra na bliana sin), chaill Haughey cumhacht i mí na Samhna 1982 agus bhí ceithre bliana aige sa fhreasúra chun lámh stuama a chur ar mhaide stiúrach an Pháirtí a bhí ag imeacht le sruth uaidh fá ualach poiblí na n-argóintí “oiriúnachta” inmheánacha.
de thitim amach inmheánach of the internal falling out
" Dúnmharú eile mar chuid de thitim amach inmheánach de chuid na bparaimíleatach, dar leat, ach tá an cás seo i bhfad níos tábhachtaí ná sin mar gheall ar fhear amháin, Raymond McCord Sinsearach.
le linn achrainn inmheánaigh during an internal dispute
" Ó shin i leith, dúirt Rabbitte go raibh baint ag Haddock le dúnmharú Gary Convie agus Eamon Fox (beirt Chaitliceach a scaoileadh ar láithreán tógála i mí na Bealtaine 1994); Thomas Sheppard (brathadóir líomhanta a scaoileadh i 1996); an tOirmhinneach David Templeton (a bualadh go holc i mí an Mhárta 1997); Billy Harbinson (1997); Tommy English (iarpholaiteoir de chuid an UDP, 2000); agus David Greer (a maraíodh le linn achrainn inmheánaigh de chuid na ndílseoirí in 2000.
dul i ngleic le ceannairc inmheánach ina choinne to deal with an internal revolt against him
" Bheadh deacracht ag Pat Rabbitte lena leithéid de shocrú, áfach, agus d’fhéadfadh go mbeadh air dul i ngleic le ceannairc inmheánach ina choinne.
trí reachtaíocht inmheánach. through internal legislation.
" Tá Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge! Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
costais inmheánacha a laghdú to lower internal costs
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
troid inmheánach internal fighting
"troid inmheánach ar siúl agus cé a bheas ag dáileadh amach an airgid mar chnámh spairne.
an pholaitíocht inmheánach in internal politics
" Ar éirigh le Liam an pholaitíocht inmheánach a sheachaint? “D’éirigh, a bheag nó a mhór, cé nach bhféadfá gan í a thabhairt faoi deara.
cáipéisí inmheánacha internal documents
" Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne.
foclóir inmheánach internal dictionary
" Tá os cionn 44,000 focal Gaeilge i bhfoclóir inmheánach an fhóin, rud a chabhróidh go mór le daoine teachtaireachtaí Gaeilge a scríobh.
custaiméirí inmheánacha internal customers
" Beidh custaiméirí inmheánacha i gceist – beidh Forbairt Naíonraí Teo in ann úsáid a bhaint as an naíolann le haghaidh cúrsaí traenála, cuir i gcás, agus beidh an tOireachtas agus an Coimisiún le Rincí Gaelacha in ann úsáid a bhaint as na seomraí ceardlainne.
díobháil inmheánach internal damage
" Ach ó thaobh Searnóbail de, ní léir duit an dochar: i gcás 90 faoin gcéad de na daoine a bhfuil tinneas orthu, is éard atá i gceist ná díobháil inmheánach.
cúrsaí inmheánacha an Tuaiscirt internal affairs of the North
" Ba é an tuairim a bhí ag Rialtas Westminster ná nach raibh cead acu cúrsaí inmheánacha an Tuaiscirt a phlé, de réir an Government of Ireland Act 1920.
inmheánach internal
" Tabharfaidh na tomhaltóirí breise seo speagadh láithreach don gheilleagar inmheánach agus cinnteoidh sé go mbeidh fórsa saothair líonmhar ann chun an tír a choimeád sa siúl agus chun ár bpinsean a íoc! Quel bonheur! Gach duine sásta.
meamram inmheánach internal memo
" Cuireann sé i gcuimhne dom an meamram inmheánach a scríobh phríomhchomhairleoir geilleagair do rialtas Obama, Lawrence Summers, i 1991 nuair a bhí sé mar phríomheacnamaí an Bhainc Dhomhanda: “*I think the economic logic behind dumping a load of toxic waste in the lowest wage country is impeccable.
inmheánach internal
" In ainneoin na ndifríochtaí ollmhóra idir Berlin, Páras agus Cathair Mheicsiceo na linne sin, d’aimsigh an ghlúin sin bealaí polaitiúla chun an fhearg agus an scriostacht inmheánach sin a oibriú amach, a chur in úil, agus a léiriú.
go hinmheánach internal
" Anuas ar sin, thiocfadh le heagrais stáit daoine a earcú a bhfuil cumas i nGaeilge agus i mBéarla acu seachas cumas in aon teanga amháin agus a bheadh ábalta tabhairt faoin obair aistriúcháin go hinmheánach.
inmheánach internal
" Rinne Maeve Ahern 13 turas i dteannta a fear céile, an tAire Dermot Ahern: turas trí la go Moscó agus Cív in Iúil 2005; turas thar oíche go Salzburg i Márta 2006; turas aon lae go Valetta i nDeireadh Fómhair 2006; turas dhá oíche go Nua-Eabhrac i Samhain 2006; turas ceithre oíche go Nua Eabhrac agus Washington i Márta 2007; turas thar oíche go La Rochelle i Meán Fómhair 2007; turas lae go Milan i Samhain 2007; turas dhá lá go Nice in Iúil 2008; turas thar oíche go dtí an tSlóivéin I Márta 2008; turas dha lá go Prág in Eanáir 2009; turas dhá lá go Stockholm in Iúil, 2009 maraon le turas inmheánach amháin.
go hinmheánach internally
" Má tugadh aghaidh ar an fhadhb ar chor ar bith, déileáladh leis go hinmheánach, go minic, taobh istigh den teaghlach.
inmheánacha internal
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil togra “an aontais aontachtaí” ag titim as a chéile mar thoradh ar na codarsnaí inmheánacha níos mo ná rud ar bith eile.
inmheánach internal
" Tá tuiscint níos fearr anois ann ar cheisteanna sochtheangeolaíochta, agus tuigtear go mbíonn brú millteanach ar theanga mhionaithe nuair a chuirtear gréasáin nua (bóithre, guthán, idirlíon) in áit na seanghréasáin (idir dhaoine muinteartha, inmheánach don phobal).
inmheánacha internal
" Sa bhreis ar sin, thuig siad go raibh na dúshláin inmheánacha chéanna acu i ndáil le cúrsaí iompair, cumarsáide, trádála agus oibreachais.
tuairisc inmheánach roinne internal dept. report
" Agus dhiúltaigh sé go gcuirfí ar fáil do lucht nuachta aon tuairisc inmheánach roinne nó rialtais ar chás Commins faoi Alt 25 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
inmheánacha internal
" Ach is léir ó bhreithiúnas na cúirte (agus i gcás eile dá chineál a socraíodh taobh amuigh den chúirt agus a bhain leis an Roinn Oideachais) go raibh faillí á déanamh ag Ranna Rialtais áirithe sa bhealach go raibh córas na marcanna breise do chumas i mBéarla agus i nGaeilge i gcomórtais inmheánacha á chur i bhfeidhm acu.
chosaint leanúnach inmheánach continual internal defence
" Ídeoidh an chosaint leanúnach inmheánach fuinneamh na heagraíochta chomh mór sin go gcloífear í de réir a chéile.
dócháin inmheánaigh internal combustion
" Ag an am céanna, bhí céile comhraic nua ag na comhlachtaí traenach - an t-inneall dócháin inmheánaigh.
chonairt inmheánach internal attack pack
" Bronnfar an cúram tábhachtach seo air leis an chonairt inmheánach atá ar thóir fola an Taoisigh a cheansú.
inmheánach internal
" Tá taithí éigin againn anois ar an ollimirce inmheánach a bhíonn ann i gcónaí ag tús na laethanta saoire sa Fhrainc.
inmheánach internal
" Thosaigh siad amach le 30 gnó agus chuaigh i bhfeidhm ar thrí bhealach le comharthaíocht inmheánach agus seachtarach, stáisiúnéireacht agus le cumarsáid leis na custaiméirí.
réitithe inmheánacha internal solutions
" Tá siad dúdóite den AE agus tá siad ag moladh réitithe inmheánacha náisiúnta ar a gcuid fadhbanna.
hobair inmheánach internal work
" 
Theip air suíochán a bhaint in olltoghcháin 1969 agus 1973 ach shuigh sé sa Seanad idir 1973 agus 1977 nuair a ceapadh é ina uachtarán ar Pháirtí an Lucht Oibre agus chloígh sé le hobair inmheánach an pháirtí.
gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha the internal conflicts of the countries
" ” An Uachtaránacht =========== Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre.
inmheánaigh national, internal
" Caithfidh Meiriceá agus ‘an domhan thiar, is cosúil, daoine a mharú faoi láthair ar son a ngeilleagair inmheánaigh.
i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta in the wake of personal and subjective collapse and torment
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
cleachtaí inmheánacha internal practices
" Tar éis reifreann na bliana 1997, chuir na páirtithe móra coiste ar bun chun cleachtaí inmheánacha an tionóil a réiteach.
inmheánach internal
" Níor ríomhadh scéal inmheánach Libia mar a bhí le scór go leith bliain anuas agus an dream a níos caint faoi Libia ar na meáin, is cosúil nach bhfuil aon spéis acu i gcóras reachtais Libia le linn an ama sin.
coimhlintí inmheánacha internal conflicts
" Léiríonn na coimhlintí inmheánacha polaitiúla sna Stáit áfach – faoi ról an stáit, faoi chúrsaí morálta, agus faoi chúrsaí airgid – gur ar éigean atá an tír sin in ann dul i ngleic lena bhfadhbanna féin gan a bheith ag caint ar fhás na hÁise.
chomhréiteach inmheánach internal settlement
" Mura mbeidh muintir na Siria in ann teacht ar chomhréiteach inmheánach ar a gcuid fadhbanna gan mhoill, ní fada go mbeidh lucht tacaíochta Iosrael ag ceiliúradh an séú ceann.
inmheánach dofheicthe invisible internal
" Deir Luke Syson, coimeádaí Dánlann Náisiúnta Londan, gur le linn na tréimhse seo a d’fhorbair da Vinci an nasc idir an eolaíocht agus an phéintéireacht agus gur chreid sé ‘gurb í an tsúil agus an rud a chonaic tú an tslí is cumhachtaí leis an saol a bhrath agus gur chuidigh sé seo le cur síos a dhéanamh ar achan rud a bhí infheicthe chomh maith leis an rud inmheánach dofheicthe sa phéintéireacht.
an t-imram inmheánach internal journey
" Is tábhachtaí go minic ar fad an t-imram inmheánach a léirítear ná sonraí an tsaoil sheachtraigh.
a gcuid ionracais inmheánach their innate truth
" ’* Cheap Fussell ná féadfaí ár agus imní 1914-1918 a léiriú i gceart le foinsí staire traidisiúnta ós rud é go gcuirtí riocht liteartha ar na foinsí seo, rud a d’athraigh a gcuid ionracais inmheánach trí thimpiste.
inmheánacha internal
" Agus foinsí máistreachta Milch á scagadh, d’fhéadfaí béim a chur ar thionchar an fhile Robert Penn Warren air, nó na blianta a chaith sé fé scáth Vicadin agus heroin sna 80idí a luadh, nó na hathruithe móra a chuir sé ar scéalta inmheánacha Hill Street Blues nuair a tugadh post scríbhneoireachta dó ar an gclár don chéad uair.
go hinmheánach internally
" Mhol Mazars fosta go bhféadfaí fáil réidh leis an earnáil ar fad agus go dtabharfadh an Foras cúraim na n-eagras orthu féin go hinmheánach.
sál ard inmheánach rúnda secret inside high heels
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin samhraidh, chomh tiubh géar is a nocht ball bán ar an lá, ghléas Edna an Taoiseach Tréan é féin fá choinne an tsiúil: Grecian 2000 ar a chuid gruaige gleoite; lúireach láidir den Kevlar crua thart ar a choim seang singil; bróga nua na sál ard inmheánach rúnda ar a dhá chois; léine de dhath spéir an tsamhraidh os cionn na Foraoise Duibhe ar a chliabhrach caomh; agus culaith Louis de scoth an tsíoda agus an tsróil ar a cholainn fhearúil bhreá.
thaifead inmheánach internal record
" Is léir ó thaifead inmheánach de chuid Oifig an Ombudsman gur beag glacadh a bhí ag Ombudsman leis an leithscéal a tugadh faoin mhoilleadóireacht: *“I told him that no such excuse had ever been offered to us and that there was no reason why work could not continue on the draft scheme while the investigation was in progress.
an athmhuintearais inmheánaigh inner reconciliation
" “Ach ar dhaingnigh muid an próiseas sin, an bhfuil sé inmheánaithe (internalised) go leor ionainn le go dtig linn bogadh chun cinn i dtreo na síochána, an athmhuintearais inmheánaigh agus an mhaithiúnais?” ar sí.
coimhlint inmheánach internal conflict
" Measann sé go bhfuil coimhlint inmheánach ag dul ar aghaidh sa PSNI idir an dá aicme agus go bhfuil ról le himirt aige féin agus ag an Bhord le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh.
thíos le fadhbanna inmheánacha suffering from internal problems
" Mar a mhaígh mé cheana, tá Mitt Romney thíos le fadhbanna inmheánacha an Pháirtí Phoblachtánaigh a fhágann nach bhfuil tacaíocht iomlán á fáil aige ó eite dheis ná ó dhream láir a pháirtí féin.
go hinmheánach internally
" Cé nach léir dúinn fós cén chuma a bheas ar chúrsaí na tíre sin go hinmheánach, tá pictúir níos soiléire againn anois ar an seasamh a thógfaidh iar-chomhghuaillithe na Siria (seasamh iad siúd a bhí sásta tacú le al-Assad go nuige seo ar mhaithe lena leas féin sa réigiún, ba chirte a rá) an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe, abair.
na laigeachtaí cultúrtha agus intleachtúla inmheánacha the internal cultural and intellectual weaknesses
" ” B’shin croílár leabhair tábhachtaigh Tom Garvin cúpla bliain ó shin, Preventing the future: why was Ireland so poor for so long? (2004), leabhar a rinne cur síos ar na laigeachtaí cultúrtha agus intleachtúla inmheánacha a chuireadh bac roimh an bhforbairt náisiúnta.
na scoilteanna inmheánacha the internal splits
" ” Liam Ó Rinn ===== Do chuir na scoilteanna inmheánacha i measc scríbhneoirí na Gaeilge isteach ar laoch mór an leabhair seo, Liam Ó Rinn (1886-1943) freisin.
ar allagar inmheánach na polaitíochta on the internal political discourse
" Tá dlúthnasc idir an mhoráltacht agus an pholaitíocht sa chás seo mar feidhmíonn an mhoráltacht mar shrian seachtarach ar allagar inmheánach na polaitíochta.
ná na héascanna inmheánacha ann a thabhairt chun solais nor bringing to light its internal fault lines
" Ní maith leis laigeachtaí an Bhunreachta a aithint ná na héascanna inmheánacha ann a thabhairt chun solais.
inmheánach internal
" Scríobhann sé in áit amháin: ‘Léitheoir is ea an criticeoir liteartha go bunúsach’, rud a chuireann seanáiteamh Brooks i gcuimhne dúinn óna leabhar cáiliúil mar gheall ar cheird léitheoir na filíochta, The Well Wrought Urn, ceird a bhí bunaithe ar chreathlach neamhspleách inmheánach an dáin féin, nó an ‘independent poetic structure’ a nochtfaidh an léitheoir stuama.
Na Srutháin Inmheánacha a Mheas estimating the internal streams
" Na Srutháin Inmheánacha a Mheas ============== Más ea, ní dhéanfadh an Cadhnach toil Dé, ná an tírdhreach ná an fómhar bliantúil a adhradh ina chuid cumadóireachta féin.
gcomhrá inmheánach a bhodhraíonn internal conversation which bothers
" Déanann an Cadhnach cur síos leochaileach ar an gcomhrá inmheánach a bhodhraíonn an bhean bhocht gach lá fé dheireadh.
dúnmharú, troid inmheánach, amhrasáin murder, infighting, suspects
" Bhí aithne ag na hiriseoirí ar na daoine "cearta" le dul chucu le cúlra údarásach scéil a fháil - dúnmharú, troid inmheánach, amhrasáin nó dearcadh na bparaimíliteach ar chúrsaí polaitíochta, mar shampla - bíodh siad ina bpoblachtánaithe nó ina ndílseoirí nó mar bhaill de na fórsaí slándála.
an troid inmheánach sin that internal conflict
" "Bean ar bith a bhfuil páistí óga aici agus í ag obair, tuigeann siad go bhfuil sé an-deacair an troid inmheánach sin leis an chiontacht.
den achrann inmheánach of the internal dispute
" Glactar leis go forleathan gur chaill Páirtí an Lucht Oibre toisc go raibh an lucht vótála dubh dóite den achrann inmheánach a bhí ar siúl sa pháirtí le breis is trí bliana anuas.
scrudú inmheánach an internal examination
" Ó tharla gur scrudú inmheánach de chuid na nGardaí atá ar bun, ní gnáthchleachtas é tuarascálacha den chineál sin a fhoilsiú.
slándáil inmheánach internal security
" Is iad na cuspóirí atá ag EUROSUR ná líon na ndaoine atá ag dul isteach san Aontas gan chead a laghdú agus slándáil inmheánach an Aontais a mhéadú.
i dtoghcháin inmheánacha an pháirtí féin in the party’s own internal elections
" Roghnaigh an Tea Party na Poblachtánaigh, agus thosaíodar ag rith iarrthóirí i dtoghcháin inmheánacha an pháirtí féin agus sna réamhthoghcháin chun iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
na sruthanna eolais inmheánacha the internal streams of information
" Scríobhann Moore go húdarásach mar gheall ar na sruthanna eolais inmheánacha i Londain go dtí 1982.