Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
innealtóireacht engineering
" "Rinne mé staidéar ar an innealtóireacht agus ar an dearthóireacht thionsclaíoch.
mhíorúilt innealtóireachta miracle of engineering
" Beidh na mílte turasóir agus cuairteoir tuaithe a thiocfaidh chun na príomhchathrach ábalta stánadh i dtreo na bhflaitheas ar feadh cúpla soicind agus a rá leo féin, "Nach iontach an mhíorúilt innealtóireachta é seo?".
línitheoir innealtóireachta engineering draughtsman
" Postanna éagsúla ======= Rugadh Robert Ballagh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1943 agus chaith sé tréimhsí mar mhac léinn ailtireachta, mar línitheoir innealtóireachta, mar fhear an phoist agus mar cheoltóir go dtí gur thosaigh sé ag péinteáil i 1967.
démhíosachán innealtóireachta an engineering bi-monthly
" Ní bhíonn an ghnáthlíne ghutháin ró-iontach agus tú i mbun comhrá le duine, gan trácht ar í a úsáid do sheirbhís idirlín!" Tá sé éasca a shamhlú go gcuirfeadh an easpa idirlín thapa isteach ar fhear gnó ar nós Uí Riain; foilsíonn sé démhíosachán innealtóireachta, *Read-Out*, agus, mar atá coitianta go maith in aon obair dhearthóireachta, caitheann sé a lán ama ag uas- agus ag íoslódáil íomhánna agus comhad mór.
innealtóireacht throm heavy engineering
" Bhíodh traidisiún láidir aicme oibre i mBéal Feirste de dheasca na dtionscal mór - tógáil long, innealtóireacht throm, agus dá réir, ar a tógadh clú Bhéal Feirste ag tús an 20ú céad - agus roimh na Trioblóidí, fuair an Northern Ireland Labour Party ceithre shuíochán i bparlaimint Stormont idir 1958 and 1962, ach b'in an buaicphointe.
innealtóireacht leictreonach electronic engineering
" D'fhreastail sí ar Choláiste na Tríonóide agus dhírigh sí ar an innealtóireacht leictreonach le linn na céime sin.
monarchana innealtóireachta engineering plants
" Ba ghnách le línte fada Protastúnach ó cheantar na Seanchille siúl suas an tsráid seo idir ceantar náisiúnach Chluain Ard agus ceantar dílseach na Seanchille ar a mbealach chuig an monarchana innealtóireachta ar Bhóthar Chluanaí, Mackies.
chéim innealtóireachta a degree in engineering
" ” Céim san innealtóireacht ======= I 1967, d'fhág Donncha Cluain Mealla agus Tiobraid Árann, agus thug aghaidh ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar thug sé faoi chéim innealtóireachta.
ag déanamh innealtóireachta doing the engineering
" Triúr den bhanna a bhí ann, Liam agus Shea a bhí ag déanamh innealtóireachta dúinn.
níos cosúla le hinnealtóireacht. more like engineering.
" Tá na traidisiúin i Sasana agus sa nGearmáin níos cosúla le hinnealtóireacht.
innealtóireacht engineering
" Mar sin, in áit MA san innealtóireacht nó sna nuatheangacha a scairteadh amach ar dtús, glaodh ar na daoine a bhí le páirt a ghlacadh sa mháistreacht in *Ritual Song and Chant* agus an mháistreacht in *Classical String Performance* agus araile.
innealtóireacht engineering
" Is iad na ‘grandes écoles’ - an École Nationale d’Administration (riarachán agus bainistíocht), an École Nationale des Ponts et Chaussées (innealtóireacht) nó an Institut Supérieur de l’Aéronautique et de l’Espace i gcathair Toulouse, gan ach trí cinn acu a lua - na forais a bhfuil an rachairt is mó orthu.
innealtóireacht engineering
" Is é ‘Visceral’ an teideal atá ar an taispeántas agus tá sé bunaithe ar shaothar a rinne SymbioticA, foras Astrálach, a chruthaíonn ábhar ealaíne atá bunaithe ar theicneolaíocht na clónála agus a mbíonn idir shaothrúchán fíocháin agus innealtóireacht ghéiniteach i gceist.
an innealtóireacht bhithleighis biological engineering
" Beidh orainn ollscoileanna den scoth a chothú, an teicneolaíocht a spreagadh, an innealtóireacht bhithleighis a fhorbairt, agus mar sin de.
tionscal na hinnealtóireachta the engineering industry
" **SÓC:Inis dom faoin Irish Fest féin, cad é cúlra na féile?** JG: Bhí tionscal na hinnealtóireachta agus na ngrúdlann ag dul i léig sna seascaidí i Milwaukee.
Innealtóireacht Cheimiceach chemical engineering
" Bhí m’athair i gCeanada ag an am, ag déanamh iarchéime le hOllscoil Ontario in Innealtóireacht Cheimiceach.
Imeacht ón Innealtóireacht leaving engineering
" Imeacht ón Innealtóireacht =========== **SMM: Ar bhraith tú a fhad is a bhí tú beo ar an obair aistriúcháin go raibh an saol sin crua, tharla go raibh tú ag taisteal?** BL: Rinne mé gach rud ar an ríomhphost.
innealtóireacht throm heavy engineering
" Tháinig meath i ndiaidh an chéad chogaidh mhóir ar an dá phríomhthionscal a bhí sa chathair - tógáil loinge agus innealtóireacht throm.
stiúrthóir innealtóireachta director of engineering
" Is é stiúrthóir innealtóireachta i nGoogle é agus tá an post seo aige ó 2012.
móroibreacha innealtóireachta major engineering works
"móroibreacha innealtóireachta pleanáilte ag an Aontas Eorpach ach níl sé i gceist ach fíorbheagán den airgead a chaitheamh in Éirinn.